Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M816

M816.0

Aois Criost, ocht c-céd a sé décc.

M816.1

An cethramhadh bliadhain fichet d'Aodh.

M816.2

Airbhertach Cille Dara.

M816.3

& Dioma, mac Fianghusa, abb Rossa Cré, d'écc.

M816.4

Mac Lachtna, tigerna Ciarraighe Luachra, d'ég.

M816.5

Iomairecc Ratha Fearadh ria


p.428

t-toiseachaibh Ua m-Briúin, Diarmuid, mac Tomaltaigh, & Maol Cothaigh, mac Fogartaich, for tigherna Ua Maine, Cathal, mac Murchadha, occ Dealbhna Nuadhat, eitir Suca & Sionainn, airm a t-torchair Cathal, & araile saerchlanna imaille fris.

M816.6

Iomaireacc eitir Ultaibh féisin, in ro marbhadh Caireall, mac Fiachna, ri Uladh, la Muireadhach mac Eachdhach.

M816.7

Diarmaid, abb Iae Coluim Cille, do dhul i n-Albain.

Annal M817

M817.0

Aois Criost, ocht c-céd a seacht décc.

M817.1

Reachtabhra ua Muichtighern, eagnaidh & abb Imleacha Iubhair.

M817.2

Muireadhach, mac Crunnmhaoil, abb Dísirt T' Ernócc.

M817.3

Crunnmhael, mac Ailella, comharba Cianáin Doimh Liacc.

M817.4

Laisrén Chille Dara.

M817.5

Crundmael Tighe Munda.

M817.6

& Condmhach ua Cathail, egnaidh Cluana Ferta Brénainn, d'ég.

M817.7

Fásucchadh criche Cualann & Laighin go Glend Dá Locha, lasin righ, la h-Aodh Oirdnidhe.

M817.8

Iomaireacc etir Cenel Conaill & Cenel n-Eoghain, in ro marbadh Maol Bresail, mac Murchadha, tighearna Ceneoil c-Conaill, la Murchadh mac Mael Dúin.

M817.9

Cathal, mac Dunlaing, tigherna Ua c-Ceinnsealaigh, d'écc.

M817.10

Conghalach, mac Ferghaile, tigherna Fer c-Cúl, d'ég.

M817.11

Iar m-beith cúig bliadhna fichet i n-airdrighe na h-Ereann d'Aodh Oirdnidhe, mac Néill Frasaigh, at-bath ag Ath Dá Fearta, i Muigh Conaille, iar m-buaidh n-aithrighe.

M817.12

Airtri, mac Conchobhair, co scrín Patraicc do dhol h-i c-Connachtaibh.

M817.13

Indreadh Laighen la h-Aedh n-Oirdnidhe .i. Tír Chualand go Glend Dá Lacha.

Annal M818

M818.0

Aois Criost, ocht c-céd a h-ocht décc.

M818.1

An chéd-bhliadain do Chonchobhar, mac Donnchadha, mic Domhnaill, ós Erinn h-i righe.

M818.2

Mael Tuile, abb Bendchair.


p.430

M818.3

Crundmhael, mac Odhrain, abb Cluana h-Ioraird.

M818.4

& Dálach, mac Congusa, comharba Cianáin Doimh Liacc, d'écc.

M818.5

Sloighedh la Murchadh, mac Maoile Dúin, do Druim Indech go n-Uibh Néill an Tuaisceirt immaille fris. Táinic Conchobhar, righ Ereann, co n-Uibh Néill an Deisceirt andes, & co Laighnibh don leith oile, & iar rochtain co h-aon-mhaighin dóibh táinic, do mhiorbhailibh Dé, go ro sgarsat fri aroile an tan-sin gan fhuiliucchadh gan foirdheargadh ó neach díbh for aroile.

Annal M819

M819.0

Aois Criost, ocht c-céd a naoi décc.

M819.1

An dara bliadhain do Chonchobhar.

M819.2

Cenn Faoladh, mac Ruamain, scribhneóir, epscop, angcoire, & abb Atha Truim

M819.3

& Flann Dairinsi d'écc.

M819.4

Orgain Edair la Gallaibh, & broid mhór do mhnáibh do bhreith leo.

Orgain Becc-Ereann, & Dairinsi Caomháin leo doridhisi

M819.5

Slóigheadh la Conchubhar, mac Donnchadha, co h-Ardachaidh Sleibhe Fuait, go ro fásaighedh na h-Airthera uile lais go riacht Eamhain Macha.

Annal M820

M820.0

Aois Criost, ocht c-céd a fiche.

M820.1

An treas bhliadhain do Chonchobhar.

M820.2

Mac Riaghail ua Maglena, scribhneóir, epscop, & abb Biorair.

M820.3

Laithbheartach, mac Aenghasa, epscop, Cluana Ferta Brenainn.

M820.4

Eocha ua Tuathail, angcoire, epscop, & abb Lughmhaidh.

M820.5

Olcobhar, mac Cummusccaigh, abb Cluana Fearta Brénoinn.

M820.6

Forbhasach, abb Achaidh Bó Cainnigh.

M820.7

& Aildeabhair Cille Manach, d'écc.

M820.8

Slóighedh la Murchadh, mac Maoile Dúin, co b-Fhearaibh ind Fochla imme, co ráinic Ard m-Breacáin. Ro elaidhseat iaramh Fir Bregh & Síol Aodha Sláine cuige, co ro ghiallsat dó acc Druim Ferghasa.

M820.9

Cumasccach, mac


p.432

Tuathail, tighearna Airde Ciannachta, do mharbhadh la Murchadh.

M820.10

Raoinedh for Fhiora Airde Ciannachta, h-i cath Cairn Conáin, ria c-Comasccach, mac Conghalaigh, in ro marbhadh Eodhos, mac Tighearnaigh, & sochaidhe oile araon ris.

M820.11

Raoinedh ria n-Aoibh Garbhan & Cuircne for Delbhnae.

M820.12

Orgain Insi Doimhle, & Corcaighe la Gallaibh.

Annal M821

M821.0

Aois Criost, ocht c-céd fiche a h-aon.

M821.1

An cethramhadh bliadhain do Chonchobhar.

M821.2

Diarmait, mac Donnchadha, abb Roiss Each.

M821.3

Dubh Dá Chrioch, mac Maoile Tuile, abb Chille Achaidh.

M821.4

Muiredhach, mac Ceallaigh, abb Chille Dara.

M821.5

Seachnusach Locha Cendin, epscop & ancoiri.

M821.6

Cu Caech, abb Cluana h-Uamha.

M821.7

Forbhasach, comharba Bairre Corcaighe.

M821.8

Sealbhach Inis Pích.

M821.9

& Conghal, mac lorghalaigh, prioir Cluana Mic Nois d'ég.

M821.10

Fineachta, mac Badhbhchadha, tighearna na n-Déisi, d'ég.

M821.11

Fearghal, mac Catharnaicc, tigherna Loca Riach, d'écc.

M821.12

Conaing, mac Congail, tighearna, Teathbha, d'ég.

M821.13

Aithrigheadh Murchadha, mic Maoile Dúin, la Niall Caille, mac Aedha Oirdnidhe, la Cenel n-Eoghain.


p.434

Annal M822

M822.0

Aois Criost, ocht c-céd fiche a dó.

M822.1

An cúicceadh bliadhain do Chonchubhar 'san righe.

M822.2

Muireadhach, mac Ceallaigh, comharba Conlaedh d'écc.

M822.3

Orgain Beannchair la Gallaibh, & cosccradh a derthaighe, & relcci Comhghaill do chrothadh as an sgrín ina rabhsat, amhail ro thairngir Comghall féisin, dia n-ebairt:

    1. Bidh fír, fír,
      do dheoin áirdrigh na rígh,
      Berthor mo cnámha gan crón,
      ó Bheandchuir bagha do Eantrobh.

M822.4

Niall, mac Feargusa, tighearna Ua Forannáin, d'écc.

M822.5

Iomaireacc Fionnabhrach eitir Fhiora Tethbha féisin, in ro marbhadh Aodh, mac Foghartaigh, & aroile sochaidhe.

M822.6

Eochaidh, mac Bresail, tigherna Dail Araidhe an Tuaisceirt, do mharbhadh la a mhuintir féisin.

M822.7

Spealán, mac Sloighedhaigh, tigherna Conailli Muirtheimhne, d'écc.

M822.8

Tighearnach, mac Cathmogha, tigherna Aidhne

M822.9

& Fionnaccán, mac Cosccraigh, tigherna Breaghmhaine, d'ég.

M822.10

Lex Pátraicc for Mumhain la Felim, mac Criomhthainn, & la h-Airtri, mac Conchobhair, .i. epscop Arda Macha.

Annal M823

M823.0

Aois Criost, ocht c-céd fiche a trí.

M823.1

An seiseadh bliadhain do Chonchubhar.

M823.2

Cuana Lughmhaidh, eagnaidh & epscop.

M823.3

Diarmuid ua Aodha Róin, angcoire & dochtuir derscaighthe esidhe.

M823.4

Cuimnech, abb Fionnghlaisi.

M823.5

Aodhan, abb Tamhlachta Maele Ruain.

M823.6

Suibhne, mac Fergasa, abb Dúin Lethglaisi, angcoiri, & epscop.

M823.7

Flannabhra, abb Maighe Bile.

M823.8

Colman mac Ailealla, abb Slaine & ecclas oile archéna isin f-Frainc & i n-Erinn.

M823.9

Mael Rubha, angcoire, epscop &


p.436

abb Aird Breacáin.

M823.10

Flann, mac Foircheallaigh, abb Lis Móir, d'écc.

M823.11

Fearghal, mac Cathrandaigh, tighearna Locha Riach d'ég.

M823.12

Aengus mac Maoile Dúin, tigherna Locha Gabhar, d'écc.

M823.13

Blathmac, mac Flainn, do ghabháil coróna mairtir, uair do marbhadh-somh la Galloibh i nh-I Coluim Cille.

M823.14

Dún Da Lethghlais d'orgain la Galloibh..

M823.15

Losccadh Maighe Bile cona dearthaigibh leo bheós.

M823.16

& orgain Insi Doimhle.

M823.17

Roinedh i Muighinis ria n-Ultoibh for Ghallaibh, du in ro marbhadh sochaidhe,

M823.18

Raoineadh ria n-Gallaibh for Osraighibh.

M823.19

Mael Bresail, mac Oilella Cobha, tighearna Dail Araidhe, d'écc.

Annal M824

M824.0

Aois Criost, ocht c-céd fiche a cethair.

M824.1

An seachtmhadh bliadhain do Chonchobhar.

M824.2

Clemens epscop, abb Cluana h-Ioraird.

M824.3

Ruthmael, epscop abb Cluana Ferta Brénainn, d'écc.

M824.4

Condmhach, mac Saerghusa, abb Ruis Ailithir.

M824.5

Baethlocha, abb Biorair, d'écc.

M824.6

Maol Dúin, mac Gormghaili, tigherna Ua Méth, d'écc i c-cléircheacht.

M824.7

Diarmuid, mac Neill, tigherna Deisceirt Bregh.

M824.8

Niall, mac Diarmada, tigherna Midhe, d'écc.

M824.9

Art, mac Diarmada, tigherna Teathbha do mharbhadh.

M824.10

Losccadh Dealbhna Bethra la Feidhlimidh, mac Criomhthainn.

M824.11

Léx Pattraicc for Teoraibh Connachtaibh la h-Airtri, mac Concobhair, .i. epscop Arda Macha.

Annal M825

M825.0

Aois Criost, ocht c-céd fiche a cúig.

M825.1

An t-ochtmhadh bliadhain do Chonchobhar.

M825.2

Echtgus, comharba Maeile Ruain Tamhlachta, d'écc.

M825.3

Abnier, abb Cille h-Achaidh, d'écc.

M825.4

Maonach, mac Crunnmhaoil, prióir Fer Rois, d'écc.

M825.5

Sárughadh Eoghain Mainistreach im phriomhaidecht Arda Macha, dia rochuir Cumusccach, mac Cathail, tigherna Airghiall este cco h-aimhdheonach é, & ro chuir Airtrí, mac Conchobhair (mac máthar esidhe do Cumusccach) ina ionadh.

Eoghan imorro, fer leighinn Mainistreach, do-righne an rann-so, dia ro chuir a psailm-chettlaigh d'accalaimh Néill Chaille, ar ba h-eisiumh rob anmchara do


p.438

Niall, im chomharbus Pádraicc do chosnamh dhó, óir ro ba nertmhar-somh .i. Niall i nd-Ultoibh:
    1. Abair ré Niall ni madha,
      guth Eoghain, mic Anmchadha,
      Ni biodh 'san righe i rabha,
      munab abb a anmchara.

Is é tra a chomair, tionóilidh Niall a shlógha .i. Conaill & Eoghain. Tionóilidh Cumusccach, tigherna Airghiall, & Muireadhach, mac Eathach, tigherna Ua Eathach Uladh, Airghialla & Ulaidh, & fearthair cath crodha etorra, .i. cath Leithe Caim, h-i Maigh Enir. As do thairngire in catha sin ro thiorchan Da Chiarócc .i. naomh a h-Airiccul:

    1. Lethi Cam,
      do faethsat mór n-gerat ann,
      Tarrustar occ Leith Luin
      cidh cian, cidh cuin is cidh mall.

As do thairngire an chatha cédna ad-bert Becc mac :

    1. Leithe Cam,
      con-ricfad dias amhnus ann,
      Bidh ri Eoghan ar Eoghan,
      ard an gleóghal bhias and.

Ro comhailleadh samhlaidh, ar do mheabhaidh for bhuidhnibh Ailigh ria n-Airghiallaibh isin dá lá toisigh, an treas lá imorro, dia t-táinic Niall féisin isin cath oc Leithi Luin h-i c-comhfoccus Leithi Caim ro meabhaidh for Airgiallaibh, & ro díóthaighit, & ro lenta co Craibh Caille, ós Callainn, fri h-Ard Macha aniar, & ro mheabhaidh an cath for Ulltoibh & Airghiallaibh, & ro ladh a n-ár. Ro marbhadh ann Cumusccach & Conghalach, dá mac Cathail, & araile saorchlanna do Airghiallaibh.

Ro ghabh iaromh Eoghan Mainisttreach ardcomharbus Pádraicc fri ré naoi m-bliadhan iar sin tré neart Neill Chaille, & c.

Senoir do mhuintir Arda Macha at-bert iar n-ár Airghiall h-i c-cath Léithi Caim:


p.440

    1. Ní ma ruccsam ar m-báire,
      ní má lodmar sech Léire,
      ní mar ggabhsam Eoghan
      sech cech n-deoraidh i nd-Ere.

M825.6

Ríoghdhál occ Biorrae etir Conchubhar, mac Donnchadha, rí Ereann, & Fedhlimidh. .i mac Criomhthainn, Mumhan.

M825.7

Flaithemh, mac Donnghalaigh, tigherna an Fhochla, do mharbhadh.

M825.8

Corbmac, mac Domhnaill, tigherna na n-Déisi, d'écc.

M825.9

Luscca do orgain la Gallaibh.

M825.10

Flannghas, mac Loingsigh, abb Arda Macha, d'écc.

M825.11

Coscradh aonaigh Taillten for Gailengaibh, la Conchobhar, mac Donnchadha, dia ro marbhadh sochaidhe.

M825.12

Coscradh aonaigh Colmain la Muiredhach for Laighnibh Deasgabhair dú in ro marbhadh íle.

M825.13

Coscradh Dunaidh Laighean i n-Druim la Geintibh, du in ro marbhadh Conaing, mac Con Congelt, tigherna na f-Forthuath co sochaidhibh ile.