Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M885

M885.0

Aois Criost, ocht c-céd ochtmodha a cúigh.

M885.1

An nómhadh bliadhain do Fhlann.

M885.2

Maol Tuile, mac Cuilen, abb Cluana Fearta Brénoinn.

M885.3

Maol Pádraicc, sccribhnidh, egnaidh, & abb Treoit.

M885.4

Ronán, mac Cathail, abb Cluana Dolcain.

M885.5

Cu Congalta, abb Cluana h-Ioraird.

M885.6

Maol Martain, abb Achaidh Bó Caindigh.

M885.7

Sloghadhach ua Raithnen, abb Saighre.

M885.8

& Maenach, abb Cille Achaidh Dromata.

M885.9

Carthach, abb Biorair, d'ég.

M885.10

Ferghal, mac Fionnachta, abb Cluana h-Uamha, & h-Uamanán, mac Cérén, prióir Cluana h-Uamha, do mharbhadh la Nortmannaibh.

M885.11

Sneidhghius, egnaidh ó Disert Diarmada, aidi Chorbmaic, mic Cuilennain..

M885.12

Dunghal, mac Cathail seachnabb Tighe Munda, d'ég.

M885.13

Dunchadh, mac Duibh Da Bhoirenn, Caisil, d'ég.

M885.14

Cath-raoineadh for Fhlann, mac Maoil Seachnaill, ria n-Gallaibh Atha Cliath, dú i t-torchair Aedh, mac Conchubhair, Connacht, & Lergas, mac Cruinden, epscop Cille Dara, & Donnchadh, mac Maele Dúin, abb Cille Dealga & cheall n-aile, sochaidhe ele nach airemhther.

M885.15

Dobhailen,


p.538

mac Gormghusa, tighearna Luighne Connacht, d'écc. Do Corca Fir Tri a chenél, & as uaidhibh Uí Dobhailen.

M885.16

Cearbhall, mac Dunghaile, tighearna Osraighe, d'ég.

M885.17

Tolarg, mac Ceallaigh, an dara tighearna boí an tan-sin for Descert Bregh, d'ég.

M885.18

Ereamhon, mac Aedha, Uladh, do mharbhadh la h-Elóir, mac Iargni do Nortmannaibh.

M885.19

Anrothan mac Murchada, tighearna Ua c-Criomhthannáin, d'ég.

M885.20

Guin Maoil Chertaigh, mic Fiachrach, tigherna Ua m-Bairche.

M885.21

Guin Tressaigh mic Iolguini.

M885.22

Maol Cobha mac Cronnmhaoil, abb Arda Macha, do écc, iar sendataidh. Do mhuintir Chille Móire do-sidhe.

Annal M886

M886.0

Aois Criost, ocht c-céd ochtmodha, a sé.

M886.1

An deachmhadh bliadhain do Fhland.

M886.2

Maol Odhar, epscop Cluana Mic Nóis.

M886.3

Seachnusach, mac Focarta, abb Cluana Móir M' Aedhog.

M886.4

Maol Patraicc, mac Néill, abb Sláine.

M886.5

Eoghan, mac Cinn Faolaidh, abb Imleacha Iubhair.

M886.6

Airmedhach, abb Maighe Bile.

M886.7

& Diarmaid, mac Rui, abb Tighe Munda, d'ég.

M886.8

Flann, inghen Dúnghaile, ben Máil Sechlainn, mic Maol Ruanaidh, Ereann, & ba h-isidhe mathair Fhloinn Sionna, d'ég iar n-deigh-bhethaidh, & iar b-pennainn h-i c-Cluain Mic Nóis, & a h-adhnacal h-i suidhe.

M886.9

Giblechán, mac Maoil Bricchde, tighearna Conaille Muirtheimhne, d'ég.

M886.10

Indreachtach, mac Aedha tighearna Ciarraighe Luachra.

M886.11

& Gormacán, mac Flainn, flaith Ua m-Bairrche Tíre, d'ég.

M886.12

Fiachna, mac Ainbhith, Uladh, do mharbhadh la h-Ultaibh budhdhéin.

M886.13

Indredh Aird Brecain, & Domhnaigh Patraicc, Tuilen & Glinne Da LochaGallaibh.

M886.14

Cionaedh, mac Cennédidh ríoghdhamhna Laoighisi, do mharbhadh. As dó ro ráidheadh,

    1. Ba liach ua Cathail caín,
      fo-ben subha Síl Beraich,
      Mac righ Ratha Bacain buain,
      Cionaedh cinged gin n-Gabhruain.


p.540

Annal M887

M887.0

Aois Criost, ocht c-céd ochtmodha a seacht.

M887.1

An t-aonmhadh bliadhain décc do Fhlann.

M887.2

Seachnasach, abb Luscca.

M887.3

Fland, mac Maoil Dúin, abb Ia.

M887.4

Corbmac, abb Fobhair, & tanaisi abbaidh Cluana Mic Nóis.

M887.5

Corbmac, mac Fiannamhla, abb Droma Inasclainn.

M887.6

Fothaidh abb Mainisdreach Búite.

M887.7

Suibhne, mac Maoil Umha, angcoire, & scribhnidh Cluana Mic Nóis, d'écc.

M887.8

Maol Mhórdha, mac Gairbhith, tighearna Conaille Muirthemhne, do dhichennadh la Ceallach, mac Flannagáin.

M887.9

Orgain Cille Dara & Cluana h-Ioraird la Gallaibh.

M887.10

Ar Osraighe lasna Déisibh, & marbadh Braonain, mic Cerbhaill, & Suibhne, mic Dúnghusa, tighearna Ua Ferghusa ann dna.

M887.11

Ar Gall la h-Uí n-Amhalghaidh, dú i t-torchair Elair, mac Báirid, aen dia t-toisechaibh, & drong oile imaille fris.

M887.12

Maol Fabhaill mac Cléirigh, tighearna Aidhne, d'écc.

M887.13

Aonach Taillten do aige la Flann, mac Maoil Sechnaill.

M887.14

Banscál ro lá an mhuir i t-tír i nd-oirer Alban. Cúig troighthe nochat ar chéd ina fott, ocht t-traighte décc fod a trillsi, seacht t-traighe fod meor a laimhe, a secht n-aile fod a sróna. Gilithir géis uile h-í.

M887.15

Concobhar, mac Flannaccáin, tighearna Ua Foilghe d'orgain fri daighid i c-Cluain Fota Mic Fini, isin ecclais, & minna Finniain do sárughadh la Feraibh Tulach, oc tiachtain dó ó accallaimh Flainn, mic Maoilechlainn Ereann.

Annal M888

M888.0

Aois Criost, ocht c-céd ochtmodha a h-ocht.

M888.1

An dara bliadhain décc do Fhlann.

M888.2

Maol Bríghde abb Cluana Mic Nois.

M888.3

& Maol Chorgais, abb Lothra d'ég.


p.542

M888.4

Tighearnán, mac Seallacháin, tighearna Brefne, d'ég.

M888.5

Gaoth mhór lá féle Martain na bliadhna-so, co ro thrascair cranna iomdha, co t-tarat fíodh-ár mór for chailltiph Ereann, co rucc derthaighe & tighe aile as a láthraighibh archena.

M888.6

Maidhm ria Riaccán, mac Dunghaile, for Ghallaibh Puirt Lairge, Locha Carman, & Tighe Moling, i farccbhadh dá chéd ceann.

M888.7

Maidhm ria t-Tuaiscert Connacht for Gallaibh, i torchair Eloir mac Baritha.

M888.8

Maidhm for Elibh ria mac Mael Guala, & ria f-Feraibh Mumhan oc Caisiul i torchair sochaidhe do mhacaibh caomhaibh.

Annal M889

M889.0

Aois Criost, ocht c-céd ochtmodha a naoi.

M889.1

An treas bhliadhain décc do Fhlann.

M889.2

Cochlán, abb Tighe Munna.

M889.3

Dichuill Tamhlachta.

M889.4

& Fearghus, mac Maoil Michil, ferthighis Cluana Mic Nóis, d'écc.

M889.5

Suadhbar .i. mac Coitcedhaigh Insi Snaicc, d'ég, & ba h-ancoiri esidhe.

M889.6

Becc, mac Eriomhon, Uladh, do mharbhadh la h-Ateidh mac Laighne.

M889.7

Conghalach, mac Flannaccáin, tighearna Bregh, do écc iar n-deigh-bheathaidh.

M889.8

Riacán, mac Echtighearn, tighearna Ua c-Ceinnselaigh.

M889.9

Selbhlaith, inghen Aedha, & Maol Etigh, inghen Cathmhail d'ég.

M889.10

Dubhchenn, mac Cionaidh, tighearna Fer Cualann, d'ég.

M889.11

Cumasc & cennairrce im cincthídhis do shunnradh í n-Ard Macha eitir Cenel n-Eoghain & Ulta .i. eitir Adteid, mac Laighni, & Flaithbheartach, mac Murchadha, co ros-ettarscar Mael Brighde comharba Pátraicc iatt iaramh. Riar Maol Brighde iarsin h-i c-col einicch Pádraicc ó Choicceadh Ereann .i. ó choicceadh Uladh lá gabháil a n-aittire .i. triocha seact cumhal, & cethrar h-í c-crochadh ó Ultaibh, a coimmeit oile ó


p.544

Chenel Eoghain.

M889.12

Maol Odhar, mac Forbassaigh, primh-breithemh Lethe Cuind, d'ég.

M889.13

Losccadh Ratha Etain, i torchair Eccertach, mac Coirpre.

M889.14

Lachtnán, mac Maoil Ciaráin, tighearna Tethbha, d'écc.

M889.15

Faolán, mac Guaire, tighearna Ua Ceinnsealaigh.

M889.16

Niall, mac Corbmaic, tighearna na n-Déisi, d'ég.

M889.17

Mochta, dalta Fethghna, epscop, ancoiri, & scribhnidh Arda Macha, d'ég.

Annal M890

M890.0

Aois Criost, ocht c-céd nocha.

M890.1

An cethramhadh bliadhain décc do Fhlann.

M890.2

Maol Pedair, mac Cuáin, epscop Tíre Dá Ghlas & comharba Brénainn.

M890.3

Ciarán, mac Maol Duibh, abb Airdne Coluim.

M890.4

Colcca, mac Caithniadh, abb Cluana h-Eidhneach.

M890.5

Loichene, abb Daimhinsi.

M890.6

& Oenachan, mac Maile Tuile, seacnabb Doim Liacc Cianáin, d'ég.

M890.7

Muiredhach, mac Eochacáin, Uladh, do mharbhadh la h-Adith, mac Loegne.

M890.8

Dubh Lachtna, mac Maol Guala, Caisil, d'ég.

M890.9

Ceallach, mac Flannagáin, tighearna Bregh, do marbhadh la Foghartach, mac Tolairg, i meabhail, conadh ann as-bert Flannacán féisin ogá egaíne,

    1. Giolla Ceallaigh so aniar,
      gobhar Ceallaigh lais 'na láimh,
      As mana dér an scél garbh,
      ní dalbh as marbh mac Dearbháil.
    2. Ni baí mac ríghe tor,
      fo Ceallach n-gormainech n-glan,
      Teaghlach fo theaglach an fhir
      ní fhil fo nimh niamhdha gal.

Flann, mac Lonáin, ro ráidh,

    1. Amhra tréceng,
      trí meic Flainn
      im-luaidhet Odhba,
      Congalach Cuilt,
      Ceallach Cerna
      is Cionaodh Cnodhbha.
    2. Ma ro bith Ceallach
      cintach dirsan
      a dith ba belchath,
      Moruar
      ba rom a bhoeghal,
      nad rumalt saeghal
      seanchadh.


p.546

M890.10

Ruadhachán, mac Cathaláin, tighearna Fear c-Cúl, do mharbhadh i n-Osraighibh.

M890.11

& Indreachtach, mac Maile Dúin, tighearna Caille Follamhain i lurg Maol Ruanaidh, mac Flainn, & mic Iomhair.

M890.12

Cind Eitigh, mac Cionaodha, tigherna Ua m-Briuin, do mharbhadh ó Forthuathaibh Laighen.

M890.13

Maol Gorm, tanaisi na n-Deisi, do mharbhadh.

M890.14

Scolaicche, mac Macáin, tighearna Dealbhna Eathra, do mharbhadh la muintir Cluana Mic Nóis, conadh ina dhíoghail ro marbhadh Maol Achaidh iaramh.

M890.15

Ard Macha do orccain la Glún Iarainn, & la Gallaibh Atha Cliath, co rucsat deichneabhar & seacht c-céd i m-broid leó, iar n-discaoileadh araill don eacclais, & iar m-brisedh an dearthaighe. Conadh dó is rubhradh,

    1. Truagh, a naemh Padraicc,
      nar anacht th'ernaighe,
      An Gaill cona t-tuaghaibh,
      ag bualadh do dhearthaighe.

M890.16

Maol Aithghein, epscop Arda Mhacha, do écc.

Annal M891

M891.0

Aois Criost, ocht c-céd nocha a h-aon.

M891.1

An cúicceadh bliadhain décc do Fhlann.

M891.2

Soerbhrethach mac Connaidh scribhnidh, egnaidh, epscob & abb Corcaighe.

M891.3

Blathmhac, mac Taircealtaigh, do Bregmainibh, abb Cluana Mic Nóis.

M891.4

Morán ua Buidhe, abb Biorra, d'écc, iar n-deigh-bethaidh cian-aosda.

M891.5

Maol Achaidh seacnabb, .i. prioir, Cluana Mic Nóis, & abb Daimhinsi do dhul i martra la Dealbhna Eathra, do-rad lugha fri bás cona boí cion dó i marbhadh Scolaighe.

M891.6

Muireadhach, mac Maol Ruanaidh, príóir, Luscca, d'ég.

M891.7

Flannaccán, mac Ceallaigh, tighearna Bregh uile do mharbhadh h-ic Odba la Nortmannaibh.

M891.8

Cionaedh mac Flannagáin, tanaisi Bregh uile, do d'écc i n-Dún Bric.

M891.9

Flaithbeartach, mac Murchadha, tighearna Ailigh, do mharbhadh la h-Ua m-Bresail.

M891.10

Maol Moicherghe, mac Indrechtaigh, tighearna Leithe Chathail, do mharbhadh lá Leith Chathail feissin.


p.548

M891.11

Cumascach, mac Muiredhaigh, tighearna Fear n-Arda Ciannachta, do marbhadh la h-Ultaibh.

M891.12

Murchadh, mac Maenaigh, tighearna Deisceart Connacht.

M891.13

& Diarmait tighearna Luighne, d'ég.

M891.14

Flann, mac Lonáin, Uirghil Shil Scota primh-fhile Gaoidheal uile, file as deach baí i n-Erinn ina aimsir, do mharbhadh la macaibh Cuirbhuidhe, do Uibh Fothaith iat-sen, h-i n-duinetaidhe h-ic Loch Dá Caoch i n-Deisibh Mumhán.

M891.15

Ar GallConaille, & la h-Athdeidh, mac Laighne, in ro marbhadh Amhlaoibh ua h-Iomhair, & Glún Tradhna, mac Glun Iarainn, co n-ocht c-cétaib imaille friú.

M891.16

Ar n-Eoghanachta la h-Osraigibh i n-Gréin Airbh, .i. la mac Cearbhaill, & la Laighnibh.

M891.17

Sitriuc, mac Iomhair, do mharbhadh la Nortmannaibh oile.

Annal M892

M892.0

Aois Criost, ocht c-céd nochat a dó.

M892.1

An seiseadh bliadhain décc do Flann.

M892.2

Airgetan, mac Forandain, abb Corcaighe.

M892.3

Cathasach, mac Ferghasa, tanaisi abbadh Arda Macha, occán craibhdech.

M892.4

& Comsudh, mac Echtgaidhe, uasal-shaccart Arda Macha, d'écc.

M892.5

h-Uathmharán, mac Conchobhair, tighearna Ua f-Failghe, do mharbhadh a mebhail lá Cosgrach, mac Rechtabhratt, & Cosccrach, mac Rechtabhrat, tanaisi Ua Failghe do mharbhadh ina dhíoghail.

M892.6

Bran, mac Muiredhaigh, tanaisi Laighen, do mharbhadh.

M892.7

Laeghaire, mac Maél Fuataigh, tighearna Fear c-Ceall, d'ég.

M892.8

Mael Eitigh, mac Feradhaigh tighearna Fer Rois do mharbhadh la Gallaibh.

M892.9

Cath-raoinedh oc Ráith Cró ria Maol Finnia, mac


p.550

Flannaccáin, for Aiddeidh, mac Laighne, & for Dal n-Araidhe, in ro marbhadh Muiredhach, mac Maoil Etigh tighearna Dál Araidhe, & Aindiarraidh mac Maoil Moicheirghe, mic Indreachtaigh, ticchearna Leithe Chathail, co tribh cédaibh amaille friu, & terna Addeid os é crechtnaighthe co mór conadh do-sin ro ráidh Maol Mitich, mac Flannagáin,
    1. Ulaidh im trath do lo
      ro gadatar da biú,
      Ag fagbháil dóibh ar errach
      nírbo doirbh cendach friú.

M892.10

Indreadh Connacht la Flann, mac Maoilechlainn, & a n-geill do thobhach.

Annal M893

M893.0

Aois Criost, ocht nochat a trí.

M893.1

An seachtmhadh bliadhain décc do Flann.

M893.2

Coirpre, mac Suibhne abb Lainne Lere.

M893.3

Egertach, airchinnech Eccailsi Bicce, athair Aenacáin & Dunadhaigh, d'ég.

M893.4

Maol Agrai, mac Gairbhith, tighearna na n-Airthear, do mharbhadh la h-Amhalghaidh, mac Eachdach.

M893.5

Ruarc, mac Tighearnáin, tighearna Breifne.

M893.6

Dobháilén, mac Ailella tighearna Ua Meith Macha, d'ég.

M893.7

Mael Maire, mac Flannagáin, tighearna Fer Lii, d'ég.

M893.8

Aedhaccán, mac Conchobhair, tighearna Teathbha, d'ég.

M893.9

An t-ailithir do dhol a h-Erinn.

M893.10

Ard Macha do orgain ó Ghallaibh Locha Febhail & Cumascach do ghabháil dóibh, & a mhac Aodh mac Cumasccaigh do mharbhadh.

M893.11

Sluaiccheadh lásna Deisibh, la Gallaibh, & lá Ceallach, mac Cearbhaill, tar Osraighibh go Gabhrán dú in ro marbhadh Maol Mordha, mac Maol Muaidh, & drong mór oile amaille friss.

M893.12

Guin trí mac n-Duibhghiolla mic Bruadair, & mic Eoghain mic Cuilennáin, i crích na n-Deisi.

M893.13

Cioth fola do ferthainn i n-Ard Ciannachta.


p.552

Annal M894

M894.0

Aois Criost, ocht c-céd nochat a cethair.

M894.1

An t-ochtmadh bliadhain décc do Fhlann.

M894.2

Seachnasach, abb Tamhlachta Maeile Ruain.

M894.3

Mescell abb Imleacha Iubhair.

M894.4

Arggatán, abb Corcaighe Móire.

M894.5

& Breasal, fer leighinn Arda Macha, d'ég.

M894.6

Gairbhith, mac Muireccáin, tighearna Derlais, d'ég.

M894.7

Donnaccán, mac Fogartaich, tanaisi Tochair Eathach d'ég.

M894.8

Ar Conaille la h-Uibh Eathach, dú i t-torcair dá mhac Gairbhith, .i. Mac Eitigh, & Maol Moghna.

M894.9

Athnuadhucchadh aenaigh Connacht la Tadhg, mac Conchobhair.

M894.10

& athnuadhucchadh aonaigh TailltenDiarmaid, mac Cearbhaill, & a n-áighe dibhlinnibh leó.

M894.11

Sloigheadh lá Connachtaibh i n-Iarthar Mídhe.

M894.12

Sárucchadh Insi Ainghin, & duine do ghuin for a lár, & scrín Ciaráin innte, & seanadh sruithe im Cairpre Crom, epscop Cluana Mic Nois.

M894.13

Maidhm for Chonnachtaibh occ Ath Luain ria n-Iarthar Mide isin ló chédna co fargaibhset ár cenn leó.