Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M766

M766.0

Aois Criost, seacht c-céd seascca a sé.

M766.1

In chéd-bhliadhain do Dhonnchadh, mac Domhnaill, uas Eirinn i ríghe.

M766.2

Fland h-ua Da Chua, abb Insi Cain Degha, d'ég.

M766.3

Failbhe Erdaim d'ég.

M766.4

Forbasach ua Cernaigh, abb Cluana Mic Nóis, d'écc. Do h-Uibh Briuin dó fein.

M766.5

Aedhgen, epscop & abb Fobhair, d'ég.

M766.6

Cobhlaith,


p.370

inghen Cathail, banab Cluana Cuthbhind, d'ég.

M766.7

Ro fhás easaonta etir Ceallach, mac Dúnchadha, Laighen, & an Donnchadh, mac Domhnaill. Do-rónadh dno lérthinol Ua Neill la Donnchadh go Laighnibh. Ro siachtadar Laighin riasan righ co na shocraide go rangadar Sciath Neachtain. Airisidh Donnchadh cona slógh i n-Aillinn. Ro ghabhsad dna a muinntir for dhódh, & losccadh, ionnradh, & argain an choigidh co cenn seachtmhaine, co ro riaraidhset Laighin é fó dheoidh.

M766.8

Coirpre, mac Foghartaigh, tigerna Bregh, d'ég.

M766.9

Becc, mac Connla, tigherna Teathbha, d'écc.

M766.10

Aongus, mac Feradhaigh, tigherna Ceneoil Laoghaire, d'ég do bhedhg.

M766.11

Cathal, mac Conaill Minn, tigherna Coirpre Moire, d'écc.

M766.12

Dungholach mac Taichligh toiseach Luighne d'ég.

M766.13

Artghal, mac Conaill, tigherna Coirpre Tethbha, d'ég.

Annal M767

M767.0

Aois Criost, seacht c-céd seascca a seacht.

M767.1

An dara bliadhain do Donnchadh.

M767.2

Aerlaidh Cluana Ioraird d'ég.

M767.3

S. Suibhne, abb Iae Coluim Cille, d'ég.

M767.4

Mael Aithghen, abb Cluana h-Edhnigh

M767.5

Sealbhach, mac Con Alta, ab Corcaighe

M767.6

Edhniuch, mac Erc, abb Léth d'ecc.

M767.7

Aonach na lamhcomarta, uair tudcatar airdhena aighthidhe adhuathmhara an tan-sin, ro ba samhalta fri h-airrdhibh laoi bratha..i. toirneach & teinnteach anffoil, gur bhó difhulaing do chach for chloistecht no faircsi aroile. Gabaidh dna adhuath & oman fiora Ereann gur ro furailseat a sruithi forra dá thredhan do dhenamh imaille re h-ernaighthe n-diochra & aon-proinn etorra-sidhe dia snadhadh & saoradh ar thedhmaim im fhel Michil do shonnradh, conadh de-sin boi an lamhcomairt dia rerbradh an tene do


p.372

nimh.

M767.8

Aodh Ailghin, tigherna Ua Maine, do mharbhadh.

M767.9

Art, mac Flaithnia, toiseach Aidhne, do mharbhadh.

M767.10

Dunghal, mac Ceallaigh, tigherna Osraighe, d'ég.

M767.11

Cennsealach, tighearna Ua Fidhgente, d'écc.

Annal M768

M768.0

Aois Criost, seacht c-céd sescca a h-ocht.

M768.1

In treas bhliadhain do Dhonnchadh uas Erinn i righe.

M768.2

Maenach, mac Colmain, abb Slaine, & Cille Foibrich, d'ég.

M768.3

Daniel ua Foilene, scribhneóir Lethabhai d'ég.

M768.4

S. Martan .i. epscop Insi Edhnigh, d'eug 1 Nouember.

M768.5

Gallbran ua Lingain, scribneoir Cluana Mic Nois.

M768.6

Aedhan, epscop Maighe Eu.

M768.7

Cethernach h-ua Ermono, abb Cluana Ferta Brenainn.

M768.8

Lerthan, banabb Cille Dara.

M768.9

Aedh, mac Coirpre, abb Rechrainne.

M768.10

Donnchadh, Connacht, d'eug.

Annal M769

M769.0

Aois Criost, seacht c-céd sescca a naoi.

M769.1

In cethramhadh bliadhain do Dhonnchadh os Erinn.

M769.2

Albran, mac Fóidmigh, abb Treoit Moir, d'écc etir di caisg.

M769.3

Ultan h-ua Bero Dherg, abb Othna Moire, d'ég.

M769.4

Ernadhach, mac Echin, abb Lethghlinne, d'ég.

M769.5

Forandán, scribneoir & epscop Treóit, d'éug.

M769.6

Soairleach ua Con Cuaráin, abb Lis Móir, d'éug.

M769.7

Senchan, abb Imleacha Iubhair, d'éug.

M769.8

Iomraiteach Ghlinne Cloitighe, anchoire, d'éug.

M769.9

Tomaltach, mac Murgaile, tigherna Maighe h-Aí, d'éug.

M769.10

Badhbchadh, mac Eachtgusa, toiseach Ceneoil Mic Earca, d'ég.

M769.11

Ceallach, mac Dunchadha, ri Laighen d'écc.

M769.12

Eoghan, mac Colmain, d'ég.

M769.13

Céd-chongbhail Tamhlachta Maile Ruain.

Annal M770

M770.0

Aois Criost, seacht c-céd sechtmoghad.

M770.1

In cúigeadh bliadhain do Dhonnchadh isin righe.

M770.2

Dondghal, mac Nuadhad, abb Lughmhaidh, déug.

M770.3

Fianchú, abb


p.374

Lughmhaidh, d'eug.

M770.4

& Conall, abb Maighe Luinge.

M770.5

Ciaran Craibhdheach Bealaigh Duin d'éug 14 Iun.

M770.6

Suairleach, abb Linne d'écc.

M770.7

Ard Macha, Ceall Dara, Glend Dá Lacha, & Inis Baoithin do losccadh.

M770.8

Donnchadh, mac Domhnaill, rí Ereann do thionól slóigh lais i Mumhain. An Mhumha d'fásucchadh lais, & sochaidhe mór do Mhuimhnechuibh do mharbhadh don turus-sin. Do-bertsat iaramh a rér do.

M770.9

Fergus, mac Colgan, d'écc.

M770.10

Aelghal, mac Flaind, mic Conlai, toiseach Teathbha, d'ég.

M770.11

Iomaireacc Achaidh Liacc etir Ui m-Briuin & Uibh Maine, in ro meabhaidh for Uibh Máine.

M770.12

Duibh Innrechtach, tigherna Aradh, d'éug.

M770.13

Cu Coingealta, tigherna Corca Laighdhe, d'eug.

Annal M771

M771.0

Aois Criost, seacht c-céd sechtmoghad a h-aon.

M771.1

In seiseadh bliadhain do Donnchadh isin righe.

M771.2

Colam Finn, ancoire, d'eug.

M771.3

Macc Oiccedh, abb Cluana Móir M' Aedhócc, d'écc.

M771.4

Tnuthghal, abb Saighre, d'eug.

M771.5

Gaoidheal Cluana Ioraird d'ég.

M771.6

Forbasa, abb Ratha Aodha, d'ég.

M771.7

Collbran, abb Cluana Mic Nóis, d'éug.

M771.8

Eoghain, mac Roinchinn, abb Lis Móir, d'éug.

M771.9

Maol Maenaigh, abb Chinn Garadh, d'eug.

M771.10

Maol Rubha ua Maenaigh d'éug.

M771.11

Muireadhach, mac Ainbhcheallaigh, d'éug.

M771.12

Iomairecc etir Dhal Araidhe fésin i Slébh Mis, in ro marbhadh Nia, mac Con Congalta.

M771.13

Iomairecc oile doridhisi edir Dal n-Araidhe ria n-Eochaidh, mac Fiachna, & ria t-Tomaltach mac Ionnreachtaigh, in ro marbhadh Cionaodh Ciairrge, mac Cathasaigh, & Dúngal ua Fergusa, go n-druing ele cenmotad-somh.

M771.14

Iomaireacc Atha Dumha etir na h-Airthera, & h-Ui Eachdhach


p.376

Cobha, in ro marbhadh Gormghal, mac Conaill Crái, tighearna Cobha.

M771.15

Iomaireacc etir Dhonnchadh & Conghalach, i t-torchair Ferghal, mac Eladhaigh, tigherna Ua m-Breasail Beiri.

M771.16

Ceallach, mac Dúnchadha, Laighen, d'écc.

M771.17

Tuathal, mac Criomthainn, Domhnall mac Foghartaigh, toiseach na h-Airde, d'éug.

M771.18

Aodh Finn, tighearna Dál Riada, d'eug.

M771.19

Fer Dá Chrioch, abb Arda Macha, mac sidhe Suibhne, mac Rónáin, mic Crunnmaoil, do écc.

Annal M772

M772.0

Aois Criost, seacht c-ced seachtmoghadh a dó.

M772.1

An sechtmhadh bliadhain do Dhondchadh ós Erind.

M772.2

Ban Badhbhgna, eagnaidh, déug.

M772.3

Iomaireacc occ Odhraibh Temhrach etir dá Cummascaigh, go ro mharbh an dara fear aroile.

M772.4

Iomaireacc Calatromma etir da ua Cernaigh .i. Niall & Cumascach, i torchair Eachtgus, mac Baith, & sochaidhi imaille fris.

M772.5

Flathroi, mac Domhnaill, ri Connacht, d'ég.

M772.6

Sloigheadh Laighen do thabhairt lá Donnchadh for Bhregha.

M772.7

Cogadh edir Donnchadh & Conghalach.

M772.8

Cath Forcalaidh edir Donnchadh mac Domhnaill & Conghalach.

Annal M773

M773.0

Aois Criost, seacht c-céd sectmoghad a trí.

M773.1

An t-ochtmadh bliadhain do Dhonnchadh ós Erind.

M773.2

Snédhchest, mac Tuamchon, abb Bennchuir, d'éug.

M773.3

Conall, mac an t-saoir, egnaidh, & abb Bennchuir, d'ég.

M773.4

Ainbhcheallach, abb Condere & Lainne h-Eala, d'eug.

M773.5

Fionan, abb Cluana h-Euis, d'éug.

M773.6

Sithmaith, bannabb Chluana Boirend, d'ég.

M773.7

Ethne, inghen Cianadon, d'éucc.

M773.8

Cluain Mic Nóis do losccadh.

M773.9

An cogadh cédna etir Donnchadh & Congalach, i torchair Congalach, mac Conaing, toiseach Breagh, Cuana mac Eccnigh, & Dunchadh mac Alene, tigherna Mughdorn, & Diarmuid, mac Clothnai, co sochaidhibh imaille friu. Ro sraíneadh an cath ria n-Donnchadh. As don cath sin ro raidheadh:


p.378

    1. Do chath Forcalaidh foraeradh,
      domhnach dubhach derach,
      Ba iomdha mathair baeidh brónach
      isind luan ar na bhárach.

I m- Buile in scáil

This quatrain occurs in section 46.

atá an rann-sa:
    1. Biaidh co n-imbiud accaín
      an madan h-i Forcaladh,
      Ria n-Donnchadh Midhe memhais
      cath init apail Conghalach.

M773.10

Eterscel, mac Aedha, mic Colgan, tigherna Ua Cennsealaigh, d'ég.

M773.11

Niall, mac Conaill Graint, toisech Descert Bregh, déug.

M773.12

Tuathal, mac Crumhthainn, toisech Cualann, déug.

M773.13

Flannabhro, tigherna Ua Máil, d'éug.

Annal M774

M774.0

Aois Criost, secht c-céd seachtmoghad a cethair.

M774.1

In nómhad bliadhain do Donnchadh.

M774.2

Fulartach, epscop Cluana h-Ioraird, d'éug.

M774.3

Learghal, eccnaidh, mac Nemhit, abb Biorair, d'éug.

M774.4

Moenan, mac Corbmaic, abb Cathrach Fursa isin Frainc, d'éug.

M774.5

Forbhasach, mac Maile Tola, abb Rossa Caim, d'eucc.

M774.6

Sluaigheadh la Donnchadh, mac Domhnaill, isin Fochla, go t-tuc gialla o Dhomhnall, mac Aodha Muindeirg, tigherna In Tuaisceirt.

M774.7

Iomaireacc Cille Coice, i t-torchair Ferghal, mac Dunghaile, mic Faolchon, tigherna Forthuath Laighen, lasan righ Donnchadh.

M774.8

Cell Dara do losccadh.

M774.9

Cluain Mhor M' Aedhog, & Ceall Delgi do losgadh.

M774.10

Aengas, mac Aileni, tigherna Mughdhorn, d'écc.

M774.11

Flathrae,


p.380

Connacht, d'éug.

M774.12

Muiredhach, mac Aonghusa, toiseach Arda Ciannachta, do mharbhadh.

Annal M775

M775.0

Aois Criost, seacht c-céd sechtmodha a cúicc.

M775.1

An dechmhadh bliadhain do Dhonnchadh.

M775.2

Scandal abb, comharba Caindigh, d'ég.

M775.3

Maicniadh, mac Ceallaigh, abb Dhúin Lethghlaisi, d'écc.

M775.4

Augustin Bendchuir d'éug.

M775.5

Sédrach, mac Sobhairthain, d'ég.

M775.6

Adharchu eagnaidh d'ég.

M775.7

Forbflaith, inghen Chonnlai, banabb Chluana Brónaigh d'ég.

M775.8

Iomairecc h-Uilne Guaire, i torchair Flann, mac Ceallaigh, & Scannlán, mac Fiannachtaigh.