Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M856

M856.0

Aois Criost, ocht c-céd caecca a sé.

M856.1

An dara bliadhain décc do Mhaoil Sechlainn.

M856.2

Comsadh epscoip & abb Cluana h-Eraird, d'écc.

M856.3

Tiopraide Banbhan, abb Tíre Da Ghlas.

M856.4

Mael Tuile, abb Imleacha Iubhair.

M856.5

Ceallach, mac Guaire tigherna Ua c-Ceinnselaigh, d'écc.

M856.6

Cernach, mac Cionaotha, tigherna Ua m-Bairrche Tíre, d'écc.

M856.7

Maol Seachlainn, mac Maol Ruanaidh, co f-feraibh,


p.490

Ereann cenmotad Muimhnigh, do dhol i t-tíribh Mumhan co n-deisidh deich n-oidhche oc n-Emlidh. Ro loiscc & ro indir Mumha co muir i nd-aen-ló, iar madhmaim for a rioghaibh acc Carn Lucchdhach, co f-farccbadh ann lais, Maol Crón, mac Muiredhaigh, tanaisi na n-Déisi, co sochaidhe ele. Tucc iaramh Maol Sechlainn gialla Mumhan ó Chumar na Trí n-Uisce co h-Insi Tarbhnai iar n-Erinn & ó Dún Cearmna co h-Arainn n-Airthir, don turas-sin.

M856.8

Maidhm ria c-Cearbhall, tighearna Osraighe, & ria n-Iomhar h-i c-crich Aradh Tíre, for Cenel Fiachach, co n-Gallgaoidhealaibh Leithe Cuinn. Ceithri chéd ar sé mhílibh an líon táinicc Cearbhall & Iomhar.

M856.9

Innreadh Laighen la Cerbhall, mac n-Dunlaing, & a n-geill do ghabháil im Coirpre, mac n-Dunlaing, & im Suithenen, mac Artúir.

Annal M857

M857.0

Aois Criost, ocht c-céd caocca a seacht.

M857.1

An treas bhliadhain décc do Mhaoil Seachlainn.

M857.2

Suairleach, abb Achaidh Bó Caindigh.

M857.3

Ailill Banbhan, abb Biorair.

M857.4

Maol Cobha ua Faolain, abb Cluana h-Uamha.

M857.5

& Faolghas, abb Ruis Cré, d'écc.

M857.6

Sloicchedh mór la h-Amhlaoibh & la h-Iomhar, & la Cerbhall, tighearna Osraighe h-i Midhe.

M857.7

Ro tionóileadh ríoghdál mhaithe Ereann lasin righ Maoil Seachlainn, go Raith Aodha Mic Bric, im Fethghna, comharba Patraicc, & im Suairleach comharba Finnia, do dhénamh síodha agus caonchomhraic fear n-Ereann, conidh ann do-rad Cerbhall, tighearna Osraighe, oighréir comharba Phádraic, & Finnia do righ Ereann, iar m-beith do Cearbhall ceathrachat oidhche i n-Ereros, & mac righ Lochland immaille fris i t-tosuch oc indreadh Midhe. Conadh iar


p.492

ro riaraighsiot rígh Osraighedo bheith i n-dilsi fri Leth Chuinn. Ro gaidh Mael Ghualai, mac Donnghaile, Mumhan, a dilsi din.

M857.8

Mael Guala, Mumhan, do clochadh la Nortmannaibh, co ro marbhsat é.

M857.9

Seghonnán, mac Conaing, tighearna Cairrge Brachaidhe, d'écc.

Annal M858 [=860]

M858 [=860].0

Aois Criost, ocht c-céd caoga a h-ocht.

M858.1

An cethramhadh bliadhain décc do Mhaoil Seachlainn.

M858 [=860].2

Oengus, abb Cluana Fearta Mo Lua, & ba h-eccnaid tocchaidhe é dna, agus Colmán, abb Doimh Liacc, d'écc.

M858 [=860].3=U860.4=S856=M854[=856]6.12

Niall, mac Gialláin, d'écc, iar n-deigh-bheathaid, iar m-beith ceithre bliadhna fichet i treablait dichumaing.

M858 [=860].4

Slóiccheadh Laighen, Mumhan, & Connacht, & Ua Néill an Deisceirt, isin Fochla la Maol Sechlainn, mac Mael Ruanaidh, go ro ghabh longphort occ Maigh Dumha, i c-comhfhoccus Arda Macha. Ro fhobair Aodh Findliath, mac Néill, & Flann, mac Conaing, an dúnaidh an oidhche-sin for an ríg, & ro mharbhaid & ro mhudhaighid daoine iomdha leó for lár an longphoirt, & ro mheabhaidh iaramh for Aodh co fargaibh ile dia mhuintir, uair ro chosain Maol Sechlaind cona shlógh an longphort co feardha frí lucht an Fhochla.

M858 [=860].5

Aodh Dubh, mac Duibh Da Bhoirenn, tighearna Ua Fidhgente, d'écc, iarna ghuin.

M858 [=860].6

Maidhm ria c-Cerbhall for loinges Puirt Lairge oc Achodh Mic Erclaighe.

Annal M859 [=861]

M859 [=861].0

Aois Criost, ocht c-céd caoga a naoi.

M859.1

An cúicceadh bliadhain décc do Mhaoil Seachlainn.

M859.2

Fiachra, abb Tighe Munda, d'écc.

M859.3

Cath Droma Da Mhaighe do thabhairt la Maol Sechlainn for Ghallaibh Atha Cliath, airm a t-torchradar


p.494

sochaidhe do Ghallaibh lais.

M859.4

Indreadh & orgain Mídhe la h-Aodh b-Finnliath, mac Néill Chaille.

M859.5

Gormlaith, inghen Donnchadha, bainrioghain Ereann, d'écc, iar c-caoi a cionadh & a turgabhal, & iar b-pentait toghaidhe ina tairmthechtaibh & peacthoibh.

M859.6

Sluaigheadh la Cerbhall i Midhe co Maol Seachlainn i n-aghaidh Aedha, mic Néill & Amhlaoibh, i torchair Ruarc, mac Braoin, lá h-Uibh Néill.

M859.7

Atnuadhadh aenaigh Roighne la Cerbhall, mac n-Dunghaile.

Annal M860

M860.0

Aois Criost, ocht c-céd sesga.

M860.1

Fíonán Cluana Caoin, epscop & angcoire.

M860.2

Dálach, mac Maele Raitte, abb Cluana h-Ioraird.

M860.3

Findcheallach, abb Ferna.

M860.4

& Muirghios, angcoire Arda Macha, d'écc.

M860.5

Mescceall, mac Donnghaile.

M860.6

Ruarc, mac Brain, Laighen, do mharbhadh la h-Uibh Néill.

M860.7

Bruadar, mac Dunlaing, tigherna Corca Loeghdhe.

M860.8

Maelodhar ua Tindridh, sui leighis Ereann, d'écc.

M860.9

Aodh Findliath, mac Néill Chaille, & Flann, mac Conaing, do dhul la tighearna Gall do iondradh Midhe co n-dearnsat airccne móra foraibh.

M860.10

Mael Sechlainn mac Mael Ruanaidh, mic Donnchadha, airdrí Ereann, d'écc, an deachmhadh lá fichet do Nouember, dia Mairt do shunnradh, iar m-beith sé bliadhna décc h-i righe. As dia écc ro canadh,

    1. Sírechtach ro srethnaighedh
      a seol n-dobroin for Ere,
      O at-bath ar sleacht ruireach,
      Mael Seachlainn Sionna snedhe.
    2. As iomdha mairg in gach dú,
      as sccél mór lá Gaoidhealu,
      do-rortadh fíon flann fo ghleann,
      do-rodbhadh airdrí Ereann.
    3. Cé du d'imrim gabhur n-geal,
      agus d'iomadh each fri samh,
      en-id Mael Seachnaill aniú,
      at-chiú i n-deadhaidh dha damh.


p.496

M860.11

Cosccradh longphuirt Rothlaibh la Cind Éittidh, mac n-Gaíthín, tighearna Laighisi isin cúiccidh Id September, & marbhadh Conuill Ultaigh & Luirgnen, go sochaidhibh oile immaille friú.

Annal M861

M861.0

Aois Criost, ocht c-céd seascca a h-aon.

M861.1

An chéd-bhliadhain d'Aodh Fhinnliath, mac Néill Chaille, ós Erinn h-i ricche.

M861.2

Maol Pattraicc, mac Fionchon, epscop & scribhneóir, ancoire, & adhbhar abbadh Arda Macha, d'écc.

M861.3

Dainiel ua Liaithide, abb Corcaighe & Lis Móir, do ghuin.

M861.4

Aedhan, abb Insi Cathaigh, d'écc.

M861.5

Muiregan, mac Diarmada, tighearna Náis & Airthir Life, do mharbhadh la Nortmannaibh.

M861.6

Aodh, mac Cumusccaigh, tighearna Ua Nialláin, d'écc.

M861.7

Amhlaoibh, Iomhar, & h-Uisli, tri toisigh Gall, & Lorcan, mac Cathail, tighearna Midhe, do ionnradh fearainn Floinn, mic Conaing.

M861.8

Uaimh Achaidh Alda h-i Mughdhornaibh Maighen, Uaimh Cnoghbhai, Uaimh Fert Bodain .i. buachaill Elcmaire, os Dubhath, & Uaimh Mná an Gobhand ag Droichead Atha, do chrothadh, & d'orgain lasna Gallaibh cedna.

M861.9

Iondradh Condacht lasin righ Aodh Finnliath,


p.498

co n-óccaibh an Fhochla.

M861.10

Marbhadh na n-Gall, i Fertai na c-Caírech, le Cerbhall, co fargaibhset xl. cenn lais, & gur ro innarb as a crich iad.

M861.11

Fiach Luimnigh d'écc.

Annal M862

M862.0

Aois Criost, ocht c-céd seascca a dó.

M862.1

An dara bliadhain d'Aodh Fhinnliath.

M862.2

Aeidhgin Brit, epscop Cille Dara, scribhnidh & angcoire, d'écc. Sé bliadhna décc ar chéd a ais an tan at-bath.

M862.3

Maonach, mac Condmhaigh, abb Ruis Cré.

M862.4

Muiredhach, mac Néill, ab Lughmhaidh & ceall n-aile.

M862.5

& Broccán, mac Comhsuidh, abb Slébhte, d'écc.

M862.6

Raoinedh mór riasan righ Aedh Finnliath, & ria Flann, mac Conaing, for Anbhith mac Aedha, Uladh co n-Ultoibh i t-tir Conaille Cerd.

M862.7

Creach la Cerbhall for Laighniu, & crech oile di seachtmhaine iaramh la Laighniu for Osraighibh.

M862.8

Lorcán, mac Cathail, tighearna Midhe do dhalladh la h-Aodh f-Finnliath.

M862.9

Conchobhar, mac Donnchadha, an dara tigherna boí for Midhe, do bhádhadh i nh-uiscce oc Cluain h-Ioraird, la h-Amhlaibh, tighearna Gall.

M862.10

Domhnall, mac Dunlaing, righdomhna Laighen, d'écc.

M862.11

Cermad, mac Catharnaigh, toiseach Corca Bhaiscind, do mharbhadh la Gallaibh.

M862.12

Indredh Eoghanachta la Cearbhall, mac Dunghaile, co roacht co Fioru Maighe Féne, & co t-tuc giallu aitheach-tuatha Mumhan, & indredh Ua n-Aonghusa an Desceirt, i n-aoin-bhliadhain lais.

Annal M863

M863.0

Aois Criost, ocht c-céd seascca a trí.

M863.1

An treas bhliadhain d'Aodh.


p.500

M863.2

Maincheine, epscop Leithghlinne.

M863.3

Tuathal, mac Ardghusa, primh-epscop Fortrenn, & abb Dúin Cealláin.

M863.4

Cellach, mac Aililla, abb Chille Dara, & abb Iae d'écc h-i c-Crich Cruithnech.

M863.5

Cethernach, mac Fairnigh, prioir Arda Macha.

M863.6

Conmhal, prioir Tamhlachta.

M863.7

& Luchairén, .i. athair Eceartaigh, mac Eoghain, mic Aedhagáin, mic Torbaigh, scribhnidh, & angcoire h-i c-Cluain Mic Nóis, d'écc.

M863.8

Ticchernach, mac Focartai, tighearna Locha Gabhar, & an dara flaith boí for Breaghoibh, d'écc.

M863.9

Tadhg, mac Diarmada, tighearna Ua Cennsealaigh, do mharbhadh lá a bhráithribh féisin.

M863.10

Colmán, mac Dúnlaing, tighearna Fothart Tíre, do mharbhadh la a chloinn féisin.

Annal M864

M864.0

Aois Criost, ocht c-céd seascca a cethair.

M864.1

Dineartach, eapscop & abb Lothra

M864.2

Colgga & Aedh, da abbadh Mainistreach Buithe, d'écc isin m-bliadhain-si.

M864.3

Ro tecclomadh léirthionól an Tuaisceirt la h-Aodh f-Findliath, go ro aircc longphorta Gall gach airm h-i rabhatar isin Fochla etir Cenel Eoghain & Dál n-Araidhe, & do-beart a crodh & a n-étead, a n-édala & a n-iolmhaoine. Rangadar Goill an Cóiccidh co h-aon-mhaighin go Loch Feabhail mic Lodain. Iarna fhios d'Aodh, .i. ri Ereann, an turcomhrac eachtair-chinél sin do bheith i n-or a thíre nír bho h-eisledhach ro frestladh lais iad, uair do-roich da soighidh líon a shochraide, & ro fearadh cath ainmhín ainiarmartach etorra cechtar dá lethe. Ro sraíneadh for na Gallaibh, & ro cuireadh a n-ár. Ro tionóiled a c-cionna co h-aon-mhaighin a b-fiadhnuisi an righ, conadh dá fhichit décc cend ro comhairmheadh fiadha, do-rochair lais don chath-gleó-sin cenmota in ro créchtnaighthe díobh, & do bretha i n-othairlighibh écca lais, & ad-báithit cidh iar trioll dia n-gonaibh.

M864.4

Sruthar, & Slébhte, & Achaidh Arglais d'orgain d'Osraighibh.

M864.5

Loch Léphind do shoúdh h-i


p.502

fuil, atar la cách combo páirte cró amhail scumha a imeachtair.

M864.6

Cernachan, mac Cumascaigh, tighearna Rátha h-Airthir, do mharbhadh la Muiregen, mac Aedhagáin.

M864.7

Maidhm for loinges n-Eochaille riasna Désibh, & cosgradh a longphuirt.

M864.8

Ar na n-Gall la Tuaisceart n-Osraighe, la Cinn Eidigh mac Gaithin oc Mindroichet.