Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

p.564

Annal M903

M903.0

Aois Criost, naoi c-céd trí.

M903.1

An seachtmhadh bliadhain fichet do Fhland.

M903.2

Maol Martain, abb Lughmhaidh.

M903.3

Diarmaid, abb Daire Calgaigh.

M903.4

Corbmac, abb Droma Móire.

M903.5

& Suibhne, mac Duibh Da Bhoirent, prióir Cille Dara, d'ég.

M903.6

Maol Occhrai, mac Conghalaigh, tighearna Locha Gabhar, do mharbhadh la Fogartach, mac Tolaircc.

M903.7

Cath Bhealaigh Mughna ria f-Flann mac Maoil Sechlainn,


p.566

Ereann, & ria c-Cerbhall, mac Muireigein, Laighen, & ria c-Cathal, mac Conchobhair, Connacht for Corbmac mac Cuilennáin, Caisil. Ro meabhaidh

p.568

an cath for Corbmac & at-rochair féin ann, gér bo liacha thuitim, uair , easpucc, angcoire, scribhnidh, & egnaidh derscaighthe isin m-berla Scoiteccdha esidhe. At iad na saer-clanna torcratar imaille fris. Foghartach, .i. eccnaidhe mac Suibhne, tighearna Ciarraighe Cuirche, Ceallach mac Cearbhaill, tighearna Osraighe, Maol Gorm, tighearna Ciarraighe Luachra, Maol Mórdha, tighearna Raithlinne, Ailell, mac Eoghain, abb Trín Corcaighe, Colman, abb Cind Éittigh, & tighearna Corca Duibhne, & aroile saor-clanna cenmotát-sidhe go sé mílibh h-i maille friú. As dia foraithmet-sin ro ráidheadh indso la Dallán mac Móire,

p.570

    1. Corbmac Feimhin Fogartach,
      Colmán, Ceallach, cruaidh n-ughra,
      at-bathsat co n-il-mhilibh,
      h-i c-cath Bealaigh muadh Mughna.
    2. Flann Teamhra don Taillten-mhaigh,
      Cearbhall don Carmain cin ach,
      h-i sepdecim September,
      cloiset cath cétaibh iolach.
    3. An t-epscop, an t-anmchara,
      an suí ba sochla fordharc,
      Caisil, ri Iarmhumhan
      a Dhé dirsan do Chorbmac.
As do bliadhain báis Corbmaic ro ráidheadh bheós,
    1. O genair Iosa do nimh,
      a trí, naoi c-céd do bliadhnaibh,
      co bás Corbmaic comhal n-glan,
      ba liach a écc Mumhan.
Fiach ua Ugfadhan, ó Denlis, as é ro dhíchenn Corbmac.

M903.8

Slóighedh la Cenel n-Eoghain .i. la Domhnall, mac Aodha, & la Niall, mac Aodha, co ro loiscceadh Tlachtgha leó.

M903.9

Cnáimheini, mac Maenaigh, tighearna Ele, d'ég.

Annal 904

M904.0

Aois Criost, naoi c-céd a cethair.

M904.1

An t-ochtmhadh bliadhain fichet do Fhland.

M904.2

Ruadhan, epscop Luscan.

M904.3

& Cumascach, mac Ailella, fertigis Arda Macha, d'ég.

M904.4

Mughroin, mac Sochlachain, tighearna Ua Máine, d'ég.

M904.5

Amhalgaidh, mac Congalaigh, tanaisi Bregh, & Flann, a bhrathair, do mharbhadh lá Conaillibh Muirtheimhne.

M904.6

Colmán, mac Cionaith, tighearna Ciarraighe Luachra, do écc.

M904.7

Daimh liacc Cluana Mic Nóis do dhénamh lasin rícch Flann Sionna, & lá Colmán Conaillech.

M904.8

Bec ua Lethlobhair, tighearna Dál n-Araidhe, d'ég. As dó ro ráidhedh,


p.572

    1. Ard-scél scailti lang lir,
      foruair mór n-uilc is n-imhnidh,
      nad mair orgais druach dil,
      cloth ruire Tuaighe Inbhir.

M904.9

Cearbhall, mac Muireigéin, Laighen do mharbhadh. As occa eccaíne ro ráidheadh,

    1. Mór liach Life longach,
      gan Cearbhall cubhaigh ceileach,
      fear fial fosaidh forbharach,
      dia b-foghnadh Eriu éimhech.
    2. Liach liom-sa Cnoc Almhaine,
      agus Ailleann cen ócca,
      liach lem Carman, nocha cel,
      agus fér dar a rótta.
    3. Nírbhó cian a shaoghal-somh,
      d'aithle Corbmaic ro cuilleadh,
      lá co leith, ní maoil-riaghail,
      agus aoin-bliadhain cen fuilleadh.
    4. Ermach righe ró-ghlaine
      Laighean línibh laechradh,
      dirsan all n-ard n-Almhaine
      do dhol i set serbh saethrach.
    5. Saeth la setaibh sorchaidhe
      flaith nár Náis noithigh niarsna,
      ro traetha dronga dorchaidhe,
      ba moo liachaibh an liachsa.

Do Cerbhall bheos,

    1. Ba congbhaidh Cerbhall do ghrés,
      ba sobraidh a bhes co bás,
      in ro baí dia cert gan cíos,
      taircheall asa nert fri Nás.
Gormlaith ad-bert
    1. Olc formsa commaoin an dá Ghall,
      marbsat Niall agus Cearbhall,
      Cerbhall la h-Ulb comal n-gle,
      Niall Glundubh la h-Amhlaidhe.


p.574

M904.10

h-I Cill Corbbáin ro h-adhnaiceadh Cerbhall, amhail as-berar,

    1. Failet noi righ, réim n-ágha,
      h-i c-cill n-an fo neimh riamhdha,
      Muireccan, maen gan mearbhall,
      Cellach is Cerbhall ciallda.
    2. Colman, Broen, is Bran beodha,
      Find, Faolan, Dunchadh dána,
      h-i Cill Chorbáin, ro chuala,
      ro claitti a n-uagha ágha.

Annal 905

M905.0

Aois Criost, naoi c-céd a cúig.

M905.1

A naoi fichet do Fhlann.

M905.2

Maol Mordha, airchindech Tíre Dá Ghlas, d'ég.

M905.3

Uallachán, mac Cathail, tanaisi Ua Failghe, do mharbhadh.

M905.4=910

Cath Maighe Cumma ria Flann, mac Maoil Seachlainn, & ria mhacaibh for Fiora Brefne, in ro marbhadh Flann, mac Tighearnáin, tighearna Breifne, & a mhac, & sochaidhe do shaor-chlandaibh oile a maille ré trí mhíle do thuitim amaille friu isin cath-sin.

M905.5

Cobhlach la Domhnall ua Maoilechlainn, & la h-Indreachtach, mac Conchobhair, for Loch Deirgderc, co ro raeinset for cobhlach Mumhan, & ro marbhadh sochaidhe mór leó.

M905.6

Airdhe n-iongnadh do thochar an bliadhain-si .i. di gréin d'faicsin for a rith i maille i n-oen-ló.

M905.7

Derthech Maighe Eo do losccadh.

M905.8

Aodh, mac Maol Patraicc, tighearna Ua f-Fiachrach, do mharbhadh la Niall, mac Aedha.

M905.9

Buadhach, mac Mothla, tanaisi na n-Déisi, d'écc.

Annal 906

M906.0

Aois Criost, naoi c-céd a sé.

M906.1

An deachmhadh bliadhain fichet do Fhlann.

M906.2=911

Etigén, mac Finghin, abb Treóit, d'ég.

M906.3=911

Fogartach, mac Cele, tighearna Ua Mic Uais, d'ég.

M906.4

Aedh, mac Duibhghiolla, tighearna Ua n-Dróna na t-Trí Maighe, tanaisi Ua c-Ceinnselaigh, do mharbhadh la h-Uibh Bairrche. As do ro ráidheadh:


p.576

    1. A ócca Ailbhi aini,
      caoinídh Sláine saoire,
      ercbaidh Aodh buidhnech Berbha,
      coirí for Ferna faeine.
    2. Fearna Mór milibh dagh-rath,
      nis-ránaic ar madh cuimhneach,
      marbhán badh ergna alladh,
      ó ro bith Bran Dubh buídhneach.
    3. Ro faith mo dín mo ditiu,
      na rígh reidhedh rótu,
      is suaithnidh for Ráith Aedháin
      Aedh i n-éccaibh, a óccu.

M906.5

Dunlaing, mac Coirpre, rídhamhna Laighen, d'ég.

M906.6

Domhnall, mac Aodha Finnléith, tighearna Ailigh, do ghabháil bachla.

M906.7

Gaíthine, mac Aughrain, tanaisi Laigisi, d'ég.

M906.8

Buadach, mac Gusain, tanaisi Ua m-Bairrce Tíre d'eg.

M906.9

Dianimh, inghen Duibhghiolla, bain-chéile Dunlaing, d'ég, dia n-ebradh,

    1. Dianimh dín ár n-deini,
      ros-cacht greimm righ na n-dúile,
      dirsan taebh settu suaithnidh,
      do bheith i n-uair tigh úire.

Annal 907

M907.0

Aois Criost, naoi c-céd a seacht.

M907.1

A h-aon triocha do Fhlann.

M907.2

Fionnachta epscop d'écc.

M907.3

Corbmac, epscop Saighre, d'ég.

M907.4

Maol Brighde, mac Maol Domhnaigh, abb Liss Móir.

M907.5

& Flann, mac Laoighe, abb Corcaighe, d'écc.

M907.6

Sárucchadh Arda Macha la Cernachán, mac Duilgen, .i. cimbidh do bhreith as in cill, & a bhádhadh h-i Loch Cirr fri h-Ard Macha aniar. Cernachán do bhádhadh la Niall, mac Aodha, righ an Tuaisceirt isin loch cédna h-i c-cionaidh sáraighthe


p.578

Padraicc.

M907.7

Ruarc, mac Maol Fabhaill, tighearna Cairrge Brachaidhe, d'ég.

M907.8

Muiredhach, mac Mughróin, tighearna Cloinne Cathail, d'ég.

Annal 908

M908.0

Aois Criost, naoi c-céd a h-ocht.

M908.1

A dó triocha do Fhlann.

M908.2

Tiopraite, mac Maoil Find, epscop & abb Imleacha Iubhair, d'ég.

M908.3

Muiredhach, mac Corbmaic, abb Droma Inesclainn.

M908.4

& Gairbhith, mac Maoil Mórdha, tanaisi Conaille Muirthemhne, d'orgain i proinntigh Droma Inesclainn, lá Conghalach, mac Gairbhith, tighearna Conaille Muirteimhne. As do eccaíne Muiredhaigh do ráidhedh,

    1. Muiredhach,
      ciodh ná caoinidh, a chaomha,
      as damhna do dhuinibáth
      as nél co nimhe naomha.
    2. Mór d'easbaidh an t-oirdnidhe
      mac Corbmaic milibh maisi,
      an mionn foroll foirglidhe,
      ba caineall gacha claisi.

M908.5

Sochlachán mac Diarmada, tighearna Ua Maine, d'ég h-i c-cleírcecht.

M908.6

Cleirchein, mac Murchadha, tighearna Ua m-Briuin Seola, d'ég.

M908.7

Cuilennan, mac Maol Brighde, d'ég.

M908.8

Conghalach, mac Gairbhith, tighearna Conaille Muirthemhne, do mharbhadh la Conaillibh feísin isin nómhadh mís iar n-argain an taighe abbaidh i n-Druim Inescclainn for Maol Mordha & for Muiredhach, mac Corbmaic, abb Droma Inesclainn.

M908.9

Cath-raeinedh ria n-Gallaibh for fhoirinn nochobhlach d'Ulltaibh i n-airer Saxan, dú i t-torcratar ile im Cumasccach, mac Maoil Moicherghe, tanaisi Leithe Chathail.

M908.10

Maol Brighde, mac Tornáin, do dhol i Mumhain do fhuaslaccadh ailithir do Bhreathnaibh.


p.580

Annal 909

M909.0

Aois Criost, naoi c-céd a naoi.

M909.1

An treas bhliadhain triochat do Fhlann.

M909.2

Tiopraitte, epscop Cluana h-Eidhnech.

M909.3

& Maol M'Aedhocc, abb Droma Móir, d'ég.

M909.4

Litheach, abb Cluana h-Eidneach.

M909.5

& Maol Caisil, abb Mungarat, d'écc.

M909.6

Cath-raoineadh occ Gulbain Guirt ria Niall n-Glundubh, mac n-Aodha Finnleith for Connachtaibh .i. for Maol Cluiche, mac Conchobhair, dú i t-torchair ár Connacht, im Maol Cluiche feísin co sochaidhibh oile do shoi-chenélaibh.

M909.7

Iomaireag ria Maol Mithidh, mac Flannaccáin, & ria n-Donnchadh ua Maoileachlainn for Lorcán, mac Dúnchadha, & for Fogartach, mac Tolaircc, co Laighnibh leó, in ro marbhadh daoine iomet, & in ro h-erghabhadh sochaidhe mór.

M909.8

Mael Patraicc, mac Flathrai, tighearna Ratha Tamhnaighe, d'ég.

Annal 910

M910.0

Aois Criost, naoi c-céd a deich.

M910.1

An cethramhadh bliadhain dég ar fhichit do Fhlann.

M910.2

Guill do thecht i nd-Erinn go ro ghabhsat h-i Port Lairghe.

M910.3

Sloigheadh an Fhochla, & Uladh uile im Niall Glúndubh mac Aodha i Midhe, go Greallaigh n-Eillte go raoimhidh forrae ann ria Flann Sionna cona macaibh airm i t-torcratar dream dia c-caomhaibh im Fearghal, mac Aonghusa, mic Maoile Dúin, & im Maol Mordha mac n-Eremhóin, mic Aedha, d'Ultaibh, & im h-Erudan, mac Gairbhith, flaith Ua m-Bresail & im Diarmaid, mac Sealbhaich, tighearna Dail Riatta, & im Maol Muire, mac Flannaccáin, tighearna Fearnmhaighe, & im Domhnall, mac Gairbhith, tighearna Conaille, & im Connican, mc Airechtaigh, & im Corbmac, mac Indreachtaigh, tighearna Ciaraighe, & aroile saor-chlanna cenmothát-sidhe. As don chath-si at-rubradh,

    1. Brón do Ghrellaigh Ellti h-uair,
      fuaramar cuain ina táibh,
      as-bert Corbmac fri Niall
      ‘nach an leccar siar tiagam sair’.


p.582

Annal 911

M911.0

Aois Criost, naoi c-céd a h-aon n-dég.

M911.1

An cúigeadh bliadhain dég ar fichit do Fhlann.

M911.2

Indreadh Deisceart Bregh, & Descert CiannachtaFlann, mac Maoilechlainn.

M911.3

Maol Brighde, mac Geibhleacháin, tighearna Conaille, do mharbhadh la h-Uibh Eathach isin cethramhadh mí iar n-gabháil toisighechta dhó.

M911.4

Oenghas, mac Floinn, mic Maoilechlainn, righdhamhna Ereann, do ghuin i n-Grellaigh Ellte la Cern, mac Birnn, & a écc a c-cionn sesccat la iaramh. Conadh dia dhearbhadh do ráidheadh,

    1. Beannacht for láimh Cirnn, mic Birnn,
      ro marbh Aenghas find-muadh Fáil,
      maith ind orrain gaisccidh geir
      díoghail Aedhaa Ollain áin.

M911.5

Domhnall, mac Aedha .i. Aedh Findliath mic Néill, tighearna Ailigh, d'ég h-i c-cleircecht, iar n-deig-bhethaidh. Conadh accá éccaoine, & acc eccaoine Aongusa do-ráidheadh,

    1. O ghein Críost, crí co n-uagaibh,
      co bás Domhnaill, iar settaibh
      séd is deach na fáccaibh,
      aen-bhliadhain dég ar naoi c-cédaibh.
    2. Airisne na bliadhna-sa
      troim-cheó do Bhanba brainigh,
      Aenghas Midhe an mor-ghlonnach,
      Domhnall, mac Aeda Ailig.
    3. Nocha ro chin d'Ereannchaibh
      mac amhail Aonghus Codhail,
      is na reibh déidhenchaibh
      righlách fo Domhnall Dobhail.
    4. Trom-chumha do Ghaoidhelaibh,
      tamhatar ind airigh-sin,
      dias tosaigh ind earraig-se,
      bidhail is na h-airisnibh.

Annal 912

M912.0

Aois Criost, naoi c-céd a dó décc.

M912.1

An sesedh bliadhain décc ar fhichit do Fhlann.

M912.2

Maol Ciaráin, mac Eochacáin, abb Cluana h-Eois & Mucnamha,


p.584

d'ég. Dalta Fethgna eisidhe.

M912.3

Slóicched lá Niall, mac Aedha Finnleíth h-i n-Dal Araidhe h-i mí Iun do sunnradh. Loingsech ua Lethlobhair, tighearna Dal n-Araidhe, dia t-tarrachtain occ Freghabhail, & ro sraoineadh ria Niall fair co farccaibh a bráthair isin lorcc .i. Flathruae ua Lethlobhair. Aodh, mac Eochagáin, An Coiccidh, & Loingsech ua Lethlobhair dia lenmhain iaramh go Cárn Ereann, & Niall do bhriseadh forra dorídhisi, & Cerran mac Colmáin, toisech Chenél Mailce, & mac Allacáin, mic Laichtein, do mharbhadh & Dubhghall mac Aedha, mic Eochagáin, do chréchtnucchadh co mór, & drong mór d'Ulltoibh do mharbhadh isin iarmhóirecht-sin cenmothát na deagh-daoine-sin. Sidh do dhenamh iar sin h-i Calainn Nouember etir Niall, tighearna Oiligh, & Aedh, An Choiccid, occ Tealach Occ.

M912.4

Nocobhlach mór do Ghallaibh do thocht go Loch Da Chaoch, go ro gabhsat longport and.