Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M786

M786.0

Aois Criost, seacht c-céd ochtmodha a sé.

M786.1

An t-aenmhadh bliadhain fichet do Dhonnchadh.

M786.2

Caencomhrac, epscop Fionnghlaise Cainnigh.

M786.3

Saerbhercc abb Cluana Mic Nóis, d'écc.

M786.4

Siornae, abb Bendchair.

M786.5

& Muireadhach, mac Aonghusa, abb Lusccan, d'écc.

M786.6

Dinertach, mac Mogadhaigh, ancoiri, d'écc.

M786.7

Ardghal, mac Cathail, Connacht, d'écc i n-Iae Coluim Cille, ina oilithre.

M786.8

Amhalgaidh, tigherna Ua Maine, d'écc.

M786.9

Iomaireacc Aird Abhla in ro marbhadh Diarmuid, mac Bece, tigherna Teathba la Ferghus, mac Ailghille.

Annal M787

M787.0

Aois Criost, seacht c-céd ochtmodha a seacht.

M787.1

An dara bliadhain fichet do Dhonnchadh.

M787.2

S. Mael Ruain, epscop Tamlachta Maoil Ruain, d'écc an 7 lá Iul.

M787.3

Aedhan h-ua Con Cumba, epscop, & milidh tocchaidhe do Crist, d'écc.

M787.4

T' Erocc,


p.394

abb Corcaighe.

M787.5

Aedhan Raithne.

M787.6

Cronan Liae Fernae.

M787.7

& Soermugh Eanaigh Duibh d'ég.

M787.8

Tomaltach, mac Innrechtaigh, ri Uladh, do mharbhadh la h-Eochaidh, mac Fiachna.

M787.9

Breasal, mac Flathrai, tigherna Dáil Araidhe.

M787.10

Mael Bresail, mac Aedha, mic Crichain, tigherna Ua Fiachrach.

M787.11

Fiachan, tigherna Conaille.

M787.12

Donn Coirche, tigherna Dail Riata.

M787.13

& Cathmugh, tigherna Calraighe, d'écc.

M787.14

Iomaireacc Sruithe Cluana Arggaid, i t-torchair Cionaedh, mac Artgaile, la Muirghes, mac Tomaltaigh.

M787.15

Iomaireacc Airdd Mic Rime, ria Muirghes, mac Tomaltaigh, bheós for Uibh n-Ailella, i t-torchair Conchubhar & Aireachtach ua Cathail, Cathmugh, mac Flaithbhertaigh, tigherna Coirpre, & Corbmac, mac Duibh Dá Críoch, tigherna Breifne.

Annal M788

M788.0

Aois Criost, seacht c-céd ochtmodha a h-ocht.

M788.1

An treas bhliadhain fichet do Dhonnchadh.

M788.2

Crunnmhaol Droma Inescclainn, abb Cluana Ioraird.

M788.3

Cionaedh, mac Cumasccaigh, abb Dearmhaighe.

M788.4

Doimtheach, airchindeach Trefoit Móir.

M788.5

Aurthaile, abb Othna.

M788.6

Flaithgheal, mac Taichlich, abb Droma Rátha.

M788.7

Mael Tola, abb Lathraich Briuin.

M788.8

Cu Cathrach Saighre.

M788.9

Rechtine Eatargabhla.

M788.10

Cuan Atha Easccrach.

M788.11

Coirpre, mac Laidhgnen, tigherna Laighen Desgabhair, d'écc.

M788.12

Lex Commain lá h-Aeldobhair .i. ab Rosa Commain, & la Muirghes for Theóra Connactaibh.

M788.13

Lex Ailbhe Imligh Iobhair for Mumhain.

Annal M789

M789.0

Aois Criost, seacht c-céd ochtmodha a naoi.

M789.1

An cethramhadh bliadhain fichet do Dhonnchadh.

M789.2

Tomas, abb Bendchuir.

M789.3

Cathnia ua Guaire, abb Thuamma Gréine.


p.396

M789.4

Ioseph ua Cernaich, abb Cluana Mic Nóis, do Chiannachtaibh Breacch.

M789.5

Lear Bhanbhan, airchindeach Cluana Boireann.

M789.6

Colgu ua Duineachda, fer leighind Cluana Mic Nois, as é do-roine an Scuaip Chrabhaidh.

M789.7

Sloigheadh la Donnchadh dimairdean Laighen ar Mhuimhneachaibh.

Annal M790

M790.0

Aois Criost, secht c-ced nochat.

M790.1

An cúicc fichet do Dhonnchadh.

M790.2

Tiopraitte, mac Ferchair, abb Cluana Ferta Brénainn.

M790.3

Guaire ua Tiopraitte, abb Cluana Fota.

M790.4

Maonach, abb Cluana Ferta Mo Lua.

M790.5

Murchadh, mac Feradhaigh, d'écc.

M790.6

Losccadh Rechrainde ó dhibhearccaibh, & a sccríne do chosccradh & do lomradh.

M790.7

Bran Airdchend, Laighen, & Eithne, inghen Domhnaill Midhigh, do mharbhadh la Finsnechta Cethairdhercc, mac Ceallaigh, h-i c-Cill Chúile Dumha an seiseadh oidhche do shamhradh dia cédaoin do shonnradh. Conid do do ráidheadh:


p.398

    1. Aidhes Brain, olc fri taidi,
      i Cill Chúile Dumhai,
      Eithne, inghen Domhnaill Midhigh,
      ba dirsan do suidhiu.

M790.8

Cond Cetadhach, mac Donnchadha, do mharbhadh h-i t-taigh Cumalcaich h-i Crich Ua n-Olcan, la Fland, mac Conghalaich. As do bhás Cuind ro ráidheadh:

    1. Coirm do-ronadh la h-ua Olcáin
      issedh dot chath de linn gráin,
      Tuctha descaid do ó Flann
      co ruc a cend o bebail.

M790.9

Cathasach, mac Toirpthea, tigherna Ua n-Eathach d'ég.

M790.10

Cú Dínaisc, mac Con Asaigh, abb Arda Macha, d'écc.

Annal M791

M791.0

Aois Criost, seacht c-céd nochat a h-aon.

M791.1

An seiseadh bliadhain fichet do Dhonnchadh.

M791.2

Clothchu, epscop & angcoire Cluana Ioraird.

M791.3

Suibhne, epscop Atha Truim, d'écc.

M791.4

Duibhlitir, abb Finghlaise, d'écc an 15 Maii.

M791.5

Olcobhar, mac Flaind, mic Eirc, scribhnidh, epscop, & anchoiri, d'écc.

M791.6

Colcca egnaidh d'écc.

M791.7

Senchan, abb Cille Achaidh Drummota & Biorair.

M791.8

Maenach, mac Aonghusa, prioir Luscan.

M791.9

& Eochaidh, mac Cernaich, ferthigis Arda Macha, d'écc.

M791.10

Mael Cobha, mac Floinn Feorna, tigherna Ciarraighe Luachra.

M791.11

Fogartach, mac Cathail, tigherna Maighe Aí.

M791.12

& Duineachaidh ua Daire, tigherna Ciarraighe Aí d'écc.

Annal M792

M792.0

Aois Criost, secht c-céd nochat a dó.

M792.1

Donnchadh .i. mac Domhnaill, mic Murchadha, a secht fichet go n-erbailt iar m-buaidh aithrighe 'san lxiu bliadhain dia aois. Conadh occa eccaoine do ráidhedh an rand:

    1. Donnchadh Fremhann flaith fuata
      cloith-rí Ereann cet céte,
      Ní fuil bus liach do mhalairt,
      uair nar anacht a téte.

M792.2

Indrechtach, mac Domhnaill, derbhrathair an rígh Donnchadha, d'écc.

M792.3

Dubh Da Lethe, mac Sionaigh, abb Arda Macha, do écc.

M792.4

Condal, inghen Murchadha,


p.400

banabb Cille Dara.

M792.5

Conamhail, abb Léith.

M792.6

Olcobhar, mac Flainn, airchinneach Insi Cathaigh.

M792.7

Aelmidhair feirtighis Cluana Mic Nois, do Shiol Maol Ruanaidh do-sidhe,

M792.8

Cumuscach, mac Foghartaigh, tighearna Déiscert Bregh, d'écc i c-cléircecht.

M792.9

Muireadhach, mac Floinn Garadh, tighearna Cenel Mic n-Earca, d'ég.

M792.10

Cu Raoi, mac Aongusa, tigherna Cenel Laoghaire, d'écc.

Annal M793

M793.0

Aois Criost, seacht c-céd nochat a trí.

M793.1

An chéd-bhliadhain d'Aodh Oirdnidhe, mac Néill Fhrosaigh, h-i righe uas Erinn.

M793.2

Eudus h-ua Diocholla, abb Cille Dara.

M793.3

Connmhach, mac Buirbotha h-ua Guaire Aidhne, scribhneoir Cluana Mic Nóis.

M793.4

& Eochaidh Fhirt Aedha, d'écc.

M793.5

Cath Droma Rígh ria n-Aodh n-Oirdnidhe i t-torcharadar dá mac Domhnaill, Fínsnechta & Diarmuid, Fínsneachta mac Follamhain, & sochaidhe oile nach airemther imaille friu. As dia foraithmet do raidhedh:

    1. Cia do rochair Aodh la Domhnall
      coscar cicar,
      Frisin Aodh finn fir,
      i c-cath Droma Righ ro h-icadh.

M793.6

Aedh Oirdnidhe do fhasucchadh Midhe gur bho riarach dhó.

M793.7

Inis Pádraicc do losccadh la h-Allmuirechaibh, & sgrín Do Chonna do bhreith dhoibh, & inredha do dhenamh dhóibh chena etir Erinn & Albain.

M793.8

Aiffiath, epscop Arda Macha.

M793.9

& Airectach ua Faoláin, abb Arda Macha, d'écc i n-aen-oidhche.

Annal M794

M794.0

Aois Criost, seacht c-céd nochat a cethair.

M794.1

An dara bliadhain d'Aodh Oirdnidhe.


p.402

M794.2

Feradhach, mac Seigheni, abb Reachrainne.

M794.3

Anaile, abb Cluana Mic Nóis .i. do Uibh Briuin d'écc.

M794.4

S. Siadhal ua Commain, abb Cinn Lacha, d'écc an 8 Marta.

M794.5

Blathmac, mac Guaire, abb Cluana Baedáin.

M794.6

Fiannachta Ferna.

M794.7

Suibhne Cille Delgge.

M794.8

& Breslen Berre, d'écc.

M794.9

Cluain Ioraird do losccadh i t-tós samhraidh.

M794.10

Ailell, mac Indreachtaigh, tighearna Ua Maine Connacht, d'écc.

M794.11

Domhnall, mac Donnchadha, do mharbhadh la a bhráithribh.

M794.12

Dúnfhlaith, inghen Flaithbhertaigh, mic Loingsigh, d'écc.

M794.13

Iomaireacc Dúine Gainbhe eitir Chonnachtaibh féisin, i t-torchair Coscrach, mac Duinn, & Gaisccedhach, & sochaidhe oile imaille friú.

M794.14

Iomaireacc Finnabhrach i Tethbha ria Muiredhach, mac Domhnaill, i t-torcrathar maithe iomdha im Fergas, mac Ailgile, tighernae Cheneóil Coirpre, im Dhuibh Indreacht, mac Artghaile, & im Muiredhach, mac Connmaigh, & im Cosccrach mac Ceithernaigh.

M794.15

Ind lamhchomairt i féil Michil na bliadhna-so, dia n-ebhradh an tene do nimh.

M794.16

Faoindealach, mac Maenaigh, abb Arda Macha, d'écc iar m-beith dó Dhubh Da Leithe i n-imresain fris cétus imon abbdaine, & do Ghormghal ina dheadhaidh.

Annal M795

M795.0

Aois Criost, seacht c-céd nochat a cúicc.

M795.1

An tres bhliadhain d'Aodh i righe.

M795.2

Airmedhach, abb Bennchuir.

M795.3

Aeldobair, abb Rosa Commáin.

M795.4

Mimthenach, abb Glinne Da Locha.

M795.5

Tairdhelbhach, abb Cille Achaidh.

M795.6

Loingseach, mac


p.404

Fiachra, abb Duin Leathglaisi, d'écc.

M795.7

Maol Ochtraigh, ab Doire Ednigh, do mharbhadh.

M795.8

Commach, mac Donait, abb Corcaicche Móire.

M795.9

& Ferghil ua Taidhg, scribhneoir Luscca do écc.

M795.10

Ailill, mac Fergusa, tigherna Deiscirt Bregh, do thrasccradh dia eoch, i fél Mic Cuilinn Lusca, & a écc fo chedóir.

M795.11

Iomairecc etir Cenel Laeghaire & Cenel Ardghail, in ro marbhadh Fianghalach, mac Dunlaing, la Conall, mac Néill, & la Conghalach, mac Aonghusa.