Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal 943

M943.0

Aois Criost, naoi c-céd cethracha a trí.

M943.1

An chéd-bliadhain do Chonghalach, mac Maoil Mithigh, os Erinn h-i ríghe.

M943.2

Maol Tuile, mac Dúnain, comharba Tighearnaigh & Chairnigh, .i. ó Tuiléin, d'ég. Easpucc éisidhe.

M943.3

Guaire, mac Sealbhaigh, abb Disirt Diarmada, d'écc.

M943.4

Aenghus, mac Donnchadha, mic Floinn, tighearna Midhe, d'écc.

M943.5

Aorchadh, mac Murchadha, tighearna Iarthair Condacht, d'écc.

M943.6

Aireachtach, mac Anbhith, toisech Calraighe, do mharbhadh.

M943.7

Goill Locha h-Eathach do mharbhadh imo rígh i m-brési la Domhnall ua Néill, .i. mac Muirchertaigh, mic Néill Glúnduibh, & lá a dherbhrathair.

M943.8

Blacaire, aon do thoisechaibh Gall, do ionnarbhadh a h-Ath Cliath, & Amhlaibh dar a esi ann.

M943.9

Ua Canannan, .i. Ruaidhri do dhol i m-Breghaibh co f-fargaibh dream dia shlógh ann lá Conghalach.

M943.10

Geill ConnachtConghalach, mac Maoil Mithigh.

M943.11

í cholamhain téintídhe do aicsin sechtmhain ria Samhain, co ro shoillsigh an bhioth uile.

M943.12

Cuileannán, mac Coibhdhenaigh, tigherna Ua m-Bairche, d'ég.

Annal 944

M944.0

Aois Criost, naoi c-céd cethracha a cethair.

M944.1

An dara bliadhain do Chonghalach.

M944.2

Flathghus, abb Fearna Móire.

M944.3

Scannlán, abb Tuama Fionnlocha.

M944.4

Maol Bethadh, abb Daimhinsi.

M944.5

& Guaire sagart Cluana Mic Nois, d'ég.

M944.6

Aimhirgin, mac Cionaedha, tighearna Ua Failghe, d'écc an treas lá do Ianuarii.

M944.7

Dunlaing, mac Aedha, tighearna Ua n-Dróna, do mharbhadh.

M944.8

Domhnall, mac Maol Mhuaidh, tighearna Connacht, do écc.

M944.9

Domhnall, mac h-Uathmharán, mic Dobhailen,


p.656

tighearna Corca Fhir Trí, do écc.

M944.10

Orgain Cluana Mic Nóis, & ceall na Midhe archena do Ghallaibh Atha Cliath.

M944.11

Orgain Cille Cuilinn, do Ghallaibh .i. do Amhlaibh Cuarán.

M944.12

Atalstan orrderc Saxan, d'écc.

Annal 945

M945.0

Aois Criost, naoi c-céd cethracha a cúicc.

M945.1

An treas bhliadhain do Chonghalach.

M945.2

Caonchomhracc, abb Ia.

M945.3

& Cathasach, mac Guasáin, fear leighinn Arda Macha, d'écc.

M945.4

Cath-raoineadh ria n-Donnchadh, mac Ceallaigh, tighearna Osraighe for Laighniu, dú i t-torchair Braon, mac Maoil Mhórdha, Laighen dia n-ebradh,

    1. Naoi c-céd, naoi c-cóicc do bliadhnaibh,
      ní séd nách tiamhda troghda
      o ghein Críost ar maoin saoir slánda
      co bás Braoin, mic Maoil Mhórdha.
Agus torchair bheos Ceallach, mac Cionaedha, tighearna Ua Ceinnsealaigh go sochaidhibh h-i maille friu isin cath-sin.

Conadh dia foraithmhet ro raidheadh,

    1. Braon, bres Laighen lonn-ghalach,
      Congalach laechda laindrech,
      cetracha cétt comhramhach
      orstat i n-Ath Cliath claidhbheach.
    2. O ghein mic Dé deachraighit
      reltait co rel i riaghlaibh,
      a cúicc la taebh cethrachait
      agus naoi c-céd do bhliadhnaibh.

M945.5

Lán an Fhindfadhoich do arggatt ó Chenel Eoghain ar bhendachtaibh Patraicc & a comharba an tan-sin, .i. Ioseph.

M945.6

Cath eitir eonaibh an mhara, & an tíre occ Luimnech.

M945.7

Cath eitir fhiachaibh Mumhan i n-Glenn Damhain oc Darinis, & ro meabhaidh forna fiachaibh siar & do-rochair a n-ár and.

M945.8

Slóigheadh la


p.658

Ruaidhri Ua c-Canannáin co Sláine cona tairthetar Gaill, & Gaoidhil .i. Conghalach, mac Maoil Mithigh, & Amhlaoibh Cuarán, co raeimhidh for Ghallaibh Atha Cliath in ro marbadh & in ro báitheadh sochaidhe.

M945.9

Scolaighe ua h-Aedhaccain, tighearna Dartraighe, & Gairbhith, mac Muiredhaigh, tanaisi Ua c-Cremhthainn, & Aodh ua Ruairc, mac Tighearnáin, a frithguin.

M945.10

Orgain Atha Cliath la Conghalach, mac Maoil Mithidh.

Annal 946

M946.0

Aois Criost, naoi c-céd cetracha a sé.

M946.1

An cethramhadh bliadhain do Chonghalach.

M946.2

Ainmire ua Cathlai, abb Cluana Mic Nóis.

M946.3

& Leacna Midhe, d'ég, do Uibh Mic Uais Mídhe a chenél.

M946.4

Cathasach, mac Domhnaill, abb Glinne h-Uisen, d'ég.

M946.5

Colmán, mac Maoil Pátraic, airchindech Sláine, do mharbhadh la Gallaibh.

M946.6

Corc, mac Coinliogáin, abb Lothra, d'écc.

M946.7

Cormacan, mac Maoil Brighde, an t-áird-fhile, fear cúmtha Néill Glúnduibh, d'ég.

M946.8

Cath Atha Cliath ria c-Congalach, mac Maoil Mithigh, for Blacaire ua n-Iomhair, tighearna na Nortmann, in ro marbhadh Blacaire feisin, & sé chéd décc etir ghuin & broitt, & tuilledh ar mhíle amaille fris. As dó ro ráidhedh,

    1. Dardain Choghalaich na t-triath,
      i n-Ath Cliath ba cuinscle laoch,
      h-i c-céin marus clann fri claind,
      do-berat Gaill fri cech saeth.


p.660

M946.9

Gormfhlaith, inghen Flaind, mic Maoilechlainn, rioghan Néill Glunduibh, d'écc iar n-aithricche díochra ina tairmtechtaibh & doáilcibh.

M946.10

Slóigheadh lásna Gallaibh dar Druim Ráithe, co ro loiscset an derthech & deichnebhar ar sheacht fichtibh and.

M946.11

Cathusach, mac Ailchi, epscop Cenel Eoccháin, d'écc.

Annal 947

M947.0

Aois Criost, naoi c-céd cethracha a seacht.

M947.1

An cúicceadh bliadhain do Chonghalach.

M947.2

Oenacán, mac Eccertaigh, aircindech Eccailsi Bicce h-i c-Cluain Mic Nóis, epscop, & ógh iodhan, bráthair-sidhe Dúnadhaigh, mic Eccartaigh, do Mughdornaibh Maighen a chenél, & a écc.

M947.3

Aedhán, mac Anailedh, airchindeach Tuama Dá Ualann, d'écc.

M947.4

Flaithbhertach, mac Muirchertaigh, mic Neill Ghlúnduibh, do mharbhadh lá Cenél Conaill.

M947.5

Laidhgnén, mac Conghalaigh, tighearna Gaileng, do mharbhadh lá Feraibh Cúl.

M947.6

Domhnall, mac Find righdhamhna Laighen, d'écc.

M947.7

Fógartach, mac Donnagáin, tighearna Oirghiall d'écc, iar m-buaidh n-aithrighe.

M947.8

Madudhan, mac Aodha mic Eochaccáin, Uladh, do mharbhadh la h-Ultoibh budhen.

M947.9

Slóigheadh lá Congalach, mac Maoil Mithigh, co ro h-indir h-Ui Meith, & Fernmhagh.

Annal 948

M948.0

Aois Criost, naoi c-céd cethracha a h-ocht.

M948.1

An seiseadh bliadhain do Chonghalach.

M948.2

Finnachta, mac Echtighern, epscop, scribhnidh, & abb Lughmhaidh, & maer muintire Pátraicc ó Shleibh fodhes d'écc.

M948.3

Colmán, epscop & abb Fedha Dúin, d'écc.

M948.4

Maol Findén, sui epscop Daire Chalgaigh d'écc.

M948.5

Corbmac ua h-Ailella, airchindeach Cille Cuilind.

M948.6

Scuithine, abb Dermaighe, d'écc.

M948.7

Donnghal ua Maoil Mídhe,


p.662

fer leighinn Cluana Mic Nóis.

M948.8

Flann ua Anáile, airchinneach Glinne Da Locha, cend ordain an coiccidh, d'ég.

M948.9

Eochacán ua Cleirigh, riaghlóir eisen, d'écc.

M948.10

Dariet eccnaidh d'écc.

M948.11

Reachtabhra, mac Maonaigh, primh-saccart Cluana Mic Nois, airchinnech Imbleachha Fia .i. Imleacha m-Beccáin.

M948.12

Oenghus, mac Brain, saccart, & sruith-senoir Cluana Mic Nóis, d'écc.

M948.13

Cloicthech Sláine do losccadh do Ghallaibh cona lán do mhionnaibh, & degh-dhaoinibh im Chaoinechair fear léighinn Sláine, & bachall an erlamha, & clocc bá deach do chloccaibh.

M948.14

Cath-raoineadh ria Ruaidhri Ua Canannáin, i Midhe for Conghalach, mac Maoil Mithigh, dú i t-torchair Conghalach, mac Ceallaigh, tighearna Fear Rois, co n-druing oile amaille fris.

M948.15

Slóighedh oile la Ruaidhri Ua Canannáin i m-Breghaibh, & indreadh Breagh uile dhó, & do-bhert ile dhi chumhaing for Chonghalach. Ro ghabh longport frí ré sé mís acc forbhais for Mhidhe, & Breaghaibh h-i Muine Brocain, & do-riacht dligheadha righ Ereann as gach aird chuicce. Cath-raoineadh iaramh eitir Ghallaibh, & Gaoidhealaibh, .i. eitir Ruaidhri Ua Canandain agus Gulla Atha Cliath a b-féil Andreas apstol do shonnradh. Ro meabhaidh for Ghallaibh, & ro cuireadh a n-ár, uair torcrattar sé mhíle do thrén-fearaibh ann genmothat gille, & glaslaith. Torchair Ruaidhri din rioghdhamhna Ereann i frithghuin an chatha h-isin, & torcair Iomhar tanaisi Gall ann bheos. Térna, imorro, Gofraidh .i. mac Sitriucca, co n-uathadh daoine h-imaille friss.

M948.16

Donnchadh, mac Domhnaill ui Maoilechlainn, ríghdhamhna Midhe, do mharbhadh la a deirbhfhine búdhéin .i. la Fearghal mac Aengusa.

M948.17

Slóighedh la Conghalach, mac Maoil Mithigh isin Mumhain, & ro aircc Iarmhumha, & ro mharbh dá mhac Ceinnéittigh, mic Lorcáin .i. Echtighern & Donn Chuan.

M948.18

Indradh Maighe FinnConghalach.

M948.19

Ruarc, mac Anfith ui Laoghachán, tighearna Fear Cúl Teathbha, d'écc.

M948.20

Madudhan mac Aodha, Uladh, do mharbhadh la h-Ultoibh féisin.


p.664

Annal 949

M949.0

Aois Criost, naoi c-céd cethracha a naoi.

M949.1

An seachtmhadh bliadhain do Chonghalach.

M949.2

Ailill, mac Cuirc, abb Corcaighe.d'écc.

M949.3

Guaire ua Forandáin, airchinnech Arda Sratha, d'écc.

M949.4

Aodh, mac Maol Ruanaidh, ríoghdhamhna Temhra, do mharbhadh lá Domhnall mac Donnchadha.

M949.5

Mac Eitigh, mac Cuilendáin, tighearna Conaille Muirthemne, do marbhadh la Mughdornuibh Maighen.

M949.6

Béc, mac Duinn Cuan, tighearna Teathbha, d'écc.

M949.7

Niall Mothlach Ua Canannáin, do mharbhadh do Coirpraibh Móraibh.

M949.8

Conghalach, mac Maoil Mithigh, co mór-chobhlach Leithe Chuinn lais for Loch Derccdherc. Ro oirgset dno uile innsedha an locha & ro gabhsat geill & neart Mumhan iar na frith-bheirt friú.

M949.9

Gofraidh, mac Sitriocca co n-Gallaibh Atha Cliath do orgain Chenandsa, Domhnaigh Patraic, Aird Brecáin, Tuláin, Disirt Ciaráin, Cille Scíre, & alaile cealla archena, acht as a Cenandas ro croite uile. Rugsat tuilledh ar trí mhíle a m-broid leó lá taobh óir, & argaitt, edigh, & iolmhaoine, & gacha maithesa archena.

M949.10

Indredh Shíll n-Anmcadha, & orgain Cluana Ferta BrénainnCeallachán & lá Fiora Mumhan. Indreadh Dealbhna Bethra don lucht chédna, & daimh liag Gailinde do lósgadh leo.

M949.11

Soere Cluana Ioraird ó Chonghalach, mac Maoile Mithigh gan choinnimh righflatha fuirre.

M949.12

Maidhm for Fiora Musccraighe Tíre la h-Ua Lomáin Gaela.

M949.13

Maidhm for h-Uibh Failghe occ Biorraeibh, in ro


p.666

marbhadh sochaidhe im Cionaeth Cruach.

M949.14

Dubh Da Bharc, mac Maoil Mordha, tighearna Uaithne Tíre, do écc.

M949.15

Clamhtrusccadh mór, & rith fola for Gallaibh Atha Cliath.

Annal 950

M950.0

Aois Criost, naoi c-céd caoga.

M950.1

An t-ochtmhadh bliadhain do Chonghalach.

M950.2

Adhland, mac Egnigh, mic Dálaigh, comharba Daire Colaim Chille eisidhe, Guaire Aidhne chlérech n-Ereann, d'écc.

M950.3

Blathmac Sgeillice d'écc.

M950.4

Flann ua Becain, airchinneach Droma Cliabh, scribhnidhe Ereann, d'écc.

M950.5

Feardomhnach ua Maonaigh, abb Cluana Mic Nóis & Glinne Dá Locha, do Chorca Moccha a chenél.

M950.6

Céle Clamh ancoire Ard Macha.

M950.7

& Flann, mac Maoil Fiachrach, airchinnech Muighe Etir Dí Ghlais, d'écc.

M950.8

Flann ua Cléirigh, tighearna Deisceirt Connacht, & righdhamhna Connacht uile, do mharbhadh do fheraibh Mumhan.

M950.9

Domhnall Donn, mac Donnchadha ríoghdhamhna Temhra, & Oebhinn, inghen Donnchadha, d'écc.

M950.10

Canannán, mac Ceallaigh, tanaisi Ua c-Ceinnselaigh, d'écc iarna ghuin.

M950.11

Maidhm for Chenél c-Conaill ria f-Ferghal, mac Airt, dú i t-torchair Fiachra Ua Canannáin.

M950.12

Conchubhar, mac Domhnaill ui Maoilechlainn, ríoghdhamhna Ereand, do mharbhadh la a chenel feissin.

M950.13

Maidhm for Laighis, & for Ua f-Fairchelláin ria t-Tuathal mac Ugaire in ro marbadh


p.668

sochaidhe, & in ro gabhadh Cuilén, mac Gusain.

M950.14

Cath-shraoineadh ria n-Gallaibh for Fheraibh Alban for Bretnaibh, & for Saxanachaibh, du i t-torchrator ile.

Annal 951

M951.0

Aois Criost, naoi c-céd caoga a h-aon.

M951.1

An nomhadh bliadhain do Chonghalach.

M951.2

Ciaran ua Gabhla, espucc Cluana Ferta Brénainn.

M951.3

Duibh Innsi saoi & espucc muintire Bennchair.

M951.4

Diarmait, mac Caichir espucc Insi Celtra.

M951.5

Maol Cothaigh, mac Lachtnáin, comharba Comhghaill & Mo Cholmócc, d'écc.

M951.6

Cenn Faoladh, mac Suibhne, abb Saighre, d'écc ina ailithre i n-Glionn Dá Locha.

M951.7

Diarmaitt, mac Torpthaigh, abb Lesa Móir.

M951.8

Feidhlimidh, dalta Maol M' Aodhócc, abb Glinne h-Uissen, saoi Laighen.

M951.9

Maol Maire, airchinnech Tighe Fethgna.

M951.10

Maol Martan, mac Maenaigh, saccart Dúin Lethghlaisi.

M951.11

Maol Patraicc, mac Cosccáin, fer leighinn Arda Macha.

M951.12

& Gormghal, fer léighinn Tighe Mochua, & Innsi Robhartaigh, d'écc.

M951.13

Corbmac, mac Maoil Sluaigh, saoi Mumhan.

M951.14

Anghal fer léighinn Cluana Ioraird.

M951.15

& Colgga, angcoire Arda Macha, d'écc.

M951.16

Eithne, inghen Ferghaile, banrioghan Ereann, ben Congalaigh, mic Maoil Mithigh, d'ég.

M951.17

Echtighern, mac Cionaith, tigherna Ua Ceinnselaigh, do mharbhadh la macaibh Ceallaigh.

M951.18

Cluain Mic Nóis do orccain do Fheraibh Mumhan co n-Gallaibh Luimnigh amaille friú.

M951.19

Ruadacán, mac Eitigén, tighearna Airthir Gaileng.

M951.20

Faolán, mac Taidhcc tánaisi Ua c-Ceinnselaigh.

M951.21

& Duibhgionn, mac Cuilennáin, tighearna Ua n-Duach, d'écc i n-aen-ló.

M951.22

Orgain Insi Doimhle, & Insi Uladh la h-Amhlaibh Cuarán, & la Tuathal mac Ugaire.

M951.23

Orgain Tíghe Mo Lincc iar muir ó Laraic.

Annal 952

M952.0

Aois Criost, naoi c-céd caoga a dó.

M952.1

An deachmhadh bliadhain do Chongalach.

M952.2

Robhartach, comharba Coluim Chille & Adhamnáin.

M952.3

Rechtabhra, epscop & abb Cille h-Achaidh.

M952.4

Caoncomhrac, abb Cille h-Easpuicc Sanctáin & Sruthra.


p.670

M952.5

Flannaccán, mac Allchon, comharba Mic Nissi, & Colmáin Eala.

M952.6

Celechair, mac Robhartaigh, comharba Finnéin.

M952.7

& Ciaráin, do Uibh Mic Uais Mídhe a chenél.

M952.8

Cellachán, Chaisil, d'écc.

M952.9

Aodh, mac Gairbhith, tighearna Corca Móire, & tighearna Dartraighe do marbadh.

M952.10

Niall ua Tolaircc, tighearna Cuircne, & as uadh ainmnighther Cárn Uí Tholaircc for bhru Locha Ribh d'écc.

M952.11

Saighir Chiaráin do orccain d'Fheraibh Mumhan.

M952.12

Bran, mac Domhnaill, tighearna Chenel Laeghaire Bregh, do mharbhadh.

M952.13

Conn, mac Eradain, mic Gairbhith, tighearna Maighe Dumha, do mharbhadh.

M952.14

Ar mór do Choirpribh & Tethbhaibh ria n-ua Ruairc, co t-torchair ann ua Ciardha, tighearna Coirpre.

M952.15

Ualgharcc, mac Cianáin, tighearna Dal Meisin Cuirb, do mharbhadh lá Cathal, mac Lorcáin, & torchair Cathal fo cédóir fris-siumh.

M952.16

Dunlang ua Dubháin do marbhadh.

M952.17

Slóiccheadh Cenél EocchainDomhnall ua Néill go ro indirset Bregha a h-aontaidh Gall.