Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M612

M612.0

Aois Criost, sé céd a dó décc.

M612.1

An dara bliadhain do Suibhne.

M612.2

Fiontain Oentreibh, abb Bendchair, d'écc.

M612.3

Condere do losccadh.

M612.4

Fasughadh Toraighe la murcobhlach muiridhe.


p.238

Annal M613

M613.0

Aois Criost, sé céd a tri décc.

M613.1

An treas bhliadhain do Suibhne.

M613.2

Colccu, mac Suibhne, do mharbhadh, & bás Fiachach mic Conaill in bhliadhain-sin.

M613.3

Fergus, mac Colmáin Móir, flaith Midhe, do mharbhadh la h-Anfartach ua Mescan do Muintir Blaitine. As do-sin as-rubrad innso:

    1. Ma dom-isadh-sa 'com teach
      h-ua Mescain Anfartach,
      Uisce dorbach do-bér dó
      fo bith gona Feargosa.
    2. Cep tan do-corat buidhne
      Ceneoil Colmáin sech Cúilne
      Iarmí-foiset di suide
      Sil Mescain i m-Blaitiniu.

Annal M614

M614.0

Aois Criost, sé céd a cethair décc.

M614.1

An cethramhadh bliadhain do Suibhne.

M614.2

S. Caemhan Brecc, ó Ros Each, d'écc, an cethramhadh la décc do September.

M614.3

Aodh Bendan, Iarmumhan, d'écc. As do foraithmet a bháis as-rubradh:

    1. Aodh Bendan
      don Eoghanacht Iarluachair
      As mairg seoda dianad
      cenmair tír dianat buachail.
    2. A sciath an tan fo-crotha
      a bhíodhbhadha futbotha
      Cesa beccan beth acht for a muin
      as didiu don Iarmhumhain.

M614.4

Finghin, mac Fiachrach, d'ég.

Annal M615

M615.0

Aois Criost, sé céd a cúig décc.

M615.1

An cúigeadh bliadhain do Suibhne.

M615.2

Ailill mac Baetáin, Maol Dúin mac Fergusa mic Baotáin & Diucolla do mharbhadh h-í Muigh Slecht, h-i c-crich Connacht. Do Cenel m-Baotáin mic Muirchertoigh doibh.

M615.3

Fiachra, mac Ciarain, mic Ainmire, mic Sedna, d'ég.

M615.4

Cath Cendgabha.


p.240

Annal M616

M616.0

Aois Criost, sé céd a sé décc.

M616.1

An seiseadh bliadhain do Suibhne.

M616.2

Aengus, mac Colmain Móir, flaith Ua Nell an Desceirt, d'ég.

M616.3

Cumhdach ecclaise Toraighe la Cenel g-Conaill, iarna diothláithriughadh fecht riamh.

M616.4

Dunchadh mac Eoghanáin, Neachtain mac Canainn, Aedh décc.

Annal M617

M617.0

Aois Criost, sé céd a seacht décc.

M617.1

An seachtmhadh bliadhain do Suibhne.

M617.2

S. Caoimhghin, abb Glinde Da Locha, d'écc an 3 Iuni, iar c-caitheamh fichet ar chéd bliadain d'aois go sin.

M617.3

Comhgall epscop, & Eoghan, epscop Ratha Sithe, d'écc.

M617.4

Cath Cind Delgten ria c-Conall, mac Suibhne, & ria n-Domhnall m-Breac, dú in ro marbhadh da mac Libren, mic Iollainn, mic Cerbhaill.

M617.5

Maol Bracha, mac Rimedha, mic Colmain, mic Cobhthaigh, & Ailill, mac Cellaigh, d'ég.

M617.6

Cath Cindgubha (no Cinn Bughbha) ria Raghallach, mac Uattach, for Colman mac Cobhthaigh (athair Guaire Aidhne) airm in ro marbhadh Colman budhesin.

M617.7

Colga, mac Ceallaigh, d'ég.

M617.8

Ailill, mac Ceallaigh, d'ég.

Annal M618

M618.0

Aois Criost, sé céd a h-ocht décc.

M618.1

An t-ochtmadh bliadhain do Suibhne.

M618.2

S. Siollán, epscop & abb Maighe Bile, d'écc an 25 do August.

M618.3

Liber, abb


p.242

Achaidh Bó Cainnigh.

M618.4

Ráth n-Guala do losccadh la Fiachna, mac Baotain, conadh ann as-bert Fiachna:

    1. Ro gabh tene Rath n-Guala
      tasca biucca tan h-uadha
      Suaichnidh in neort as abadh
      ni buim dia congabhadh.
    2. Ro gabh tene Rath n-Guala
      tasca biucca tan h-uade
      As dian adh-annat ind uilc
      tenidh i r-Raith Aodha Builc.

Annal M619

M619.0

Aois Criost, sé chéd a naoi décc.

M619.1

A naoi do Suibhne.

M619.2

Doir mac Aodha Allainn do mharbhadh la Failbhe Flann Fidbhadh, amhail as-bert feisin:

    1. Ce chana damsa guin Dáir
      ar ní rubha Dairene,
      As ann ro oirc cach a doel
      ó ro oircc a duilene.

Ro marbhadh-somh iaramh a n-díoghail Dair. At-bert a mháthair accá éccaíne:

    1. Ba guin saír
      níba toghail Inse Caíl,
      Dia tomat gáir na m-bidhbadh
      im chend Failbhe Flaind Fidhbhadh.

M619.3

Rónán, mac Colmain, d'écc.

Annal M620

M620.0

Aois Criost, sé céd a fiche.

M620.1

An deachmhadh bliadhain do Suibhne.

M620.2

Seanach Garbh, abb Cluana Ferta Brenainn, d'écc.

M620.3

Colman mac Coingellain d'écc.

M620.4

Aodh mac Cumascaigh, d'écc.

M620.5

Ronan, mac Tuathail, tigherna na n-Airther, d'ég.

M620.6

Corbmac Caomh, & Iollann, mac Fiachrach, d'écc.

M620.7

Mongan, mac Fiachna Lurgan, do mharbhadh


p.244

do cloich la h-Artur, mac Bicair, do Bretnaibh, conid do ro raidh Becc Boirche:
    1. As h-uar an gaeth dar Ili
      do-fail occha i c-Ciunn Tire;
      Do-gensat gnimh n-amhnus dé
      mairfit Mongan, mac Fiachnae.
    2. Lann Cluana h-Airthir indiu
      amhra cethrar fors' riadhadh
      Corbmac Caemh fri imfochidh
      agus Iollann mac Fiachrach
    3. Agus an dias aile
      dia fognad mor do thuathaibh
      Mongan mac Fiachna Lurgan
      & Ronán mac Tuathail.

M620.8

Cathal, mac Aodha, Mumhan, d'écc.

Annal M622

M622.0

Aois Criost, sé chéd fiche a dó.

M622.1

An dara bliadhain décc do Suibhne.

M622.2

S. Fergna Brit, abb Iae & epscop, d'ég an dara lá do Marta.

M622.3

S. Lachtnain mac Torbén, abb Achaidh Uir, d'écc 10 do Marta.

M622.4

Cath Cairn Feradhaigh ria f-Failbhe Flann for Condachtaibh, dú in ro marbhadh Conall, toiseach Ua Maine, Mael Dubh, Maol Dúin, Maol Ruain, Maol Calggaigh, & Maol Bresail, & aroile saorclanna, & fodaoine cenmotat-sidhe, & ro meabhaidh for Guaire Aidhne, a h-ionadh an cathaigthe, conadh do-sidhe as-rubradh:

    1. Do-rochair do Condachtaibh
      h-ic Ath Cuma in t-Seisir
      Maol Duin, Maol Ruain, Maol Calggaigh
      Conall, Maol Dubh, Maol Breisil.


p.246

M622.5

Cath Lethed Midind, i n-Druing, ria b-Fiachna, mac Demain, tigherna Dal b-Fiatach, for Fiachna, mac m-Baodain, Uladh. Ro meabhaidh an cath for Fiachna mac Baodain, & cer ann.

M622.6

Mac Laisre, epscop & abb Arda Macha, d'écc.