Aois Criost, cúig céd seasccat a h-ocht.
An ced-bhliadhain d'Aodh, mac Ainmirech, ós Erinn.
Feargas mac Nelline, do mharbhadh la h-Aodh, mac Ainmirech, i n-dioghail a athar.
Aois Criost, cúig céd seascca a naoi.
An dara bliadhain d'Aodh.
S. Oenna mac ua Laighisi, abb Cluana Mic Nóis, décc.
S. Ite, ógh ó Cluain Credhail, d'écc an 15 Ianuarii. As di ba h-ainm M' Ide.
Aois Criost, cúig céd seachtmoghat.
An treas bhliadhain d'Aodh.
S. Moeinend, espucc Cluana Fearta Brenainn, d'écc an céd lá do Marta.
Aois Criost, cúig céd seachtmoghat a h-aon.
S. Brenoinn, ab Biorra, d'écc an naomhadh lá fichet do Nouember.
Cath Tola ria Fiachna, mac Baodain, mic Cairill, for Osraighibh & for Elibh, & ro meabhaidh forra. Tola ainm maighe etir Cluain Ferta Mo Lua & Saighir.
Cath Femhin ria Coirpre mac Cremhthainn, ri Mumhan, for Colman Becc, mac Diarmada, & ro meabhaidh ar Colman.
Aois Criost, cuig céd seachtmoghat a dó.
An cúicceadh bliadhain d'Aodh.
Cath Doete, dian h-ainm Bealach Feadha, ria n-Aodh, mac Ainmirech, for
Conall mac Comhgaill, rí Dal Riatta, do écc. As eisidhe ro edhbair h-I do Choluim Cille.
Aois Criost, cuig céd seachtmoghat a trí.
An seiseadh bliadhain d'Aodh.
Brenainn, mac Briuin, flaith Teathbha, d'écc.
Aois Criost, cuig céd seachtmoghat a cethair.
A seacht d'Aodh.
Marbhadh Aodha, mic Eathach Tiormcharna, la h-Uíbh Briuin.
Aois Criost, cúig céd seachtmoghat a sé.
An naomhadh bliadhain d'Aodh.
S. Brenainn, abb Cluana Ferta Brenainn, an 16 Maii, & do fuair bas a n-Eanach Dúin, & do h-adhlacadh a chorp a c-Cluain Ferta Brenainn.
Colman, mac Coirpre, ri Laighen, d'écc acc Sliabh Maircce.
Aois Criost, cúicc céd seachtmoghat a seacht.
An deachmhadh bliadhain d'Aodh.
S. Espucc Ethchen Cluana Fota Baitan Abha d'écc an 11 Februari.
S. Caireach Dergain ogh, o Cluain Boireann, d'ecc 9 Februari.
Feidhlimidh Finn, abb Arda Macha, do écc.
Aois Criost, cuig céd seachtmoghat a naoi.
A dó décc d'Aodh.
Cath Droma Mic Earcca ria n-Aodh, mac Ainmirech, for Cenel n-Eoghain, dú in ro marbhadh Colcca, mac Domhnaill, mic Muircheartaigh, mic Muireadhoigh.