Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M737

M737.0

Aois Criost, seacht c-céd triocha a seacht.

M737.1

An t-ochtmhadh bliadhain d'Aodh.

M737.2

Airechtach, mac Cuanach, abb Ferna, d'écc.

M737.3

Maol Ochtraicch, abb Cille Foirbrigh, d'écc.

M737.4

Fer Da Crioch ab Imlecha & Leithghlinne, d'écc.

M737.5

Da Chua, mac Indaighe, angcoire d'écc.

M737.6

& Cuidgheal, ab & scribhnidh Lughmhaidh, d'écc.

M737.7

Foirtbhe Ceneoil Fiachach, & Dealbhna la h-Osraighibh.

M737.8

Cathal mac Findguine, Mumhan, d'écc.

M737.9

Fland Feorna, tigherna Ciarraighe Luachra, d'écc.

M737.10

Aodh Balbh mac Indreachtaidh Connacht d'écc.

M737.11

Artrach, mac Aitheachda, tigherna Ua Méith d'ég.

Annal M738

M738.0

Aois Criost, seacht c-céd triocha a h-ocht.

M738.1

Affiath, abb Maighe Bile, d'écc.

M738.2

Affrica, banabb Cille Dara, d'écc.

M738.3

Cuimmeni ua Ciarain, abb Rechrainne, d'ecc.

M738.4

Aodh Allan, mac Ferghaile, mic Maoile Dúin, do thuitim i c-cath Maighe Seirigh, .i. Cenandus, eidir dí Teabhtha, la Domhnall, mac Murchadha, iar m-beith naoi m-bliadhna i righe Ereann. Tiughrann Aodha Alláin:

    1. Dia nom-ainsiodh mo Dia dil,
      for bhru Locha Sailchedáin,
      Iaramh dia m-beinnsi fri col,
      robadh maoin do mhogh m'anacol.

Torchair bheos isin cath cédna Cumasccach, mac Conchubhair, tigherna na n-Airther, & Maonach mac Condalaigh, tigherna Ua g-Cremhthainn, & Muireadhach, mac Fergusa Forcraidh, tigherna Ua Tuirtre.

M738.5

Cath Daimhdeircc i m-Breghaibh ria n-Indreachtach h-ua Conaing, in ro marbhadh Dungal, mac Floinn, tigherna, Fer c-Cúl, & Fergus mac Oistigh go sochaidhibh oile.

M738.6

Ceallach, mac Raghallaigh,


p.340

Connacht, d'écc.

M738.7

Dluthach, mac Fithcheallaigh, tigherna Ua Maine, d'écc.

M738.8

Dubh Dothrae, tigherna Ua m-Briúin Cualann, do ghuin.

M738.9

Coincheann, inghen Ceallaigh Cualann, d'écc.

Annal M739

M739.0

Aois Criost, seacht c-céd triocha a naoi.

M739.1

An céd-bhliadhain do Domhnall, mac Murchadha, mic Diarmata os Erinn cédna righ Clainne Colmáin sunn.

M739.2

Colmán, epscop Laessain, d'écc.

M739.3

Laidhgnen, mac Doineannaigh, abb Saighre, Fergus, mac Colmain Cutlaigh, eccnaidh oirrdherc ,d'écc.

M739.4

Reachtabhrat, mac Ferghaile do Connachtaibh, d'écc.

M739.5

Iomaireacc Ailiuin Dá Bernach, in ro marbhadh Dubh Da Dos, mac Murgaile & dá ua Ceallaigh Cualand, Cathal & Oilill.

M739.6

Ro chuir in mhuir míol mór i t-tír i c-coicceadh Uladh, i m-Boirche do shunnradh. Do-deachaidh gach aon baoi 'na fochraibh dia dechsain ar inggnaithe. An tan ro bas acca cosccradh fo frith trí fiacla óir ina chend, caocca unga in gach fiacoil dibh-sidhe. Ro chuir Fiachna, mac Aodha Roin, Uladh, & Eochaidh mac Bresail, flaith Ua n-Eathach, fiacail díbh go Bennchair, go raibhe fri ré cian for altóir m-Bennchoir, gur bo foirréil do cach h-i c-coitchinne h-í.


p.342

Annal M740

M740.0

Aois Criost, seacht c-céd cethrachat.

M740.1

An dara bliadhain do Domhnall.

M740.2

Forandan, abb Cluana h-Eraird, d'écc.

M740.3

Cummene h-ua Maonaigh, abb Lainde Léire, d'ég.

M740.4

Congus, ancoire Cluana Tibhrinne, d'écc.

M740.5

Ceand Faoladh, comarba Droma Cuilinn, d'écc.

Annal M741

M741.0

Aois Criost, seacht c-céd cethrachat a h-aon.

M741.1

An treas bhliadhain do Domhnall.

M741.2

Corbmac, epscop Atha Truim, d'écc.

M741.3

Dub Da Bhoirend ua Beccáin, abb Cluana h-Eoais.

M741.4

Aongus, mac Tiobraitte, abb Cluana Fotta Baottain Abha.

M741.5

Cialtrocc, abb Glaisi Naoidhe.

M741.6

Beochaill Ardachaidh.

M741.7

Fiongal Lis Móir.

M741.8

Maol Anfaidh Cille Achaidh Dromfotta.

M741.9

Seachnasach, mac Colgáin, tigherna Ua c-Censealaigh, d'écc.

M741.10

Iomairecc Ratha Cúile ria n-Anmchaidh, i t-torcair h-Uargus, mac Fachtna.

Annal M742

M742.0

Aois Criost, seacht c-céd ceathrachat a dó.

M742.1

An cethramhadh bliadhain do Domhnall.

M742.2

S. Cuanan Glinde, abb Maighe Bile, d'écc 3 April.

M742.3

Abel, abb Imleacha Fia, d'écc.

M742.4

Sárán, abb Bennchair, d'ég.

M742.5

Comman ind Rois, & ba h-abb Cluana Mic Nois esidhe, ba fer lán do rath Dé é bheos, & a écc.

M742.6

Fer Da Críoch, abb Dairinsi, d'écc.

M742.7

Cu Cummne, eccnaidh togaidhe eisidhe, do écc. As dó do-roine Adamhnan an rann, dia ghreasacht frí leighionn.

    1. Cu Cuimne,
      ro legh shuithe co druimne,
      A l-leth aile arratha
      ro lecc ar a chaillecha.


p.344

M742.7

Frisccar Cu Cuimne:

    1. Cu Cuimne,
      ro léigh suithe co druimne,
      A l-leth aile araid cui,
      legfaidh h-uile corop sui.

M742.8

Tuathalan, abb Cinn Ríghmonaidh, d'ég.

M742.9

Aidhneach Baisligge, d'éc.

M742.10

Iacob ua Forannáin, proiceptaigh ergna ina aimsir, d'ég.

M742.11

Ruman, mac Colmáin, saoi i n-eccna, i c-croinic, & i filidhecht, d'écc.

M742.12

Muiredhach Mend, toisech Ua Méith, do mharbhadh i c-Cúil Cummaisg, la h-Ultaibh.

M742.13

Aedh Muinderg, mac Flaitbhertaigh, tigherna an Tuaiscceirt, d'ég.

M742.14

Seachnusach, mac Colgan, Laighen Desgabhair, d'écc.

M742.15

Iomairecc Cairn Ailche la Mumhain, in ro marbhadh Coirpre, mac Con Dionaisg.

M742.16

Iomairecc ria n-Anmchaidh, i t-torcair Coirpre, Fergus, agus Caicher meic Cumhscraigh, co sé toisechoibh décc imaille friu.

M742.17

Fiachra, mac Garbhráin Midhe, do bhádhadh i Loch Ríbh.

M742.18

Dunlaing, mac Dunchon, tigherna Ceneoil Ardghail, d'écc.

Annal M743

M743.0

Aois Criost, seacht c-céd cethrachat a trí.

M743.1

An cuicceadh bliadhain do Domhnall.

M743.2

Arasccach abb Muicinsi Reguil, do bhadadh.

M743.3

Do Dimmóc, ancoiri


p.346

abb Cluana h-Iraird, & Cille Dara, d'écc.

M743.4

Cobhthach, abb Reachrainne, d'ég.

M743.5

Cuan Camm egnaidh, d'ég.

M743.6

Cuan angcoire ó Liolcaich, d'ég.

M743.7

Muirend, inghen Ceallaigh Cualann, ben Iorgalaigh, d'écc.

M743.8

Congal mac Eignich, tigherna na n-Airrther, do mharbhadh i Raith Esclair la Donn Boo, mac Con Bretan.

M743.9

Inreachtach ua Conaing, toiseach Cianachta, d'écc.

M743.10

At-ces co forréil loingius isin aer cona b-foirnibh isin m-bliadhain-si.

Annal M744

M744.0

Aois Criost, seacht c-céd cethrachat a cethair.

M744.1

An seiseadh bliadhain do Domhnall.

M744.2

Breasal mac Colgan, abb Ferna, d'écc.

M744.3

Liber, abb Maighe Bile, d'écc.

M744.4

Conall, abb Tuama Greine, d'ég.

M744.5

Seigeine Claraich d'écc.

M744.6

Mac Cuanach, eccnaidh do Cenel Coirpre, d'ecc.

M744.7

Cluain Ferta Brenainn do losccadh.

M744.8

Anfadh mór do theacht isin m-bliadhain-si, co ro báitheadh drong mór do mhuintir Iae Colaim Cille.

M744.9

Condmach, mac Noendenoigh, d'écc.

M744.10

Iomairecc Airde Cianachta la Dungal, mac Amalgadha, in ro marbhadh Aillill, mac Duibh Da Crioch h-i Chind Faolaidh, & in ro marbhadh Domhnall, mac Cionaodo, h-i friothghuin iar m-buadhughadh dó an céid-fecht.

M744.11

Coirpre, mac Murchadha Midhigh, d'écc, & Becc Baele, mac Eathach.


p.348

Annal M745

M745.0

Aois Criost, secht c-céd cethrachat a cúig.

M745.1

An sechtmhadh bliadhain do Domhnall.

M745.2

S. Suairleach, epscop Fobhair, d'écc 21 Marti.

M745.3

Dubh Dá Leithe na Graiffne, abb Cille Scíre, d'écc.

M745.4

Mac Neamhnaill, abb Biorrae, d'écc.

M745.5

Comorbach, mac Cellain, ab Cille Móir Inir, d'ég.

M745.6

Fobhor & Domhnach Padraicc do losccadh.

M745.7

Cathal Maenmaighe, tigherna Ua Maine, d'écc.

M745.8

Blathmhac, mac Coibhdenaigh, tigherna Musccraidhe, d'écc.

M745.9

Dubh Da Bhoirend, tigherna Ua Fidhgeinte, d'écc.

M745.10

Anmchaidh, toisech Ua Liathain, d'ég.

M745.11

Iomaireacc Inse Snaicc ria n-Anmchaidh, mac Con Cerca.

M745.12

Cu Dionaisc ua Ferghusa d'Uibh Fiachrach, d'écc.

M745.13

Fiachra, mac Ailene, tigherna Mughdorn, do mharbhadh.

M745.14

Eogon mac Tripoit, abb, d'écc.

Annal M746

M746.0

Aois Criost, secht c-céd cethrachat a sé.