Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M796

M796.0

Aois Criost, seacht c-céd nochat a sé.

M796.1

An cethramhadh bliadhain d'Aodh.

M796.2

Bresal, mac Segeni, abb Iae, d'écc, iar m-beith bliadhain ar triochat i n-abdaine.

M796.3

Fedhlimidh ua Lugadon, abb Cluana Dolcáin.

M796.4

Catharnach, mac Cathail Maenmaighe, & Nindidh, angcoire, d'écc.

M796.5

Ruamnus, abb Domhnaigh Seachnaill, d'ég.

M796.6

Taisi naomh Ronáin, mic Beraigh, do chor i n-áirc baí ar na h-imdenamh d'ór & d'argatt.

M796.7

Bé Fhail, inghen Cathail, rioghan Donnchadha, mic Domhnaill, d'écc.

M796.8

Iomairecc etir Ultaibh, & Ui Eathach Cobha, i t-torchair Eochaidh, mac Ailella, tigherna Cobha.

Annal M797

M797.0

Aois Criost, seacht c-céd nochat a seacht.

M797.1

An cúigeadh bliadhain d'Aodh.

M797.2

Ailill, mac Corbmaic, abb Sláine, egnaidh & breithemh ergna, d'écc.

M797.3

Muiredhach, mac Olcobhair, abb Cluana Ferta Brénainn.

M797.4

Condachtach, scribhneoir tocchaidhe, & abb Iae.

M797.5

Clemens Tíre Dá Ghlas.

M797.6

Mac Oige Apor Crosain, abb Bennchuir, d'ég.

M797.7

Cosccrach ua Fraoich, abb Lughmaidh, d'écc.

M797.8

Muiredhach, mac


p.406

Domhnaill, thigerna Midhe, d'écc.

M797.9

Aedh Oirdnidhe do dhol i Mídhe, co ro rann Midhe etir dá mhac Donnchadha .i. Conchubhar & Ailill.

M797.10

Ailill do mharbhadh lá Conchabhar an bhliadhain ar n-diaidh i g-cath.

M797.11

Euginia, inghen Donnchadha, mic Domhnaill rioghain righ Temhra .i. rígh Bregh d'écc.

M797.12

h-I Choluimb Chille do losccadh la h-allmurachaibh .i. la Nortmanoibh.

M797.13

Toghail Locha Riach la Muirghius, mac Tomaltaigh.

M797.14

Fearghal, mac Anmchadha, tigherna Osraighe, d'ég.

M797.15

Artri, mac Aililla, tigherna Mughdorn Maighen, d'écc.

Annal M798

M798.0

Aois Criost, seacht c-céd nochat a h-ocht.

M798.1

An seiseadh bliadhain d'Aodh.

M798.2

Flann, mac Naergaile, ro fhodaimh-sidhe sé bliadhna d'écc i t-trebhlaid dichumhaing ar Dhia, co ro écc iaramh.

M798.3

Mac Laisre, an suí ó Inis Muiredhaigh, d'écc.

M798.4

Airfhindan, abb Tamhlachta Maeile Ruain, d'écc.

M798.5

Iomairecc Rubha Conaill eitir dá mac Donnchadha, in ro marbhadh Ailill la Conchubhar.

M798.6

Oenghas ua Mughroin, tigherna Ua Failghe, do mharbhadh tre ceilcc la a mhuintir féin.

M798.7

Finachta, mac Cellaigh, do mharbhadh.

M798.8

Dunchadh mac Conghaile, tigherna Locha Cal, do mharbhadh la a bhráthair.

Annal M799

M799.0

Aois Criost seacht c-céd nochat a naoi.

M799.1

An seachtmadh bliadhain d'Aodh.

M799.2

Carabran, abb Lis Móir.

M799.3

Faelán, mac Cellaigh, abb Cille Dara.

M799.4

& Corbmac, mac Conaill, feirtíghis Luscan, d'écc.

M799.5

Duibh Indrecht, mac Cathail, Connacht d'écc.

M799.6

Laeghairi mac Ferghaile, tigherna Desmumhan, d'écc.

M799.7

Domhnall, mac Aodha Muindeirg, mic Flaithbhertaigh, mic Loingsigh, mic Aonghasa, mic Domhnaill, mic Aodha mic Ainmireach, tighearna an Tuaisceirt, d'écc.

M799.8

Cinaedh,


p.408

mac Duineachda, & Cernach, mac Duinchadha, tigherna Mughdorn, d'ég.

M799.9

Fasughadh Laighen fa dhó i n-aoin-mís la h-Uibh Néill, conadh dhó do ráidheadh:

    1. Iarsain soais co l-Laighniu,
      Aedh net nat imcaibh oghru,
      Nír an an tetrí tadcach,
      condo-farcaibh i m-broghnu.

M799.10

Aodh Oirdnidhe do thionól slóigh lán-mhóir do dhol i Laighnibh, & Laighin do fásucchadh fo dhí a n-aon-mhí. Do-ronadh léirthionól fer n-Ereann doridhisi leis cenmothat Laighin, eitir laochaibh & cléircibh, go riacht Dún Cuair, i coiccrioch Midhe & Laighen. Táinic ann Connmhach, comharba Pátraicc, co c-cléir Leithe Cuinn imaille fris. Nír bhó maith lasna cléirchibh tocht for slóighédh itir. Agaoinsiot a n-imnedh frisan righ. As-bert din an .i. Aodh, no ghébhadh amhail at-béradh Fothadh na Canóine, conidh and rucc-sidhe an m-breith, dia ro shaor cléirigh Ereann for feacht & sloighédh do ghrés, co n-epert:

    1. Ecclas Dé bhi,
      léicc di, na snaí,
      Bid a cert for leath,
      febh as deach ro bhaoi.
    2. Gach fior-mhanach fil,
      for a chubhais n-glan,
      Don ecclais dian dir
      gnidh amhail gach modh.
    3. Gach dilmhain iar sin,
      fil gan recht gan réir
      Cet cia theis frí baigh
      Aedha mhair mic Néill.
    4. As i an riaghail chert,
      sech ní mór ni becc,
      Foghnadh cach a modh,
      gan on gan ecc.

      Ecclas.

Do-chóidh Aódh Oirdnidhe iaramh co righ Laighen, & fuair a oighréir ó Laighnibh, & do-bhert Finsneachta, ri Laighen, geill & eidire dhó.

M799.11

Tarla gaeth anbfoill, tóirneach, & teindteach isin ló ria féil Pádraicc na bliadhna-so, go ro marbhadh deichnebhar ar mhíle h-i crích Corca Baiscind, & co ro rand an mhuir Oilen Fithae i tribh randaibh.

Annal M800

M800.0

Aóis Crióst, ócht c-céd.

M800.1

An t-ochtmhadh bliadhain d'Aodh Oirdnidhe.

M800.2

Robhartach, abb Bendchuir.

M800.3

Muiredhach, mac Aimhirgin, abb Leithghlinne.

M800.4

Cuana, abb Mainistrech Buithe.

M800.5

Maonach, mac Colgan, abb Luscan.

M800.6

Dubh Da Bhoirenn ua Dubhain, abb Cluana Ioraird.

M800.7

Fiangus, abb Ruis Cré.

M800.8

Corbmac, mac Muirghiusa, abb Baislicce.

M800.9

Fine, banabb Cille Dara, d'écc.

M800.10

Ceall Achaidh do losccadh cona derthaigh nuí.

M800.11

Muirchertach, mac Donnghaile, tigherna Breifne.

M800.12

Mael Bracha, mac Breslén, tigherna Corca Loighdhe.

M800.13

& Fionnachta, mac Donnghaile, d'écc.

M800.14

Cernach, mac Fergusa, tigherna Locha Gabhair, d'écc.

M800.15

Finshneachta, mac Ceallaigh, ri Laighen, do ghabháil cléirceachta.

M800.16

Do-dheachaidh Aodh Oirdnidhe co Dún Cuair, co ro roinn Laighniu eter na dá Mhuireadhach, .i. Muiredhach, mac Ruadhrach, & Muireadhach, mac Brain.

Annal M801

M801.0

Aois Criost, ocht c-cétt a h-aon.

M801.1

An naomhadh bliadhain d'Aodh Oirdnidhe.

M801.2

Congal, mac Moenaich, abb Sláine, suí n-eccna, & occh iodhan eisidhe.

M801.3

& Loitheach, doctor Bendchair, d'écc.

M801.4

h-I Coluim Chille do ionnradh la h-allmhurachoibh, & sochaidhe mor dó laochaibh & do cléircibh do mharbhadh leo .i. ochtar ar thríbh fichtibh.


p.412

M801.5

Flaithiusa, mac Cionaedha, tigherna Ua Failghe, do mharbhadh i Raith Imghain.

M801.6

Tír Da Ghlas do losccadh.

M801.7

Finnachta, mac Ceallaigh, Laighen, do ghabháil ríghe dorídhisi.

M801.8

Connmhach, bretheamh Ua m-Briúin, d'eg.

Annal M802

M802.0

Aois Criost, ocht c-ced a dó.

M802.1

An dechmhadh bliadhain dh' Aodh Oirdnidhe.

M802.2

Cend Faoladh, epscop Cluana Ferta, d'ecc.

M802.3

Elarius, angcoire, & scribhneóir Locha Créa, d'ecc.

M802.4

Lemnatha Cille Manach d'écc.

M802.5

Ecclas Choluim Chille h-i c-Cenannus do dhíothláithriucchadh.

M802.6

Inis Muiredhaigh do losccadh la h-allmhurachaibh, & a n-dol istegh for Ros Cam .

M802.7

Corbmac mac Donghalaigh, tigherna an Fhochla, d'écc.

M802.8

Murchadh ua Floinn, tigherna Ua Fidhgeinte, d'écc.

Annal M803

M803.0

Aois Criost, ocht c-ced a trí.

M803.1

An t-aenmhadh bliadhain décc d'Aodh.

M803.2

Tomas, epscop scribhneoir, & abb Linne Dóachaill.

M803.3

Faelghus, abb Cille h-Achaidh, d'écc.

M803.4

Fisneachta, mac Ceallaigh, Laighen, d'écc i c-Cill Dara.

M803.5

Cinaedh, mac Conchobhair, do mharbhadh i Maigh Cobha la Cruithnibh.

M803.6

Slóighedh la Muirgheas,


p.414

mac Tomaltaigh go c-Connachtaibh imme, do chongnamh la Conchobhar, mac Donnchadha, mic Domhnaill, do mhilledh Fear Midhe, co riachtatar Tír an Aenaigh. Táinicc an , Aedh, d'imdheghail Fer Midhe, & ro chuir Conchubhar cona shochraide i raon madhma esti, amhail bataís minda & cethnata .i. caoiridh. Ro loisc iaramh an ro ba tairisi do Dhonnchadh do chrich Midhe.

Annal M804

M804.0

Aois Criost, ocht c-céd a cethair.

M804.1

An dara bliadhain d'écc Aodh Oirdnidhe.

M804.2

Aodh, abb Glinne Dá Locha.

M804.3

Maol Fothartaigh, mac Flainn, abb Findabhrach Abhae, & Cille Monai, d'ég.

M804.4

Finbil, banabb Cluana Brónaigh.

M804.5

& Dunchu, abb Tealcha Les, do mharbhadh.

M804.6

Cu Chiaran, prioir Cluana, d'ég.

M804.7

& Baetan Cluana Tuaisceirt.

M804.8

Iomairecc la h-Ultoibh ettir dá mac Fiachna, & ro sraínedh ria c-Cairell for Eochaidh.

M804.9

Iomairecc eitir Ui c-Ceinnselaigh, i t-torcair Cellach, mac Donnghaile.

M804.10

Iondradh n-Uladh la h-Aodh Oirdnidhe, lasin righ, i n-dioghail sáraighthe scríne Pádraicc for Dunchoin.

M804.11

Tene do thoiniudh do nimh, las ro marbhadh daoine i n-Derthoigh Aedhain.

Annal M805

M805.0

Aois Criost, ocht c-céd a cúicc.

M805.1

An treas bhliadhain décc d'Aedh Oirdnidhe.

M805.2

Caithnia, abb Doimh Liacc.

M805.3

Tighernach, las ro fothaighedh Daire Mele, abb Cille Achaidh.

M805.4

Guaire, abb Glinne Dá Lacha.

M805.5

& Maol Dúin, mac Donnghaile,


p.416

fertíghis Arda Macha, d'écc.

M805.6

Maol Fothartaigh, .i. scríbhnídh, mac Aedhghaile abb Aireccail Da Chiarog, d'ég.

M805.7

Anluan, mac Conchobhair, tigherna Aidhne, d'ég.

M805.8

Tadhg & Flaithnia, dá mhac Muirghesa, mic Tomaltaigh, do mharbhadh la Luighnibh, & fásughadh Luighne la Muirghes ina n-dioghail. Laoch do Luighnibh ad-rubairt:

    1. Ro mharbh Muirghes mo mac-sa,
      ba ro mhór ro-dom-tési,
      As meisi im-rubairt cailcc
      for braghaid Taidhg dar éisi.

M805.9

Cathal, mac Fiachrach, tigherna Ratha Airthir & Fer c-Cúl, d'écc.

M805.10

Gormghal, mac Dindaghaigh, abb Arda Macha & Cluana h-Eoais, d'écc.