Aois Criost, sé chéd triocha a sé.
An treas bhliadhain décc do Domhnall.
S. Mo Chuda, epscop Lis Móir & abb Raithne, d'ecc 14 Maii.
Cath Cathrach Chind Con la Mumhain ria n-Aongus Liath, for Maol Dúin, mac Aodha Bendáin.
Maolodhar Macha, flaith Oirghiall, d'écc.
Maol Dúin, mac Aodha, do loscadh i n-Inis Caoin.
Maol Dúin, mac Feargusa, & Maol Dúin, mac Colmáin, d'écc.
Aois Criost, sé chéd triocha a secht.
An cethramhadh bliadhain décc do Domhnall.
S. Cronán mac ua Loegde, abb Cluana Mic Nois, d'écc 18 Iuli.
S. Mo Chua, abb Balla, d'écc 30 Marta.
Aois Criost, sé chéd triocha a h-ocht.
S. Critan i Naondruim d'écc an seachtmhadh décc do Maii.
Aodh Dubh, abb & epscop Cille Dara, d'ég, & ba rí Laighen ar tos esidhe.
Da Laise mac h-u Imdae, abb Leithglinne, d'écc.
Aois Criost, sé céd triocha a naoi.
S. Dagan Inbhir Daoile do écc 13 September.
Iar m-beith se bliadhna dég i righe n-Ereann do Domhnall, mac Aodha, mic Ainmirech, fuair bás i nd-Ard Fothadh, i t-Tír Aodha, do shunnradh iar m-buaidh n-aithrighe, uair baoi bliadhain i n-galar a écca, & no caitheadh corp Criost gacha domhnaigh.
Oilill, mac Colmáin, toiseach Cenel Laoghaire d'écc.
Aois Criost, sé chéd cethracha.
An céd-bhliadhain do Chonall Caol & do Cheallach, dá mhac Maoil Cobha, mic Aodha, mic Ainmirech, os Erinn i righe.
Scannlan Mór, mac Cinn Faolaidh, toisech Osraighe, d'écc.
Cuana, mac Ailcene, toisech Fer Maighe, d'écc. Bu h-é sin Laoch Liathmhuine.
Aois Criost, sé chéd cethracha a h-aon.
An dara bliadhain do Chonall & do Cheallach.
Maol Bresail & Maol Anfaidh d'écc, & Flann Enaigh do ghuin. Do Chenél c-Conaill Gulban iad-sen.
Aois Criost, sé céd cethracha a dó.
An treas bhliadhain do Chonall & do Cheallach.
S. Cronan Becc, espucc Naondroma, d'écc an 7 Ianuarii.
Furadhrán mac Beicce mic Cuanach, toisech Ua Mec Uais, d'écc.
h-Uaisle inghen Suibhne, mic Colmáin, ben Faoláin, righ Laighen, d'écc.
Cath Gabhra etir Laighnibh féin.
Aois Criost, sé chéd cethracha a trí.
An cethramhadh bliadhain do Chonall, & do Cheallach.
Dunchadh, mac Fiachna, mic Demain, rí Uladh, d'écc.
Aois Criost, sé chéd cethracha a cethair.
An cúicceadh bliadhain do Chonall & do Cheallach.
Bolcc Luatha, tigherna Ua c-Ceinnselaigh, d'écc.
Aois Criost, sé chéd ceathracha a cúicc.
An seiseadh bliadhain do Chonall & do Cheallach.
S. Mac Laisre, abb Bennchair, d'écc an 16 Maii.
Raghallach,
- Raghallach, mac Uatach
goeta do mhuin geileich
Muirend dechmon ro cich
Cathal dechmon derich.- h-i greis aniu do Cathal
cia contola fiadh rioghaibh
Ciasa Cathal cen athair
ní a athair cen díoghail.- Midhedh sech adroch díghail
athar uird a ridneat
Gonad se firu coigat
oirgedh sé oirgne déac.- Mo chuit-si i c-cuma caich
dioghail Raghallaigh ro faith
Fil a ulcha léith im laimh
Maoil Bhrighdi, mic Motlachain.
Cath Cairn Conaill ria n-Diarmaid, mac Aodha Slaini, for Guaire, dú in ro marbhadh an da Cuán, .i. Cuán, mac Enda, rí Mumhan, & Cuán, mac Conaill, taoisech Ua Figente, & Tolamhnach, toisech Ua Liathain, & ro meabhaidh for Guaire a h-ionadh an catha. Is eadh cetus do-luidh Diarmait do thabhairt in catha-so tria Cluain Mic Nois. Do-ríghensat iaromh samhadh Ciarain eatla fri Dia fair, co tisadh slán d'ionchoibh a c-coraighechta-somh. Iar soadh iaramh in righ ro eadhbair Tuaim n-Eirc cona fodhlaibh feronn (.i. Liath Manchain)