Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M756

M756.0

Aois Criost, seacht c-céd caogat a sé.

M756.1

An t-ochtmhadh bliadhain décc do Domhnall.

M756.2

Domhnall, mac Muirchertaigh, tigherna h-Ua Nell, d'écc.

M756.3

Finsneachta, mac Fogartaigh ui Cernaigh, d'écc.

M756.4

Iomaireacc Bealaigh Gabhráin etir Laighniu & Osraighibh, co roemidh ria mac Con Cerca, & ro marbhadh Donngal, mac Laidhgnein, tigherna Ua c-Ceinsealaigh, & aroile toisigh imaille fris.

M756.5

Iomairecc Atha Dumha eitir Ultaibh & Ui Eathach, in ro marbhadh Ailill, mac Feidhlimidh, tigherna Ua n-Eathach.

Annal M757

M757.0

Aois Criost, seacht c-céd caogat a seacht.

M757.1

A naoi décc do Domhnall.

M757.2

Corbmac, abb Cluana Mic Nóis, d'écc. Do Cenel Coirbre Cruim do.

M757.3

Robhartach, mac Cuanach, abb Aithne Móire.

M757.4

Suibhne, abb Cluana Ferta.

M757.5

Domgnasach, abb Imleach Each.

M757.6

Fear Fio, mac Faibre, eccnaidh, abb Comhraire Midhe,


p.360

d'écc.

M757.7

Iomairecc Caille Taidhbig, in ro meabhaidh for Luighni ria c-Cenel Coirpre.

M757.8

Fogartach, mac Eathach, tigherna h-Ele.

M757.9

Cele Pedair, abb Arda Macha, do écc. Do Uíbh Bresail dó.

Annal M758

M758.0

Aois Criost, seacht c-céd caoccat a h-ocht.

M758.1

Bec Laitnae, abb Cluana Ioraird, d'ég.

M758.2

Fiodhairle ua Suanaigh, abb Raithne, d'écc céd lá d'October.

M758.3

Reoddaidhe, abb Ferna, d'écc.

M758.4

Anfadan, abb Linde Duachail, d'écc.

M758.5

Faolchu Fionnghlaisi d'écc.

M758.6

Iar m-beith fiche bliadhain i ríghe ós Erinn do Domhnall, mac Murchadha, mic Diarmatta, fuair bás, & ba h-éisidhe céid-rí Ereann ó Cloinn Colmáin, & ro h-adhnaiceadh i n-Dermhaigh co n-onóir, & co n-airmhidin. As dó ro ráidheadh:

    1. Cossin uair ron-ucadh de,
      Domhnall dochum Dearmaighe,
      Nocha rabha díoghal greis
      na treis for lár Breghmhaighe.


p.362

Annal M759

M759.0

Aois Criost, seacht c-céd caogat a naoi.

M759.1

An céid-bhliadhain do Niall Frosach, mac Feargaile, uas Erinn h-i righe.

M759.2

Fiachra, mac Fothaidh, abb Baislicce, d'écc.

M759.3

Ronan, abb Cluana Mic Nóis, d'écc. Do Luighnibh do.

M759.4

Corbmac, mac Aililla, abb Mainistreach Buithe, d'ég.

M759.5

Donait, mac To h-Ence, abb Corcaighe, d'écc.

M759.6

Fergus, mac Ceallaigh, Connacht d'écc.

M759.7

Scanlan Feimhin, mac Aedhgaile, d'écc.

M759.8

Flann Garadh, tigherna Cenél Mic Earca, d'ég.

M759.9

Iomaireacc Duin Bile ria n-Donnchadh, mac Domhnaill, for Fiora Tulach.

M759.10

Dunchadh, mac Eoghain, tigherna na n-Déisi, d'écc.

M759.11

Murchadh, mac Muirchertaigh, do mharbhadh la Connachtaibh.

M759.12

Tri frosa do fhearthain h-i Crich Muireadhaigh i n-Inis Eoghain .i. fros do arccat gil, fros, do chruithneacht, & fros do mhil. Conadh doibh-sidhe ro raidheadh:

    1. Trí frossa Aird Uillinne,
      ar ghradh Dé do nimh
      Fross argaitt, fross tuirinne,
      agus fross do mhil.

Annal M760

M760.0

Aois Criost, seacht c-céd seasccat.

M760.1

An dara bliadhain do Niall Frosach.


p.362

M760.2

Folachtach, mac Sarfaeladha, abb Biorra, d'écc.

M760.3

Loarn, abb Cluana Ioraird, d'écc.

M760.4

Cellbil Cluana Bronaigh d'écc.

M760.5

Tola Aird Breacain d'écc.

M760.6

Ailill, mac Craoibhecháin, abb Mungarat, d'écc.

M760.7

Flaithbhertach, mac Loingsicch, rí Ereann, d'écc i n-Ard Macha, iar m-beith seal foda i c-clércecht.

M760.8

Suibhne, mac Murchadha co na dhís mac do mharbhadh.

M760.9

Iomairecc Cairn Fiachach eitir dá mac Domhnaill .i. Donnchadh & Murchadh, & Aelghal tigherna Teathbha, in ro marbhadh Fallomhon, mac Con Congalt, la Donnchadh, & ro marbhadh Murchadh ann, & ro meabhaidh for Aelghal.

M760.10

Dungalach, toisech Ua Liatháin, d'écc.

M760.11

Uarghal, toiseach Conaille, d'écc.

M760.12

Torptha, mac Cernaich, tigherna na n-Déisi, d'ég.

Annal M761

M761.0

Aois Criost, seacht c-céd seasccat a h-aon.

M761.1

An treas bhliadhain do Niall.

M761.2

Criomhthann, mac Reachtgoile, abb Cluana Ferta d'écc.

M761.3

Aodhan Lis Mhóir d'écc.

M761.4

Iomairecc Sruthra etir Ui m-Briuin, & Conmaicne, in ro marbhadh sochaidhe do Conmaicniu, & Aodh Dubh, mac Toichligh. Ro meabhaidh an t-iomaireg sin ria n-Duibh Indreachtach, mac Cathail.

M761.5

Iomairecc etir fira Midhe & Bregha, in ro marbhadh Maol Umha, mac Toithil, & Donghal, mac Doireith.

Annal M762

M762.0

Aois Criost, seacht c-céd seasccat a dó.

M762.1

An cethramhadh bliadhain do Niall.

M762.2

Cubran, abb Cille Achaidh d'écc.

M762.3

Fidhbhadhach, abb Bendchair, d'écc.

M762.4

Dubh Da Inbher, mac Cormaic, abb Mainistreach Buithi, do bhádhadh isin Bóinn.

M762.5

Slebhene, mac Conghaile, do Chenel Conaill Gulban, abb Iae, d'ég.

M762.6

Mac an t-Sair, abb Eanaigh Duibh, d'écc.

M762.7

Glaindiubair, abb Lathraigh Briuin, d'écc.

M762.8

Murchadh, mac Flaithbertaigh, tigherna Cenel Conaill, do mharbhadh.

M762.9

Ceallach, mac


p.366

Coirpre, mic Fogartaigh, do mharbhadh la latrondaibh.

M762.10

Iomairécc Aird na m-Brecc ria t-Tuaim Snámha, mac Floinn.

Annal M763

M763.0

Aois Criost, seacht c-céd seasccat a trí.

M763.1

An cúigeadh bliadhain do Niall.

M763.2

Gormghal, mac Ailiolla, d'écc.

M763.3

Aedhan, ab Lis Móir, d'écc.

M763.4

Ceinnsealach, mac Con Boirne, abb Imligh Iubhair, d'écc.

M763.5

Coibhdenach, abb Cille Toma d'écc.

M763.6

Forgla sruithe Cluana Mic Nóis d'ég.

M763.7

Duibh Inrecht, mac Cathail, Connacht, d'écc.

M763.8

Eithne, inghen Bresail Bregh, ben Temhrach d'écc, iar n-airilleadh fochraicce ó Dhia tria déighghníomhaibh, & tria aithrighe n-díocra ina tairmtheachtoibh.

M763.9

Iomaireacc etir Laighnibh budhdhéisin .i. eitir Cionaedh, mac Flaind, & Aedh, i Foirtrinn, in ro marbhadh Aedh.

M763.10

Conchubhar, mac Cumasccaigh, tigherna Aidhne, d'écc.

M763.11

Niall mac Diarmata, tigherna Midhe d'écc.

M763.12

Guin Tuama Snamha, tigherna Osraighe.

Annal M764

M764.0

Aois Criost, seacht c-céd seascca a ceathair.

M764.1

An seiseadh bliadhain do Niall.

M764.2

Murghal, mac Ninneadha, abb Rechrainne, d'écc.

M764.3

Enchorach h-ua Dodain, abb Glinne Da Locha, d'écc.

M764.4

Commán Eanaigh Daithe d'écc.

M764.5

Iomairecc eitir Osraigibh féissin ria Tuaim Snamha in ro meabhaidh for Cloinn Cheallaigh, mic Faelchair.

M764.6

Iomairecc Ferna ria c-Ceinnsealachaibh, in ro marbhadh Dubh Calgaigh, mac Laidhgnen.

Annal M765

M765.0

Aois Criost, seacht c-céd sescca a cúig.

M765.1

An seachtmhadh bliadhain do Niall.

M765.2

Ardghal, abb Clochair Mic n-Daimhine, d'écc.

M765.3

Fiachra Granaird d'écc.


p.368

M765.4

Feirghil Chille Móir Eimhire d'écc.

M765.5

Feargus, mac Cathail, epscop, d'écc.

M765.6

Folachtach Thighe Tuae, abb Cluana Mic Nóis, d'écc.

M765.7

Crundmhaol, epscop & abb Cille Móire Emire, d'ég.

M765.8

Condmhach, mac Brenainn, abb Cluana Tochne, d'écc.

M765.9

h-Ua Becce, abb Fobhair, d'écc.

M765.10

Tuaim Snamha, mac Floinn, tigherna Osraighe, do mharbhadh.

M765.11

Uarghal, mac Nat Sluaigh, d'écc.

M765.12

Iomairecc etir Laighnibh budhdéisin, in ro meabhaidh ria c-Ceallach, mac n-Dunchadha, & in ro marbhadh Cionaedh, mac Floinn, & a bhráthair Ceallach, & Caithnia, mac Becce, & sochaidhe eli cenmotaid-sidhe.

M765.13

Sraineadh etir Uí Cennsealaigh, in ro meabhaidh ria n-Etersgel, mac Aodha, mic Colgan, & in ro marbhadh Cennsealach, mac Brain, lais.

M765.14

Coscradh Ocae ria b-Feraibh Descert Bregh for Laighniu.

M765.15

Coscradh Bhuilg Boinne for Fhiora Descert Bregh in ro marbhadh Flaithbhertach, mac Floinn, mic Roghallaigh, & h-Uairchridhe, mac Baith, & Snedhgus, mac Ainfthigh, & Cernach, mac Floinn Fhoirbhthe.

M765.16

Coscradh Atha Cliath ria Ciannachtaibh Breagh for h-Ua Tégh, & ár mór for Laighnibh, & dna ro báidheadh sochaidhe do Ciannachtaibh i l-lán mara oc tionntudh.

M765.17

Niall Frosach, mac Ferghaile, secht m-bliadhna ós Eirinn na righ, co n-erbail i n-I Cholaim Chille aga oilithre iar n-ocht m-bliadhna iaromh.