Aois Criost, secht c-céd cethrachat a sé.
An t-ochtmhadh do Domhnall.
Maol Iomarchair, epscop Eachdhroma, d'écc.
Cuangus, abb Léith Móir, d'écc.
Colman na m-Brethan, mac Faoláin, abb Slaine, d'écc.
Nuadha, mac Duibh Slebhe, abb Cluana h-Eois, d'ég.
Flann ua Conghaile, toiseach Ua Foilghe, d'écc.
Fearghus, mac Fogartaigh, tighearna Deisceirt Breagh, d'écc.
Muirghius, mac Fearghusa, tighearna na n-Deisi.
& Flann Foirtre, toiseach Corco Laigde, d'écc.
Fursa, abb Leacnae Midhe, d'écc.
Losg Laigde eaccnaidh d'ég.
Eochaidh Cilli Toma
Cele Du Laisi ó Daimhinis d'écc.
Mac h-Uige Lis Móir d'écc.
Losccadh leth airle Cluana h-Ioraird.
Bran, mac Bait Beitre, d'écc.
Bran, mac Bait Beitre, d'écc.
S. Comán .i. naomh Rossa Comain, agus is uadh ainmnighthear
Ros Chomáin deesse san bhliadhain-sin, no san bliadhain inár n-diaigh
A duplicate of the entry above s. a. 742 added in a later hand.
.Aois Criost, seacht c-céd cethrachat a seacht.
An nomhadh bliadhain do Domhnall.
S. Cileni Droigthech, abb Iae, & angcoire, d'écc 3 Iulii.
Cathal, mac Forannain, abb Cille Dara, d'ég.
Dicolla, mac Meinide, abb Insi Muiredhaigh, d'écc.
Fiachna ua Maicniadh, abb Cluana Ferta Brenainn.
Osbran, angcoire, & epscop Cluana Cremha.
Reachtabhrat ua Guaire, abb Tuama Gréne.
Maol Tuile, abb Tíre Dá Glas, d'écc.
Flaithbhertach, mac Conaill Minn, toisech Cenel Cairbre, d'écc.
Innreachtach, mac Muireadhoigh Minn, d'ég.
Foidmend, mac Fallaigh, toisech Conaille Murtheimhne.
Conaing ua Duibh Dúin, tigherna Cairpre Teabhtha, d'ég.
Flann, mac Ceallaigh, tigherna Muscraighe, d'écc.
Aois Criost, seacht c-céd cethrachat a h-ocht.
An deachmhadh bliadhain do Domhnall.
S. Macc Oicceth, abb Lis Móir, d'ég 3 December.
S. Luicridh, abb Cluana Mic Nóis, d'ég 29 April.
S. Cellan, abb Cluana Ferta Brenainn, d'écc.
Scannlán Duin Lethglaisi, d'écc.
Mo Bhai d'écc.
Ferblai, mac Margusa, eaccnaidh, d'ég.
Scannlan Cluana Boirend d'écc.
Fursa Easa Mic n-Eirc d'ég. Eas mic n-Eirc for Búill Eas Ui Floinn aniú.
Tomaltach, mac Maoile Tuile do mharbhadh.
Aois Criost, seacht c-ced cethrachat a naoi.
An t-aonmhadh bliadhain décc do Domhnall.
Cerban Daimh Liag d'écc.
Abel Atha Oirne d'ég.
Loingsioch
Flann, mac Conchubhair, tigherna Maighe h-Ai, d'écc.
Tuaithlaithe, inghen Cathail, ben righ Laighen d'écc.
Iomairecc Aird Naescan eitir Ua m-Briuin & Cenel Coirpre, du in ro marbhadh sochaidhe.
Foirtbhe Fothart Fea d'Osraighibh.
Cathasach .i. rí Uladh, mac Ailealla, do mharbhadh i Raith Bethech.
Conghus scribhnidh, epscop Arda Macha, do écc. Do Chenel n-Ainmire do-sidhe.
Aois Criost, seacht c-céd caoga.
An dara bliadhain décc do Domhnall.
Daolgus, abb Cille Scire, d'écc.
Fiangalach, mac Anmchadha, mic Maoile Curaich, abb Insi Bo Finne for Loch Ribh.
Sneithcest, abb Naondroma, d'écc.
Fidhmaine ua Suanaigh, angcoire Raithne, d'écc.
Cluain Muc Nois do losccadh 21 do Marta.
Cathal mac Diarmatta, eccnaidh, d'écc.
Flaithniadh, mac Tnuthaigh, tigherna Ua Meith, d'ég.
Inrechtach, mac Dluthaigh, tigherna Ua Maine, d'écc.
Flaithnia, mac Flainn, mic Congaile, toisech Ua Failge, d'écc.
Iomairecc Cind Ebrath, i t-torcháir Badbhgal, mac Fergail.
Fiangalach mac Anmchadha, d'écc.
Aois Criost, seacht c-céd caoga a h-aon.
An treas bhliadhain décc do Domhnall.
Aolgal, angcoire, ó Imlioch Fordeorach, & o Cluain Mic Nóis, d'écc.
Baethallach, mac Colmáin h-ui Suibhne, abb Atha Truim, d'ég.
Corbmac, mac Faolain h-ui Silne, d'écc.
Forannan, epscop Methais Truim, d'écc.
Bennchair Mór do losccadh lá féle Patraicc.
Fergus, mac Ceallaigh, rí Connacht, d'écc.
Sloigheadh Laighen la Domhnall, mac Murchadha, fri Niall co m-batar i Muigh Muirthemhne.
Loingbhriseadh Dealbhna Nuadhat for Loch Ríbh, ima t-tigherna Diumasach, con do ro ráidheadh:
- Tri naoi n-ethair is a trí,
don Gamhanraighe Locha Ríbh,
Ní terna dibh i m-bethaidh amháin,
acht lucht aenethair.
Cath Bealaigh Cro ria g-Criomhthann for Dealbhna Ua Maini, in ro marbhadh Find mac Airbh, tigherna Dealbhna, og Tioprait Finn, & ár Delmhna imme, & as de sin atá Lochan Bealaigh Cro, & Tiopra Find, uair ag cosnamh an triochait céd etir Suca & Sionainn batar h-Ui Maine friu, ar rob isidhe triocha céd Delbhna. As do-sidhe ro raidheadh:
- Cath brec buidhnech Bealaigh Cró,
ba truagh turus Dealbhna dó,
Criomhthann deabhthach díth do-ratt,
for Dealbhna neimhnech Nuadhat.- Finn mac Airbh, áirdrí Delbhna,
ro gonadh do gháibh leabhra,
Don cath cródha ro ba cing,
co torchair ic Tiprait Finn.
Aois Criost, seacht c-céd caocca a dó.
An cethramhadh bliadhain décc do Domhnall.
Sionchu, abb Lis Móir d'écc.
Siadhail Linne Duachail d'écc.
Cill Mór Díothraibh do losccadh la h-Oaibh Crumhthainn.
Cumasccach, tigherna
Donn, mac Cumasccoigh, toisech Ua m-Briuin an Deisceirt d'ég.
Bodbhghal mac Fergaile, abb Mungairde, do marbhadh.
Tomaltach, tigherna Cianachta Glinne Geimhin, d'écc.
Aois Criost, seacht c-céd caoccat a trí.
An cúigeadh bliadhain décc do Domhnall.
Muiredhach, mac Corbmaic Slaine, abb Lughmhaidh, d'ég.
Elpin Glaisi Naidhen d'ég.
Fídhbhadhach Cille Delcce d'écc.
Martha, inghen Dubháin, banabb Cille Dara d'écc.
Gorman, comharba Mochta Lughmhaigh, d'écc i c-Cluain Mic Nois, ina ailithre, & ba h-eisidhe athair Torbaigh, comharba Padraicc.
Niallgus, mac Boith, tigherna na n-Déise Bregh, d'écc.
Cathal ua Cionaotha, toiseach Ua c-Ceinselaigh, d'écc.
Iomaireac Droma Robhaich, frisa raiter cath Brechmhaighe, etir Ui Fiachrach & Ui Briuin, in ro marbhadh trí h-ui Ceallaigh, .i. trí meic Fergusa, mic Roghallaigh .i. Cathrannach, Cathmugh, & Artbran, a n-anmanna.
Aois, Criost, seacht c-céd caogat a cethair.
An seiseadh bliadhain dég do Domhnall.
Eochaidh, mac Conaill Minn, abb Faoibhrain d'écc.
Dubh Droma, abb Tuilen, d'écc.
Feidhlimidh, no Failbhe, abb Iae, d'écc, iar secht m-bliadhna ochtmoghat a aeisi.
Coissetach, abb Lughmhaidh, d'écc.
Eochaidh, mac Fiachrach, eccnaidh, d'ég.
Reachtabhrat, mac Dunchon, tigherna Mughdhorn, d'écc.
Iomairecc Gabhrain ria n-Anmchaidh for Laighnibh.
Cath Eamhna Macha ria b-Fiachna, mac Aedha Róin, for Uibh Néill, dú in ro marbhadh Dunghal ua Conaing & Donn Bó.
Aois Criost, seacht c-céd caogat a cúig.
An seachtmhadh bliadhain décc, do Domhnall.
Condath abb Lis Móir, d'écc.
Suairlioch, abb Bendchair, d'écc.
Ailgnio, mac Gnoí, prióir abbaidh Cluana h-Iraird, d'écc.
Gaim Dibhla, abb Airne, d'écc.
Fulartach, mac Bricc, angcoire d'ecc.
Muireadhach, mac Murchadha, no ua Brain, ri Laighen, d'ég.
Conchubhar ua Taidhg Teimhin, tighearna Cianachta Glinne Geimhin, d'écc.
Flann, mac Eirc, tigherna Ua Fidhgeinte d'écc.
Eutighern, epscop, do mharbhadh la sacart oc altóir Brighde, i c-Cill Dara, .i. etir an crocaingel & an altoir. As as sin ro fhás co na deni sacart oifrenn i fiadhnaisi epscoip o sin alle a Cill Dara.