Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1053

M1053.0

Aois Críost, mile caocca a trí.

M1053.1

Doilgén uasal-saccart Arda Macha.

M1053.2

Domhnall Ua Céle, airchinneachSláine.

M1053.3

Corbmac h-Ua Ruadhrach,airchindeachTermainn Feichine.

M1053.4

& Murchadh Ua Beolláin, airchinneachDroma Cliabh, d'ecc.

M1053.5

Flaithbhertach Ua Mael Fabhaill, tigherna Cairrcce Brachaidhe, d'ecc.

M1053.6

Niall Ua h-Eiccnigh, tigherna Fer Manach, & a bhrathair Giolla Chriost do mharbhadh la Feraibh Luircc tre mheabhail.

M1053.7

Donnchadh Ua Ceallachain, ríogh-dhamhna Caisil do mharbhadh d'Osraighibh.

M1053.8

Maol Crón, mac Cathail, tigherna Deisceirt Bregh, do mharbhadh do h-Ua Riagain, .i. aidhche Luain Cáscc, & creacha leis for Gullai.

M1053.9

Creach lá Mac Lachlainn & la Feraibh Maighe h-Itha for Cenel m-Bindicch Locha Drochait, agus rugsat trí chéd bó.

M1053.10

Cochlán, tigherna


p.864

Dealbhna, do mharbhadh i meabhail.

M1053.11

Cú Rian Ua Maoile Dúin, tigherna Fer Luircc, do mharbhadh la Mac na h-Aidhche Ua Ruairc, tré mheabhail ina aireacht féin. Mac na h-Aidhce Ua Ruairc do mharbhadh do Chonmhaicnibh fo chédóir.

M1053.12

Slóicchedh lá mac Bhriain .i. Donnchadh, & la Conchobhar Ua Maoil Sechlainn h-i Fine Gall, co t-tuccsat Fir Tethbha, .i. na Sionnaigh, braitt iomdha a doimh liag Luscca, & co ruccsat aittere ó mac Maoil na m-Bó im Móir inghen Conghalaigh Ui Conchobhair. Diarmaid, mac Maoil na m-Bo, & Giolla Páttraig, tigherna Osraighe do dhul i Midhe, go t-tugsat broid, & gabhála dímhóra a n-díoghail Moire, inghine Congalaigh Uí Chonchobhair, do dhol go Conchobhar Ua Maoileachlainn dar sárúgadh Giollu Pháttraicc, & a n-díoghail na boromha rug Ua Maoilechlainn a Laighnibh.

M1053.13

Slóighedh lá mac Maoil na m-Bó i m-Breghaibh & h-i Midhe, co ro loisc ó Shláine co Iarthar Midhe etir cealla & tuatha.

M1053.14

Creach lá Lethlobhar, mac Laidhgnén, tigherna Oirghiall, for Gailengaibh, & for techeda Fer Midhe & Bregh, co rug mór do bhuaibh & braitt, co n-dechaidh ina n-diaidh Congalach, mac Senáin, tigherna Gaileng co t-taraidh bú Fer Manach cona tairthetar iaramh Fir Mhanach imo tigherna .i. Domhnall mac Maol Ruanaidh, co t-torchair leó Conghalach, mac Senáin, tighearna Gaileng co sochaidhe oile cenmótha-somh.

M1053.15

Amhlaoibh Ua Macainén, tigherna Mughdhorn, d'ég.

Annal M1054

M1054.0

Aois Chríost, míle caocca, a cethair.

M1054.1

h-Ua Gearruidhir,epscopCille Dá Lua.

M1054.2

Maol Colaim Ua Collbraind saccart.

M1054.3

Guaire h-Ua Lachtnáin, fer leighinn Cluana Mic Nóis.

M1054.4

& Cuilennán Claen, fer leighind Leithghlinne & Disirt Diarmada, d' ég.

M1054.5

Aedh ua Ferghaile, mic Conaing mic Néill, rígh-dhamhna Oiligh, & tigherna Ceniuil Eoghain Tealcha Ócc do mharbhadh do Letlobhar, mac Laidgnén do tigherna Airghiall, & do Fheraibh Fearnmhaighe.

M1054.6

Dubhghall Ua h-Aedhogáin, tigherna Ua Nialláin, do mharbhadh do Ua Laithén.

M1054.7

Maidhm Finnmhaighe for Uibh Méith & for Uachtar Thíre ria n-Uibh Eathach, dú i t-torchair An Chroibh Dhearg, tánaisi Uachtair Thíre.

M1054.8

Aodh, mac Cindéittigh, mic Duinn Cuan, muirn & ordan


p.866

Dal c-Caís, d'ég.

M1054.9

Mac Ualghairg, tigherna Coirpre, do mharbhadh i meabhail.

M1054.10

Cloictheach tenedh do fhairccsin isin aer uas Ros Deala dia domhnaigh feile Giurgi fri ré cúig n-uair. Eóin dubha diairmhidhe ind & ass, & aon-én mor ina medhon, & no theighedh na h-eoin bhega fo a eitibh-sidhe an tan théicchdís isin cloictheach. Tángattar amach con uarghabhattar in coin boí fór lar in bhaile i n-áirde isin aer, & tarlaicset anuas dorídhisi, co n-erbailt fo chédóir, & tuargabhsat trí bruta & dí léinidh i n-áirde, & ro léiccset anuas for cóir cédna. An choill forsa n-deisidhedar na h-eóin do-rochair fóthaibh, & in dairbre forsa n-deisidhedar na h-eoin ro bhói for crith co na frémhaibh i t-talmhain.

M1054.11

Loch Suidhe Odhráin h-í Sléibh Guaire a elúdh i n-deireadh oidhche fhéile Michil, co n-deachaidh isin Feabhaill, gur bhó h-iongnadh mór lá cach.

M1054.12

Creach lá h-Aodh Ua Conchobhar, lá rígh Connacht, co Corca Bhaiscind & co Tratraighe, go ro ghaibh gabhála díairmidhe.

M1054.13

Dá mac Carthaigh do mharbhadh do mac h-Ui Donnchadha.

M1054.14

Sluaicchedh lá mac Mail na m-Bó & lá Giolla Pháttraicc, tigherna Osraighe, & lá Laighnibh, & lá Gallaibh isin Mumhain, co ránccattar Imleach Iubhair, & co ro loisccset Dún Tri Liacc, & nocha t-tarraidh mac Briain iad, uair ro bhoí i n-déscert Ereann.

M1054.15

Toirdhealbhach ua Briain go c-Connachtaibh les do dul i t-Tuathmumhain, go n-derna airgne móra, & go ro marbhadh les Aodh mac Cennédigh, & go ro h-oirgeadh Tuaim Fionnlocha.


p.868

Annal M1055

M1055.0

Aois Críost, míle caocca a cúicc.

M1055.1

Maol Dúin, mac Gille Andreas, epscopAlban & ordan Gaoidheal ó chléirchibh, d' ég.

M1055.2

Tuathal Ua Follamhain, comharba Finnén Cluana Iraird.

M1055.3

Maol Martain, mac Assida, comarba Comgaill.

M1055.4

Maol Bríghde Ua Maol Ruain, airchinnechSlébhte.

M1055.5

Maol Brighde, mac Baettain, fer leighinn Arda Breacáin.

M1055.6

Colam Ua Cathail, airchinneachRossa Ailithir.

M1055.7

& Odhar Ua Muiredhaigh, airchindeachLuscca, & flaith Ua Colgán, do écc.

M1055.8

Fiachra Ua Corcráin.

M1055.9

h-Ua Ruarcáin,airchindeachAirdne Coemhain.

M1055.10

& Gorman anmchara, d'ecc.

M1055.11

Domhnall Ruadh ua Briain do mharbhadh do h-Ua Eidhin do tighearna Ua Fiachrach Aidhne.

M1055.12

Gilla Phátraicc, tighearna Osraighe, d'ecc.

M1055.13

Creach na bealtaine do dhenamh do righ Connacht, Aodh Ua Conchobhair dar Iarthar Midhe, co rug gabhála iomdha, & broitt mór ass.

M1055.14

Creach lá Dal c-Cais im Murchadh ua m-Briain dar Corcu M' Druad, co ruccsatt gabhála móra, & co t-tarras creach dibh, & co ro marbhadh sochaidhe mór.

M1055.15

Ceand Faolad ua Muireadhaigh, tigherna an dara raind do Ciárraighe Luachra, do mharbhadh do ua Conchobhair mic Muireadhaigh, do thighearna na rainde ele co sochaidhibh oile araon ris.

M1055.16

Maidhm ria t-Toirrdhealbhach ua m-Briain for Murchadh ua m-Briain .i. Murcha an Scéth Ghirr, i t-torchradar ceithre chéd im cúic toiseachaibh dég.

M1055.17

Ua Sibhliain, tigherna Ua f-Failghe, do mharbhadh.

Annal M1056

M1056.0

Aois Críost, míle caocca a sé.

M1056.1

Aedh Ua Foirreidh, aird-fher leiginn, &


p.870

sui--epscopArda Macha d' ecc an cethramhadh calainn decc do Iul isin cúiccedh bliadhain sechtmhódhat a aoisi amail as-berar,
    1. Ro teacht roi-neimh cein ro mhair
      Aedh Ua Foirreidh an t-saoi sean,
      h-i ceathramhadh decc calainn Iuil
      luidh an t-epscop ciuin ar ceal.

M1056.2

Cétfaidh, cend crabhaidh Mumhan, naemh, eccnaidh foirche d' ég ina oilithre h-i Lios Mór.

M1056.3

Fland Mainistreach, fer léighind Mainistreach Búithe, saoi egna n-Gaoidheal, h-i léighionn, & h-i senchus, & h-i filidheacht, & i n-airchetal do écc an cethramhadh calainn do December, amhail as-bearor,

    1. Fland a prim-chill Búithi bind,
      Rind ruisc a min-chind as mall,
      Midh-shui sidhe súiges lind,
      Tiugh-suí Tíre Trí Find Fland.

M1056.4

Daighre Ua Dubhatán, anmchara Cluana, d' ég i n-Glind Dá Locha.

M1056.5

Suibhne Ua n-Eócain, airchindeachTermainn Feichín.

M1056.6

Cathusach, mac Girr Garbháin, comharba Cainnigh h-i c-Ciannachtaibh.

M1056.7

& Maol Findén mac Cuinn na m-Bocht, athair Chormaic, comharba Chiaráin, d' ég, .i. Maol Finden, mac Cuinn, mic Ioseph, mic Donnchadha, mic Dunadhaigh, mic Eicceartaigh, mic Luachain, mic Eoghain, mic Aodhagain, mic Torbaigh, mic Gormain, do Uibh Ceallaigh Breagh.

M1056.8

Etru, mac Labhradha, toiseachMonach, tuir ordáin Uladh, d' ég iar n-deigh-bhethaidh.

M1056.9

Murchadh, mac Diarmada, tigherna Laighen, do dhénamh creiche meabhla for Laoghairibh Teamhrach, conus-tárraidh tigherna Laoghaire, co ro lá a n-ár.

M1056.10

Domhnall ua Cernacháin, mac an Guitt, do mharbhadh do Chonchobhar Ua Maoilechlainn.

M1056.11

Crech lá Niall mac Maoileachlainn for Dhal n-Araidhe, co t-tucc


p.872

fiche céd do bhuaibh, & trí fichit do bhroitt.

M1056.12

Creach do-dheochaidh Eochaidh Ua Flaithein aidhche Nodlacc mór i Maigh n-Itha, co t-tucc cúig céd bó co h-abhainn Maighe h-Uatha, & for-ácsat na bú occ an abhainn, & ro báite ochtar ar cethrachat díbh im Chuilennan mac Derccáin.

M1056.13

Tadhg, mac an Cleirigh Uí Chonchobhair do mharbhadh do Uibh Maine.

M1056.14

Ruaidhri Ua Gadhra, tanaisi Luighne, do mharbhadh.

M1056.15

Creach-shluaigheadh lá Diarmaid mac Maoil na m-Bhó isin Mumhain, co ro loiscc Dún Mic n-Inguir, & Oenach Téte, & Dún Furudhráin.

M1056.16

Giolla Chaoimhghin mac Giolla Chomhghaill, & Maol Mordha mac mic Faoláin, do mharbhadh lá Murchadh mac Diarmada tria fheill, & meabhail.

M1056.17

Odhar, mac Floinn, tigherna Calraighe, do mharbhadh.

Annal M1057

M1057.0

Aois Críost, míle caocca a secht.

M1057.1

Mughrón Ua Mutáin, comharba Bairre, uasal-epscop & fer leighinn, do mharbhadh lá latrondaibh do Chorca Laighdhe, iar t-tóidheacht dó óna iarmheirge.

M1057.2

Robhartach, mac Ferdomhnaigh, comharba Cholaim Chille & Adhamhnáin.

M1057.3

& Dubh Da Leithe Ua Cionaedha,airchinneachCorcaighe, d'ecc.

M1057.4

Niall Ua h-Egneacháin, tigherna Ceneoil Enda, do mharbhadh lá a chenél féissin.

M1057.5

Maol Ruanaidh Ua Fóccarta, tigherna Déiscert


p.874

Ele, do mharbhadh lá Donnchadh, mac Briain.

M1057.6

Dunghal, mac Mic RaithDonnchadha, tigherna Eoghanachta, do mharbhadh co n-druing oile imaraon ris.

M1057.7

Cath eittir Domhnall ua Maol Ruanaidh, tigherna Fer Manach, & Domhnall Ua Ruairc, tigherna Breifne, du i t-torchair Ua Ruairc, co sochaidhibh iomdaibh dia mhuintir imaille friss.

M1057.8

Móir-chreach Luighne lá h-Aodh Ua c-Conchobhair.

M1057.9

Ar Ua m-Briúin do chor do Chonchobhar Ua Maoileachluinn ag tabhairt creche doibh tairis i n-Deas-Laighnibh.

M1057.10

Dunchadh ua Donnchadha, tigherna Chaisil, do mharbhadh.

Annal M1058

M1058.0

Aois Críost, míle caocca a h-ocht.

M1058.1

Colmán Ua h-Aireachtaigh, comharba Comhghaill Bendchair.

M1058.2

Maol Finnéin Ua Guaire, angcoire Daimhinsi.

M1058.3

& Maol Íosa Ua Flainn Chua, sruith-shenóir Imleacha Iubhair, d'ecc.

M1058.4

Imlech Iubhair do losccadh co léir eittir daimh liacc & cloictheach.

M1058.5

Cath Sléibhe Crot iar losccadh LuimnighDiarmaid mac Maoil na m-Bó for Donnchadh mac m-Briain, i t-torchair Cairpre Ua Lioghda, airchindeachImleacha Iubhair, & Ríoghbhardán, mac Con Cóirne, tigherna Ele, & drong mhór oile cénmotháid-sidhe.

M1058.6

Gallbrat Ua Cerbhaill, rioghdhamhna Temhrach, do mharbhadh lá Conchobhar Ua Maoileachlainn, tré mheabhail. Claídhebh Carlosa & móran do shédaibh archena do bhreith do mhac Maol na m-Bó 'na inadh-sin, ar ro bhoí a c-comairce fris.

M1058.7

Ceallach, mac Muirecáin, tigherna Ua Mic Uais Bregh, d'ecc.

M1058.8

Sgrín Cholaim Chille do orccain do Fheraibh Teathbha & Cairbri, & ro chuirset Fir Midhe ár Fer Teathbha & Cairpri, ina díoghail.

Annal M1059

M1059.0

Aois Críost, míle caocca a naoi.

M1059.1

h-a Lorcáin, abb Cille h-Achaidh, d' ecc.

M1059.2

Domhnall Déiseach, eccnaidh & anccoire, d'ecc.

M1059.3

Domhnall mac Eodhossa,


p.876

airchindeachMainistrech Búithi.

M1059.4

Aneislis, mac Uidhir, airchindechLuscca.

M1059.5

Eochaidh Ua Cionaedha, airchinneachAtha Truim.

M1059.6

Conaing Ua Faircheallaigh, airchinneachDroma Lethain, comharba M'Aedhócc la Connachtaibh & Laighniu, d' écc.

M1059.7

Conn na m-Bocht ordan & aireachus Cluana Mic Nóis, d' ecc iar sendataigh.

M1059.8

Niall Ua Maol Doraidh, tigherna Ceneoil Conaill, d'ecc iar n-deigh-bhethaidh, & iar n-aithrighe ina thairmthechtaibh, & peacthoibh.

M1059.9

Aedhuar Ua Dubhda, tigherna Ua n-Amhalghadha, do mharbhadh lá a chenél féisin.

M1059.10

Cathal, mac Tighernain, mic Néill, mic Aedha, tigherna Airther Connacht, do mharbhadh lá h-Aodh Ua Ruairc.

M1059.11

Duarcán Ua h-Eaghra, tigherna Teóra Sloinnte Luighne, do mharbhadh.

M1059.12

Tomaltach Ua Maoil Bhrenainn, tigherna Shil Muireadhaigh d'écc.

M1059.13

Maol Sechlainn ua Bric, .i. tigherna na n-Déisi, do muchadh i n-uaimh lá Maol Sechlaind mac Giolla Brighde, mac Faoláin.

M1059.14

Conghalach Ua Riaccáin, ríghdhamhna Temhrach, do mharbhadh lá Murchadh mac Diarmada.

M1059.15

Giolla Caoimhghin, mac Giolla Comhghaill, rioghdhamhna Laighen, & Maol Mórdha, mac mic Faoláin, do mharbhadh do Mhurchadh, mac Diarmada tré fhéill & meabhail.

M1059.16

Ruaidhri Ua Gadhra damhna tigherna Luighne d'écc.

M1059.17

Creach la Mhaol Seachlainn Ua Madadhain i n-Airthearaibh, co rug tri chéd bó, & co ro mharbh Giolla Muire, mac Airechtaig, tigherna Cloinne Sionaich.

M1059.18

Crech la h-Ardghar mac Lachlainn, do Chenél Eoghain i n-Dail Araidhe, co t-tucsat boromha mhór, & dá chéd etir mharbhadh, & erghabháil.

M1059.19

Mac Briain do dhul i tech Aodha Uí Chonchobhair co t-tucc a riar dhó.

M1059.20

Maidhm ria c-Conchobhar Ua Maoileachlainn, tighearna Midhe, for


p.878

Mhurchadh, mac Diarmada mic Maoil na m-Bó, tigherna Gall, dú i t-torcradar íle, & raíneadh for Laighnibh i n-Dearmhaigh Cholaim Chille isin ló chedna co ro ladh a n-ár tria fhiortaibh Dé & Cholaim Chille.

M1059.21

Meas mór fo Eirind an bhliadhain-se.

M1059.22

Coccadh mór eitir Laighnibh & Midheachaibh, & torcradar íle ó Laighnibh ann im Muirchertach mac n-Dalbaigh mic Maol Ruanaidh.

Annal M1060

M1060.0

Aois Críost, míle sescca.

M1060.1

Maol Chiaráin Ua Robhocháin, airchindeach Suird Coluim Chille.

M1060.2

& Ailill Ua Maol Chiarain, airchinneach Eccailsi Bicce, d'ecc.

M1060.3

Ceanandus do losccadh uile tighibh templaibh.

M1060.4

Losccadh Leithglinne go léir cenmothá an deirtheach.

M1060.5

h-Ele, & h-Ui Forgga do thiachtain for creich go Cluain Mic Nóis, co ruccsat gabhail o Chrois na Screaptra, & co ro mharbhsat dís .i. mac leighinn & laoch. Ro ghreis Dia & Ciaran Delbhna, cona tigherna, .i. Aodh Ua Ruairc, ina n-deadhaidh, & ro bhrisset forra, & ro laiset a n-ár im tanaisi Ua Forggo, eissidhe ro mharbh an mac leighind. Rangattar Dealbhna tráth erghe arnabhárach gusan n-gabhail leó gusan ionadh as a ruccadh.

M1060.6

Murchadh, mac Diarmada, do dhol i Manainn, co t-tucc cáin eisde, & co ro bhris ar mac Raghnaill.

M1060.7

Flaithbhertach Ua Ceallaigh, tigherna Bregh, d'ecc ina oilithre.

M1060.8

Andadh Ua Lochlaind, tigherna Corcu M' Dhruadh, do écc.

Annal M1061

M1061.0

Aois Críost, míle sescca a h-aon.

M1061.1

Muireadhach Ua Maol Coluim, airchinneach Doire.

M1061.2

Maol Coluim Ua Loingsigh, saoi & sagart Cluana Mic Nóis.

M1061.3

Ciarán, fer leighind Cenannsa, eccnaidh derscaighthe.

M1061.4

Tighernach Boirchech ard-


p.880

anmchara Ereann, angcoire, & comharba Finnein.

M1061.5

& Maol Brighde mac an Gobhann, d' ecc do pláigh.

M1061.6

Occán Ua Corpmacán, airchindeach Insi Cumscraidh.

M1061.7

& Conaing foss-airchindeach Arda Macha, d' ecc.

M1061.8

Domhnall Ua Maol Doraidh do mharbhadh lá Ruaidhri Ua Canannáin i c-cath.

M1061.9

Cú Uladh mac Conghalaigh, tigherna Uachtair Thíre, d'ecc iar deigh-bhethaidh.

M1061.10

Niall, mac Maoil Sechlainn, tigherna Oiligh, d'ecc.

M1061.11

Slóichceadh lá h-Aodh Ua Conchobhair .i. An Gha Bhernaigh, co Cenn Coradh, go ro bhris an dúnaidh, & co ro muradh an tioprat lais, & ro thochaith a dí brattán, & ro loisc Cill Da Lua bheós.

M1061.12

Muinntir Murchadha do gabhail for Loch Oirbsen, co ro aithríoghsat Aodh Ua Conchobhair.

M1061.13

Maidhm Glinne Pattraicc ria n-Aodh Ua Conchobhair for Iarthair Connacht, in ro mudhaighith ile im Ruaidhri Ua Flaithbheartaigh, tigherna Iarthair Connacht, & ro dicendadh é, & ruccadh a ceann co Cruachain Chonnacht iar sraoineadh for mac Aodha mic Ruaidhri.

M1061.14

Glend dá Locha do losccadh cona themplaibh.

M1061.15

Flann Ua Ceallaigh, adhbhar tigherna Breagh, do mharbhadh dona Saithnibh.

M1061.16

Gairbhith Ua Cathasaicch, tigherna Bregh, d'ecc.

M1061.17

Mac mic Dúnghail, tigherna Ua m-Briúin Chualann, d'ecc.

M1061.18

Mac Maoil na m-Bó Laighen & Gall do dhul isin Mumhain im Samhain, go ro lá dearg-ár fer Mumhan isin Cnamhchoill, & go ro loisc Machaire na Mumhan ettir thighibh, & arbhar.

Annal M1062

M1062.0

Aois Críost, míle sescca a dó.

M1062.1

Giolla Críost Ua Maol Doraidh, comharba Cholaim Chille ettir Erinn & Albain.

M1062.2

Maol Ruanaidh Ua Daighre, primh-anmchara Tuaisceirt Ereann.

M1062.3

& Murchadh Ua Laidhgnén, airchinneach Ferna,


p.882

d' écc.

M1062.4

Cathraoineadh ré n-Aodh an Gha Bhearnaigh h-Ua Conchobhair for mac Ruaidhri, in ro mharbhadh ochtmoghat do Cloinn Choscraigh.

M1062.5

Tadhg, mac Aodha Uí Concobhair, do marbhadh lá mac Aodha mic Ruaidhri, & la h-Iarthar Connacht.

M1062.6

Creach la h-Ardghar mac Lochlainn i coicceadh Connacht, co t-tuccsat sé mhíle do bhuaibh & míle do bhraitt.

M1062.7

Donn Cuan Ua Machainne do mharbhadh la Giolla Chiaráin Ua Machainen, tigherna Mughdhorn.

M1062.8

Ruaidhri, mac Con Cairge, tanaisi Fernmhaighe, do mharbhadh do mhac Néill Uí Ruairc.

M1062.9

Diarmaid, mac Murchadha co Laighnibh do dhol don Mumhain, co ro loiscc Luimneach & Dún na Trapcharla, dia n-debhradh,

    1. Rangattar Laighin Luimnech,
      Na daigh-fhir o Druim Dairbhrech,
      Ro fháccsat ann an sluagh suirghech
      Luimneach 'na ghual gann gainmheach.

M1062.10

Niall mac Eochadha, Uladh, & a mac Eochaidh mac Néill mic Eochadha, ríogh- dhamhna an Chuiccidh, d' ecc i n-Id Nouembir dia dardain.