Aois Criost, sé chéd, ochtmhoghat a seacht.
An cethramhadh bliadhain décc d'Fíonachta.
Beccan Cluana h-Ioraird d'écc.
Gnathnat, banabb Cille Dara, d'ég.
Congal, mac Maoile Dúin, mac Aodha Bendain, rí Iarmhumhan, do mharbhadh.
Ard Macha do losccadh.
Bran, mac Conaill, rí Laighen d'écc.
Finguine Fotta d'écc.
Feradhach Méith, mac Nechtlicc, d'écc.
Aois Criost, sé chéd ochtmoghat a h-ocht.
An cúicceadh bliadhain décc d'Finshneachta.
Cronan macu Caulne, abb Bendchair, d'écc an 6 do Nouember.
Fidhgellach, mac Flainn, toisech Ua Máine.
Iolan, epscop Cinn Garadh, d'écc.
Do Chinne Daire Bruchaisi d'écc.
Aois Criost, sé chéd ochtmoghat a naoi.
An seiseadh bliadhain d'écc d'Fhínshneachta.
Da Becog Cluana h-Aird d'écc.
Fergas, mac Lodain, rí Uladh, do mharbhadh la h-Uibh Eachdhach.
Aois Criost, sé céd nochat.
An seachtmhadh bliadhain décc d'Finshneachta.
Dioraith, epscop Ferna, d'écc an 27 Iuli.
Bran ua Faolain, rí Laighen, d'écc.
Cath etir Osraighibh & Laighniu, bail in ro marbhadh Faolcor ua Maol Ódhra.
Ro feradh fleachadh fola i Laighnibh isin bhliadhain-si. Ro soadh
Aois Criost, sé chéd nochat a h-aon.
An t-ochtmhadh bliadhain décc d'Fhínshneachta.
Becfola epscop d'écc.
h-Uidhreini Mhaighe Bile d'écc.
Aois Criost, sé chéd nochat a do.
An naomhadh bliadhain décc d'Fhionachta.
Cronan Becc, abb Cluana Mic Nóis, d'écc 6 April.
Cronan Balnae d'ecc.
Aois Criost, sé chéd nochat a trí.
Gaimide Lugmhaidh d'écc.
Meann Boirne, abb Achaidh Bó, d'écc.
Iar m-beith fiche bliadhain h-i righe Ereann d'Fhionachta Fleadhach, mac Dunchadha, do-cer la h-Aodh, mac n-Dluthaigh, mic Aililla, mic Aodha Slaine, toisech Fer Cul, & la Congalach, mac Conaing, mic Congaile, mic Aodha Slaini, h-i cath, h-ic Greallaigh Dollaith Do-rocair beos Breasal, mac Fionnachta, isin cath ísin araon ria a athair.
Tadhg, mac Failbhe, do marbhadh h-i n-Glinn n-Gaimhin.
Aois Criost, sé céd nochat a cethair.
An céid-bhliadhain do Loingseach, mac Aongusa, h-i righe n-Ereann.
Loicheine Meann, eagnaidh, abb Cille Dara, d'écc.
Cuimmeni Mughdorne d'ég.
Finnguine mac Coí Gén Mathair, ri
Fergal Aidhne, rí Connacht, d'ég. Mac sidhe Guaire Aidhne.
Fianamhail, mac Maenaich, d'ég.
Congalach, mac Conaing, mic Congaile, mic Aodha Slaine, d'écc.
Aois Criost, sé chéd nochat a cúig.
An dara bliadhain do Loingseach.
Caisin, scribhnidh ó Luscca, dég.
Maol Fothartaigh, mac Maolduibh, tigherna na n-Airghiall, d'écc.
Magh Muirthemhne do fhásughadh la Bretnoibh & la h-Ultoibh.
Iomairecc Crandcha, dú inar marbhadh Feradhach, mac Maile Doith.
Aois Criost, sé chéd nochat a sé.
An tres bhliadhain do Loingseach.
S. Mo Ling Luachra epscop, d'écc an 17 Maii.
Cath i t-Tuloigh Garraiscc, i b-Fhernmhaigh, bail in ro marbhadh Conchobhar Macha, mac Maoile Dúin, toisech na n-Airther, & Aodh Airéd, toisech Dal Araidhe.
Muirgius, mac Maile Duin, tigherna Ceneoil Coirpre, d'écc.