Aois Criost, cúig céd caoccatt a h-ocht.
Iar m-beith fiche bliadhain os Erinn i righe do Diarmaitt, mac Fergusa Cerrbeoil, do-cear la h-Aodh n-Dubh, mac Suibhne, rí Dál n-Araidhe, ag Raith Bicc, h-i Moigh Line. Tuccadh a chend go Cluain Mic Nois, go ro h-adhnacht innte, & ro h-adhnacht a cholann h-i c-Coindere.
Is in m-bliadhain-si ro gabhadh an muirgelt .i. Liban inghean Eathach, mic
Aois Criost, cúicc céd caoccat a naoi.
An céd-bhliadhain do dá mac Muirchertaich, mic Muireadhaigh, i righe n-Ereann .i. Domhnall & Feargus.
Cath Gabhra Liffe, & cath Dumha Aichir, ria n-Domhnall & ria b-Fergus, for Laighnibh, dia n-ebradh:
- Cath Gabhra,
& cath Dumha Achair
At-bath amhra i c-cechtair,
Colgu acus a athair.- Cath Gabhra,
ni cath duine ná dí cét
at-bath fiche ó Faolan,
ó Ailell fiche fichet.
Aois Criost, cúig céd seasccat.
An dara bliadhain do Domhnall & d'Feargus.
Daimhin Daimhairgit, .i. Coirpre, d'écc. As uadha-sidhe na h-Airghialla.
Aois Criost, cuig céd seasccat a h-aon.
Iar m-beith trí bliadhna i righe n-Ereann do Domhnall & d'Feargus, da mac Muirchertaigh, mic Muireadhoigh mic Eoghain, mic Nell, ro éccsat araon.
Aois Criost, cúig céd seasccat a dó.
An céid-bhliadhain d'Eochaid, mac Domhnaill, mic Muirchertaigh, & do Baodan, mac Mhuirceartaich, mic Muireadhaigh, i righe n-Ereann.
Aois Criost, cuig céd seascat a trí.
S. Mo Laisi, abb Daimhinnsi, d'écc an dara la décc do September.
Iar m-beith dá bhliadhain i righe n-Ereann
Aois Criost, cúig céd sesccat a cethair.
An céd-bhliadhain do Ainmire, mac Sedna, mic Fergusa Cendfhoda, h-i righe n-Ereann.
Aois Criost, cúig céd seasccat a cúig.
An dara bliadhain d'Ainmire.
Deman, mac Cairill, ricch Uladh, mic Muireadhoigh Muindeircc, do marbhadh la bachlachaibh Boirne.
Murchobhlach la Colman m-Becc, mac Diarmata, mic Fergusa Cerrbheoil, & la Conall, mac Comhgaill, toiseach Dal Riada h-i Soil, & i n-Ile, co t-tardsat edála iomdha eistibh.
Aois Criost, cúig céd seasccat a sé.
Iar m-beith trí bliadhna h-i righe n-Ereann d'Ainmire, mac Sedna, torcair la Fergus, mac Nelline, dia n-ebrad:
- Féimin an tan ro m-boi rí
nir bo mennat nach detlai
Indiu as foirdergg a lí
la h-Ainmire, mac Séatnai.
Aois Criost, cúig céd seasccat a seacht.
Iar m-beith aon-bhliadhain h-i righe n-Ereann do Baodan, mac Nindeadha, mic Fergusa Cendfoda, do-cear oc Lém Inn Ech, i n-debhaidh, lasan da Comaoine .i. Comaoine, mac Colmain