Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M717

M717.0

Aois Criost, seacht c-céd a seacht d'écc.

M717.1

An naomhadh bliadhain d'Fearghal.

M717.2

S. Cuanna ó Ros Eo d'écc an 10 April.

M717.3

Drostan Dairtighe d'écc i n-Ard Breccain.

M717.4

Iomaireacc Fionnabhrach la Laighnibh, in ro marbhadh Aodh, mac Ceallaigh.

M717.5

Airmedhach, mac Taidhg, & Criochan, toisech Ua Mic Uais, do mharbhadh.

M717.6

Fasughadh Laighen fo cúicc i n-aoin-bhliadhain la h-Uibh Néill.

M717.7

Cath etir Chonnachtaibh & Corca Baiscinn, inar marbhadh mac Talamhnaigh.

M717.8

Fasucchadh


p.316

Maighe Bregh la Cathal, mac Fionnguine, & la Murchadh, mac Brain.

M717.9

Indredh Laighen, & naidhm na boromha dorídhisi, & na giallna la Ferghal.

Annal M718

M718.0

Aois Criost, seacht c-céd a h-ocht d'écc.

M718.1

Iar m-beith deich m-bliadhna h-irighe uas Erinn d'Ferghal, mac Maoile Dúin, mic Maoile Fithrigh, do-rochair h-i c-cath Almhaine la Dunchadh, mac Murchadha, & la h-Aodh mac Colgan, damhna righ. At iad líon tangatar Síol c-Cuinn don chath-sin .i. mile ar fichet. At iad líon tangatar Laighin, don leith ele, naoi mile. As do bhas Ferghail do raidheadh:

    1. Dunchadh mac Murchadha muaidh
      Aodh mac Colgan claidhemh-ruaidh,
      Marbhsat Fergal feidhm n-gaile
      h-i c-cath erlamh Almhaine.

Atiad annso na h-airigh & na toisigh torcratar isin cath ishin, maraen la Fergal, do Leth Cuinn, Conall Menn, toisech Ceneoil Coirpre, Forbasach, toiseach Cheneoil m-Boghaine, Ferghal ua Aithechdae, Ferghal, mac Eachdach Lemhna, toisech Tamhnaigh, Condalach, mac Conaing & Eccnech mac Colgan, toisech na n-Airther, Coibhdenach, mac Fiachrach, Muirghius, mac Conaill, Leathaitheach, mac Con Carat, Anmchaidh, mac Con Charat, Aedhgen h-ua Mathghamhnae, Nuadha mac Eirc, toisech Guill & Irghuill, & dechnebhar do h-Síol Maile Fithrigh. Battar iad-sidhe easbhadha airech & toisech an Tuaisceirt. Tesbhadha Ua Néill an Deisceirt: Flann, mac Raghallaigh, Aileall, mac Feradhaigh, Suibhne mac Conghalaigh, Aodh Laighean ua Cearnaigh, Nia mac Corbmaic, Dubh Da Crioch, mac Duibh Da Inbhear, Ailill mac Conaill Graint, Flaitheamhail, mac Dluthaigh, Ferghus ua h-Eoghain. Torcratar din trí fichit ar céd d' amhsaibh Fergail amaille ris na saorchlandaibh-sin, cenmotád


p.318

sochaidhe oile. Naonbhar tra iss edh lotar h-i faindeal & i n-gealtacht as in cath-sin. Secht mile iss eadh torcair idiu & anall ettorrae. Inrachtach, mac Donnchadha Muirisce, righ Connacht do mharbhadh san g-coinbhliocht-sin Almhuine madh fíor.

Annal M719

M719.0

Aois Criost, seacht c-céd a naoi d'écc.

M719.1

Fogartach, mac Néill, mic Cernaigh Sotail, h-i righe n-Ereann an bhliadhain-si, co t-torchair h-i c-cath Delgean la Cionaeth, mac Iorgalaigh.

M719.2

S. Sionach Innsi Clothrann d'écc an fichetmhadh lá do mí April.

M719.3

Aelchu Mainistrech Buitti d'écc.

M719.4

Indrechtach, mac Muireadhaigh, Connacht, d'écc.

M719.5

Cluain Mic Nois do losccadh.

M719.6

Sealbhach, tigherna Dal Riada, do dhol i c-clercecht.

Annal M720

M720.0

Aois Criost, seacht c-céd fiche.

M720.1

An céd-bhliadhain do Chionaoth, mac Iorgalaigh, mic Conaing Cuirri, h-i righe Ereann.

M720.2

S. Faolchu, mac Dorbbe, abb Iae.

M720.3

S. Cuindles, abb Cluana Mic Nois.

M720.4

& S. Sionach Tailten, d'écc.

M720.5

Cath Cinn Delgen ria c-Cionaoth, mac n-Iorgalaigh, in ro marbhadh Foghartach ua Cernaigh.

M720.6

S. Caoch Scuile, scribhneóir Doire Chalggaigh, d'ég.

M720.7

S. Cillene ua Colla, abb Aithne, d'écc 3 Ianuari.

M720.8

S. Colman Uamach, scribhneóir Arda Macha.

M720.9

& S. Colman Banban, scribhneoir Cille Dara, d'écc.

M720.10

S. Ruibin, mac mic Connaid, sccribhneoir Mumhan.

M720.11

Mac Brocain ó Tigh Telle.

M720.12

Teched (.i. sealbhuthadh) Uladh ria c-Cionaedh mac Congalaigh.

Annal M721

M721.0

Aois Criost, seacht c-céd fiche a h-aon.

M721.1

An dara bliadhain do Chionaoth.


p.320

M721.2

S. Maol Rubha, abb Bennchair, iar n-dul i nd-Albain, d'écc ina chill féisin, i n-Apur Crosan, an 21 April. Ochtmoghat bliadhain ar thrí míosaibh for naoibh láithibh, fod a shaoghail.

M721.3

S. Cele Criost d'écc.

M721.4

S. Conall, mac Moudain, do ghlacadh coroine mairtire.

M721.5

Fer Da Chrioch, mac Congalaigh, d'écc.

M721.6

Cuanan o Chill Delcce.

M721.7

Deirir Daimhinsi, d'Uibh Colla do-sidhe.

M721.8

Cuana Droma Cuilinn.

M721.9

& Cillene Locha Gercc, d'écc.

M721.10

Cath Droma Fornocht ria f-Flaithbhertach, mac Loingsigh, & ria c-Cenel c-Conaill, for Aodh n-Allán, mac Ferghaile, & for Cenel n-Eoghain. Ro sraoinedh for Aodh n-Allán. At iad na maithe ro marbhadh ó Aodh Flann mac Erthaile, & Snedgus Dercc ua Brachaidhe.

M721.11

Murchadh, mac Brain, Laighen, d'écc.

M721.12

Criomhthann, mac Ceallaigh Cualann, do mharbhadh i c-cath Belaigh Licce.

M721.13

Ailill, mac Bodhbhcadha Midhe, d'écc.

M721.14

Cath ria c-Cionaoth, mac Iorghalaigh, for Laighnibh, & do-bert a réir.

M721.15

Cath Insi Bregain ria f-Faolan, bail in ro marbhadh Eittirsgeól, mac Ceallaigh Cualann, & Congal, mac Brain.

M721.16

Cathal Cerr, toisech Descert Bregh, d'écc.

Annal M722

M722.0

Aois Criost, seacht c-céd fiche a dó.

M722.1

S. Fland ó Aointreb, abb Bendchuir, d'écc.

M722.2

Iar m-beith trí bliadhna dó Cionaedh, mac Iorgalaigh, uas Erinn h-i righe, torchair h-i c-cath Droma Corcáin, la Flaithbhertach mac Loingsich.


p.322

M722.3

Torchair Eudos, mac Ailella, & Maol Duin, mac Feradhaigh, isin cath-sin la Dunchadh, mac Corbmaic.

M722.4

Cath Aillinne etir da mac Murchadha, mic Brain, in ro marbhadh Dunchadh senoir.

M722.5

Domhnall, mac Ceallaigh ri Connacht, d'ég.

Annal M723

M723.0

Aois Criost, seacht c-céd fiche a trí.

M723.1

An céd-bhliadhain do Flaithbhertach, mac Loingsich, mic Aongusa, uas Erinn h-i righe.

M723.2

S. Gall Lilcaigh d'écc.

M723.3

S. Fachtna mac Folachtain, abb Cluana Ferta Brénainn, d'écc.

Annal M724

M724.0

Aois Criost, seacht c-céd fiche a cethair.

M724.1

An dara bliadhain do Flaithbhertach.

M724.2

Mac Onchon, sccribhneoir Cille Dara.

M724.3

Mac Con Cumba, sccribhneoir Cluana Muc Nóis.

M724.4

Cochall Odhar, scribhnidh Bennchuir, d'ég.

Annal M725

M725.0

Aois Criost, seacht c-céd fiche a cúig.

M725.1

An treas bhliadhain do Flaithbhertach.

M725.2

S. Do Chonna Craibhdheach, epscop Condere, d'écc an 15 Maii.

M725.3

S. Cillene Foda ab Ia, d'écc.

M725.4

S. Adamnan, epscop Ratha Maighe h-Aonaigh.

M725.5

S. Mainchin Lethghlinne d'écc.

M725.6

S. Faeldobhar Becc, eccnaidh Fobhair, d'écc.

M725.7

Cúl Rathain do losccadh.

M725.8

Cath eidir Cruithniu & Dal Riada, i Murbhulg, in ro marbhadh drong mhór do Chruithniu.

M725.9

S. Colmán ua Liottáin, doctúir toghaidhe, d'écc.

M725.10

S. Eochaidh, mac Colgan, ancoiri Arda Macha.

M725.11

S. Colman Tealcha Ualand.

M725.12

& Breac Bearbha, d'écc.

M725.13

Coblaith, inghen Ceallaigh Cualann, d'écc.

Annal M726

M726.0

Aois Criost, seacht, c-céd fiche a sé.

M726.1

An cethramhadh bliadhain do Flaithbhertach.

M726.2

Aolchú, abb Cluana h-Ioraird.

M726.3

Flann Sionna ua Colla, abb Cluana Mic Nois d'écc, do Uibh Cremhthaind dó.

M726.4

Garalt Maighe h-Eo d'écc an 13 do Marta.

M726.5

Sebhdann, inghen Cuirc, banab Cille Dara, d'écc.

M726.6

Timnen Cille Garadh.


p.324

M726.7

Neachtan, mac Der Ili d'écc.

M726.8

Guin Doedhgasa, mac Baith, toisech na n-Déisi.

M726.9

Muiredhach, mac Indreachtaigh, do mharbhadh, epscop Maighe Eú esidhe.

M726.10

Iomairecc etir Laighniu Desgabhair & Muimhnecha, & ro meabhaidh ria n-Aodh, mac Colgan.

M726.11

Ferdomhnach, sgribhneoir Arda Macha.

M726.12

Fergus, mac Conaill Oircnigh, d'écc.

M726.13

Congalach Cnúicha d'écc.

M726.14

Ceallach, inghen Dunchadha, do Uibh Liatháin, d'écc.