Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal 933

M933.0

Aois Criost, naoi c-céd triocha a trí.

M933.1

An seiseadh bliadhain décc do Dhonnchadh.

M933.2

Corbmac, mac Maenaigh, ab Achaidh Bó.

M933.3

Macc Lenna, abb Imbleach Iobhair & Léth Móir Mo Choemhócc, do mharbhadh.

M933.4

Maol Bríghde, abb Mainistreach Buithe.

M933.5

& Muiredhach, mac Maoil Brighde, abb Doimh Liacc, d'écc.

M933.6

Anlaith, banabb Cluana Brónaigh & Cluana Boirenn, in ro bendach Caireach Dearccain, d'écc.

M933.7

Conchubhar, mac Domhnaill, rioghdhamhna Ailigh d'écc, & a adhnacal co n-onóir mhóir i n-Ard Macha.

M933.8

Cionaedh, mac Coirpre, tigherna Ua c-Ceindsealaigh, do mharbhadh lá Gallaibh Locha Garman, h-i fuabairt aidhche.

M933.9

Maol Muire, mac Cenndubháin, tanaisi Laoighisi, d'écc.

M933.10

Oilein Locha Gabhar, & Uaimh Cnodhbha do chrothadh & do chreachadh lá Gallaibh.

Annal 934

M934.0

Aois Criost, naoi c-céd triocha a cethair.

M934.1

An seachtmhadh bliadhain décc do Dhonnchadh.

M934.2

Concobhar, mac Domhnaill, do mharbhadh la mac Find mic Maoil Mhórdha.

M934.3

Bec, mac Gairbhith, tighearna Dearlaiss, d'écc.

M934.4

Anrudhan, mac Maoil Guirm, tighearna Corco Mo Dhruadh, d'ég.

M934.5

Cluain Mic Nóis d'orgain lá Gallaibh Atha Cliath, & a h-orgain-si doridhisi la Ceallachán Caisil co f-fearaibh Mumhan.

M934.6

Amhlaibh Cendchairech cona Gallaibh do thocht ó Loch Eirne dar Breifne, & co Loch Ribh oidhche Nottlacc Mór rangadar Sionand, & ro bháttar


p.632

uii mís annsin, & ro h-ionnradh, & ro h-oirgeadh Magh Ai leo.

M934.7

Losccadh Atha Cliath la Donnchadh mac Flaind, la righ Ereann.

M934.8

Artuir ua Tuathail d'ég.

Annal 935

M935.0

Aois Criost, naoi c-céd triocha a cúig.

M935.1

An t-ochtmhadh bliadhain décc do Dhonnchadh.

M935.2

Aireachtach, abb Disirt Diarmada.

M935.3

Fédhach abb Sláine.

M935.4

Muireadhach, abb Bendchuir, d'écc.

M935.5

Diarmait, mac Ailella, abb Cille Cuilinn, d'écc iar sendataigh.

M935.6

Aonghas, mac Muirchertaigh, saoi, angcoire, & tanaisi abbaidh Iae, d'écc.

M935.7

Aireachtach, sagart Cille h-Achaidh, d'écc.

M935.8

Eochaidh, mac Conuill, Uladh, d'ég.

M935.9

Cléirchén mac Tighearnáin, mac tigherna Breifne, d'écc.

M935.10

Conghalach, mac Cathaláin, tighearna Breifne, Conaing, mac Néill Glúnduibh, ríghdhamhna Ereann, d'écc.

M935.11

Cróinghiolla, mac Cuilennáin, tighearna Conaille Muirtheimhne, d'écc.

M935.12

Mac Etigh mic Ainsemáin, tighearna Mughdhorna Maighen.

M935.13

Lorcán, mac Conghalaigh, tighearna Ua Mic Uais Bregh, d'écc

M935.14

Gairbhith, mac Mail Eitigh, tighearna Fer Rois, do mharbhadh.

M935.15

Bruadar, mac Duibhghiolla, tighearna Ua c-Ceinnsealaigh, do mharbhadh la Tuathal mac Ughaire.

M935.16

Amhlaoibh, mac Gofradha, tighearna Gall, do thiachthain im Lughnasadh ó Ath Cliath, co rucc Amhlaoibh Cendcairech do Loch Ribh leis, & na Gaill báttar lais, .i. la Cairech, iar m-briseadh a long.

M935.17

Gaill Atha Cliath do fhágbháil an dúnaidh, & a n-dol co Saxoibh.

M935.18

Orgain Cille Clethe do mac Barith, & losccadh


p.634

in doimh liacc, & bratt ro-mhór do bhreith eiste.

M935.19

Raoineadh ria Laighnibh for occaibh an Tuaisceirt .i. for muintir mic Néill, dú i t-torchrattar ile im Diarmait mac Maoil Muire, mic Flannaccáin, & im Ceallach, mac Cumusccaigh do Feraibh Bregh co socaidhibh ele.

Annal 936

M936.0

Aois Criost, naoi c-céd, triocha a sé.

M936.1

An nomhadh bliadhain décc do Dhonnchadh.

M936.2

Maol Patraicc .i. mac Broin, epscop Lughmhaidh.

M936.3

Dubhthach, comharba Colaim Chille & Adomhnáin i n-Erinn, & i n-Albain.

M936.4

Caoncomhrac Mucsnamha, ancoire, d'ég.

M936.5

Ciarán, mac Ciarmacáin, abb Lis Móir, d'ég.

M936.6

Conaingen, abb Tíghe Fethgna, & primh-sagart Arda Macha.

M936.7

& Finguine, mac Fubhthaidh, mic Donnagáin, mic Fogartaigh, mic Duinechdha mic Beraigh, mic Mescell, secnap Tighe Mo Chua, & tighearna Maighe h-Abhna.

M936.8

Maol Cairnigh, mac Conaill, abb Tuláin, d'écc.

M936.9

Robhartach, Tighe Theille, d'écc.

M936.10

Ferghal, mac Domhnaill, tighearna An Tuaisceirt.

M936.11

& Murchadh, mac Sochlacháin, tighearna Ua Máine, d'écc.

M936.12

Conchobhar, mac Maeil Chein, tighearna Ua Failghe, & a dhá mhac do mharbhadh lá Lorcán, mac Faoláin, tighearna Laighen.

M936.13

Donnchadh ua Maoileachlainn do ionnradh Airthir Life.

M936.14

Amhlaibh, mac Gofradha, do theacht co h-Ath Cliath doridhisi, & Ceall Cuilinn do orgain lais, & deich c-céd do bhroid do bhreith eisti.

M936.15

Imnisi catha eitir Donnchadh, rí Ereann, & Muirchertach, mac Néill Glúnduibh, tighearna Oiligh, co ro shíodhaigh Dia. Donnchadh & Muirchertach cona slógh dibhlínibh do dhol go líonmhar lér-thionóilte do fhorbaissi for Ghallaibh Atha Cliath, co ro crechsatt & co ro crechsatt & co ro iondradhset ina m-boí fo mhámus Gall ó Ath Cliath co h-Ath Trusten. Conadh dó sin ro ráidh Conghalach, mac Maoil Mithigh,


p.636

    1. Muirchertach dar fine Fáil,
      ní raghbha grem ná gabháil,
      cia beith oc losccadh ar n-gráin,
      as iar n-degh-ithe ar n-aráin.
Friscart Muircheartach,
    1. Cumba Conghalach Breagh m-buidhe
      occus duine mut no got
      as a chind ní tucthar gluitiudh
      acht ma beith co bruitiud brot.

M936.16

chomhorba Pattraicc .i. Ioseph, sccribhnidh, epscop, & ancoiri, an tí ro-beaccnaidhe do Gaoidhelaibh.

M936.17

& Maol Patraicc, mac Mael Tuile, epscop, & eccnaidh. Cúicc mhiosa dó i n-abdhaine & a écc.

Annal 937

M937.0

Aois Criost, naoi c-céd triocha a seacht.

M937.1

An fichetmhadh bliadhain do Dhonnchadh.

M937.2

Maol Domhnaigh, abb Tamhlachta.

M937.3

Ceallach, mac Caellaidhe, prióir Saighre, d'ég.

M937.4

Finnachta, mac Ceallaigh, comharba Doire, epscop & saoi Berla Féne.

M937.5

Laighgnen, comharba Fearna, & Tamhlachta, d'écc.

M937.6

Aileach d'orgain la Gallaibh for Mhuirchertach, mac Néill, & a erghabháil leo co ruccsat dochum a long co ro fuaslaic Dia uadhaibh.

M937.7

Maidhm ria Congalach, mac Maol Mithich, for Gailengaibh Moraibh, & Beccaibh occ Ath Dá Láarcc, dú i t-torcradar ceithri fichit lais díobh.

M937.8

Domhnall, mac Lorcáin, tighearna Aidhne, d'écc h-i c-Cluain Mic Nóis.

M937.9

Críochán, mac Maele Muire, tighearna Ua Fiachrach,


p.638

d'écc.

M937.10

Flann, mac Ceallaigh, tanaisi Osraighe, d'écc.

M937.11

Cian, mac Aenghusa, do mharbhadh la h-Uib Failge.

M937.12

Murchadh, mac Find, do ghuin la Tuathal.

M937.13

Canoin Pháttraicc do chumhdach lá Donnchadh, mac Floinn, rí Ereann.

M937.14

Ceallachán, Caisil, co f-feraibh Mumhan, & macc Acuind co n-Gallaibh Puirt Lairgi i Midhe, co t-tucsat crech móir, & broid. Orgain dna, Cluain h-Eidhnech, & Cille h-Achaidh dóibh co ro gabhsat a dá n-abbadh i. Muireadhach ua Conchobhair & Coibhdenach mac Bergdha, co f-farccabsat Oillill mic Aengusa, tighearna Ua f-Fothaidh, & sochaidhe ele lá h-Aimmergin tighearna Ua f-Failghe.

M937.15

Fir Mumhan um Ceallachan, Mumhan, co n-Gallaibh amaille friss, do orgain Midhe, & Cluana h-Eidhneach, & Cille h-Achaidh go ro airgset an tir co Cluain Ioraird.

M937.16

Goill do dergu Atha Cliath .i. Amhlaoibh, mac Gotfrith, tre furtacht Dé & Mic Tail.

Annal 938

M938.0

Aois Criost, naoi c-céd triocha a h-ocht.

M938.1

A h-aon fichet do Donnchadh.

M938.2

Muirchertach Camsa, abb Bendchuir.

M938.3

Duibh Indrecht, mac Ronáin, abb Cluana Dolcáin.

M938.4

Ainbhith, mac Domhnaill, abb Glinne h-Uisen, d'écc.

M938.5

Coibhdenach, abb Cille h-Achaidh, do bhádhadh h-i muir Delginnsi Cualann ag elúdh ó Ghallaibh.

M938.6

Flann ua Cathail, do dhol martra h-i c-Cluain AndobhairGallaibh.

M938.7

Suibhne, mac Con Bretan, abb Sláine, do mharbhadh lá Gallaibh.

M938.8

Maol Bendachta, ancoire, do écc.

M938.9

Maol Martain ua Scealláin fear legind Leithghlinne, do écc.

M938.10

Slóigheadh lasan righ, Donnchadh, & la Muirchertach, mac Néill, go Laighnibh, & co Fiora Mumhan, co ro gabhsat a n-gialla.

M938.11

Niall, mac Fearghaile, rioghdhamhna Oiligh do ghuin & bhádhadh la Muirchertach.

M938.12

Flann, inghen Donnchadha, bain-tighearna


p.640

Oiligh, d'écc.

M938.13

Aralt ua h-Iomhair, .i. mac Sitrioca, tighearna Gall Luimnigh, do mharbhadh i c-ConnachtaibhCaenraighibh Aidhne.

M938.14

Ar mor ria c-Ceallachán, Chaisil, for Osraighibh.

M938.15

Amhlaoibh Cuarán do thecht co Cair Abroc, & Blacaire mac Gofradha do thecht i n-Ath Cliath.

M938.16

Creacha Laighen i l-Leith Chuinn .i. Braen i Midhe, Lorcán i m-Breghaibh, & Muirchertach h-i c-Cualaind, co t-tuccsat crecha móra eistibh.

M938.17

Coirpre ua Cionaeth, tighearna Ua n-Aithechda, d'écc.

M938.18

Cath-raoinedh ria righ Saxan for Constantin mac Aedha for Anlaf no Amhlaoibh, mac Sitric, & for Breathnaibh.

Annal 939

M939.0

Aois Criost, naoi c-céd triocha a naoi.

M939.1

An dara bliadhain fichet do Dhonnchadh.

M939.2

Eocha, mac Scannail, abb Imleacha Iobhair.

M939.3

& Oenacán, sagart Dúin Leithghlaisi, d'écc.

M939.4

Maol Brighde, mac Nectrai, ordán Cualann, d'écc iar c-cianaois.

M939.5

Muirchertach, mac Néill co feraibh an Fochla & Bregh do dol h-i t-tír n-Osraighe, & na n-Deisi go ro h-airgedh & co ro h-ionnradh lais an chríoch uile go léir go Les Ruadhrach gomdar riarach dó iaramh.

M939.6

Murchobhlach la Muirchertach, mac Néill, co t-tuc orgain & édala iomdha a h-Insibh Gall iar m-breith buadha & cosgair.

M939.7

Ar na n-Déisi do chur lá Ceallachán & la Fiora Mumhan, fo dháigh a n-aitide do Muirchertach, mac Néill, go t-torcrattar dá mhíle díobh lais im Célechair, mac Corbmaic, & im Maelgorm, mac Giphlecháin, im Seghdha, mac Noebelain, & im Clérech, mac Sestai, &c.

M939.8

Cath-raoineadh ele


p.642

lasna Deisibh & la h-Osraighibh for righ Caisil, du i t-torcrattar ili.

M939.9

Muirchertach iaramh do thionól Conaill & Eoghain, & an Tuaisceirt archena co h-Oileach, co ndo-roeghda dech céd lais do gléire gaisgedhach ind Fhochla, & ro tairmchill Erinn láimh clí frí fairrge co riacht Atha Cliath, & do-bhert Sitriuc, tighearna Atha Cliath h-i n-giallnus lais. Do-choidh iaramh co Laighnibh, & ro thriallsat Laighin frithbhert fris, conadh fair deisidh occa fó dheóidh a riarúcchadh, & do-rat Lorcán Laighen lais. Rainic din go Fioru Mumhan, & robtar erlamha iad-sidhe for a chionn do chath fris. Conadh eadh ro chinnset fo dheóidh Ceallachán do thabhairt dia c-cinn, & do-bretha geimhel fair la Muircheartach. Do-dheochaidh iaramh co Connachtaibh, & táinic Conchubhar mac Taidhg ina dháil, & ní tarat gemheal na glas fair. Do-ruacht iarsin co h-Oilech gusan ríoghraidh h-i sin h-i n-giallnus lais, & bátar annsidhe co cent naoi míos oc fledhucchadh, & ro chuir na géill i n-eacmhaing na ree-sin go Donnchadh, rí Ereann, uair as é boí a Temhraigh, & as dó ráinic an ríghe. Conadh do thabhairt Chellacháin lais adrubhradh an rann,

    1. Do-chóidh Muirchertach fo dhes,
      co Caisel caemh cailcech cass,
      co tucc Cellachán na c-cliar,
      ní ro ghabh giall oile ass.


p.644

M939.10

Ar Gall do chor la h-Uibh Fáilghe .i. la h-Aimhergin, mac Cionaedha, & lá Cenel Fhiachach, co ro mharbhsat dá céd décc h-i Muigh Cisi dibh.

M939.11

Aigh .i. sioc anaicenta, comtor sorisi aibhne & locha co ro oirccsettar na Gaill Inis Mochta ar lic egha.

M939.12

Maol Ruanaidh, mac Floinn, tanaisi Oiligh, do mharbhadh do Chenel Conaill.

M939.13

Cath-raoineadh for Ghallaibh Atha Cliath ria n-Uibh f-Failghe .i. ria n-Aimhirgin mac Cionaetha, tighearna Ua f-Failghe, dú i t-torchair míle do Ghallaibh im Aodh n-Albanach, co toisechaibh iomdha cenmo-thá-somh.

Annal 940

M940.0

Aois Criost, naoi c-céd cethracha.

M940.1

An treas bliadhain fichet do Dhonnchadh.

M940.2

Dúnchadh, mac Suthainen, epscop Cluana Mic Nóis.

M940.3

& Cellach, mac poráin, epscop Cluana h-Eidhnech, d'écc.

M940.4

Mael Mochta, scribhnidh & abb Cluana Ioraird, d'ég. Cenn crábhaidh, egna Ereann esidhe.

    1. Maol Mochta don Midhe-maigh,
      mór liach an craobh caoin cumhra,
      at-bath cenn na h-anmcairde,
      caoncomrac moltach Mughna.

M940.5

Faolán, mac Muiredhaigh, Laighen, do écc do easccar i n-Aenach Cholmáin.

    1. Faolán fuamann fuamaighe,
      as grith mór múchta maighén,
      coimdhe Cualann cuanaighe,
      do-rodhbadh laoich ri Laighen.
    2. Luise Ereann Eremhóin,
      dringedh dar dronga d'oenar,
      ba dáigh dér tré gle-dedhoil,
      ba liach flaith fea Faoláin.


p.646

M940.6

Conghalach & Alpin, dá mhac Lorcáin, mic Dunchadha, do mharbhadh lá Conghalach, mac Maoil Mithich.

M940.7

Dunlaith, inghen Mhaoil Mhithich, d'ég.

M940.8

Cluain Mic Nóis & Cell Dara do orccain lá Blacaire, mac Gofradha, & la Gallaibh Atha Cliath.

M940.9

Dún Lethíglaisi do orgain lá mac Raghnaill cona Ghallaibh. Ro díoghail Dia & Pattraicc a t-traitte an gníomh-sin fair, uair tángattar Goill dar muir go ro ghabhsat ina n-insi forra, co n-erla mac Raghnaill, a t-toiseach, go ro ghabh tír. Ro marbhadh é lá Madudhánrigh n-Uladh ria c-cind sechtmaine iarsan orccain a n-eineach Phattraicc.

M940.10

Lia mhór isin m-bliadhain-si co tarlaicedh a Leth n-íochtarach do Chluain Mic Nóis lasan uiscce.

Annal 941

M941.0

Aois Criost, nao c-céd cethracha, a h-aon.

M941.1

An cethramhadh bliadhain fichet do Dhonnchadh.

M941.2

Condla, mac Dúnacáin, epscop & abb Leithghlinne.

M941.3

Caoncomhrac, epscop Doimh Liacch.

M941.4

Fogartach, abb Saighre.

M941.5

& Ferdomhnach, abb Fobhair, d'écc.

M941.6

Aodh, mac Scannláin, tighearna Irluachra, eccnaidh ergna i Laittin, & i n-Gaoidheilg, d'écc.

M941.7

Muirchertach na c-Cochall c-Croicenn, mac Néill Glúnduibh, tighearna Oiligh, Eachtair Iarthair Eorpa ina aimsir, do mharbhadh oc Ath Fhir DiadhBlacaire, mac Gofradha, tighearna, Gall an 26 Febra. As dia eccaoine at-rubhradh,


p.648

    1. Desidh dighal agus díth
      for síol cloinne Cuinn go bráth,
      nat mair Muirchertach ba liach
      díléchta iath Gaoidheal n-gnáth.
Ard Macha do orgain lasna Gallaibh cédna arabharach iar marbhadh Muircheartaigh. Mughroín ro ráidh so,
    1. A h-aon naoi c-céd, cethre deich,
      ó ghenair Crist dind ogh-bhreith,
      as edh do bliadhnaibh non-saigh
      co bás móroll Muirchertaigh.

M941.8

Cath-raoinedh oc Tracht Mugha ria Ruaidhri Ua c-Canannáin for Cenel n-Eoghain & for Gallaibh Locha Feabhail, in ro marbhadh trí chéd do Chenél Eoghain & do Gallaibh im Maol Ruanaidh, mac Flaind ríoghdhamhna An Tuaisceirt.

M941.9

Lorcán, mac Faoláin, Laighen, do mharbhadh lá Nortmannaibh, dia m-boí occ indreadh Atha Cliath, iar c-cath-raoineadh for Ghallaibh ar tós dú i t-torchratar ile dibh lais, dia n-ebradh,

    1. Ma ro bith ua Breasail Bric,
      gríbh tuir tric treasach for torc,
      oniú co bráth m-bairneach m-balc,
      ní ticfa Laighnech fo lorc.
    2. Lorcán Laighen i t-treibh troch,
      maighen céd cloth caradh nath
      dirsan d'faidhiuch ro líon bith,
      as crith, as caíneadh, as cath.
    3. Coimde coiccidh n-Gaoidheal n-gaeth,
      ma ro gaeth for laoch ní lith,
      ba Lúgh lonn fri leim i n-áth,
      as beim do brath ma ro bith.

M941.10

Ceallach, mac Bece, tighearna Dál Araidhe, do orccain i n-Oentribh la a chenél féisin.

M941.11

Flann ua Foccartai tighearna Breccraighe, & tighearna


p.650

Teathbha d' écc.

M941.12

Duibh Lemhna inghen Tighearnáin, tighearna Bréifne, ben Donnchadha mic Floinn, rí Ereann, d'ég.

Annal M942

M942.0

Aois Críost, naoi c-céd cethrachat a dó.

M942.1

Robhartach, mac Maol Cainnigh, abb Cluana Andobhair.

M942.2

Maol Feicheine, abb Cluana h-Ioraird.

M942.3

Dubhthach, mac Maoil Sempul, fer leighinn Cluana h-Ioraird.

M942.4

& Guaire, mac Mailecáin, sacart Cluana Mic Nóis, d'écc.

M942.5

Flaithbheartach, mac Ionmainéin, Caisil.

M942.6

Flann, mac Find.

M942.7

& Muireadhach, mac Maoil Mórdha, dá rioghdhamhna Laighen, d'ég.

M942.8

Find, mac Matáin, tighearna Corca Laighde, do mharbhadh d'Fearoibh Maighe Féne.

M942.9

Conn, mac Donnchadha, rioghdhamhna Ereann, do mharbhadh d' Fearaibh Fearnmaighe.

M942.10

Coirpre, mac Maol Páttraicc, tighearna Ua Liatháin, d'écc.

M942.11

Cath-raoineadh ria c-Ceallachán Caisil for Cheinneittigh, mac Lorcáin, h-i Maigh Dúine, in ro marbhadh sochaidhe.

M942.12

Cosccradh Atha Cliath do Ghaeidhelaibh


p.652

.i. do Chonghalach, mac Maoil Mithigh, ríoghdhamhna Ereann, & do Braen, mac Maoil Mórdha, Laighen, & do Cheallach, mac Faeláin, rioghdhamhna Laighen. As é cosccradh do-ratadh fair .i. a tighe, & a airbeadha, a longa, & a cumhdaighe olchena do losccadh, a mná, a mhic, a daesccar-sluaigh do bhreith i n-daeire, a fhir & a aes calma do mharbhadh, a ógh-dilgeann ó ceithir go duine eidir guin, & bádhadh, & losccadh, & braitt acht uathadh beacc do-dicsed i n-uathadh long do-rochtsatar i n-Delccinis. Conadh dó ro ráidheadh,
    1. Naoi c-céd bliadhain buan n-esnadh,
      ceithre deich a dó at-féghtar,
      o genair Crist, iar riaghail,
      cosin m-bliadhain ro meatlaidh.
    2. Ro cosccradh Ath Cliath cloidhbheach,
      co n-imat sciath sceo teghlach
      ro craidheadh Muintir Thomair,
      i n-iarthar domhain debhradh.
    3. Braen Carmain don cath cosccrach,
      or-al Almhain cona shloghadh,
      as lá righ Laighean lainech,
      ro craidheadh agus ro cosccradh.
    4. Forbharach frisin cosnamh,
      Congalach cond m-Bregh m-bras-glan,
      grian iarthair domhain dathaigh,
      co cathaibh oca cosccradh.

M942.13

Donnchadh, mac Floinn, mic Maoilechlainn, rí Ereann, d'écc iarsan cúicceadh bliadhain fichet a flaithesa. As do foraithmet, agus d'éccaoíne Donnchadha ro ráidheadh an rann,


p.654

    1. O at-báth Donnchadh, delm doroi,
      fo cloi Temhair tomthach lí,
      cen recht réleng righ rosna,
      atá tír n-Ereann iar ní.