Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M657

M657.0

Aois Criost, sé chéd caoccat a seacht.

M657.1

An céd-bhliadhain do Diarmait & do Blathmac, dá mhac Aodha Slaine, mic Diarmada, mic Fergusa Cerrbeoil, i righe n-Ereann.

M657.2

Ceallach, mac Saráin, abb Othna Móire, d'écc.

M657.3

Mo Chua, mac Lonáin, d'écc.

M657.4

Dunchadh, mac Aodha Slaine, d'écc.

Annal M658

M658.0

Aois Criost, sé chéd caoccat a h-ocht.

M658.1

An dara bliadhain do Diarmait & do Blathmac.

M658.2

Dioma Dubh, epscop Condere, d'ég an 6 Ianuarii.

M658.3

Cummine, epscop Naondroma, d'écc.

M658.4

S. Sillan, epscop Daimhinsi, d'écc an 17 Maii.

M658.5

Eochaidh, mac Blaithmic, mic Aodha Slaine, d'écc.

M658.6

Ailill, mac Dunchadha, mic Aodha Slaine, d'écc.

M658.7

Conall Cranndamna d'écc.

M658.8

Eoghan, mac Tuathalain, d'écc.

M658.9

Faolan, toisech Osraighi, do mharbhadh la Laighnibh.

Annal M659

M659.0

Aois Criost, sé chéd caoccat a naoi.

M659.1

An treas bhliadhain do Diarmait & do Blatmhac.

M659.2

Dainiel, epscop Cinn Garadh, d'écc an 18 Februarii.

M659.3

Fionán


p.270

mac Rimedha, epscop, d'écc.

M659.4

Colman Glinne Da Locha d'écc an dara la do December.

Annal M660

M660.0

Aois Criost, sé chéd seasccat.

M660.1

An cethramhadh bliadhain do Diarmait & do Blathmac.

M660.2

S. Laidhgend, mac Baoith, ó Cluain Ferta Mo Lua, d'ég an 12 Ianuarii.

M660.3

Conaing ua Daint, abb Imlecha Iobhair, d'écc.

M660.4

Iomairecc i n-Oghamain, oc Cinn Corbadain, la Muintir Diarmata, mic Aodha Sláine, .i. Onchú, mac Saráin, & Maol Miolchon, & Cathusach, mac Eimhine, for Blathmac, mac Aodha Sláine, maighen in ro marbhadh Conaing, mac Congaile, mic Aodha Slaine, & Ulltan, mac Ernaine, toisech Ciannachta, & Cenn Faoladh, mac Geirtidi, toisech Ciandachta Ardda, & Faolchu mac Maele Umha.

M660.5

Maol Dúin, mac Aodha Bennáin, d'écc.

M660.6

Maonach, mac Fingin, ri Mumhan, d'écc.

M660.7

Mael Dúin, mac Furadhrain, toisech Durlais, d'écc.

M660.8

Maol Fuatoigh, mac Ernaine, toisech Ciandachta, do mharbhadh.

M660.9

S. Tomene, mac Ronáin, epscop Arda Macha, d'écc.

Annal M661

M661.0

Aois Criost, sé chéd sesccat a h-aon.

M661.1

An cáicceadh bliadhain do Diarmait & Blathmac.

M661.2

S. Cummine Foda, mac Fiachna, epscop Cluana Ferta


p.272

Brenoinn, d'écc in dara la dég do Nouember. Colman ua Cluasaigh, oide Cummine, ro raidh na roinn-si:
    1. Ni beir Luimnech for a druim
      desil Muimhnech i l-Leth Cuinn,
      Marbhan in noi ba fiú do
      do Cummine mac Fiachno.
    2. Ma do teighedh neach dar muir
      seiseadh h-i suidhe n-Grigair,
      Madh a h-Eri ní buí dó
      inge Cumine Fodo.
    3. Mo cumha-sa iar c-Cumine
      on lo ro foilgedh a árc,
      Coi mocuil nis n-ingairedh
      dord gaill iar n-derach a bárc.

M661.3

S. Colmán ua Cluasaigh d'écc.

M661.4

S. Saran ua Criotain d'écc.

Annal M662

M662.0

Aois Criost, sé chéd sesccat a dó.

M662.1

An seiseadh bliadhain do Diarmait & do Blathmac.

M662.2

Segan mac h-uí Cuinn, abb Bendchair.

M662.3

Tu Enócc, mac Fiontain, abb Ferna.

M662.4

Indercaigh epscop

M662.5

Dimma epscop.

M662.6

Guaire (.i. Aidhne) mac Colmain, Connacht d'écc. Rob ionann mathair do Guaire & do Caimmine Insi Celtra, amhail as-berar:

    1. Cumman, inghen Dallbronaigh
      mathair Caimmín is Guaire
      Moirseiser ar seachtmoghat
      ass edh ro genair uaithe.


p.274

M662.7

Conall & Colccu, dá mac Domhnaill, mic Aodha, mic Ainmirech, do mharbhadh la Ceirrcend.

Annal M663

M663.0

Aois Criost, sé chéd seasccat a trí.

M663.1

An seachtmhadh bliadhain do Diarmait & do Blathmach.

M663.2

Baotan mac ua Corbmaic, abb Cluana Mic Nóis, d'écc. Do Conmaicnibh Mara a chenel.

M663.3

Comdhán maccu Theanne.

M663.4

Berach, ab Bendchair.

M663.5

Cernach Sotal, mac Diarmatta, mic Aodha Sláine, d'écc (imaille ris an n-druing remhrá do mortladh tuargaibh i n-Erinn h-i Kallainn August na bliadhna-sa h-i Muigh Iotha, h-i Fothartaibh.

Annal M664

M664.0

Aois Criost, sé chéd seasccat a cethair.

M664.1

Mortladh adhbhal do bheith in n-Erinn in bhliadhain-si da n-goirthí an Buidhe Connaill, & ro écsat in drong-so do


p.276

naomhaibh Ereann di, S. Feichin, abb Fobhair, 14 Februarii, S. Ronan mac Beroigh, S. Aileran ind egna, S. Cronan mac Silne, S. Manchan Lethe, S. Ultan mac h-ui Cunga, abb Cluana h-Ioraird, S. Colman Cas, abb Cluana Mic Nóis, & Cummine abb Cluana Mic Nois.

M664.2

Iar m-beith ocht m-bliadhna i righe n-Ereann do Diarmait & Blathmac, dá mac Aodha Sláine, at-bathatar don mortladh cétna.

M664.3

Ro tathaimhset beos Maol Bresail, mac Maeili Dúin, & Cu Cen Mathair, Mumhan. Aongus Uladh. At-bailset iliomat d'ecclais & do tuaith i n-Erinn don mortlaidh h-isin cenmotat-sidhe.

M664.4

Dithgréin an treas la do Maii.

Annal M665

M665.0

Aois Criost, sé chéd sesccat a cúicc.

M665.1

An céid-bhliadhain do Seachnusach, mac Blathmaic. h-i righe n-Ereann.

M665.2

Baeithin, abb Bendchair, d'écc.

M665.3

Ailill Fland Eassa, mac Domhnaill, mic Aodha, mic Ainmirech, d'écc.

M665.4

Maol Caoich, mac Scandail, toisech Cruithne do Shliocht Ir, d'écc.

M665.5

Eochaidh Iarlaithe, ri


p.278

Cruithne beos d'écc.

M665.6

Maol Dúin, mac Scandail, toisech Ceneoil Coirbre, d'écc.

M665.7

Duibh Indrecht, mac Dunchadha, toisech h-Ua m-Briuin, d'écc.

M665.8

Ceallach, mac Guaire, d'écc.

M665.9

Cath Feirtsi etir Ulta & Cruithne, du in ro marbhadh Cathusach, mac Laircine.

M665.10

Faolan, mac Colmain, Laighen, d'écc.

Annal M666

M666.0

Aois Criost, sé chéd seasccat a sé.

M666.1

An dara bliadhain do Seachnusach.

M666.2

Mortlaidh mór isin m-bliadhain-si, dia ro eccsat cethrar abbadh h-i m-Bendchair Uladh, Berach, Cummine, Colum, & Aodhán a n-anmanda.

M666.3

Cath Aine etir Aradha & Ui Fidhgente dú in ro marbhadh Eoghan mac Crundmail.

M666.4

Bran Fionn, mac Maoile Ochtraicch, toiseach na n-Déisi Mumhan, do mharbhadh.

M666.5

Blathmac, mac Maoil Cobha, ri Uladh, d'ég.