Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M590

M590.0

Aois Criost, cuig céd nochat.

M590.1

An treas bhliadhain fichet d'Aodh.

M590.2

Cath Euduind Móir ria b-Fiachna, mac Baetain, mic Cairill, mic Muireadhoigh Muindeircc, for Gerthidhe, mac Ronain, tigherna Ciannachta. As do-sin do raidheadh:

    1. An feacht n-oile do-regha
      fian mic Baotain i m-Bregha
      Biaid Ciannachta i f-fout
      níbat foicsi do rout.

M590.3

Seanchan, mac Colman Móir, do mharbhadh.

M590.4

S. Grigoir Belóir do oirdneadh a g-cathaoir & a g-comharbus Pedair apsdal dia aimhdheoin.

Annal M591

M591.0

Aois Criost, cuig céd nochat a h-aon.

M591.1

A cethair fichet d'Aodh.

M591.2

Aodh Cerr, mac Colmain, mic Coirpre, ri Laighen, d'écc.

Annal M592

M592.0

Aois Criost, cuig céd nochat a dó.

M592.1

A cúig fichet d'Aodh.

M592.2

Colum Cille, mac Feaidhlimidh, apstal Alban, ceann crabhaidh ermhoir Ereann, & Alban iar b-Pattraicc, d'écc ina ecclais fein in h-I i nd-Albain, iarsan c-cúicceadh bliadhain triochad a oilithre, oidhce domhnaigh do shundradh an 9 lá Iunii. Seacht m-bliadhna seachtmoghatt a aois uile an tan ro faoidh a spiorait dochum nimhe, amhail as-berar isin rann:

    1. Teora bliadhna bai gan lés
      Colum ina Duibhreglés,
      Luidh go h-aingli asa chacht
      iar seacht m-bliadhna seachtmoghat.


p.216

M592.2

Dallán Forgaill dixit hoc do bhás Choluim Cille:

    1. Is leighes legha gan les
      is dedhail smera re smuais
      Is abhran re cruit gan chéis
      sinde d'éis ar n-argain uais.

M592.3

Aodh Dubh, mac Suibhne, Uladh, do mharbhadh la Fiacha, mac Baettain. As lasan Aodh n-Dubh-sin torchair Diarmaitt mac Cearbhaill.

Annal M593

M593.0

Aois Criost, cuig céd nochat a trí.

M593.1

A sé fichet d'Aodh.

M593.2

Cumascach, mac Aodha mic Ainmirech, do mharbhadh la Brandubh, mac Eathach, i n-Dun Bucat, amhail as-bert naomh Aedhan epscop:

    1. Guidhim in Coimdiu comhachtach
      i fail Cille Randairech
      Robsi dioghail Comusccaigh
      guin Aodha mic Ainmirech.


p.218

M593.3

Cath Slebhe Cuae, h-i Mumhain, for Muimhnechaibh, Fiachna ria mac m-Baodain.

M593.4

Tiobraide, mac Calgaigh, d'écc.

Annal M594

M594.0

Aois Criost, cúig céd nochat a cethair.

M594.1

Iar m-beith seacht m-bliadhna fichet i righe n-Ereann d'Aodh, mac Ainmirech, mic Seatna, torcair la Brandubh, mac Eathach, i c-cath Duin Bolcc i l-Laighnibh, ar n-dol d'Aodh do thabhach na


p.220

boromha, & do dhioghail a mhic Chomusccoigh forra. Torcratar aroile saorclanna isin cath-sin Bealoigh Duin Bolg, im Becc, mac Cuanach, tigherna Airghiall. As do bás Aodha do raidheadh:
    1. A m-Buac
      ferus an tonn frí bruach
      At-fet scela, cia fa scith,
      Aodh, mac Ainmireach ro bíth.

Ben Aeda cecinit:

    1. Bator ionmuine tri taoibh
      fris nach freisge aitherrach
      Taobhan Taillten, taobh Temhra
      's taobh Aodha, mic Ainmireach.

Annal M595

M595.0

Aois Criost, cúig céd nochat a cúig.

M595.1

An céd-bhliadhain d'Aodh Slaine, mac mic Diarmata, mic Fergusa Cerrbheoil, & do Colman Rimidh, i righe n-Ereann.

M595.2

S. Baoithin, mac Breanainn, abb Iae Choloim Cille, d'écc an 9 Iuine.

M595.3

Ailithir, abb Cluana Mic Nóis, d'écc.


p.222

Annal M596

M596.0

Aois Criost, cúig céd nochat a sé.

M596.1

An dara bliadhain d'Aodh Slaine, & do Colman.

M596.2

S. Sinche, ógh ó Cluain Leth Tengadh, d'écc, an naomhadh lá do Nouember.

M596.3

Suibhne, mac Colmain Bicc, tigherna Midhe, do mharbhadh la h-Aodh Sláine i m-Bri Damh.

Annal M597

M597.0

Aois Criost, cúig céd nochat a seacht.

M597.1

An treas bhliadhain d'Aodh & do Colman.

M597.2

Bemenna Branduib im Breghaibh.

M597.3

Brenainn, mac Coirpre mic Fechine, tigherna Ua Maine, d'écc.

M597.4

Cath Slemhna Midhe ria Colman Rimidh for Conall Cu, mac Aodha, mic Ainmireach, & ro meabhaidh for Conall.

M597.5

Cath Cúile Caol ria b-Fiachna mac Baotain, for Fiachna, mac Demain, agus ro meabhaidh an cath for Fiachna mac Demain.

M597.6

Uata, mac Aodha, mic Eathach Tiormcharna, righ Connachta, d'écc.

M597.7

Eochaidh, mac Diarmatta, epscop & abb Arda Macha, d'écc.


p.224

Annal M598

M598.0

Aois Criost, cúig céd nochat a h-ocht.

M598.1

An cethramhadh bliadhain d'Aodh & do Colman.

M598.2

S. Cainnech, abb Achaidh Bó, d'ég an 11 d'October iar m-beith ceithre bliadhna ochtmoghat ina beathaidh.

M598.3

Cath Eachrois i Muiriusc ria Colman toisech Cenel Coirpre for Maol Cothaigh, toiseach Ceneoil Fiachrach Muirisce, & ro meabhaidh an cath-sin for Maol Cothaigh.

Annal M600

M600.0

Aois Criost, sé chéd.

M600.1

S. Comhgall Bendchair abb Bendchair Uladh, d'écc, an deachmhadh lá do mí Maii, iar m-beith caoga bliadhain tri mí & deich lá i n-abdaine Bendchair. Nochat bliadhain a aois.

M600.2

S. Colman mac Leinine, d'écc.

M600.3

S. Laisren .i. ab Mena Droichit, décc.


p.226

M600.4

Iar m-beith sé bliadhna h-i righe n-Ereann d'Aodh Sláine, mac Diarmatta, & do Colman Rimidh, mac Baetain, mic Muircheartaigh, mic Muireadhoigh, mic Eoghain, mic Néll, do-cher dna Colman Rimidh la Lochan Díolmana, torcair Aodh Sláine la Conall n-Guithbhinn, mac Suibhne, mic Colmáin Móir, no Bicc, mic Diarmatta, mic Cearbuill ag Loch Semhdidhe. Aodh Gustan, comalta Conaill, & Baothghal Bile ron-guinsetor, conadh dia n-oidheadhaibh as-rubradh:

    1. Cedu righe cedu reacht
      cedu nert for rioghradha,
      Enid Colman Rimidh
      ro-mbi Lochan Diolmana.
    2. Ni ba h-airmirt ind airle
      do na h-ócaibh tuaidh Tuirbhe
      Conall ro-mbi Aodh Sláine
      Aodh Sláine ro-mbii Suibhne.

M600.5

Conall, mac Suibhne, din do marbhadh Aodha Roin, toisioch Ua Failge, h-i Faithche Mic Mencnain, & Aodh Buidhe, toiseach Ua Maine, isin ló ceatna in ro marbadh Aodh Slaine lais. As d'foraitmet na n-echt-sin ro raidheadh:

    1. Ba ro-mór an ruadh-cumha
      for rioghraidh Ereann uile
      Aodh Slaine fa shluagh glonnach
      Aodh Rón agus Aodh Buidhe.


p.228

M600.6

Cui Gan Máthair, Mumhan, d'écc.

M600.7

Conall Cu, mac Aodha, mic Ainmirech, d'écc.