Aois Criost, míle a trí.
An dara bliadhain do Bhrian.
Aonghus, mac Breasal, comharba Caindigh, d'eg ina ailithre i n-Ard Macha.
Dubh Shláine ua Lorcáin, abb Imlecha Iubhair, d'écc.
Eochaidh ua Flannagáin, airchindeach Lis Aoidhedh Arda Macha, & Cluana Fiachna, & saoi senchusa Gaoidheal, d'écc.
Sloighedh la Brian & la Maoileachlainn a t-Tuaiscert Connacht co Traigh n-Eothaile do dhol timcheall Ereann, co ro toirmiscset Uí Néill an Tuaisceirt impu.
Domhnall, mac Flannagáin, tigherna f-Fer Lí, d'ég.
Iarnán,
Brian, mac Maol Ruanaidh, tigherna Iarthair Connacht, do mharbhadh lá a mhuinntir feisin.
Dá Ua Canannáin do mharbhadh do ua Maol Doraidh.
Muiredhach, mac Diarmada, tigherna Ciarraighe Luachra, d'ég.
Naebhán, mac Mail Chiaráin, prímhcherd Ereann d'écc.
Cath Craoibhe Tulcha ettir Ultaibh & Cenel n-Eoghain, co raoimhidh for Ultaibh. Do-cher ann Eochaidh, mac Ardghair, rí Uladh, & Dubh Tuinne a bhráthair, & da mac Eochadha .i. Cú Dúiligh, & Domhnall, Gairbhidh, tigherna Ua n-Eathach, Giolla Páttraic, mac Tomaltaigh, Cumuscach, mac Flaithrai, Dubh Slanga, mac Aedha, Cathal, mac Etroch, Conene, mac Muirchertaigh, & forgla Uladh archena, & ro siacht an iomghuin co Dún Eathach, & co Druim Bó. Donnchadh ua Loingsich, tigherna Dail Araidhe, & rioghdhamhna Uladh, do mharbhadh arnabhárach la Cenel n-Eoghain. Aodh, mac Domhnaill uí Néill, tighearna Oiligh, & rioghdhamhna Ereann do thuitim h-i frithghuin an chatha, isin cúicceadh bliadhain décc a fhlaithesa, & in naomhadh bliadhain fichet a aoisi.
Imairecc eittir Tadhg Ua Ceallaigh co n-Uibh Máine, & co Feraibh Iarthair Mídhe h-i foirithin Uibh Máine, & Uí Fiachrach Aidhne co n-Iarthar Connacht ina fóirithin, dú h-i t-torchair Giolla Ceallaigh, mac Comhaltáin I Cléirigh, tighearna Ua Fiachrach, Conchubhar, mac Ubbáin, & Ceand Faoladh , mac Ruaidhri, & sochaidhe oile. Do-cear din Find mac Marcáin tanaisi Ua Máine i frioth-ghuin.
Domhnall, mac Flannaccáin, tighearna Fer Lí, d'écc.
Madadhan, mac Aenghusa, toiseach Gaileng m-Becc, & Fer c-Cúl do mharbhadh.
Aois Criost, míle a ceathair.
An tres bliadhain do Bhrian.
Domhnall, mac Maicniadha, abb Mainistreach Buithe, epscop & senóir naemh esidhe.
S. Aedh fer leighind & abb Tréfoite, epscop, eccnaidh, & oilithreach, d'écc iar n-deigh-bheathaidh i n-Ard Macha, co n-onóir & co n-airmidin móir. As occá éccaíne ro ráidhedh,
- An t-eccnaidh an t-áird-epscop,
an naemh De, co feibh n-delbha,
ro faith uainn a n-absalacht,
o 't-luidh Aodh a taebh Temhra.- Nad mair Aedh don Breaghmhaigh binn,
co n-gel-blaidh glind gléthe rand
easpa an glé-gemm gledend grinn,
teasda leigheand Ereann and.
Maol Brícchde ua Rimhedha, abb Iae, d'écc.
Domhnall mac Néill, abb Cille Lamhraighe, d'écc.
Foghartach, abb Leithghlinne & Saighre, d'écc.
Muiredhach, tigherna Conaille, do mharbhadh lá Mughdhornaibh.
Giolla Comhghaill, mac Ardghair, & a mhac, & dá chéd maraon rú do mharbhadh do Mhaolruanaidh, mac Ardghair ag cosnamh righe Uladh.
Slóigheadh lá Brian, mac Cindeidigh co f-Feraibh Deisceirt Ereann imme co Cenel n-Eoghain & co h-Ultoiph, do chuinghidh giall. As eadh lodar dar Midhe co m-battar aidhche i t-Tailltin. Lotar iaromh co m-báttar sechtmhuin occ Ard Macha, co farcaibh Brian xx uncca d'ór for altóir Arda Macha. Lotar iar sin i n-Dail n-Araidhe, co tucsat aittire Dal n-Araidhe, & Dál Fiatach archena.
Ingeirci, tigherna Conailli, do mharbhadh.
Ath Cliath do losccadh lá Deiscert Bregh h-í taidhe.
Indredh Leithe Cathail lá Flaithbheartach Ua Néill, & Aodh, mac Tomaltaigh, tigherna Leithe Cathail,
Raoinedh oc Loch Bricrend ria f-Flaithbertach for Uibh Eathach & for Ultaibh, h-i t-torchair Artan, rioghdhamhna Ua n-Eathach do mharbhadh.
Aois Criost, míle a cúicc.
An cethramhadh bliadhain do Bhrian.
Fínghin, abb Rosa Cré, d'écc.
Dunchadh, mac Dunadhaicch, fer leighind Cluana Mic Nóis, & a h-angcoire iarsin, cend a riaghla, & a sencais, d'écc. Sen Sil Cuinn na m-Bocht esidhe.
Maol Ruanaidh, mac Aedha uí Dubhda, tigherna Ua Fiachrach Muiriscce, & a mhac .i. Maol Sechlainn, & a bhrathair .i. Gebhendach mac Aedha, d'ég.
Creach mór lá Flaithbhertach, mac Muirchertaigh lá tigherna n-Ailigh h-í Conaillibh Muirtheimhne, conus-tarraidh Maol Sechlainn, rí Temhrach, co f-farccaibhsett dá céd díobh eittir mharbhadh & erghabháil im tigherna Ua Fiachrach Arda Sratha.
Cathal, mac Dunchadha, tigherna Gaileng Mór, do marbhadh.
Echmhilidh ua h-Aitidhe, tigherna Ua n-Eathach, do mharbhadh lá h-Ultaibh féisin.
Mór-shluaiccheadh Fer n-Ereann lá Brian, mac Cinnéittigh, do chuinghidh giall co Cenel Conaill & Eoghain. As edh lotar dar lár Connacht for Eas Ruaidh, dar lár Tíre Conaill, tria Cenel n-Eoghain, for Fertais Camsa i n-Dal Riada & i n-Dal n-Araidhe, i n-Ultaibh, i Conaille Muirthemhne co t-torrachtattar im Lucchnasadh co Bealach Dúin. Lottar imorro Laighin dar Bregha fodheas dia
Maol na m-Bó, tighearna Ua Cennselaigh, do mharbhadh lá a chenél féin.
Maol Ruanaidh, mac Ardghair, rí Ulad, do mharbhadh la Madadhán, mac Domhnaill, iar m-beith leith-bhliadhain a r-righe An Chóiccidh. Madadhán, mac Domhnaill, rí Uladh, do mharbhadh don Torc, .i. Dubh Tuinne, for lár Dúine Leathghlaisi, tar turtughadh naomh n-Erenn. Dubh Tuinne, .i. an Torc, rí Uladh, do mharbhadh, tre fiortaibh Dé & Páttraicc lá Muireadhach mac Madadháin, a n-díoghail a athar.
Muireccen Bocht o Bhoith Domhnaigh, comhorba Páttraicc, d'ég. Sechtmoghat bliadhain a aois.
Aois Criost, míle a sé
An cúicceadh bliadhain do Bhrian.
Ceand Faoladh, airchinneach Droma Móir Mo Cholmócc.
Caichear, mac Maenaigh, abb Mungarat.
& Ceallach ua Mendgoráin, airchinnech Corcaighe, d'écc.
Fiachra ua Fócarta, saccart Cluana Ferta Brénainn, d'écc. As dó do ráidheadh,
- Do neoch ranacc-sa fo Erind,
edir achadh & chill,
nochan fhuaras uacht na terca,
co ranacc Cluain Ferta find.
a Chríst ní sccérmais h-i seghdha
manbadh Fiachra an bherla bhinn.
Tuathal ua Maoil Macha, saoi & comhorba Pháttraicc i Mumhain.
& Robhartach ua h-Ailghiusa, ancoire Cluana Mic Nóis do écc. Do Breghmainibh a chenél.
Trénfher ua Baigheallán,
tigherna Dartraighe,
do mharbhadh lá Cenel
Cú Connacht, mac Dunadhaigh, taoisech Síl n-Anmchadha, do marbhadh la Murchadh mac Briain. Ua Dúnghalaigh imorro tigherna Musccraighe Thíre ros-marbh h-i f-farradh Lothra.
Muiredhach, mac Criocháin, do fháccbhail comharbhais Cholaim Chille ar Dhia.
Athnuadhucchadh Aenaigh Taillten lá Maoilechloinn, & Ferdomhnach do oirdneadh h-í comharbhus Cholaim Chille a comhairle Fer n-Ereann isin aenach-sin.
Soisccél mór Cholaim Chille do dhubh-ghoid isin oidhche asin erdomh iartharach an doimh liacc móir Chenannsa. Primh-mind Iarthair Domhain ar aoi an chumhtaigh daenda, & a fhagbháil dia fhichet adhaidh for díbh mhíosaibh iar n-gaitt dhé a óir, & fóid tairis.
Slóighedh la Flaithbhertach Ua Néill co h-Ultaibh, co t-tucc secht n-aittire uadhaibh, & co ro marbh tigherna Leithe Cathail .i. Cú Uladh mac Aenghasa.
Domhnall, mac Duibh Tuinne, rí Uladh, do mharbhadh lá Muiredhach, mac Madudháin, & do Uarghaeth Sléibhe Fuaid.
Airmedhach, mac Cosccraigh, epscop, & sccribhnidh Arda Macha, do écc.
Aois Criost, mile a seacht.
An seisedh bliadhain do Bhrian.
Muiredhach suí epscop, mac bráthar Ainmire Boicht, do mhúchadh i n-uaimh i n-Gailengaibh Coraind.
Ferdomhnach, comharba Cholaim Chille h-i c-Cenandus & Fachtna, comharba Findéin Cluana h-Ioraird, d'écc.
Finshnechta ua Fiachra, abb Tighe Mochua.
& Tuathal ua Conchobhair, comharba Fionntain, d'écc.
Maol Maire ua Gearagain, comharba Cainnigh, & Célechair, mac Duind Cuan, mic Cinneittigh, abb Tíre Da Ghlais, d'ég.
Maidhm ria n-Aonghus, mac Carraigh, for Feraibh Ceall, dú i t-torchair Demun Gatlach ua Maol Muaidh.
Secc
Muireadhach, mac Duibh Tuinne, rí Uladh.
Aois Criost, míle a h-ocht.
An sechtmhadh bliadhain do Bhrian.
Cathal, mac Carrlusa, comharba Caindigh.
Maelmuire ua h-Uchtáin, comharba Cenannsa, d'ég.
Echtighearn ua Goirmghilla, d'écc.
Dubhchoblaigh, inghen righ Connacht, ben Bhriain, mic Cinneittigh, d'écc.
Tadhg Dubhshúileach, mac righ Connacht, do mharbhadh la Connmaicnibh.
Gussán, mac uí Treassaich, tigherna Ua m-Bairrche, d'écc.
Madúdhan, tigherna Sil n-Anmchadha, do mharbhadh lá a bhráthair.
Slóighedh lá Flaithbertach Ua Néill go Fiora Bregh, co t-tucc boromha mhór.
Maidhm for Connachtaibh ria f-Feraibh Breifne. Maidhm dna for Fearaibh Bréifne ria Connachtaibh.
Clothna, mac Aonghusa, prímh-file Ereann ina aimsir, d'écc.
Gusán, mac Tresaigh, tighearna Ua m-Bairrche, do é.
Aois Criost, míle a naoi.
An t-ochtmhadh bliadhain do Bhrian.
Conaing, mac Aedhagáin, epscop, d'écc h-i c-Cluain Mic Nóis. Do Mughdhornaibh Maighen a chenél.
Crundmhaol epscop d'écc.
Sccannlán ua Dúnghaláin, abb Dúin Lethghlaisi, do dhalladh.
Diarmaid, comharba Bearaigh.
Muiredhach, mac Mochloingsigh, airchinneach Mucnamha
Maol Suthain ua Cerbhaill do mhuinntir Insi Faithlend, primh-saoi Iarthair Domhain ina aimsir, & tigherna Eoghanachta Locha Léin, d'écc iar n-deigh-bhethaidh.
Marcán, mac Cinnéittigh, cend cléireach Mumhan, d'écc, comharba Colaim mic Criomhthainn, .i. Tíre Da Ghlas, Innsi Cealtra, & Cille Da Lua, do écc.
Cathal, mac Conchobhair, rí Connacht, d'écc iar b-penainn. E sin mac mic Taidhcc an Tuir.
Dearbhail, inghen Taidhg,
Cathal, mac Duibh Dara, tigherna Fer Manach, d'écc.
Muiredhach h-ua h-Aedha, tigherna Muscraighe, d'écc.
Slóighedh lá Brian co Claonloch Sléibhe Fuait, co rucc aittire Cenél Eoghain & Uladh.
Aodh, mac Cuinn, rioghdhamhna Oiligh, & Donn Cuan, tighearna Mughdhorn, do mharbhadh.
Aois Criost, míle a deich.
An nomhadh bliadhain do Bhrian.
Muiredhach, mac Críocháin, comharba Colaim Cille, & Adhamhnáin, saoi, & epscop, & mac oicche, fer leighind Arda Macha, & ádhbhar comharba Phattraicc, d'écc iarsan cethramhadh bliadhain seachtmodhat a aoisi a u. Calainn Ianuari, aidhche Sathairn do shonnradh, & ro h-adhnaicedh co n-onóir, & go n-airmhitin isin doimh liacc mhór i n-Ard Macha ar bélaibh na h-altóra.
Fland ua Donnchadha, comharba Oennae, d'écc.
Flaithbeartach ua Cethenen, comharba Tighernaigh, senóir, & suí epscop, do ghuin ó Fheraibh Breifne, & a écc iar sin ina chill feissin h-i Cluain Eoais.
Dubhthach, mac Iarnáin, airchindeach Dearmaighe.
Dálach Dísirt Tola, comharba Féchene & Tóla, scribhnigh toghaidhe.
Fachtna, comharba Findein Cluana h-Ioraird, d'écc.
Slóiccheadh lá Brian co Magh Corainn, co rucc leis tigherna Ceneóil Conaill .i. Mael Ruanaidh Ua Maol Doraidh, fria réir, go Cenn Coradh.
Maol Ruanaidh ua Domhnaill, tighearna Ceneóil Luighdheach, do
Oenghus ua Lapáin, tigherna Cenél n-Enda, do mharbhadh lá Cenel n-Eoghain na h-Insi.
Murchadh, mac Briain, co b-Fheraibh Mumhan, co Laighnibh, co n-Uibh Néill an Déisceirt, & co b-Flaithbertach, mac Muirchertaigh, tigherna Oiligh co n-ogaibh an Fhochla do iondradh Chénel Luighdheach, go ruccsatt trí chéd do bhroid & creach mhór do indilibh.
Domhnall, mac Briain, mic Cindeidigh, mac righ Ereann, d'ég.
Slóicchedh lá Flaithbhertach Ua Néill, co Dún Eathach, co ro loisc an dún, & co ro bhris an baile, & do-bhert aittire ó Niall mac Duibh Thuinne.
Aodh, mac Mathghamhna, ríoghdhamhna Caisil, d'écc.
Faelán, mac Dunlaing, tigherna Ua m-Buidhe, d'écc.
Aois Criost, míle a h-aon décc.
An deachmadh bliadhain do Bhrian.
Tedhm mhór .i. cnuic, & treghait i n-Ard Macha o Shamhain co Bealtainne co n-ebhletar drong mhór do sruithibh, & do macaibh leighinn, im Chend Fhaoladh an t-Sabhaill, epscop, angcoire, & ailithir, im Maol Bríghde mac an Ghobhann, fer leighind Arda Macha, & im Scolaighe mac Cléirchen uasal-saccart Arda Macha. Ad-bathatar-somh don tedhmain-sin, & sochaidhe oile amaill friú.
Martán, abb Lucchmhaidh.
Cian, comharba Cainnigh.
Caoncomhrac ua Scannláin, airchindeach Daimhinse.
Mac Lónain, abb Rosa Cre.
& Condmhach ua Tomhrair, sacart, & toiseach ceileabhartha Cluana Mic Nóis, d'ég.
Slóighedh la Flaithbheartach mac Muirchertaigh h-í Cenel Conaill, co ruacht Magh c-Cettne. Rug bó-ghabháil mhór, & do-deochaidh slán dia thich.
Slóighedh lá Flaithbhertach mac Muirchertaicch doridhisi i Cenél Conaill co ruacht Druim Cliabh & Tracht n-Eothuile, dú in ro marbhadh Niall, mac Giolla Pattraicc
Maidhm for Niall, mac Duibh Tuinne .i. cath na Mulach, ria Niall mac Eochadha, mic Ardghair, dú i t-torchair sochaidhe im Muirchertach, mac Artáin, tanaisi Ua n-Eathach, & ro h-aithrioghadh lais Niall, mac Duibh Thuinne iaramh.
Ailell, mac Geibhendaigh, ríoghdhamhna Ua Máine, d'écc.
Críonán, mac Gormladha, tigherna Conaille, do mharbhadh la Coin Cuailgne.
Aois Críost, míle a do décc.
An dara bliadhain décc do Bhrian.
Mac Maine, mic Cosccraigh, comharba Cille Da Lua, d'écc.
Prióir Saighre do mharbhadh.
Cian ua Gerggáin, comharba Caindigh.
Derbhail, inghen Conghalaigh, mic Maoile Mithigh, inghen righ Ereann, d'ég.
Domhnall, .i. An Cat, ríghdhamhna Connacht, do mharbhadh lá Maol Ruanaidh ua Maol Doraidh, & Magh n-Aoi do losccadh & d'arccain uile lais, iar sraoineadh for Connachtaibh & iar c-cor a n-áir.
Creach mhór lá h-Ualgharg ua Ciarrdhai lá tigherna Coirpre, & la mac Néill Uí Ruairc, & lá Fiora Teathbha h-i n-Gaileangaibh, conus-tarraidh uathadh deagh-dhaoine do lucht taighe Maoil Seachlaind iar n-ól isin uair-sin att é mescca co t-tardsat cath dóibh tré dhiumas. Torchair and don Donnchadh, mac
Slóighedha móra lá Maol Sechlainn h-i c-Crích Gall, go ro loiscc an tír go h-Edar cco t-tarraidh Sitriucc, & Maol Mórdha creich dia c-creachaibh, co ro mharbhsat dá chéd dibh im Fland mac Maoileachlainn, im mac Lorcáin mic Echtigheirn, tigerna Ceneoil Meachair, & sochaidhe oile, & as eisidhe maidhm an Draighnein. Conidh dia cuimhmuccadh ro ráidhedh in rand,
- Ní má-lódar Luan for feacht,
Fir Mídhe frí forimthecht,
báttar failte Goill ro clos,
occ an Draighnén don turas.
Slóiccedh lá Flaithbhertach, lá tigherna n-Ailigh, co Maighin Attaed i t-taobh Cenannsa, co fargaibh Maol Seachlainn an tealach dó.
Giolla Mo Chonna, mac Foghartaigh, tigherna Deisceirt Bregh, foghlaigh Gall, & tuile ordain Airtir Eireand, d'écc.
Crech lá Murchadh, mac Briain, h-i Laighniu, co ro aircc an tír go Glend Dá Locha, & co Cill Maighneann, go ro loisc an tir uile, & co rucc gabhála móra, & broid diairmidhe.
Longus mór do theacht dona Gallaibh isin Mumhain, co ro loiscset Corcach, acht ro dhíoghail Dia an gníomh-sin forra fo chédóir, ár ro marbhadh Amhlaoibh mac Sitriocca .i. mac tigherna Gall, & Mathghamhain mac Dubhghoill, & sochaidhe oile lá Cathal mac Domhnaill, mic Duibh Da Bhoirend.
Muirchertach, mac Aodha Uí Néill, do mharbhadh lá Dál Riada co n-druing oile amaille fris.
Cogadh mór eittir Ghallaibh, & Ghaoidhealaibh.
Slóighedh lá Brian co h-Ath an Cairthind, & ro ghabh forbhais, & dunadh and frí ré teóra míos for Ghallaibh.
Daingin iomdha do dhénamh lá Brian,
Laighen & Goill i g-coccadh for Bhrian, & Brian occ imchoimhéd for Mumhain oc Sleibh Maircce, & Laighin do indradh lais co h-Ath Cliath.
Orgain dhíomhor for Conaillibh lá Mael Sechlainn i c-cionaidh sáraighthe Findfaidigh Pháttraicc, & bhriste Bachlae Pátraic ó Conaillibh .i. ó mhacaibh Con Cuailgne.