Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal 923

M923.0

Aois Criost, naoi c-céd fiche a trí.

M923.1

An seiseadh bliadhain do Dhonnchadh.

M923.2

Failbhe, ancoire, d'écc.

M923.3

Cathal, mac Conchubhair, Teora Connacht, d'écc.

M923.4

Dubhghall, mac Aodhaa, righ Uladh, do mharbhadh la h-Ulltoibh .i. la Cenel Maelche.

M923.5

Lorcan, mac Dunchadha, tighearna Bregh d'écc. As dia n-écc ro ráidhedh,

    1. Naoi m-bliadhna at-fes, arimh dron,
      ó Flann Temhrach, ní cor n-gel,
      Cathal Connacht, na n-art,
      Dubhghall tuagha ri balc Breg.

M923.6

Domhnall, mac Cathail, dhamhna Connacht, do mharbhadh la a bhráthair, Tadhg mac Cathail, & Tadhg do ghabháil ionaidh a athar.

M923.7

Faolan, mac Muiredhaigh, Laighen, cona mac .i. Lorcan, do erghabhail la Gallaibh Atha Cliath.

M923.8

Tomrar, mac Tomralt, do mharbhadh do Conmaicnibh Mara.

M923.9

Flaithchius, mac Scoracháin, tighearna Ua Criomhthannáin, d'écc.

Annal 924

M924.0

Aois Criost, naoi g-céd, fiche, a cethair.

M924.1

An seachtmhadh bliadhain do Dhonnchadh.

M924.2

Colman, mac Aililla, abb Cluana Ioraird, & Cluana Mic Nóis, espucc, & doctor egnaidh, d'ég. As leis do-rónadh daimh liac Cluana Mic Nóis. Do Chonaillibh Muirtemhne a chenel.

    1. An dechmhad bliadhain, dail dir,
      ro fher failte & bron,
      Colman Cluana gair gach tuir;
      Albdann do dhol dar muir.


p.614

M924.3

Maol Seachlainn, mac Maol Ruanaidh, aird-ríghdamhna Teamhrach.

M924.4

& Duineachaidh, mac Laoghaire, flaith Fear c-Ceall, d'ég.

M924.5

Orgain Dúine Sobhairce do Ghallaibh Locha Cuan, & ro marbhadh daoine iomdha leó.

    1. A cethair fichet as glé,
      agus naoi c-céd cen timdhibhe,
      o ro genair mac De bhí
      co h-orccain Duin Sobhairgi.

M924.6

Raoineadh ria Muircheartach, mac Neill & ria n-Ultaibh occ Drochat Cluana na Cruimhther an 28 do December dia Dardaoin do shunnradh, dú in ro marbhadh ocht c-céd imo t-toiseachaibh .i. Albdann, mac Gofraith, Aufer, & Roilt. Ro gabhadh cacht seachtmaine foran leth oile diobh occ Ath Cruithne, go t-táinig Gofraith, tigherna Gall, ó Ath Cliath dia c-cobhair.

M924.7

Orgain Cille Dhara do Ghallaibh Puirt Loairge. A h-orgain doridhisi ó Ath Cliath isin m-bliadhain chedna.

M924.8

Ferghus, mac Duiligein, tigherna Luirg, do mharbhadh la Feraibh Breifne.

M924.9

Mochta, epscop Ua Néill & saccart Arda Macha, & Muiredhach, mac Domhnaill, tánaisi abbadh Arda Macha, d'ég.

Annal 925

M925.0

Aois Criost, naoi c-céd a cúig fichet.

M925.1

An t-ochtmhadh bliadhain do Dhonnchadh.

M925.2

Corbmac, mac Fithbrain, abb Glinne Da Locha.

M925.3

Maol Pettair, abb Cluana Fearta Mo Lua, d'ég.

M925.4

Soichleachán Tighe Munda do ghuin & a écc dhi.


p.616

M925.5

Brian, mac Cinnedigh, do ghenemhain san m-bliadhain-sin .i. xxiu. bliadhna roimh Maoilechlainn mac Domhnaill.

M925.6

Donngal, Rosa Commáin, d'écc.

M925.7

Caindealbhán, mac Maol Cróin, tighearna Ua Laoghaire, & Foghartach, mac Lachtnáin, tighearna Teathbha, d'écc.

M925.8

Gaoch, mac Duibh Roa, tighearna Ciannachta Glinne Geimhin, do mharbhadh la Muircertach, mac Néill.

M925.9

Sitriuc ua h-Iomhair, tighearna Dubhghall & Fionnghall, d'écc.

M925.10

Gofraith cona Ghallaibh do fhagbhail Atha Cliath, & a n-dol ina f-fritheing iar sé míosaibh.

M925.11

Goill Linne Duachaill do dheirghe (.i. fáccbháil) Ereann.

M925.12

Oenach Taillten do thoirmescc la Muircertach mac Néill im Donnchadh ua Maoileachlainn, tria imneisi catha boí etorra, go ros-edarscar Dia gan fhuiliucchadh gan fhoirdergadh for neach diobh.

M925.13

Maol Brighde, mac Tornáin, comhorba Patraicc & Coluim Cille, & Adhamhnáin, cend crábhaidh Ereann uile, & urmhóir Eorpa, d'ég iar sendataidh tocchaidhe 22 Februarii. Conidh d'foraithmet a bháis a dubhradh,

    1. Ala bliadhain décc ní diuir,
      a h-ocht Cailne Iul Flainn fri h-úir,
      a h-ocht Cailne Marta muaidh,
      Maol Brighde buaidh n-Gaoidheal n-gúir.
    2. O genair mac deodha Dé
      for bith cé h-i colla crí,
      cúig bliadhna fichet naoi c-céd,
      co h-écc Maoil Brigde iar ní.
    3. Ní bliadhain cen airisne,
      anabbaidh abb Arda Macha,
      Maol Brighde barr Eoraipe,
      Corbmac Glinne Dá Locha.


p.618

M925.14

Anrothán, mac Maoil Guirm, do ghabháil tighearnusa Corco Mo Dhruadh.

Annal 926

M926.0

Aois Criost, naoi c-céd, fiche a sé.

M926.1

An nómhadh bliadhain do Dhonnchadh.

M926.2

Baoithine, abb Birrae.

M926.3

Fionnachta, abb Corcaighe, cend riaghla ermhoir Ereann.

M926.4

Ciarán, abb Achaidh Bhó Caindigh.

M926.5

Cele Dabhail, mac Scannail, do dhol co Róimh dia ailithre a h-abdhaine Bendchair, & at-bert na rainn-si occ imtecht dó.

    1. Mithigh damh-sa tairir
      do thriall o thoraibh teghlaigh,
      do asccnamh imm ailither,
      tar tuinn mara muaidh menmnaigh.
    2. Mithigh anadh d'inntladhadh
      collna co líon a caire,
      mithigh iaramh imradhadh
      co ro fríth Mac mór Maire.
    3. Mithigh asccnamh sualach,
      saltradh for toil co treamhon,
      mithigh freiteach n-dualcha,
      agus derna fri deamhon.
    4. Mithigh corp do chairiucchadh,
      daigh isa cion ron-brena,
      mithigh foss iar t-taiririudh
      airm i t-telccmís ar n-déra.
    5. Mithigh focuil tigh-láithi,
      terbhadh frí gnúisi gnátha,
      mithigh omhan indnaidhe
      treasa luain láithe brátha.
    6. Mithigh lámh corp crédbhaidhe,
      costadh im chrábhaidh n-glinne,
      mithigh reic na n-earchraidhe
      ar thír na flatha finne.
    7. Mithigh lámh fri turbhaidhe
      domhnain cé cétaibh caingen,
      mithigh grés fri h-irnaighe,
      icc adradh airdrigh aingeal.
    8. Acht inge di aen-bliadhain,
      ní thesta dom trí fichtibh.
      Airisemh fo naomh-riaghail
      in nách maighin ba mithigh.
    9. Ni mharatt mo chomhaeissi,
      bhittís fri crábhaidh crichidh,
      anadh do rioth ró-bhaoissi
      innach maighin bá mithigh.

    10. p.620

    11. Ba liach Corbmac cuiredhach
      gaeta go sleghaibh sithibh,
      Indreachtach muadh, Muiredhach,
      Maonach, Maol molbthach Mithigh.

M926.6

Muirgheal, inghen Floinn, mic Maoil Seachlainn, d'ég h-i c-Cluain Mic Nóis.

M926.7

Donnchadh, mac Domhnaill, rioghdhamhna An Tuaisceirt, do mharbhadh la Nortmandaibh.

M926.8

Lorcán, mac Maoil Céin, tigherna Ua Failghe, d'ég.

M926.9

Fionnachta, mac Taidhg, ríoghdhamhna Ua Ceinnsealaigh, d'ég.

M926.10

Cionaedh mac Oghráin, tighearna Laoighisi, do mharbhadh.

M926.11

Eaghra, mac Poprigh, tighearna Luighne Connacht, & Cet, mac Flaithbheartaigh, tighearna Corca Mo Dhruadh, d'ég.

M926.12

Orgain Cille Dara a Purt Láirge lá mac Gothfraith, co ruccsat broit & edala móra eiste.

M926.13

Maol Ruanaidh, mac Concobhair, do mharbhadh la Donnchadh.

Annal 927

M927.0

Aois Criost, naoi c-céd fiche a seacht.

M927.1

An dechmhadh bliadhain do Donnchadh.

M927.2

Tuathal, mac Oenacáin, epscop Doimh Liacc & Lusca, & maor muinntire Páttraicc.

M927.3

Cele Dabhaill, mac Scandail, comharba Comhghaill Beandchair fo Erinn eapscop scribhnidh, proiceptaidh, & doctor ergna, d'ég ina ailithre isin Roimh an 14 do September, & isin naomhadh bliadhain ar caogatt a aoisi. Ba do bliadhain a bháis ro ráidheadh,

    1. Tri naoi, naoi c-céd do bhliadhnaibh,
      ríomhthar fo riaghlaibh reilibh,
      o ghein Críost, gníomh ga n-déine,
      co bás cáidh Céle cléirigh.

M927.4

Caoncomhrac, mac Maol Uidhir, abb & epscop Daire Calccaicch, & maor Cána Adhamhnáin.

M927.5

Tuathal, mac Maoil Ciaráin, abb Cluana h-Eidhnech d'écc.

M927.6

Ferghil, abb Tíre Da Ghlass, d'écc i Róimh ina oilithre.

M927.7

Dunchadh, mac Braonáin, sagart Cille Dara.

M927.8

Maol Giricc, abb Tighe Sruithe Cluana Mic Nóis.

M927.9

Maol Pátraicc,


p.622

mac Celen, saccart & secnap Bennchair.

M927.10

Maol Muicheirghe, feirthighis Cluana Mic Nóis.

M927.11

Diarmaid, mac Cearbhaill, tighearna Osraighe.

M927.12

Indreachtach, mac Cathail, tigherna Leithi Cathail, d'écc.

M927.13

Gabhail for Loch Oirbsen do Ghallaibh Luimnigh, & insi an locha do orgain dóibh.

M927.14

Coimhleang nóchobhlaigh for Loch Ribh eitir Conmaicne & Tuaith n-Ella, in ro marbhadh Cathal ua Maele, & Flaithbheartach, mac Tuathghaile, & drong oile immaille friú.

M927.15

Slóighedh lá Donnchadh go Liathdruim ind acchaidh Muirchertaich, mic Néill, co ro scarsat gan fuiliucchadh gan foirdearccadh for araile. Dia m-boí Donnchadh acc urthriall an t-slóighidh as and as-rubhradh,

    1. Abradh neach fri Donnchadh donn,
      ris an sonnchadh slaite clann,
      cia beith Liathdruim ar a chinn,
      ata gillae diardain ann.

M927.16

Cainech, inghen Canannáin, ben righ Ereann, d'écc.

M927.17

Domhnall, mac Taidhg, righdhamhna Ua c-Ceinnselaigh, d'ég.

M927.18

Orgain Cille Dara ó Gothfrith lá feile Brighde.

Annal 928

M928.0

Aois Criost, naoi c-céd fiche a h-ocht.

M928.1

An t-aonmhadh bliadhain décc do Dhonnchadh.

M928.2

Nuadha, espucc Glinne Dá Lacha.

M928.3

Flann Fobhair, abb Lughmhaidh.

M928.4

Maol Caoimhghin mac Scannláin, abb Tighe Mo Chua.

M928.5

& Donnghal, abb Rosa Comáin, d'ég.

M928.6

Maol Da Bhonna, mac Dobhailén, toisech Luighne.

M928.7

Muirchertach, mac Eaghra, tighearna Luighne.

M928.8

& Iodhnaidhe ua Mannachan do mharbhadh.

M928.9

Gofraith, ua h-Iomhair, co n-Gallaibh Atha Cliath, do thoghail & do orgain Derce Fearna, airm in ro marbhadh míle do dhaoinibh an bhliadhain-si, amhail as-berar isin rann,


p.624

    1. Naoi c-céd bliadhain gan doghra,
      a h-ocht fichet non-dearbha,
      o do-luidh Criost dár c-cobhair
      co toghail Derce Ferna.

M928.10

Ar na n-Gall bádar for Loch Oirbsen do chur la Connachtaibh.

M928.11

Goill Luimnigh do ghabháil longphort i Muigh Roighne.

M928.12

Goill .i. im Torolbh, do ghabháil for Loch Eathach, & a longphort occ Rubha Mena.

M928.13

Accolbh, iarla, & ár Gall imbe, do marbhadh lá h-Uibh Ceinnsealaigh.

M928.14

Find, mac Mhaoil Mórdha, ríoghdhamhna Ua f-Failghe, & Flann a dhearbhráthair do mharbhadh.

Annal 929

M929.0

Aois Criost, naoi c-céd fiche a naoi.

M929.1

An dara bliadhain décc do Dhonnchadh.

M929.2

Crunnmhaol, epscop Cille Dara.

M929.3

Tiopraitte, mac Aindsene, abb Cluana Mic Nóis, .i. do Uibh Briuin a chenel, d'ég.

M929.4

Maoil Eoin, epscop & ancoiri Atha Truim, d'écc iar n-deigh-bheathaidh.

M929.5

Cend Faoladh, mac Lorcáin, comharba Cluana h-Eoais & Clochair mac n-Daimheini, d'ég.

M929.6

Bran, mac Colmáin, abb Rosa Cré, do mharbhadh la Gallaibh.

M929.7

Mael Brighde, mac Feadacáin, abb Lainne Mic Luachain.

M929.8

& Onchu, sagart Cille Dara, d'écc.

M929.9

Cernachán, mac Tighearnáin, tighearna Breifne, d'écc.

M929.10

Gaill Luimnigh do ghabháil for Loch Ribh.

M929.11

Gofraith do dhol i n-Osraighibh do ionnarbadh Ua n-Iomhair a Moigh Roighne.

M929.12

Donn Cuan, mac Faoláin, rioghdhamhna Laighen, d'ég.

M929.13

Derbhail, inghen Maoil Finnia rioghain Teamhra, d'ég.

Annal 930

M930.0

Aois Criost, naoi c-céd triocha.

M930.1

An treas bhliadhain décc do Dhonnchadh.

M930.2

Suibhne, abb Laine Léire.

M930.3

Duibhlitir, mac Sealbhaigh, abb Tighe Mo Ling, &


p.626

fer leighinn Glinne Da Locha.

M930.4

Feardomhnach, mac Flannagáin, abb Cluana Ioraird.

M930.5

Fuacarta, abb Insi Cain Degha.

M930.6

Maonghal, mac Becáin, abb Droma Cliabh.

M930.7

Maol Giricc, abb Fobhair, d'écc.

M930.8

Airmhedh, abb Cuile Rathain, do mharbhadh la Gallaibh.

M930.9

Aongas mac Anghusa primh-file Ereann, d'écc.

M930.10

Fland, mac Maoil Fhinnia, tighearna Bregh do mharbhadh do Uibh Eathach, .i. la Cummusccach mac Eccertaigh. Conadh dia écc ro raidhedh,

    1. Ba deithbhir do Gaoidhealaibh,
      dá léctís déra fola,
      nat cing Taillte Taoidhen ua Flainn,
      Flann an Bhrogha.

M930.11

Cionaedh, mac Caindealbhain, tighearna Cenel Laoghaire.

M930.12

Bachall Chiarain .i. an Óraineach do bhádhadh h-i Loch Techet, Loch Uí Ghadhra aniú, & da fher décc amaille fria, agus a faghbháil fo chédóir.

M930.13

Loingsech ua Leathlobhair, Uladh, d'ég.

M930.14

Torolbh iarla do mharbhadh la Muirchertach mac Néill & lá Dál n-Araidhe.

M930.15

Flann, mac Muireadhaigh, ríoghdhamhna Laighen, & Lorcan, mac Cathail, ríoghdhamhna Laighen, d'écc.

Annal 931

M931.0

Aois Criost, naoi c-cétt triocha a h-aon.

M931.1

An cethramhadh bliadhain décc do Dhonnchadh.

M931.2

Cosccrach, mac Maoil Muchairghi, epscop Tighe Mo Chua, & na c-Command.

M931.3

Seachnusach saccart Dearmaighe.

M931.4

& Fedhelm, .i. inghen Domhnaill, banabb Cluana Brónaigh, d'ég.

M931.5

Cathal mac Odhráin, tighearna Laoighisi.

M931.6

& Cuilen, mac Ceallaigh, tighearna Osraighe, d'écc.

M931.7

Celecen, .i. mac Gairbith, tighearna na n-Airthear, d'écc.

M931.8

Lorcán, mac Eathach, an dara tigherna boí an tan-sin for Airther Liffe, d'écc.

M931.9

Raoinedh i Moigh Uatha ria f-Ferghal, mac Domhnaill, & ria Siocfhraidh, mac Uathmharáin .i. mac inghine Domhnaill for Muirchertach, mac Néill, dú i t-torchair Maol Garbh, mac Gairbith, tighearna


p.628

Dearluis, & Conmhal, mac Bruadhráin, co n-druing oile h-i maille friú.

M931.10

Raoinedh ria c-Conaing, mac Néill co n-Gallaibh Locha h-Eathach for choigeadh Uladh, dú i t-torcratar da chéd décc.

M931.11

Goill do ghabháil for Lochaibh Eirne, co ro ionnrattar & go ro airccsettar iol-tuatha, & il-chealla go Loch Gamhna.

M931.12

Ard Macha do orgain im féil Martain do mac Gofraidh .i. Amhlaibh, co n-Gallaibh Locha Cuan imme. Matadhan, mac Aedha co Cóigeadh Uladh, & Amhlaibh, mac Gofraith co n-Gallaibh d'ionnradh & d'argain An Choigeadh co Sliabh Betha siar, & co Mucnamha fodheas conus-tarraidh Muirchertach mac Néill. Fearaidh cath friu, & ro meabhaidh forra co f-farccaibhsiot da fhichit décc cenn lais lá taobh braite & gabhála.

M931.13

Bard Boinne primh-fhile Ereann do mharbhadh d'Uibh Corbmaic Ua n-Ethach Cobha.

M931.14

Domhnall, mac Gadhrai, tighearna Luighne do mharbhadh.

M931.15

Maidhm Duibhthíre ria n-Amhlaoibh Cendcairech ó Luimnech, dú i t-torcrattar saor-clanda do Uibh Maine.

Annal 932

M932.0

Aois Criost, naoi c-céd triocha a dó.

M932.1

An cúicceadh bliadhain décc do Dhonnchadh.

M932.2

Goill Luimnigh do ionnradh Connacht co Muigh Luircc fo thuaith, & co Badhbhghna soir.

M932.3

Duibhghiolla, mac Robacáin, tighearna Ua Corbmaic, do


p.630

mharbhadh la Congalach mac Lorcáin trí tangnacht.

M932.4

Uallach, inghen Muimhnecháin, bainécces Ereann, d'écc.

M932.5

Gothfrith, tighearna Gall, d'écc.

M932.6

Ro loiscc tene do nimh slébhte Connacht isin m-bliadhain-si, & ro tiormaighsetor locha & srotha, & ro loisccedh beus daoine iomdha lé.