Aois Criost, cúig céd ochtmoghat.
A tri décc d'Aodh.
Fergus Scannal, rí Mumhan, do marbhadh.
Aois Criost, cúig céd ochtmoghat a h-aon.
A cethair décc d'Aodh.
Aedh, mac Suibhne, toiseach Maonmuighe, d'écc.
Aois Criost, cuig céd ochtmoghat a dó.
A cúig décc d'Aodh.
Feradhach, mac Duaich, tigherna Osraighe, do mharbhadh la a mhuintir feisin.
Aois Criost, cuig céd ochtmoghat a trí.
A sé décc d'Aodh.
S. Fergus, epscop Droma Lethglaise, do écc an 30 do Mharta, & as é an Fergus-sin ro fhothaidh Cill m-Bian.
Aois Criost, cúig céd ochtmoghat a cethair.
A seacht décc d'Aodh.
S. Nat Caoimhe, abb Tíre Da Ghlas, brathair Caoimhghin, do écc an céd lá do Maii.
Aois Criost, cúig céd ochtmoghat a cúig.
An t-ochtmhadh bliadhain décc d'Aodh.
Brenainn tigherna Teathbha, d'écc. As eisidhe ro edhbair (riasan tan-sain)
Baettan, mac Cairill, rí Uladh, d'écc.
Aois Criost, cúig céd ochtmoghat a sé.
A naoi décc d'Aodh.
S. Dáigh, epscop, mac Cairill, d'écc an 18 August.
Feidhlimidh, mac Tighernaigh, rí Mumhan, d'écc.
Cath Moighe Ochtair ria m-Brandubh, mac Eathach, for Uibh Néll isin tealaigh os Cluain Conaire andes.
Aois Criost, cúig céd ochtmoghat a seacht.
An fichetmhadh bliadhain d'Aodh.
S. Caorlan, epscop Arda Macha, d'écc, an cethramhadh lá fichet do Mharta.
S. Seanach, epscop ó Cluain Ioraird, d'écc.
Aois Criost, cuig céd ochtmoghat a h-ocht.
A h-aon ficheat d'Aodh.
S. Aodh, mac Bricc, epscop ó Cill Air, i Midhe, d'ecc 10 do Nouember.
Lughaidh Lis Móir d'écc.
Aois Criost, cuig céd ochtmoghat a naoi.
A do ficheat d'Aodh.
S. Mac Nise, abb Cluana Mic Nois, frí re sé m-bliadhan, décc, & a écc an 13 do mhí Iun.