Aois Criost, naoi c-céd sescca a trí.
An nomhadh bliadhain do Dhomhnall.
Dunchadh, mac Ceallaigh, epscop & ab Tíre Dá Ghlas.
Colmán, abb Disirt Diarmatta, d'écc.
Iosep, comharba Mic Neisi & Colmáin Eala.
Cionaodh, mac Maoil Chiaráin, abb Lis Móir Mo Chuda.
Gebhennach, mac Cathail, abb Insi Cáthaigh, d'écc.
Slóigheadh lá Domhnall ua Néill, co ro oircc Connachta, & c-co t-tucc gialla ó h-ua Ruairc.
Aodh, mac Maoil Mithigh, d'écc ina oilithre.
Caomhclud righ lá h-Uibh c-Ceinnselaigh .i. Domhnall mac Cellaigh a n-ionadh Donnchadha, mic Taidhcc.
Gorta díofhulaing i n-Erinn co renadh an t-athair a mhac & a inghen ar bhiadh.
Aois Criost, naoi ccéd seascca a cethair.
An deachmhadh bliadhain do Dhomhnall.
Corbmac ua Cilléne, comharba Ciaráin, epscop, & eccnaidh cian-aosda, do Uibh Fiachrach Aidhne a chenél, d'écc.
Fínghin, angcoire & epscop Ia, d'écc.
Crunnmhael, abb Bec h-Ereann, epscop, & fer leighind Tamhlachta, do bhádhadh occ Tóchar Eachdhach.
Artacan ua Manchan fer leighind Glinne Da Locha, d'écc.
Dubh Da Bhoirenn, sui-epscop Maighe Bregh, & comharba Buite, d'ég, sui egna Laighen eside.
Maidhm ria c-Comhaltán ua Clérigh .i. tighearna Ua Fiachrach Aidhne, & ria Maol Sechlainn, mac Arcdai, for Fherghal ua Ruairc, du i farcabhtha secht céd im Toichleach ua n-Gadhra, tighearna Luighne Deisceirt.
Ceallach, mac Faoláin rí Laighen, d'écc.
Donnchadh, mac Tuathail, rioghdhamhna Laighen.
Faolán, mac Corbmaic, tighearna na n-Deise
& Maol Maire, inghen Néll, mic Aodha, d'écc.
Ferghal ua Ruairc, rí Connacht, do mharbhadh lá Domhnall mac Conghalaigh, tighearna Breacch, & Cnoghbha.
Aois Criost, naoi c-céd sescca a cúicc.
An t-aonmhadh bliadhain décc do Dhomhnall.
Ailill, mac Maenaigh, epscop Suird & Luscan.
Daniel, epscop Leithghlinne.
Flann, mac Aenghusa, abb Lainde Léire.
Cairpre, mac Laidhgnén, abb Ferna Móire, & Tighe Moling.
Cond mac Corcrain, abb Mungairde, & cend Mumhan uile.
Conchobhar, fer leighinn Cille Dara, d'écc.
Dubh Scuile ua Mancháin, anchoiri & cend riaghla Glinne Dá Locha, d'ég.
Muireadhach, mac Faoláin, abb Cille Dara, & ríoghdhamhna Laighean, do mharbhadh lá h-Amhlaoiph, tighearna Gall, & la Cerbhall, mac Lorcáin.
Gormghiolla, mac Cenndubhain, aird-seacnabb Cluana h-Eidhneach, do marbhadh la h-Osraighibh.
Cath Formaoile oc Raith Bicc ria Cenel Eoghain for Chenél Conaill, dú i t-torchair Maoil íosa Ua Canannáin, tighearna Cenél Conaill, & Murchertach ua Taidhg, ríoghdhamhna Connacht go sochaidhib aile amaille friu.
Aodh ua h-Aitidhe, rí Ua n-Eathach Cobha, do mharbhadh la a chenél féisin.
Cearbhall, mac Lorcáin ríoghdhamhna Laighen, do mharbhadh lá Domhnall, tighearna Bregh.
Mathghamhain, mac Cindeittigh, rí Caisil, do argain Luimnigh & dia losccadh.
Tighernach, mac Ruairc, tighearna Cairrge Brachaidh, d'écc.
Cath-raoineadh ria Mathghamhain, mac Cindeidigh, for Gallaibh Luimnigh, dú in ro ladh ar Gall, & ro loiscc a loinges forru, & ro oircc Inis Ubtáin, & ro marbhadh Maol Ruanaidh, mac Flaind, tanaisi Osraidhe i frithghuin occ indradh an dúine.
Sloigheadh la Mathghamhain go Sciadh ind Eccis, go t-tucc gialla Mumhan lais da thaigh, & go ro indarb mac Brain tigerna Deasmhumhan.
Sluagh Gall Atha Cliath & Laighen i m-Breghaibh, co ro indairset Bregha, & ro gonadh ann Cerbhall, mac Lorcáin ríoghdhamhna Laighen, co n-erbailt iaromh.
Sluaighedh lá Murchadh mac Find, rí Laighen i n-Osraighibh, go ro ainis ceteora aidche ann, iar n-indradh Raighne, co rug Mathghamhain co b-Feraibh Mumhan fair, & na Deisi & Osraighe, ó Ath Buana
Caemhcludh abbadh i n-Ard Macha .i. Dubh Da Lethe i n-ionadh Muiredhaigh ó Sliabh Cuillenn.
Aois Criost, naoi c-céd seascca a sé.
An dara bliadhain décc do Domhnall.
Ceallach ua Banáin, comharba Comhghaill.
Muiredhach .i. dalta Maonaigh, comharba Caindigh.
Erc ua Suailen, epscop no abb Tamhlachta.
Connmac, mac Aindirraidh,
comharba Ulltáin,
& sacart Cenannsa, d'écc.
Sloighedh la Domhnall ua Néill co Laighnibh co ros-indir o Bherbha siar go fairrge, & do-bert bóromha mhór lais, & do-rad forbhais for Ghallaibh, & for Laighnibh co cenn da mhíos. As don chur-sin torchair Fionn, mac Goirmghiolla, Dunghal mac Dúnghaile I Riagáin, & Ronán, mac Bruadair, mic Duibhgiolla, & aroile saor-chlanna do Laighnibh amaille friu.
Maol Mordha mac Finn, ríoghdhámhna Laighen do ghuin.
Ruaidhri, mac Maol Martain, tigherna Fothart, do mharbhadh.
Flaithbhertach ua Muiredhaigh, tigherna Ua n-Echdhach, d'écc.
Muiredhach mac Ferghasa, comhorba Patraicc, d'écc.
Cathasach, mac Murchadhain, epscop Arda Macha, d'écc.
Aois Criost, naoi c-céd sescca a secht.
An treas bhliadhain decc do Domhnall.
Maol Findein, mac Uchtain, epscop Cenannsa, comharba Ulltain & Cairnigh.
Eoghan Ua Cléirigh, epscop Connacht.
Maol Gorm, mac Maoil Cheallaigh, abb Insi Cealtra.
& Donnchadh, mac Cathláin, abb Cille Mic Duach, d'écc.
Muireccen, abb Disirt Diarmata do écc.
Aonghas ua Robhartaigh, ancoire Dhoire Chalgaigh.
& Cionaedh ua Cathmhaoil, airchinnech Dhoire Chalgaigh, d'écc in aen-mí.
Beollán, mac Ciarmhaic, tigherna Locha Gabhar, d'écc.
Tresach, mac Maile Muine, tigherna Ua c-Conaill Gabhra, do mharbhadh.
Mes díomhór co t-tabhairthi ocht m-builcc a bun aon-chroinn.
Slóicchedh la Murchadh
Sloicchedh lá Mathghamhain, mac Cinnéittigh i n-Desmhumhain, co ro an teóra h-oidhce i c-Corcaigh, co t-tucc gialla Desmhumhan lais.
Orgain Cenannsa lá Sitriucc, mac Amhlaibh tigherna Gall, & la Murchadh mac Finn, rí Laighen, conus-tarraidh Domhnall ua Néill, rí Ereann, & co raeimhidh forra.
Aodh Allán, mac Ferghaile, tigherna Osraighe, & Echtighern, mac Eitigh, tigherna na c-Comann, d'écc.
Aois Criost, naoi c-céd sescca a h-ocht.
An cethramhadh bliadhain décc do Dhomhnall.
Ceanannus do orgain do Amhlaibh Cuarán co n-Gallaibh & Laighnibh, co rucc boraimhe mhór lais, & go b-farccaibh sochaidhe dia mhuintir im Breasal mac n-Ailella, & ro bhris maidhm for Uibh Nell occ Ard Maelchon.
Maidm for Ualgarcc ua Ruairc ria c-Concobhar, mac Taidhg, in ro marbhadh Ualgharcc, co sochaidhibh oile araon ris im Duibhghiolla .i. mac Laidhgnein.
Slóicchedh lá rígh n-Uladh, lá h-Artghal mac Madudhain go Gallaibh, go ro oircc Condere forra, & co farccbhadh ár cend lais.
Orgain Lughmaidh, & Droma Inescclainn lá Muirchertach, mac Domhnaill, .i. mac righ Ereann, lá righ n-Ailigh, for Gallaibh, in ro marbhadh ile.
Orccain Mainistreach Buithe, & Lainne Lére lá Domhnall lá rígh Ereann for Ghallaibh, & ro loiscceadh caocca ar trí céd in aon-tigh lais dibh.
Praindteach Lainne Léire do losccadh lá Domhnall, mac Murchadha, & ceithri céd do dhul do ghuin & do losccadh ann eittir fhiora & mná. Lughmhadh & Druim Inesgluinn do argain lá Glún Illar .i. lá Murchadh ua Flaithbheartaigh.
Aois Criost, naoi c-céd sescca a naoi.
An cúicceadh bliadhain décc do Dhomhnall.
Tuathal, comharba Chiaráin, epscop & abb Cluana Mic Nóis, d'écc.
Maenach, epscop Cluana Mic Nóis.
Finnguine ua Fiachrach, abb Tighe Mocua.
& Maol Samhna, comharba Caindigh, d'écc.
Ceallach ua Nuadhait do mharbhadh do Ghallaibh i n-doras a phroinntighe.
Domhnall ua Néill, an rí, do ionnarbadh a Midhe tar Sliabh Fuaid fotuaidh lá Cloinn Colmáin, conadh dó ro ráidheadh,
- Ní má-cualamar an guth,
flaith Temhra do cumscughadh,
tearca n-etha, iomatt feoir,
fo-tirfe aiccnedh n-aiccbheoil.
Sloighedh lá Domhnall ua Néill iaramh co n-occaib an Tuaisceirt .i. co c-Conall, & Eoghan, go Fiora Mídhe & co Gallaibh, go ro oircc a n-uile dhúine, & longporta, & co ro h-oircceadh Uibh Failghe, & Fotharta lais, & ro dhíoghail forra don chur-sin a b-frithbheart fris, uair do-roine longport cecha tuaithe i Midhe o tá Sionainn co Bealach n-Dúin.
Goill Luimnigh do ionnarbadh a h-Inis Ubhdáin lá Mathghamhain, mac Cinnéittigh.
Di ghréin cudrama do fhaiccsin i n-aird mhedhon laoi.
Aois Criost, naoi c-céd seachtmodha.
An seiseadh bliadhain décc do Dhomhnall.
Crundmhaol, comharba Caoimhghin, d'écc.
Muiredhach ua Concobhair, epscop & comharba Fionntain Cluana h-Eidhnech.
Cathasach mac Fearccusa comharba Dúin, d'écc.
Foghartach, mac Néill uí Tholaircc, do mharbhadh la Domhnall, mac Conghalaigh tria mheabhail.
Murchadh mac Find, rí Laighen, do mharbhadh lá Domhnallc-Claon, mac Lorcáin iar c-comh-ol & comh-thomhailt dóibh. As do bhliadhain a bháis do ráidheadh,
- Do bliadhnaibh sechtmogat naoi c-céd,
ó ghein Críost, ní bec an béd,
airdrí Laighen, lá na línd
co bás Murchadha, mic Finn.
Geibhennach, mac Diarmata, tighearna Ciarraighe, d'écc.
Slóighedh lá Mathghamhain, mac Ceinneittigh, i c-Ciarraighe, co ro toghlastair dúine imdha im Dhún na Fithrech.
Madadhán, mac Brain, do marbhadh lá mac Brain.
Finn, mac Brain, do mharbhadh lá Ceallach, mac Domhnaill, mic Finn, mic Maoil Mordha, tigherna Ua f-Faeláin.
Cluain Ioraird, Fobhar, Lann Eala, & Disert Tola do losccadh & do argain lá Domhnall, mac Murchadha.
Aois Criost, naoi c-céd sechtmodha a h-aon.
An sechtmhadh bliadhain décc do Dhomhnall.
Dunchadh, dalta Diarmada, saoi & epscop & ollamh Osraighe, d'écc.
Maol Maire, abb Dearmhaighe do bhádhadh i n-Eas Ruaidh.
Becán, .i. mac Lactnáin, comharba Findein, .i. Cluana h-Iraird, epscop.
Ailill, mac Ind Laighnigh, abb Glinne Dá Locha, d'écc.
Cionaedh in Derthaighe, ancoiri Cluana Ferta, d'écc.
Finachta ua Flaithriu, abb Tíre Dá Ghlas.
Conchobhar, mac Taidhg an Tuir, rí Connacht, d'écc.
Cath Ceisi Corainn, eitir Murchadh ua Flaithbheartaigh .i. Glún Illar rí Ailigh, & Cathal, mac Taidhg, rí Connacht, dú i t-torchair Cathal feissin, & Geibhendach, mac Aodha, tigherna Ua Maine, & Tadhcc, mac Muirchertaigh, toiseach Ua n-Diarmada, & Murchadh, mac Floinn, mic Glethneacháin, taoiseach Cloinne Murchadha, & Serridh ua Flaithbhertaigh, go líon dírímhe imaille friú, & Murchadh d'ionnradh Connacht go léir iarttain.
Aois Criost, naoi c-céd seachtmodha a dó.
An t-ochtmhadh bliadhain décc do Dhomhnall.
Maol Bríghde, mac Cathasaigh, epscop & abb Droma Móir Mo Cholmócc.
Diarmaitt, mac Dochartaigh, abb Daimhinsi, d'écc.
Coirpre
Roithechtach, airchinneach Cúile Raithin, anchoiri, & eccnaidh.
Coirpre, mac Echtighern, comharba Cluana Móir M'Aedócc, d'écc.
Murchadh ua Flaithbhertaigh do dhol for creich h-i c-Cenel Conaill, co t-tuc gabháil mhór, cona tarraidh i armóirecht go ro gonadh Murchadh, .i. tigherna Oiligh, co n-erbailt di iaromh oc Dún Cloitighe, iar c-comain & aithrícche.
Donnchadh Find, .i. mac Aedha, tighearna Midhe, do mharbhadh la h-Aghda, mac Duibhcind, mic Tadgain, tigherna Tethbha.
Maidhm oile ria n-Osraighibh for Uibh Ceindsealaig, i t-torchair Domhnall, mac Ceallaigh.
Finsneachta, mac Cionaedha, tigherna Fortuath Laighen, d'écc.
Ar Osraighe i n-Iarthar Liphi h-i torcrattar fiche cet im trí fichit óigtighern im Diarmait, mac n-Donnchadha, tanaisi Osraighe, & im Echthigern ua Luanaigh, tigherna an Fhochla, conadh dó ro ráidheadh,
- Naoi céd, a dó, sechtmoghat
bliadhna, bá buaidh cen aebhthai
o Criost co h-ár n-Osairghi,
in n-Iarthar Liphi laochdha.- Leosait sluaigh Ui Muirithaigh,
ní mer an ti not-rímhi,
im trí fichte óctighern,
fichit cet nó dí mhíli.
Ar Ua c-Ceinnsealaigh dna i n-Osraighibh, i torchair Domhnall, mac Ceallaigh, tighearna Ua Ceinnselaigh, go sochaidhibh oile.
Orgain Inse Cáthaigh do Mhaghnus, mac Arailt co l-Lagmannaibh na n-Innsedh imbi, & Iomar ticchearna Gall Luimnigh do brith esti, & sárughadh Senáin imbi.
Muirchertach, mac Aodha