Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal 983

M983.0

Aois Criost, naoi c-céd ochtmodha a trí.

M983.1

An cúicceadh bliadhain do Mhaoil Sechlainn.

M983.2

Uissine ua Lapáin, airchindeach Daire Calggaigh.

M983.3

Muiredhach ua Flannaccáin, fear leighinn Arda Macha, d'écc.

M983.4

Domhnall Claon do mharbhadh lá h-Aodh, mac Echthighern do Uibh c-Ceinnsealaigh, & Fiachra, mac Finshneachta, flaith Forthuath Laighen, & Maol Mithigh, mac Gairbheith bheos tre thangnacht.

M983.5

Lochlaint, tigherna Corca Mo Druadh, & Maol Sechlainn, mac Cosccraigh, d'écc.

M983.6

Trí mic Cearbhaill, mic Lorcáin, do orgain Termainn Chaoimhghin, & a marbhadh a t-triúr ria n-oídhche, tria fiortaibh Dé & Caoimhghin.

M983.7

Flaithbhertach ua h-Annluain, tigherna Ua Nialláin do mharbhadh a meabhail lá h-Uibh Breasail.

M983.8

Dubh Darach, mac Domhnalláin, tigherna Dearlais, do mharbhadh.

M983.9

Orgain Iarthair Mídhe la Brian, mac Ceinneittigh.

M983.10

Aodh ua Dubhda, tigherna Thuaisgeirt Connacht uile, do écc.

Annal 984

M984.0

Aois Criost, naoi c-céd ochtmodha a cethair.

M984.0

An seiseadh bliadhain do Mhaoil Sechlainn.

M984.1

Foghartach ua Conghaile sgribhnidh toghaidhe abb Daimhinsi.

M984.2

Flaithlemh airchinneach Saighre, d'écc.

M984.3

Eochaidh, mac Soerghasa, airchindeach Doimh Liacc Chianáin, do mharbhadh.

M984.4

Mael Finnia, airchindeach Domhnaigh Páttraicc, d'écc.

M984.5

Maoil Sechlainn, mac Domhnaill, do indredh Connacht, & do thoghail a n-innsedh, & do mharbhadh a t-toiseach, & do-radadh Magh n-Aoi h-i luaithredh lais. Creach fo a la mhodh lá Connachtaibh co Loch n-Aindind, co ro


p.718

loiscceadh Fir Ceall leó, & ro mharbhsat tighearna Fear c-Ceall.

M984.6

Fearghal, mac Lorcáin, tighearna Ceneoil Fiachach do mharbhadh.

M984.7

Diarmaid, mac Uathmharáin, tighearna Luighne, d'écc.

Annal 985

M985.0

Aois Criost, naoi g-céd ochtmodha a cúicc.

M985.1

An seachtmhadh bliadain do Mhaoileachlainn.

M985.2

Maol Ciaráin ua Maighne, comharba Colaim Chille do dhul i n-derg-mhartra lásna Danaraibh i n-Ath Cliath.

M985.3

Muireadhach, mac Flaind, comhorba Condlaith, d'ég.

M985.4

Fuatach scríne Páttraicc la Maol Sechlainn ó Ath Fir Dhiadh co h-Ath Sighe tria choccadh mic Caireláin. Síth do dhenamh dóibh iarsin, & riar Pattraicc ó Mhaoil Seachlainn .i. cuairt Fer Midhe eitir cill & tuaith. Ergnamh gacha dúine ó Mhaol Sechnaill féissin la taobh secht c-cumhal, agus a oighrere archeana.

M985.5

Mór, inghen Donnchadha, mic Ceallaigh, bainioghain Ereann, d'écc.

M985.6

Muirghes, mac Domhnaill, tighearna Ua Máine, do mharbhadh.

M985.7

Cumuscc mór i n-Ard Macha isin domhnach ria Lughnasadh eitir Uí Eathach & Uí Niallán, dú i t-torchair mac Trénfhir mic Celechan, & sochaidhe oile.

M985.8

Danair do thoidheacht i nd-airear Dail Riada .i. teora longa. Ro riaghadh, & ro mudhaighedh secht fichit díobh, iar sraoineadh forra.

M985.9

h-Í Cholaim Chille do arccain do Dhanaraibh oidhche Nodlacc, & ro mharbhsat a n-abbaidh, & cúicc fir dhécc do sruithibh na cille amaille fris.

M985.10

Cluain Mic Nóis do losccadh aidhche Aíne ria c-Cáisc Móir.

M985.11

Flathrui ua Loingsigh, tigherna Dal Araidhe, do mharbhadh la a chenél féisin.

M985.12

Sluaighedh la Laighnibh i n-Osraighibh co ro airccset Tuaiscert n-Osraighe, & gur ro marbhadh ann Riacán, mac Muiredhaigh, & mac Cuiliúin.

M985.13

Domhnall, mac Amhalgadha, tanaisi Uladh, d'écc.

Annal 986

M986.0

Aois Criost, naoi c-céd ochtmodha a sé.

M986.1

An t-ochtmadh bliadhain do Mhaoileachlainn.

M986.2

Maol Patraicc abb Ruis Cré.

M986.3

& Caencomhrac, mac Ainbhithe, abb Glinne h-Uissen, d'ég.

M986.4

Broen ua h-Aedha, airchindech Eccailsi Bicce,


p.720

d'écc.

M986.5

Ceallach, an naomh-ógh, d'écc.

M986.6

Gaoth mhór anacnata go ro thrasccar iol-chumhtaighthe & teghdaisi iomdha im dertigh Lughmaidh, & imm oroile cumhtaighthi archena.

M986.7

Ar mór forsna Danaraibh ro oirg h-I, go ro marbhtha trí fichit & tri chéd díobh, tre mhiorbhailibh Dé & Cholaim Chille.

M986.8

Treghat fithnaisi (.i. draoidhecht) ó dheamhnaibh i nd-airther Ereann co ro lá ár n-daoine, co m-boí for súilibh daoine h-i foillsi.

M986.9

Tosach an bhó-áir mhóir .i. an mhailghairbh anaicnetai na tuidhcidh riamh.

M986.10

Sluaighedh lá Mael Seachlainn i Laighnibhco r-rucc boramha lais.

Annal 987

M987.0

Aois Criost, naoi c-céd ochtmodha a seacht.

M987.1

An nomhadh bliadhain do Mhaoil Seachlainn.

M987.2

Dunchadh ua Braoin, abb Cluana Mic Nóis, egnaidh derscaighthe, & angcoire, d'écc an xuii Kal. Februari i n-Ard Macha ina ailithre h-í f-foircend teora m-bliadhan décc, & no thrialladh for a ais go Cluain gacha bliadhna, ticcedh din drong éccsamhail do lucht na cille ar gach n-uair dia iomfosttadh i n-deoidh gacha bliadna, coná fríth leó eigin dia fhostadh acht na cethra, & ro airissiumh forra bliadhain. As é dan, ro thodhiusaigh marbh a bás fo deóidh i n-Erinn. As fair tucc Eochaidh ua Flannagáin saoi seanchasa Ereann an test-si,

    1. Macha mainbtheath meadrait muaidh,
      psailm-theach a sluagh selbhait naimh,
      ni tarla murcladh a múir
      dar dúil mar Dúnchadh ua Braoin.


p.722

M987.3

Colum, airchindeach Corcaighe, d'écc, & Dubh Da Bhoirend, airchindech Boithe Chonais, d'écc.

M987.4

Fir Mumhan do tocht i n-arthraighibh for Loch Ribh, & Goill Puirt Lairge. Tionóilit Connachtaigh ina n-aghaidh, & feachair iomairecc etorra. Torcratar ár mór do Mhuimhneachaibh & do GhallaibhConnachtaibh im Dunlaing mac Duibh Da Bhoirenn, ríoghdhamhna Mumhan go sochaidhibh amaille fris. Do-chear Muirghios, mac Concobhair, ríoghdhamhna Connacht friú h-i friothghuin.

M987.5

Laidhgnén, mac Cearbhaill, tighearna Fernmhaighe, do mharbhadh for lár Trín Arda Macha, lá Fearghal, mac Conaing, tighearna Oiligh, & la Cenél Eóghain.

M987.6

Conghalach ua Cuilennáin, tigherna Conaille, & Ciar Chaille, mac Cairelláin, tigherna Tuaisceirt Bregh, do chomhthuitim fria aroile.

M987.7

Conghal, mac Anrudháin, tigherna Corcu Duibne, d'écc.

Annal 988

M988.0

Aois Criost, naoi c-céd ochtmodha a h-ocht.

M988.1

An deachmhadh bliadhain do Mhaoileachlainn.

M988.2

Dunchadh ua Robhacháin, comharba Cholaim Chille & Adhamhnáin.

M988.3

Loingseach, mac Maoil Patraicc, fear leighinn Cluana Mic Nóis.

M988.4

Maol Moghna Ua Cairill, airchinnech Dúin Lethglais.

M988.5

Cetfaidh, abb Imleacha Iubhair.

M988.6

& Mac Leighinn ua Murchadháin, airchindeach Chúile Ratháin, d'ég.

M988.7

Coirpre mac Riain d'écc.

M988.8

Muiredhach ua Clérigh, tigherna Aidhne, d'écc.

M988.9

Echmhílidh, mac Ronáin, tigherna na n-Airther, do mharbhadh do Chonaillibh Cerd.

M988.10

Conchobhar, mac Domhnaill, tigherna Luighne, d'écc.

M988.11

Cath Atha Cliath for Ghallaibh riasan righ, Maol Sechlainn, in ro marbhadh drong dírímhe do Ghallaibh lais, & ro gabh forbais an Dúine forra iardáin frí ré fichet oidhche, conár ibhset uisce fris-sin


p.724

acht an sál. Do-bhertsat a oighréir féin dó fá deóidh an c-cein badh , & uincce óir uatha as gach garrdha gacha h-oidhche Nodlac Mór tria bith-shíor.

M988.12

Eochaidh, mac Ardgair, Uladh do dhol for sluaighedh i c-Cenél n-Eoghain co f-farccaibh ua h-Aitidhe.

M988.13

Dubh Da Leithe, comharba Páttraicc, do ghabháil comharbais Choluim Chille a comhairle fear n-Ereann & Alban.

M988.14

Gluin Iarn, mac Amhlaoibh, tigherna Gall, do mharbhadh dia mhoghaidh féisin tria meisce. Colbain a ainm an mhoghaidh.

M988.15

Gofraidh mac Arailt, tigherna Insi Gall do thuitim lá Dál Riada.

M988.16

Dún Lethghlaisi do argain & do losccadh do Ghallaibh.

M988.17

Maol Ruanaidh, mac Donnchadha, d'égh.

Annal 989

M989.0

Aois Criost, naoi c-céd ochtmodha a naoi

M989.1

An t-aonmhadh bliadhain décc do Mhaol Seachlainn.

M989.2

Corbmac, mac Congaltaigh, comharba Brénainn Biorra, d'écc.

M989.3

Aedh ua Maol Doraidh, tigherna Cenél cConaill, d'écc.

M989.4

Cath Cáirn Fordhroma ria Maoil Seachlainn for Thuadhmhumhain, i t-torchair Domhnall, mac Lorcáin, tighearna Musccraighe Thíre & Ua Forggo co sé chéd amaille friss.


p.726

M989.5

Doire Chalgaigh do orgain do Ghallaibh.

M989.6

Sluagh na n-Gall & na n-Danar & Laighen i Midhe, co ro inderset co Loch Aindind.

M989.7

Domhnall, mac Tuathail, do earghabhail lá Donnchadh mac Domhnaill, Laighen.

M989.8

Donnchadh, Laighen, do erghabhail lá Mael Sechlainn, mac Domhnaill rí Ereann.

M989.9

Dubh Da Leithe, comhorba Pattraicc do ghabháil comhorbais Choluim Chille tré comhairle fhear n-Ereann & Alban.

Annal 990

M990.0

Aois Criost, naoi c-céd nochad.

M990.1

An dara bliadhain décc do Mhaoil Sechlainn.

M990.2

Duibhlitir ua Bruadair, fer leighind Leithghlinne do écc. As fair tugadh an teist-si,

    1. Duibhlitir dind egnai uaigh,
      ba buaidh frecrai fri cech m-báigh,
      ba suí leighind leabhraidh lóir
      ba dluimh óir os Erinn áin.

M990.3

Ceallach mac Cionaedha, abb Imleacha Fiae .i. Imleach m-Bécáin, d'ég.

M990.4

Donnchadh ua Conghalaigh, ríoghdhamhna Temhrach, do mharbhadh oc Comarchu h-i meabhail lá Cloinn Cholmáin an t-sainriudh .i. la Concobhar mac Cearbhaill.

M990.5

Tadhg, mac Donnchaidh, tanaisi Osraighe, do mharbhadh la Fiora Mumhan.

M990.6

Aodh Ua Ruairc, ríoghdhamhna Connacht, & Dubh Darach ua Fiachna, do mharbhadh lá Cenél Eoghain.

M990.7

An ghaeth do shlucadh insi Locha Cimbe co h-oband i n-aon-uair, cona dreich & sonnach .i. trichat traighedh.

M990.8

An Siondach ua Leochan, tighearna Gaileng, d'écc.

M990.9

Donn Slébhe, mac Diarmada, d'écc.

M990.10

h-Ua Dunghalaigh, tigherna Muscraighe, do mharbhadh.


p.728

Annal 991

M991.0

Aois Criost, naoi c-céd nochat a h-aon

M991.1

An treas bhliadhain décc do Maoileachlainn.

M991.2

Diarmait, fer leighind Cille Dara, & abb Cluana h-Eidhneach, d'écc. Conadh dó ro ráidheadh,

    1. Diarmaitt dind ind ecna áin,
      fer co f-fialbhlaith co n-all báigh,
      dirsan, a na recht rán,
      écc do thuittecht na comhdháil.

M991.3

Maol Pedair ua Tolaitt, comharba Brénainn Cluana Ferta.

M991.4

& Maol Finnia, mac Speláin, comharba Ciaraín mic an t-saoir, d'écc.

M991.5

Giolla Commáin, mac Néill, tigherna Ua n-Diarmada, & Cú Cenand, mac Taidhg, do comhthuitim fri aroile.

M991.6

Donn mac Donnghail, mic Duind Cuan, tigherna Teathbha, do mharbhadh lá a mhuintir budhdhéin.

M991.7

Slóighedh lá Maol Seachlainn h-i c-Connachtaibh, co t-tucc brat-bhóromha as móamh tuc riamh. As iarsin táinic Brian co b-Feraibh Mumhan, & Connachta h-i Midhe co ticci Loch n-Aindind, & ní ro ghaibh boin na duine co n-dechaidh ass i c-coir n-éludha.

M991.8

Mór, inghen Taidhg an Tuir, mic Cathail, bainríoghan Ereann, d'ég.

Annal 992

M992.0

Aois Criost, naoi c-céd nocha a dó.

M992.1

An cethramhadh bliadhain décc do Mhaoileachlainn.

M992.2

Mael Póil, epscop Mughna, d'écc.

M992.3

Tuathal, mac Maoile Rubha, comharba Finnia, & comharba Mo Cholmóc, eccnaidh & riaghlóir eisidhe, d'ég.

M992.4

Mac Leighind, mac Dunghaláin, airchindech Dúin Leathghlaisi.

M992.5

Dunchadh, fear leighind Dúin.

M992.6

Maol Finnia ua h-Aonaigh, fear leighind Fobhair, & epscop Tuath Luighne, d'ég.

M992.7

Dunchad ua h-Uchtáin, fer leighinn Cenannsa, d'écc.

M992.8

Domhnall & Flaithbertach, dá mhac Giolla Colaim, mic Canannain, do mharbhadh.

M992.9

Ruaidhri,


p.730

mac Cosccraigh, tigherna Deisceirt Connacht, do mharbhadh lá Conchobhar, mac Maoil Seachlainn, & lá mac Comhaltáin Uí Clérigh.

M992.10

Concobhar, mac CearbhaillMaoileachlainn, d'écc iar n-deicch-bhethaidh.

M992.11

Maol Ruanaidh ua Ciardha, tigherna Cairpre, do mharbhadh lá Fiora Tethba.

M992.12

Ecnech ua Leocháin, tigherna Tuatha Luighne, do mharbhad lá Maol Seachlainn & lá Cathal, mac Labradha.

M992.13

Clercein mac Maoile Dúin, tigherna Ua n-Eathach, do mharbhadh lia a mhuintir feissin.

M992.14

Muirecan ó Bhoith Domhnaigh, comharba Pátraicc, for cuairt i t-Tír n-Eoghain, co ro erlegh grádh righ for Aodh, mac Domhnaill, h-i f-fiadhnaisi samhtha Pátraicc, & co t-tucc mór-chuairt tuaisceirt Ereann iaromh.

M992.15

Fuaslaccadh Donnchadha, mic Domhnaill, Laighen, ó Maoileachlainn.

M992.16

Nó-chobhlach for Loch Ribh la Brian, mac Cindéidigh, gur ro aircc Fioru Breifne.

M992.17

Dunadhach, mac Diarmada, tigherna Corco Bhaiscind, d'écc.

M992.18

Creach lá Gallaibh Atha Cliath, gur ro oirgsead Ard m-Breacáin, & Domhnach Patraicc, & Muine Broccáin.

M992.19

Fordath teineadh do bith for nimh go matain.

M992.20

Aedh, mac Echtigheirn, tanaisi Ua Ceinnsealaigh, d'écc.

M992.21

Iomhar do ionnanbadh a h-Ath Cliath tria itche na naomh.

M992.22

Dond, mac Donnghail, tigherna Teathbha, d'ég.

M992.23

Ruaidhri ua Gusáin d'écc.