Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M895

M895.0

Aois Criost, ocht c-céd nocha a cúicc.

M895.1

An naomhadh bliadhain décc do Fhlann.

M895.2

Muirghios, epscop & abb Dísirt Diarmada.

M895.3

Mael Bríghde, mac Phroligh, neach naemhtha ba h-ardespucc Mumhan.

M895.4

Flaithim, mac Nechtain, abb Leith.

M895.5

Maenach, mac Caemháin, abb Doimh Liacc.

M895.6

Fingin, angcoire Cluana Mic Nóis.

M895.7

& Toicthiuch Insi Ainghein, d'ég.

M895.8

Gaill for Loch Eachdhach i calainn Ianuair, co rusat Etach Padraic.

M895.9

Tadhg, mac Conchubhair, Teora Connacht,


p.554

d'ég iar m-beith i n-galar fhoda.

M895.10

Rian, mac Bruadair, do mharbhadh la Gallaibh.

M895.11

Mordhál occ Ath Luain etir Fhlann, mac Mailechlainn, & Cathal, mac Conchubhair, & Cathal do thocht h-i t-taigh Flainn for comairce samhtha Ciaráin, gur bó riarach don righ iaramh.

M895.12

Orgain Cille Dara la Gallaibh.

M895.13

Crech lá Laighnibh for Osraighibh, co ro marbhadh ann Buadhach, mac Ailella.

Annal M896

M896.0

Aois Criost, ocht c-céd nochat a sé.

M896.1

An fichetmhadh bliadhain do Fhlann.

M896.2

Caróc, mac Mail Cróin, abb Achaidh Bioroir, d'écc.

M896.3

Maol Breasail, mac Maol Doraidh, tighearna Ceneoil c-Conaill, do mharbhadh h-i cath Sailtin la Murchadh mac Maoile Dúin, tighearna Ceneóil Eoghain.

M896.4

Claomhchludh righ h-i c-Caisiol .i. Corbmac mac Cuileannáin a n-ionadh Chind Ghégain .i. Finnguine.

M896.5

Maol Ruanaidh, mac Flaind, mic Maoil Seachnaill, do mharbhadh (.i. a losccadh i t-tigh theineadh) la Luighnibh .i. lá macaibh Cernacháin, mic Taidhg, & lá mac Lorcáin, mic Cathail, tighearna Midhe.

Torchair dna leó Maol Croin .i. athair Caindelbháin, mac Domhnaill, tighearna Cheneoil Laoghaire, conadh dó ro ráidheadh,

    1. h-I Cetain cruaidh scarrusa,
      fri Maol Ruanaidh ran rath,
      dia Dardain gabhusa céill,
      for inghnais mic mathar.

Agus Dubh Chuilinn, abb Ruis Each.

M896.6

Tiopraitte, mac Nuadhat, abb Condaire, Lainde Ela, & Lathraigh Briuin, do écc.

M896.7

Dubh Lachtna, mac Ceirine, tighearna Ua m-Bairrche, d'ég.

M896.8

Ar Gall lá h-Ultoibh.

Annal M897

M897.0

Aois Criost, ocht c-céd nocha a seacht.

M897.1

A h-aon fichet do Fhlann.

M897.2

Fogartach, mac Flainn, abb Lathraigh Briuin, & tighearna Fothart Airthir Life, d'ég.

M897.3

Aididh, mac Luighne, Uladh, do mharbhadh la a chenel féin .i. la


p.556

Mael Bairne.

M897.4

Fionnguine .i. Cenn Gegain, Mumhan, do mharbhadh la a chenél féin.

M897.5

Iondarbadh Gall a h-Erinn, a longport Atha Cliath la Cearbhall, mac Muiregein, & lá Laighnibh, la Maol Finnia co Feraibh Bregh imme, co fárccaibhsiot dréchta mora dia longaibh dia n-eis, & co n-erlaiset leathmharbh tar muir.

M897.6

Dunghal, mac Cerbhaill, do ghuin la Laoighis.

M897.7

Cacht for Gallaibh Atha Cliath i n-Inis Mac Nessáin.

M897.8

Foghartach, mac Flaind, d'ég.

M897.9

Cathusach mac Ferghusa, tanaissi abbadh Arda Macha, do écc.

Annal M898

M898.0

Aois Criost, ocht c-céd nocha a h-ocht.

M898.1

An dara bliadhain fichet do Fhlann.

M898.2

Caenchomhrac Insi Endoimh, epscop & abb Lughmaidh, aitti Aenacain, mic Eccertaigh, & Dúnadhaigh, mic Eccertaigh ó t-tat Uí Chuinn na m-Bocht, d'ég an treas lá fichet Iulí.

M898.3

Suairleach, angcoire & epscop Treóit.

M898.4

Maol Ciaráin, abb Tire Dá Glas, & Cluana h-Eidhnech.

M898.5

Ailill, mac Aongusa, abb Cille Cuilinn.

M898.6

Cosccrach, frisa ráite Truaghan, angcoire Insi Cealtra.

M898.7

Tuathal, ancoire, d'ég.

M898.8

Scandal Tighe Telle.

M898.9

Ailill Ratha Epscoip.

M898.10

agus Reachtabhra Rosa Cré, d'ég.

M898.11

Caenchomhrac na n-uamh i n-Inis Bó Finne, d'ég.

M898.12

Maol Finnia, mac Flannaccáin, tigherna Bregh, laech iriseach craibhdheach eside. As dia écc ro ráidhedh,

    1. Mac Dearbhail ag báigh ar Breghmhach,
      brisidh gach dáil gan dolbhach,
      Maol fial Finnia foroll faobhrach,
      eo ruadh ro-ghorm roghlach.

    2. p.558

    3. Bath umhal rí réim gan ghabhadh,
      ardchlí os Eamhna oenaigh,
      fear ad-feidhim cen baoghal,
      bá fiu Erinn a aonar.
    4. Maol Finnia, fer cen h-ualla,
      coimdi Breagh, breó dar dinna,
      a dealbhdha ri rogach rath,
      gorm-fhear corach, cathlonn conna.
    5. Laoch- brogha builli bair,
      co tráigh mara múchtais gell,
      Monuar cen Maol Finnia fial
      ba ssi an grian fri nitha Nell.

M898.13

Duibghiolla, mac Eittirsceóil, tighearna Ua c-Ceinnsealaigh

M898.14

Cinneidigh, mac Gaoithine, tighearna Laighsi, & na c-Coman,

M898.15

Aindiarraidh mac Maol Muire tighearna Tuirbhe d'écc.

M898.16

Ciarán, mac Dunghal, tighearna Muscraighe, do mharbhadh la a muintir féin.

M898.17

Conligan, mac Corcráin, do mharbhadh a n-dioghail Cind Gegain.

M898.18

Ceallach, mac Saerghusa, ancoiri, & epscop Arda Macha, do écc.

Annal M899

M899.0

Aois Criost, ocht c-céd nocha a naoi.

M899.1

An treas bhliadhain fichet do Fhlann.

M899.2

Dunghal, mac Baeithine, abb & epscop Glinne Dá Locha.

M899.3

Coirpre Crom, epscop Cluana Mic Nóis. As dó tuarccaibh spiorat Maoil Sechlainn, mic Maol Ruanaidh cend.

M899.4

Ioseph Locha Con, abb Cluana Mic Nóis do Uibh Fiachrach an Tuaisceirt a chenel.

M899.5

Flann, mac Conaill, abb Imlecha Iubhair.

M899.6

Cenn Faoladh, mac Corbmaic, airchinneach Achaidh Úir

M899.7

Foghartach, mac Maoil Doraidh, tighearna Ceneóil Conaill, do thuitim 'mo ghai féin, & a écc dhé, conadh dó do ráidhedh,

    1. Ruire echtach Eassa Ruaidh,
      immo t-teccraitís mór-sluaigh,
      Ass-ib digh m-báis baeghlach sé,
      iar c-crádh uí Iese i. Criost.


p.560

M899.8

Mac Leighinn, mac Bruadair, tighearna Muscraighe Breogain, d'ég.

M899.9

Cionaedh, mac Mael Ruanaidh, & Aodh, mac Iolguine, flaith Ua m-Bairrche, do mharbhadh na n-dís lá Cendubhan, mac Maele Cáin.

M899.10

Fubhthadh, mac Murchadha, tighearna Ua Criomhthannáin, d'ég.

M899.11

Furbaidhi, mac Cuilennain, tighearna Ua Foircheallain, do ghuin.

M899.12

Bruaitedh mac Flaithbeartaich, tighearna Corco M' Druadh, d'ég.

M899.13

Sárucchadh Cenannsa la Flann mac Maoileachlainn, for Dhonnchadh for a mhac fodhéin, & sochaidhe ile do dhichendadh ann don chur-sin.

Annal M900

M900.0

Aois Criost, naoi c-céd.

M900.1

An cethramhadh bliadhain fichet do Fhlant.

M900.2

Maol Cianan, mac Foirtcheirn, epscob Lainne Léire.

M900.3

Liotan, abb Tuama Da h-Ualann.

M900.4

Flannacan ua Lonáin, abb Leth Mo Caemhocc.

M900.5

Dubhan, abb Cille Dari.

M900.6

& Lachtnan, abb Fearna, d'ég.

M900.7

Diarmaid, mac Cerbhaill, do iondarbadh a ríghi Osraighe, & Ceallach, mac Cearbhaill, do rioghadh tar a éis.

M900.8

Oileach Frigreann do orgain do Ghallaibh.

M900.9

Imnisi catha etir dá mhac Aodha Finnleith .i. Domhnall & Niall cco ro toirmiscceadh tria impidhe Ceneóil Eoghain.

M900.10

Maidhm ria c-Ceallach, mac Cearbhaill, & ria n-Osraighibh for Eilibh & Muscraighibh, i t-torcair cx im Thechtegan, mac Uamnacháin im tighearna n-Eli & sochaidhe ile.

M900.11

Ailfrid, righ ró ordneadh recht, & féneachus na Saxan, & an righ budh mó echt, foirglighe gaois & crabhadh do righaibh Saxan, d'ég.

Annal M901

M901.0

Aois Criost, naoi c-céd a haon.

M901.1

An cúigeadh bliadhain fichet do Fhlann.

M901.2

Indreachtach mac Dobhailen, abb Bendchair, d'écc, an seiseadh lá fichet April, dia n-ebradh.


p.562

    1. A h-aon trí céd cadla cuir,
      ó etsecht Comhghaill Beannchuir,
      Co ré roenaidh ruarthar n-gle
      Inrechtaigh aird oirdnidhe.

M901.3

Maol Poil, abb Sruthra Guaire.

M901.4

Furadhran, mac Garbhain, prióir Cille h-Achaidh, d'ég.

M901.5

Céli, mac Urthuili, prioir Achaidh Bó Caindigh

M901.6

Eigneachan, mac Dálaigh, mic Muircheartaigh, tighearna Ceneoil Conaill, d'ég. As dia écc adrubradh,

    1. Ecc is eitigh for-accaibh sluagha
      saighes iar setaibh,
      Ma ro claoidenn rí seitrech, mór
      liach Eccneach i n-égaibh.
    2. Eccneach ba dodhaing d'óccaib,
      Ceiniuil Conaill chédaigh,
      dirsan gnúis crédhbhás mídhend
      fo tuinn irenn iar n-éccaibh.
    3. Indreachtach Bendchair buidhnigh,
      Ciarmhac Gabhra, gairm sobhraigh.
      Fland Feabhail, fial fri dodhaing,
      Eccneach Sil Conaill caingnigh.

M901.7

Flann, mac Domhnaill, rídhamhna an Tuaisceirt, d'écc.

M901.8

Ciarmhacán, mac Flainnabhrat h-ui Dunadhaigh, tighearna Ua Conaill Gabhra, d'ég.

M901.9

Ciarodhar, mac Crundmhaoil, tighearna Ua Felmedha.

M901.10

Laidhgnen, mac Donnagáin, tighearna Fernmhaighe, do mharbhadh.

M901.11

Muiredhach, mac Domhnaill, righdhamhna Laighean, do ghuin i t-tíribh Mumhan, & a écc.

M901.12

Mudan, mac Donnghaile, tighearna Corca Laighdhe, d'ég.

M901.13

Sloighedh la Flann mac Maoil Sechlainn, & la Cerbhall, mac Muiregáin, co Fiora Mumhan, go ro h-ionnradh leó ó Ghobhran go Luimneach.

M901.14

Glaissini, mac Uisseni, tighearna Ua Mac Caille, d'ég.

Annal M902

M902.0

Aois Criost, naoi c-céd a dó.

M902.1

An seiseadh bliadhain fichet do Fhlann.

M902.2

Colmán, scribhnidh & epscop Doimh Liacc, & Luscan.

M902.3

Ferghil, epscop Findabhrach, & abb Ind Eidhnén.

M902.4

& Flann, mac Oenacain, abb Luscan,d'ég.

M902.5

Flann, mac Flaithbertaigh, tighearna Corca Mo Dhruadh, d'ég.

M902.6

Slóigheadh Fear Mumhan


p.564

Corbmac, mac Cuilennain, & la Flaithbertach go Maigh Léna. Tionóilset Leth Cuinn ina n-dóchom andsin im Flann, mac Maoilechlainn, & fearthar cath etorra, co ro mheabhaidh for Leth Chuinn, & do-rochair ann Maol Craoibhe ua Cathaláin.

M902.7

Slóigheadh oile lá Corbmac, & lá Flaithbheartach for Uibh Néill an Deisceirt, agus for Connachtoibh, co t-tuccsat gialla Connacht ina c-cobhlaighibh móraibh iar Sionainn, & airccther innseadha Locha Ríbh leó.