Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M697

M697.0

Aois Criost, sé chéd nochat a seacht.

M697.1

An cethramhadh bliadhain do Loingseach.

M697.2

Forandan, abb Cille Dara, d'écc.

Annal M698

M698.0

Aois Criost, sé chéd nochat a h-ocht

M698.1

An cuicceadh bliadhain do Loingseach


p.300

M698.2

Aodh ancoire, ó Slebhtiu, d'écc.

M698.3

Iarnlaith, abb Lis Moir, d'écc.

M698.4

Fianamhail ua Dunchadha, toisech Dal Riadai, & Flann, mac Cinn Faolaidh, mic Suibhne, toisech Cenéil Eoghain, do mharbhadh.

M698.5

Aurthuile ua Crunnmaoil, toisech Cenil Eoghain, d'ionnarbadh asin righe, i m-Bretain.

M698.6

Fland Find, mac Maoil Tuile h-ui Crundmaoil, toisech Cenil Eoghain, d'écc.

M698.7

Conall, mac Suibhne, toisech na n-Deisi, d'écc.

Annal M699

M699.0

Aois Criost, sé chéd nochat a naoi

M699.1

An seiseadh do Loingseach.

M699.2

Colman, Linne Uachaille, d'écc an 30 Marta.

M699.3

Ailill, mac Cuí Gan Mathair, Mumhan, d'écc.

M699.4

Conall, mac Doinennoigh, toiseach Ua Fidhgeinte.

M699.5

Niall ua Cernaigh do mharbhadh i n-Droman Ua Casan, la h-Iorgalach, mac Conaing.

Annal M700

M700.0

Aois Criost, seacht c-céd.

M700.1

An seachtmhadh bliadhain do Loingseach.

M700.2

Colman ua h-Eirc, abb Cluana Ioraird, d'ég.

M700.3

Muiredhach Muighe h-Aaoi, righ Connacht, mac Fergusa, ó t-tát Síol Muireadhaigh, d'ég.

M700.4

Iorgalach ua Conaing


p.302

do mharbhadh la Brethnuibh.

M700.5

Aedh, mac Dluthaigh, d'ég.

M700.6

Conall, mac Suibhne, tigherna na n-Déisi, d'écc.

M700.7

Ceallach, mac Maele Roca epscop.

M700.8

Diucuill, abb Cluana h-Eois, d'écc.

Annal M701

M701.0

Aois Criost, seacht c-céd a h-aon.

M701.1

Faoldobhair Clochair d'écc 29 Iún.

M701.2

Iar m-beith ocht m-bliadhna h-irighe Ereann do Loingseach, mac Aongusa, mic Domhnaill, do-rochair, h-i c-cath Corainn, la Ceallach Locha Cime, mac Raghallaigh, amhail dearbhus Cellach isin rann:

    1. Ba uilcc thuilcc
      matan ro-mbi oc Glais Chuilcc,
      Beo-sa Loingseach and do chailg
      airdri Ereann ima cuird .i. ima cuairt

Torcratar tra a thrí meic imailli ris, Artghal, Conachtach, & Fland Gergg. Ro marbhait din da mac Colcen ann, & Dubh Dibherg, mac Dunghaile, & Fergus Forcraith, & Conall Gabhra, & aroile saerchlanna cenmotat-sidhe. Conall Meann, mac Cairbre, ro raidh na roinn-si, & ba h-eisiden fochann an catha:

    1. Dia ti Loingseach don Bannai
      cona triocha céd imme
      Giallfaidh, cidh leabhair a liach
      Cellach Liath Locha Cimme.
    2. Tecsaidh Ceallach ceirtle cruinne
      cro tria rinne
      Bodhbh mos-linge
      La righ laimhdhercc Locha Cimme.

Annal M702

M702.0

Aois Criost, seacht c-céd a dó.

M702.1

An céid-bhliadhain do Congal Cinn Maghair


p.304

mic Fergusa Fanada, uas Erinn h-irighe.

M702.2

Colman mac Fionnbhair, abb Lis Móir, d'écc.

M702.3

Cath for Cloinath, ria Ceallach Cualonn, for Fogartach (iaromh na rí Erenn) ua Cernoigh, airm in ro marbhadh Bodhbhchadh Midhe mac Diarmada, & ro meabhaidh for Foghartach.

Annal M703

M703.0

Aois Criost, seacht c-céd a trí.

M703.1

An dara bliadhain do Congal.

M703.2

Adhamhnan mac Ronáin, abb Iae Coluim Cille, d'écc an 23 do September, iar m-beith sé bliadhna fichet i n-abdaine, & iar seacht m-bliadhna seachtmoghat a aoise.

Ba maith tra an ti naomh Adhamhnan, do réir fiadhnaisi naoimh Béda, óir ba derach, ba h-aithrighech, ba h-urnuighthech, ba h-inneithmhech, ba h-aointech, & ba mesardha, daigh ní loingedh do shír acht dia domhnaigh & dia dardaoin nama.


p.306

Do-roine mogh de féin do na subháilcibh-si, & beos ba h-eagnaidh, eolach i l-leire tuicsiona an naoimh-scrioptura diadha.

M703.3

Ceallach mac Raghallaigh, ri Condacht, iar n-dul dó fá cuing clércechta d'écc.

M703.4

Iomairecc Corc' Mo Dhruadh, bail in ro marbhadh Celechar, mac Commain.

Annal M704

M704.0

Aois Criost, seacht c-céd a cethair.

M704.1

An treas bhliadhain do Congal.

M704.2

Cenn Faoladh ua Aodha Bricc, abb Bendchair, d'écc an 8 April.

M704.3

Da Chonna Dairi, & Ceallán, mac Seachnasaigh, eccnaidh, d'écc.

M704.4

Oissene Fremhann, mac Galluist, abb Cluana Mic Nóis, d'ecc. Do Calraighe Tethbha a chenel.

M704.5

Conchubhar, mac Maeili Dúin, toisech Ceniuil Coirpre.

M704.6

Becc Boirche, Uladh, do gabháil bachlae, & a écc ina oilithre, i foirchenn da bhliadhan d'écc iar sin.

M704.7

Flann Feabhla, mac Sgannlain, abb Arda Macha, do écc.

Annal M705

M705.0

Aois Criost, seacht c-céd a cúig.

M705.1

An cethramhadh bliadhain do Conghal.

M705.2

Coibhdenach, epscob Arda Sratha, d'écc 26 Nouember.

M705.3

Conodhar, abb Fobhair, d'écc 3 Nouember.

M705.4

Inrechtach, mac Dunchadha Muiriscce, na t-Teora Connacht, do mharbhadh la Fergal, mac Maoile Dúin, & la Fergal mac Loingsich, mic Aongusa, & la Conall Mend, toisech Ceniuil Coirpre.

M705.5

Sloicchedh la Congal Cind Maghair, mac Fergusa Fanat, for Laighnibh, co t-tarat a réir uadhoibh.Ag tocht do don t-sloighedh h-isin at-bert Congal innso:


p.308

    1. Celeabhair damh, a Liffe
      as lor rodo bo h-it gnáis
      Alainn berrthán fil fort
      ba slán co t' folt a Dún Náis.
    2. Ba Magh Liffe madh co sé
      indiu as magh fonaithe
      Ticubsa dia athfuine
      aitherrach co n-aithniu.

M705.7

Cath Lethairbhe ria c-Conghal, mac Ferghosa Fánatt, for Chenél n-Eocchain, dú in ro marbhadh Maol Dúin, mac Maoili Fithricch, tigherna Cheneoil n-Eoghain.

Annal M706

M706.0

Aois Criost, seacht c-céd a sé.

M706.1

An cúicceadh bliadhain do Congal.

M706.2

Cu Cuaráin, Cruithne & Uladh, do mharbhadh la Fionnchoin h-ua Ronáin.

M706.3

Fiachra, mac Dungaile, do ghuin la Cruithniu.