Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M836

M836.0

Aois Criost, ocht c-céd triocha a sé.

M836.1

An cúigeadh bliadhain do Niall Chaille.

M836.2

Flaithri, abb Mainisdrech Buithe, epscop & angcoire.

M836.3

Fedach, abb Cille Delcce.

M836.4

& Martain, epscop Cluana Caoin, d'écc.

M836.5

Raoinedh for Muimhneachaibh ria Cathal, mac Muirghiusa.

M836.6

Cathal, mac Muirgheasa, mic Tomaltaigh, Connacht, d'écc iaromh.

M836.7

Riagan, mac Finnachta, lethrí Laighen, d'écc.

M836.8

Mael Dúin, mac Sechnusaigh, tigherna Fer c-Cúl, d'écc.

M836.9

Duibhlitir Odhar ó Temhraigh do ergabhail do Gallaibh, & bás cuimhrigh do imbirt fair ina longaibh iaromh, co n-dorchair leó.

M836.10

Cobhlach trí fichit long do Nortmannibh for Bóinn. Lucht trí fichit long oile for Abhainn Liphthe. Ro airgset & ro ionnraisset an dá mhór-chobhlach sin Magh Liphthe, & Magh Bregh, eitir cealla & congbhala, daoine & deighthrebha, crodh & cethra.

M836.11

Raeinedh ria b-Fearaibh Bregh for Ghallaibh i Mugdhornaibh Bregh, co t-torchrattar sé fichitt do Ghallaibh isin n-gleo-sin.

M836.12

Cath-shraoinedh ria n-Gallaibh oc Inbhear na m-Barc for Uibh Néill ó Sionainn


p.456

co muir, dú in ro ládh ár nat r-airmhedh riamh, acht nama ternaiset na riogha & na ruirigh, na triatha & na toisecha gan airleach gan athchuma.

M836.13

Cealla Locha h-Eirne do dhílgent la Gallaibh im Cluain Eoais, & im Daimhinis, &c.

M836.14

Cealla Laichteine, Inis Cealtra, & Cill Finnche, do losccadh la Gallaibh.

M836.15

Indredh Ceniuil Coirpre Cruim la Feidhlimidh, mac Criomhthainn.

M836.16

Saxolbh, toiseach na n-Gall, do mharbhadh la Ciannachtaibh.

M836.17

Ar for Ghallaibh occ Eas Ruaidh.

M835.18

Ar forra ag Carn Feradhaigh.

M836.19

Maidhm na b-Fearta ria n-Gallaibh.

M836.20

Céd-ghabháil Atha CliathGallaibh.

Annal M837

M837.0

Aois Criost, ocht c-céd triocha a seacht.

M837.1

An seiseadh bliadhain do Niall.

M837.2

S. Do Chata, naomh-epscop & angcoire, do fhorbadh a dheigh-bhetha isin cenntur cco ro fhaoidh a spiorat dochum nimhe.

M837.3

Corbmac, epscop & scribhnidh Cille Foibhrich, d'ég.

M837.4

Tighernach, mac Aedha, ab Fionnabhrach Abha & ceall n-aile, d'écc.

M837.5

Egnech Cille Delcce, epscop, abb, & scribhneóir, do mharbhadh cona mhuintir la Gailengaibh.

M837.6

Bran Fionnghlaisi, epscop & scribhnidh, d'ég.

M837.7

Ceallach, mac Coirpre, abb Atha Truim, d'écc.

M837.8

Ruaidhri, mac Donnchadha, prioir Cluana h-Ioraird, & abb cheall n-oile archena d'écc.

M837.9

Domhnall, mac Aedha, abb Droma Urchaille, d'écc.

M837.10

Ceallach, mac Cosgraigh, abb Aireccail Ciarócc.

M837.11

Rioghdhál mhór h-i c-Cluain Conaire Tomáin, eitir Niall Caille, & Feidhlimidh, mac


p.458

Criomhthainn.

M837.12

Mael Crón, mac Cobhthaigh, tigherna Locha Léin, d'écc.

M837.13

Sraoinedh ria n-geintibh for Connachtaibh, in ro marbhadh Maol Dúin, mac Muirghesa, mic Tomaltaigh, co sochaidhibh amaille fris.

M837.14

Bran, mac Faeláin, ó ráiter Uí Faoláin, Laighen, d'écc.

M837.15

Conghalach, mac Maonaigh, tigherna Ua Mic Uais Bregh, d'écc.

Annal M838

M838.0

Aois Criost, ocht c-céd triocha a h-ocht.

M838.1

An seachtmhadh bliadhain do Niall.

M838.2

Maol Gaimhridh, sgribhneóir toghaidhe, angcoire, & abb Bennchair.

M838.3

Aiden, prióir Cluana Mic Nóis, & abb Rosa Cré.

M838.4

Colmán, mac Robhartaigh, abb Sláine.

M838.5

Maol Ruanaidh, mac Cathail, secnabb Luscan.

M838.6

Corbmac, mac Conaill, abb Treoit.

M838.7

& Reachtabhra, abb Léith Mo Chaomhócc, d'écc.

M838.8

Muiredhach, mac Eathach, mic Fiachach, Coiccidh Conchobhair, do mharbhadh la a bhráithribh, Aedh & Aenghas, co sochaidhibh oile cenmotha-somh.

M838.9

Aodh, mac Eathach, do mharbhadh la Madadhan, mac Muireadhaigh.

M838.10

Ro ghabhsat murchobhlach do Ghallaibh for Loch Eathach. Ro h-urtha & ro h-airgthe tuatha & cealla tuaisceirt Ereann leó.

M838.11

Losccadh Fearna & Corcaighe MóireGallaibh.

M838.12

Commusgach, mac Conghalaigh, tigherna Ciannachta, d'écc.

M838.13

Cinnéididh, mac Conghalaigh, tighearna Ua Mic Uais, do mharbhadh la a bhráthairibh.

M838.14

Caemhchlúdh abbadh i n-Ard Macha, .i. Diarmaitt ua Tighernaigh i n-ionadh Fhorandáin ó Ráith Mic Maluis.

Annal M839

M839.0

Aois Criost, ocht c-céd triocha a naoi.

M839.1

An t-ochtmhadh bliadhain do Niall.

M839.2

Ioseph Rois Móir, epscop & scribhneóir dearscaighte, abb Cluana h-Eoais &


p.460

ceall n-aile, d'écc.

M839.3

Orthanach, epscop Cille Dara.

M839.4

Airmedhach, abb Rossa h-Ailithir.

M839.5

Crunnmhaol, prióir Dermhaighe.

M839.6

Mael Tuile Leithghlinne.

M839.7

Airechtach Chille Manach.

M839.8

& Berichtir Tulcha Léis d'écc 6 December.

M839.9

Innredh Fer c-Ceall, & Dealbhna Eathra la Niall Caille.

M839.10

Orgain Lughmhaidh la Gallaibh Locha h-Eathach, & ro ghabhsat braighde iomdha d'espuccoibh & do dhaoinibh eaccnaidhe foghlamtha, & ruccsat iatt dochom a longphort iar marbhadh sochaidhe oile leó bheós.

M839.11

Murchadh, mac Aedha, Connacht, d'écc.

M839.12

Dubh Dá Bharc, tigherna Desmhumhan, d'écc.

M839.13

Cionaedh, mac Cosccraigh, tigherna Breghmhaine i Tethbha d'écc.

M839.14

Losccadh Arda Macha cona derthaighibh, & cona daimh liacc, lasna Gallaibh reimhráite.

M839.15

Fedhlimidh, mac Criomhthainn, Mumhan, do indreadh Midhe & Bregh, co n-deisidh i Temhraigh, iar n-gabháil giall Connacht i n-aon-ló, conadh do-sin ro ráidh Ceallach, mac Cumasgaigh:

    1. As é Fedhlimidh an ,
      dianidh obair aon-láithi,
      etrighi Connacht gan cath,
      acus Midhe do mhandradh.

Annal M840

M840.0

Aois Criost, ocht c-céd cethracha.

M840.1

An nomhadh bliadhain do Niall.

M840.2

Maol Diothraibh, angcoire & egnaidh Tire Dá Ghlas, d'ég.

M840.3

Longphort acc Linn Duachaill la Gallaibh, as ro h-urtha & ro h-airgthe tuatha & cealla Teathbha.

M840.4

Longport oile ag Duibhlinn, as ro h-urtha Laighin & h-Uí Néill, etir tuatha & cealla, co Sliabh Bladhma.

M840.5

Slóighedh la Feidhlimidh co Carmain. Slóighedh la Niall ar a chenn co Magh n-Ochtair.

    1. Bachall Fedhlimidh fighligh
      fo-rragbaidh is na droighnigh,
      Dus-fucc Niall co neart uatha,
      a ceart an catha cloidhmhigh.


p.462

M840.6

Orgain Cluana h-Eidhnech, & dilgend Cluana h-Ioraird & Cille h-Achaidh Drumatai, la Gallaibh.

M840.7

Sraoineadh for Maol Ruanaidh, mac Donnchadha, .i. athair Mhaoilechloinn an righ, la Diarmuid, mac Conchobhair, & Diarmaitt do mharbhadh la Mael Seachlainn isin ló chédna.

Annal M841

M841.0

Aois Criost, ocht c-céd cethracha a h-aen.

M841.1

An dechmhadh bliadhain do Niall.

M841.2

Caomhán, abb Linne Duachaill, do mharbhadh, & do losccadh la Gallaibh.

M841.3

Ceallach, mac Caithgheinn, abb Droma Móir lá h-Uibh Eachdach, d'écc.

M841.4

Suibhne ua Teimnén, abb Glinne Dá Locha, d'écc.

M841.5

Fineachta, mac Bresail, abb Chille Dumha.

M841.6

Comsudh, mac Ruamlusa, abb Domhnaigh Seachnaill.

M841.7

Morán, mac Indrechtaigh, abb Clochair Mic n-Daimeni.

M841.8

& Muiredhach, mac Cernaigh, fertighis Arda Macha, d'écc.

M841.9

Orgain Cluana Mic Nois la Gallaibh Linne Duachaille.

M841.10

Orgain Dísirt Diarmada la Gallaibh Chaoil Uiscce.

M841.11

Orgain Biorra & Saighre la Gallaibh Bóinne.

M841.12

Longas Nortmaoinorum for Bóinn occ Linn Rois.

Longus oile díobh occ Linn Saileach la h-Ulta.

Longus oile díobh occ Linn Duachaill.

M841.13

Dunghal, mac Fearghaile, tighearna Osraighe, d'écc.

M841.14

Mughróin,


p.464

mac Aenghusa, tighearna Ua f-Failghe, d'écc.

M841.15

Maol Dúin, mac Conaill, tigherna Calatroma, do erghabhail do Gallaibh.

Annal M842

M842.0

Aois Criost, ocht c-céd cethracha a dó.

M842.1

An t-aonmhadh bliadhain décc do Niall.

M842.2

Do Diu, epscop Biorra, d'écc.

M842.3

Cumsudh, mac Derero, & Moenach, mac Sadchadaigh, dá epscop & dá angcoire iad-somh, & ro éccsat i n-aon-oidhche h-i n-Dísirt Diarmada.

M842.4

Suibhne, mac Forannáin, abb Imlecha Fio, d'écc.

M842.5

Ronán, abb Cluana Mic Nóis, do Luaighnibh Ruis Temhrach a chenél, agus

M842.6

Bricine abb Lothra, d'écc.

M842.7

Donnacán, mac Maoil Tuile, sccribhneóir, & angcóire, d'écc isin Etáil.

M842.8

Colggu, mac Fedaigh, angcoiri, d'écc.

M842.9

Maol Ruanaidh mac Donnchadha, Midhe, athair Maoil Seachlaind eisidhe d'écc.

M842.10

Fergus, mac Fothaidh, Connacht, d'ég.

M842.11

Cionaedh, mac Con Rai, tigherna Chenél Laoghaire, do mharbhadh la Dealbhnaibh.

M842.12

Coirpre, mac Cathail, Laighen Deasgabhair, d'écc.

M842.13

Tolorg, mac Allailedh, flaith Fealla, do mharbhadh la Gallaibh Locha Ribh, & Findacán, mac Allailedh, do thérnadh uadhaibh.

M842.13

Losccadh Cluana Fearta Brénainn lasna Gallaibh cédna.

Annal M843

M843.0

Aois Criost, ocht c-céd cethracha a trí.

M843.1

An dara bliadhain décc do Niall.

M843.2

Gormghal, mac Muiredhaigh, epscop & angcoire Lainde Lére.

M843.3

Fiachna, mac Maoil Bresail, abb Findabhrach Abhae.

M843.4

Labhraidh, mac Ailella, abb Sláine.

M843.5

Robhartach, mac Bresail, abb Achaidh Bó Cainnigh.

M843.6

Robhartach, mac Flainn, abb Domhnaigh Móir.

M843.7

Breasal, mac Caingne, abb Cille Manach.

M843.8

Cethernach, mac Fogartaigh, prioir Tíre Dá Ghlas.

M843.9

& Aodhan Glinne h-Uisean, d'écc.

M843.10

Sloighedh la Gallaibh Atha Cliath a c-Cluanaibh Andobhair, & argain leiss Chille h-Achaidh, & martradh Nuadhat mic Seigeni leo.

M843.11

Orgain Dúin Mascc la Gallaibh, dú in


p.466

ro gabhadh Aodh, mac Duibh Dha Chríoch, abb Tíre Dá Ghlas, & Cluana h-Eidhneach, & ruccsat leó é i Mumhain, & ro fodaimh martra ar Dia, & ro marbhadh Ceithernach, mac Con Dinaisg, prióir Chille Dara, co sochaidhibh oile amaille friu, isin orccain cédna.

M843.12

Forannán, primhaidh Arda Macha, do erghabháil do Ghallaibh i c-Cluain Chomharda, cona mhionnaibh & cona mhuinntir, & a m-breth leo dia longaibh go Luimneach.

M843.13

Slóighedh la Tuirgheis, tigherna Gall for Loch Ribh, co ro airccseat Connachta & Midhe, & ro loiscseat Cluain Mic Nóis cona derthaighibh, & Cluain Fearta Brénainn, Tir Dá Ghlas, Lothra, & cealla iomdha archena.

M843.14

Cath-raoineadh for Ghallaibh riasan righ, Niall, mac Aedha, h-i Maigh Iothha, & drong dirímhe do thuitim lais.

M843.15

Tuirgheis do ghabháil la Maol Seachlainn, mac Maol Ruanaidh, & a bhádhadh h-i Loch Uair iaramh, tré mhiorbhaile Dé &


p.468

Ciaráin, & na naemh archena.

M843.16

Fearghal, mac Brain, mic Maeile Tuile, mic Tuathail, tighearna Muscraighe, do mharbhadh, & Caicher, tigherna Fear Maighe.

M843.17

Orgain Donnchadha, mic Follamhain, & Flainn, mic Mael Ruanaidh, la Mael Sechlainn, mac Maoil Ruanaidh.


p.470

Annal M844

M844.0

Aois Criost, ocht c-céd ceathracha a ceathair.

M844.1

Muireadhach, mac Flaind, abb Mainistreach Buithi.

M844.2

Coirpre, mac Colmáin, abb Atha Truim.

M844.3

& Conaing, mac Ferdomhnaigh, abb Domhnaigh Pádraicc, d'écc.

M844.4

Feardomhnach, eagnaidh & scribhnidh toghaidhe Arda Macha, d'écc.

M844.5

& Robhartach, mac Suibhne, prioir Chille Achaidh, scribhnidh & eccnaidh do mharbhadh.

M844.6

Donnchadh, mac Amhalgadha, tighearna Ua n-Eathach.

M844.7

Clothnia, tighearna Corca Laoighdhe.

M844.8

Cathal, mac Ailella tighearna Ua Maine.

M844.9

Connmhach Mór, mac Cosccraigh.

M844.10

& Niall, mac Cind Fhaolaidh, tighearna Ua Fidhgeinte, d'écc.

M844.11

Maol Dúin, mac Conaill, tigherna Calatroma, do mharbhadh la Laighnibh.

M844.12

Sraoineadh for Connachtaibh ria n-Gallaibh, in ro marbhadh Riagán, mac Feargusa, & Mughron, mac Diarmada, & Aodh mac Catharnaigh, co sochaidhe oile.

M844.13

Cúil Caissine do orgain & do losccadh la Gallaibh.

M844.14

Orgain Cúile Moine do loinges na c-Caillech, & forbaisi coicthighisi la Cearbhall, mac n-Dunlaing, forru, & a n-dearg-ár do chur iar sin.

M844.15

Orgain termainn CiaráinFeidhlimidh, mac Criomhthainn, & Ciarán dna do theacht ina dheadhaidh, andar lais, & forgamh dia bhachaill do thabhairt ind, go ros-gabh guin medhoin, co narbo slán go a écc.

M844.16

Iar m-beith trí bliadhna décc i righe n-Ereann do Niall Caille, mac Aedha Oirdnidhe, ro báidhedh i c-Callainn, isin cúicceadh bliadhain caoccat a aoisi. As d'foraithmet a bháis ro raidhedh:

    1. Mallacht ort, a Challainn chruaidh,
      a shruaim amhail ceó do shlébh,
      Do riomart écc dá gach leith,
      for dreich nithaigh niamhguirm Néill.

Acus bheós:

    1. Ni charaim ind uiscce n-duabhais,
      imthéit seach thaobh Márais,
      A Challann cé no mhaoidhe,
      mac mná baidhe ro bháidhis


p.472

M844.16

Maonghal alithir ro raidh:

    1. Beir lat leir imcomort Néll,
      na badh brithem condal céill,
      Do righ nimhe taibhredh réir,
      condibh reidh do cech n-aimhreidh.
    2. Niall do-baa,
      Niall fo-bá,
      Niall i m-muir,
      Niall i tein,
      Niall cen naidhidh.

Annal M845

M845.0

Aois Criost, ocht c-céd cethracha a cúig.

M845.1

An chéd-bhliadhain do Mhaol Sechlainn, mac Maoil Ruanaidh, ós Eirinn.

M845.2

Conaing, mac Fir Domhnaigh, abb Domhnaigh Patraicc, d'écc

M845.3

Ceallach, mac Maoil Pádraicc, prióir Fer Rois, d'écc.

M845.4

Fedhlimidh, mac Criomhthainn, ri Mumhan, angcoire & scribhneóir ba deach d'Erennchaibh ina aimsir, d'écc 18 August, dia ghuin mhedhoin, tria mhiorbhaile Dé & Ciaráin. Ba do bhás Feidhlimidh ro ráidheadh:

    1. Dursan a Dhe d'Feidhlimidh,
      tonn báis bá romh rod-báidhe,
      Fo deara brón d'Eirionnchaibh,
      nad mair mac Criomhthainn Cláire.
    2. As suaithnidh do Ghaoidhealaibh
      tan do-anic an dedenbhaidh,
      Ro scaich ár a n-Erind uaigh
      on uair at-bath Fedhlimidh.
    3. Ni deachaidh irredh righi
      marbhan bad innigretar,
      flaith fial fo righ n-Ailbine
      co brath nochon gignethair.

M845.5

Eoghan .i. angcoire, mac Aedhagáin, mic Torbaigh, ó Cluain Mic Nóis, d'écc.

M845.6

Toghail insi Locha MuinreamhairMaol Sechlainn, mac Mael Ruanaidh, for


p.474

fiallach mór do mhacaibh báis Luicchne & Gaileng ro bhádar occ innredh na t-tuath a h-ucht Gall, go ro mallartnaighit lais.

M845.7

Maol Goan, mac Eathach, tigherna Ceneoil m-Bóghaine, d'écc.

M845.8

Artuir, mac Muiredhaigh, tigherna Airthir Life, d'écc.

M845.9

Cathal, mac Cosccraigh, tigherna Fotharta, do mharbhadh la h-Ui Néill.

M845.10

Condmhach, mac Cethernaigh, lethtoísech Ciarraighe, d'écc.

M845.11

Niall, mac Cind Faolaidh, tigherna Ua f-Fidhgente, d'écc.

M845.12

Ar for Gallaibh Atha Cliath oc Carn m-Brammit, la Cearbhall, mac n-Dungaile, tigherna Osraighe, dú in ro marbhadh da chéd décc díobh.

M845.13

Cédna h-orgain Imligh Iubhair la Gallaibh.