Aois Criost, sé ched seasccat a seacht.
An treas bhliadhain do Seachnusach.
Colman epscop, go naomhaibh oile imaille fris, do dul go h-Inis Bo Finne, go ro fothaidh ecclas innte, conadh uaithe ainmnighthear-somh.
Feargus mac Muccedho d'écc.
Aois Criost, sé chéd seasccat a h-ocht.
An cethramhadh bliadhain do Seachnasach.
S. Cummine Fionn, abb Iae Coluim Cille, d'écc an 24 Februarii.
Maol Fothartoigh, mac Suibhne, toisech Cenel Tuirtri, d'écc. Cenn Faoladh ro raidh:
- Ni dile
nach ri liomsa alaile
O do-bretha Maol Fothartoigh
ina ghaimhnen do Doire.
Maol Dúin, mac Maonaigh, do mharbhadh.
Criotan, abb Bendchair, d'écc.
Mo Chue mac Uist.
Aois Criost, sé chéd seasccat a naoi.
Iar m-beith cúicc bliadhna ós Erinn h-i righe do Seachnusach mac Blaithmic, do-cear la Dubh Duin, flaith Ceneoil Coirbre. As for Sechnusach do-rattadh an teistimen-si:
- Ba srianach, ba h-eachlascach
in teach h-i m-bidh Seachnusach,
Ba h-imdha fuigheall for slaitt
h-istaigh i m-bidh mac Blatmaic.
Bran Fionn, mac Maoile Ochtraich, toisech na n-Déisi Mumhan.
Maol Dúin ua Ronain do mharbhadh.
Blathmac, mac Maoil Cobha, d'écc.
Cuana, mac Cellaigh, do mharbhadh.
Bran Find, mac Maele Fothartaigh, d'écc.
Dunchadh ua Ronáin d'ég.
Aois Criost, sé céd seachtmhoghat.
An céd-bhliadhain do Cenn Faoladh, mac Blathmaic, h-i righe n-Ereann.
Dungal, mac Maoile Tuile, toisech Ceneoil
Ard Macha & Tegh Telle do losccadh.
Bendchair do losccadh.
Cumasccach, mac Ronáin, d'écc.
Aois Criost, sé chéd seachtmoghat a h-aon.
An dara bliadhain do Chenn Faoladh.
Maol Rubha, abb Bendchair, do dul i n-Albain, go ro fothaigh ecclas Apor Crosan.
Losccadh Maighe Lunge.
Failbhe, abb Iae Colaim Cille, do tocht i n-Erinn a h-Iae.
Aois Criost, sé chéd seachtmoghat a dó.
An treas bhliadhain do Cheann Faoladh.
Sgannlan, mac Fingin, toisech Ua Méith, d'écc.
Aois Criost, sé céd seachtmoghat a trí.
Iar m-beith ceithre bliadhna h-i righe n-Ereann do Cend Faoladh, mac Blaithmic, mic Diarmata, do-cer la Fionnachta Fledhach, h-i c-cath Aircealtra, oc Tigh Ua Maine.
Noe, mac Daniel, d'écc.
Congal Cendfoda, mac Dunchadha, rí Uladh, do mharbhadh la Bec Boirche.
Aois Criost, sé chéd seachtmoghat, a cethair.
An céd-bhliadhain do Fiondachta
S. Colman, epscop ó Inis Bó Finde, d'écc an 8 lá d'August.
Fionán, mac Airennain, d'écc.
Cosccradh Ailigh Frigreinn la Fínshneachta, mac Dunchadha.
Failbhe, abb Iae, do soadh ina fhriting a h-Eirinn.
Aois Criost, sé chéd seachtmoghat a cúig.
An dara bliadhain d'Fhionnachta.
Becan Ruimind d'ég i m-Bretain 17 Marti.
Cath edir Finsneachta & Laighin la taobh Locha Gabhar, & ro meabhaidh an cath for Laighnibh.
Dunchadh, mac Ultáin, toisech Airghiall, do mharbhadh i n-Dun Forga la Maol Dúin, mac Maoile Fithrigh.
Aois Criost, sé chéd seachtmoghat a sé.
An tres bhliadhain d'Fhionnachta.
Dairchell maccu Retai, epscop Glinne Da Locha d'écc, 3 Maii.
Comman epscop.
Maol Doghar, epscop Ferna.
Tuaim Snamha, toisech Osraighe, do mharbhadh la Faolan Seanchostol.
Colggu, mac Failbhi Flainn, rí Mumhan, d'écc.