Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M727

M727.0

Aois Criost, seacht c-ced fiche a seacht.

M727.1

An cúicceadh bliadhain do Flaithbhertach.

M727.2

Iomairecc etir Aodh, mac Fergaile, & Cenel c-Conaill, i Maigh Iotha, bail in ro marbhadh Conaing, mac Congaile, mic Fergusa, & sochaidhe ele do Cenel Eoghain.

M727.3

Eochaidh, mac Eathach, toisech Dail Riata, d'écc.

M727.4

Conall, mac Conchubhair, d'écc.

M727.5

S. Do Chumma Bolggan, ancoire Arda Macha, d'écc.

M727.6

Aodh, mac Conaing, toisech Iorluachra, do mharbhadh.

M727.7

At-ces bó i n-Deilginis Cualann, aoin-chend & aon-chorp le go a slindenaibh, dá chorp ó a slindenaibh


p.326

siar, & dá erball. Bátar sé cosa fuirre, no blightí fo thrí h-í gach laoi, & ba moa ar gach nuair a h-ass. Ro toimhleadh la daoinibh iomdha a h-as, & ní don im do-ronadh de.

Annal M728

M728.0

Aois Criost, seacht c-céd fiche a h-ocht.

M728.1

An seiseadh bliadhain do Flaithbhertach.

M728.2

Iomairecc h-i Maigh Iotha etir Cloinn Loingsich, mic Aongusa, & Cloind Ferghaili, mic Maoile Dúin, du in ro marbhadh sochaidhe do Cenel Eoghain.

M728.3

Flaithbhertach do thochuiredh murchobhlaigh do Dail Riata do chum n-Ereann, & iar na t-torachtain, ní ro airisetar co rangatar Inis h-Oinae, & ro feradh cath eitir Flaithbhertach cona amhsaibh, & Ciannachta, & araill d'Ultoibh & do Chenel Eoghain, & ro múdhaigheadh drong dirimhe d'Ultoibh, do Chenel Eoghain, & do Chiannachtaibh ann, im Conchubhar, mac Loichene, & im Branchoin, mac Brain, & ro baidheadh líon dírímhe dibh isin m-Banda, iar sraoineadh forra.

M728.4

Reachtabhra h-ua Cathasaigh, toiseac Ua Tuirtre, d'écc.

M728.5

Taichleach, mac Cinn Faolaidh, toiseach Luighne, d'écc.

M728.6

Caintighearna, inghen Ceallaigh Cualann, d'écc.

Annal M729

M729.0

Aois Criost, secht c-céd fiche a naoi.

M729.1

Iar m-beith secht m-bliadhna do Flaitbertach, mac Loingsicch, mic Aongusa, i righe n-Ereann, at-bail i nd-Ard Macha iaramh, iar t-tréccadh a righe ar chléirceacht.

M729.2

Suibhne, mac Cronnmaoil, mic Ronain, epscop Arda Macha, do écc, 21 Iuni. Do Uibh Nialláin dó.

Annal M730

M730.0

Aois Criost, secht c-céd triocha.

M730.1

An céid-bhliadhain d'Aodh Allan, mac Ferghaile, mic Maoile Dúin, os Erinn.

M730.2

S. Mo Brioccu Bealaigh Fele, d'écc.

M730.3

S. Flann, mac Conaing, abb Cille Móire Diothraibh, do marbhadh.

M730.4

S. Oeghetchair


p.328

epscop Naondroma, d'écc.

M730.5

Cath Bealaigh Ele etir Cathal, mac Finnguine, Mumhan, & Laighniu, airm in ro marbhadh sochaidhe do Laighnibh. Do-rochair do Muimhneachaibh ann, Ceallach, mac Faelchair, toisech Osraighe, & dá mac Corbmaic, mic Rosa, toisich na n-Déisi, co tribh mílibh amaille friú.

M730.6

Cathal, mac Muireadhaigh, Connacht, d'écc.

M730.7

Airechtach ua Dunchadha Muirsce, toisech Ua Fiachrach, d'écc.

Annal M731

M731.0

Aois Criost, seacht c-céd triocha a h-aon.

M731.1

An dara bliadhain d'Aodh Allan.

M731.2

Fianamhail, mac Gertidhe, abb Cluana Ioraird, d'écc.

M731.3

Crunnmaol, mac Colgan, abb Lusca.

M731.4

& Dainel, mac Colmain, abb Aird Brecáin, d'écc.

M731.5

Colman, mac Murchon, abb Maighe Bile, d'écc.

M731.6

Maol Fothartaigh, mac Maoile Tuile, do Laighnibh.

M731.7

& Bodhbhchadh, mac Conaill Gabhra, toisech Cairpre, d'écc.

Annal M732

M732.0

Aois Criost, secht c-céd triocha a dó.

M732.1

An treas bhliadhain d'Aodh Allan.

M732.2

Ronán, abb Cinn Garadh.

M732.3

Conamhail ua Loichene, abb Cluana Muc Nóis, do Ciannachtaibh Breagh.

M732.4

& Graiphnidh, abb Imleacha Fia, d'écc.

M732.5

Failbhe, mac Guaire, comharba Maoile Rubha, do bháthadh go b-foirinn a luinge amaille fris. Dias ar fichit a l-líon.

M732.6

Fiangalach, mac Murchadha, toisech Ua Mail, d'écc.

M732.7

Scainner etir Shiol Aodha Sláine, in ro marbhadh Cathal, mac Aodha, don taobh thoir do Lícc Ailbhe, la Conaing, mac Amhalgadha.

M732.8

Muirghes, mac Fergusa Forcraidh,


p.330

do mharbhadh.

M732.9

Aengus, mac Ailealla, tigherna Airde Ciannachta, d'écc.

M732.8

Cath Focharta i Maigh Muirthemhne ria n-Aodh Allán, & ria c-Clandaibh Néll an Tuaiscceirt for Ultaibh, in ro marbhadh Aodh Róin, Uladh, & ro benadh a chend de for Cloich an Chommaigh i n-doras teampaill Focháirde, & ro marbhadh Conchadh, mac Cuanach, toisech Cobha, go sochuidhibh oile amaille riú. Ba h-e fochann an chatha Cill Cunda do shárucchadh la Ua Segáin, do muintir Aodha Róin, dia n-ebairt Aodh Ron feisin, ní scarfam a conn fris an tairr, uair taobh re taobh ata Ceall Cunna & Ceall Tairre. Congas, comarba Patraicc, do-righne an rann-so do ghréasacht Aodha Alláin a n-dioghail sháraighthe na cille, ar rob éisiumh anmchara Aodha, co n-erbairt:

    1. Abair re h-Aodh Allán n-uar
      dom-riacht forrán la sluagh siuil
      Rom-nelacht Aedh Róin arraír
      im Chonna Cill an chaín chiúil.

Tionóilidh Aodh Allán a shlogha go Fochaird, conadh ann at-bert Aodh Allán occ imthriall in catha:

    1. Im Chunna, im chill n-anamcaratt
      cingiu aniú céim ar conair
      Fáicfidh Aodh Roin a cend lim
      no fuicfett-sa la sodhain.

As don cath cedna at-rubhradh:

    1. Ar n-Uladh im Aodh Róine
      la h-Aodh Allán rí Ere
      Ar coinnimh do Chill Chonna
      Cuir-siom bonna fri médhe.

Annal M733

M733.0

Aois Criost, seacht c-céd triocha a trí

M733.1

An cethramhadh bliadain d'Aodh.

M733.2

S. Tola, mac Dunchadha, epscop Cluana Iraird, milidh diongmhala do Criost, d'ég.

M733.3

Bresal, mac Aodha Róin, ri Uladh, do mharbhadh acc Dun Celtchair.


p.332

M733.4

Aodh Ollan, rí Ereann, do thionól Leithe Chuinn, do dhul i Laighnibh go ráinic Ath Senaith. Ro tharcclaimset Laighin in líon con-rangatar do chosnamh a chirt fris. Ro feradh cath ainmhín ettorra isin maighin-sin. Do deachaidh in ri Aodh Allan feisin isin c-cath go n-airechaibh an Tuaisceirt a mailli fris. Tangatar toisigh Laighen imo rioghaibh isin c-cath, corba fuilech foirniata ra feradh an gleo sin ettorra dibhlinibh. Ro machtait laoich, & ro tamhnait colla leó. Imo-comhrainic d'Aodh Ollan & d'Aodh mac Colgan, do righ Laighen, & torchair Aodh, mac Colgan la h-Aodh Ollán. Ro marbhadh & ro mudhaiccheadh, ro díothaiccheadh, & ro díothláiccheadh Laighin co h-anbfhoill isin chaithgleo sin, coná terna ass dibh acht madh tiruairsi m-bicc, & scceolanga terca. Batar iad-so na toisigh, & na h-airigh torcratar ó Laighnibh .i. Aodh mac Colgan, Ua c-Ceinnselaigh, Bran Becc mac Murchadha, an dara righ boi for Laighnibh, Fergus mac Maenaigh & Dubh Da Chriochtigherna Fothart, mac h-ui Cellaigh, mac Trein, Fiangalach ua Maile Aithgen, Conall ua Aithechdai, ceithre meic FloinnConghaile, Eladhach ua Maoluidhir, & sochaidhe oile ro budh emhilt d'aisneis.


p.334

M733.4

Batar failigh Leth Chuinn iarsan c-cosccar-sin, uair ro díoghailsiot a n-ainninne, & a n-aincridhe for Laighnibh. Naoi mile as edh torchair dibh, amhail as-berar:

    1. O cath Uchbhadh co n-aine,
      imbidh truchlam Fer Féine,
      Ní dóigh fo gréin gil gainmhigh
      siol nach Laignigh in h-Ere.
    2. Naoi mile do-rocratar,
      i c-cath Uchbhadh co n-déne,
      Do shlogh Gailian gér guinich
      mór do múiribh Fer Féne.

Aodh Allán cecinit:

    1. An t-Aodh isin úir,
      an isin ruaimh,
      An t-enán dil déin

      JOD cites the corrected form from Book of Lecan 310va7 (facsimile foliation).


      la Ciarán i c-Cluain.

Samhthann cecinit riasan cath:

    1. Ma con-risat na dá Aodh,
      bidh mór-saeth a n-erghaire,
      Madh co dul damh-sa as saeth
      Aodh la h-Aodh mac Ferghaile.

M733.5

Faolan, mac Brain, Laighen, d'écc iar n-deighbhethaidh.

M733.6

Cearnach, mac Foghartaigh, mic Néll, mic Cernaigh Shotail, mic Diarmatta, mic Aodha Slaine, do marbhadh.

M733.7

Fergus mac Cremhthainn do mharbhadh.

M733.8

Slóigheadh la Cathal, mac Finnguine, co Laighniu, co rug gialla ó Bran Bricc mac Murchadha, co rug maíne móra.

Annal M734

M734.0

Aois Criost, seacht c-céd triocha a cethair.

M734.1

An cúicceadh bliadhain d'Aodh.

M734.2

S. Samhthann ogh, ó Cluain Brónaigh i t-Tebhtha, d'écc an 19 do December. As fuirri tug Aodh Allan an teist si:


p.336

M734.2

    1. Samthann fri soilsi sainmand
      modh ro ghabh geansa glunbarr,
      Tuadh Maigh Midhe, miadh n-imglann,
      mor saeth fo sine Samhtann.
    2. Ro gabh an ní nad asa
      aini frí righe slesa;
      Da mhair frí terca tuarai,
      batar cruadha a cressa.
    3. Aradh fri nimhe nithiu,
      glan a cridhiu fri baetha,
      I n-ucht fiadhat frí glanbarr,
      ar ro la Samhthann saetha.

M734.3

Flann, mac Ceallaigh, mic Crundmaoil, epscop Reachrainne, d'écc.

M734.4

Cuana ua Bessain, scribhneoir Treoit d'écc.

M734.5

Fergus Glutt toisech Cobha d'écc. At-ces dosidhe aes ulc & aidhmhillti ag tealgad graintseligh in ro laitis iopadha ina aighidh fair, conad é fochann a bhais.

M734.6

Ailill, mac Tuathail, tigherna Ua c-Criomhthainn, d'écc.

Annal M735

M735.0

Aois Criost, seacht c-céd triocha a cúicc.

M735.1

An seiseadh bliadhain d'Aodh.

M735.2

S. Bran, Lainde h-Eala, d'écc.

M735.3

Maincheine Tuama Gréine, d'écc.

M735.4

Fland Feabhla, abb Goirt Conaigh, i Mughdhornaibh Muighen, d'écc.

M735.5

Ceallach, mac Sechdi, do Chonmaicnibh, abb Cluana Muc Nóis, d'écc.

M735.6

Dubh Da Bhoirend, abb Fobhair, d'écc.

M735.7

Forbasach, mac Ailealla, tigherna Osruighe, do mharbhadh.

Annal M736

M736.0

Aois Criost, seacht c-céd triocha a sé.

M736.1

An seachtmhadh bliadhain d'Aodh.

M736.2

Condla, tigherna Teabhtha, d'écc.

M736.3

Amhalgaidh, mac Cathasaigh, toisech Conaille, d'écc.

M736.4

Murchadh, mac Fearghaile, mic Maile Dúin, do mharbhadh.

M736.5

Cath Cairn Feradhaigh,


p.338

in ro marbhadh Torcan Tine Réidh.

M736.6

Fuireachtach, airchindeach Insi Caoil, [ &] Flann Aighle, epscop Echdhroma, d'écc.