Aois Criost, cuig céd cethracha a seacht.
An naomhadh bliadhain do Diarmait.
Ri Uladh, Eochaidh, mac Condlaidh, mic Caolbhaidh, mic Cruinn Ba Dhrai, d'écc.
Toiseach Teathbha, Criomthann, mac Briuin, d'écc.
S. Dubhthach, abb Arda Macha, do écc. Do shíol Colla Uais do-sidhe.
Aois Criost, cúig céd cetracha a h-ocht.
A deich do Diarmaitt.
S. Ciaran mac an t-saoir, ab Cluana Mic Nóis, d'écc an naomhadh lá do September. Tri bliadhna triocha fot a shaoghail.
S. Tighernach, easpoc Cluana h-Eoais, do dol d'écc an cethramhadh d'April.
S. Mac Tail Cille Cuilinn (.i. Eoghan mac Corcrain) d'écc, an t-aonmhadh lá décc do mí Iún.
S. Colum mac Criomhthainn d'écc.
S. Sincheall Sen, mac Cenandáin, abb Cille Achaidh Droma Foda, do dhol d'écc an seiseadh lá fichet do Márta, triocha ar tri céd bliadhain fod a shaoghail.
S. Odhrán, o Leitriochaibh Odhráin, d'écc an dara lá do mí October.
S. Findén, abb Cluana h-Eraird, oide naomh Ereann, d'écc, 12 December.
S. Colaim Innsi Cealtra d'écc. Don mortladh dar bo h-ainm an Chron
Bas Eathach, mic Connlo, rígh Uladh, a quo Uí Eathach Uladh.
Aois Criost, cuig céd caocca.
A dó décc do Diarmaitt.
Dauid mac Guaire uí Forannáin, epscop Arda Macha, & legaitt na h-Ereann uile, do écc.
Aois Criost, cúig céd caocca a h-aon.
A tri décc do Diarmaitt.
S. Neasan Lobhar d'écc.
Feargna, mac Aonghusa, rí Uladh, do marbhadh h-i c-cath Droma Cleithe la Déman, mac Cairill, & la h-Uibh Eathach n-Arda.
Aois Criost, cúig céd caocca a dó.
A cethar décc do Diarmaitt.
Eaccluis Bendchair do fothughadh la Comhgall Bendchair.
Feis Temhra do dhenamh la righ Ereann, Diarmaitt, mac Fergusa Cerrbheoil.
Marbhadh Colmain Móir, mic Diarmata, ina charpat la Dubhshloit h-ua Trena do Chruithneachoibh.
Aois Criost, cuig céd caocca a tri.
A cúig décc do Diarmaitt.
At-ces Breanainn Biorra ag dol i roth isin aier an bhliadhain-si.
Cluain Ferta do fhothughadh la naomh Brenainn.
Aois Criost, cuig céd caoga a cethair.
An seiseadh bliadhain decc do Diarmaitt.
S. Cathub, mac Fergusa, abb Achaidh Cinn, d'écc 6. April. Caocca ar céd bliadhain fod a shaoghail.
Feis dédheanach Teamhra do dhenamh la Diarmaitt, righ Ereann.
Curnan, mac Aodha, mic Eathach Tiormcharna, .i. mac righ Connacht do bhásughadh la Diarmaitt, mac Cerbhaill, tar slánaibh & comhairge Coluim Cille,
Aois Criost, cuig céd caogatt a cúig.
An seachtmhadh décc do Diarmait.
Cath Cúla Dreimhne do bhrisedh for Diarmaitt, mac Cerbhaill, la Fearghus & la Domhnall, dá mac Muirchertaigh, mic Earcca, la h-Ainmire, mac Sedna, & la n-Aindidh, mac Duach, & la h-Aodh, mac Eathach Tiormhcharna, rí Connacht. h-I c-cionaidh marbhtha Curnáin, mic Aodha, mic Eathach Tiormcharna, for faosamh Coloim Cille, do ratsat Clanna Nell an Tuaisceirt & Connachta an cath-sin Cula Dreimhne don righ, do Diarmait, & beos imon c-claoin-bhreith rucc
- A Dia, cia nach dingbai an cia
[gap: extent: 1 line]
dus inermais mís a lín
An t-sluagh do-boing beatha dín- Sluagh do-ching h-i timchel carn
As mac ainfthe no-das-mairn
As é mo drui, ním éra,
mac Dé as frim con-gena.- As álainn ferus a l-luadh
gobhar Baodain résan t-sluagh
Fo la Baotan fuilt buidhe
bena a h-Eren fuirre.
Fraochan, mac Tenusain, as é do-righne ind erbhe n-druadh do Diarmait. Tuathan, mac Dimmain, mic Sarain, mic Corbmaic, mic Eoghain, as é ro la ind erbhe n-druadh dar a cend. Trí míle trá iseadh torchair do muintir Diarmada. Aoin-fhear námá isseadh torcair don leit n-aill, Magh Láim a ainm, ar is é ro ching tar an eirbhe n-druadh.
Aois Criost, cúig céd caogat a sé.
A h-ocht décc do Diarmaitt.
Cath Chuile h-Uinnsenn i t-Teathbha, for Diarmaitt, ria n-Aodh, mac m-Breanainn, taoisioch Teathbha, & ro meabhaidh for Diarmait a h-ionadh an iomairecc.
Aois Criost, cúig céd caogat a seacht.
A naoi décc do Diarmait.
S Becc mac Dé, faidh oirrdherc, d'écc.
Colom Cille do dol i nd-Albain go ro fothaidh iarumh ecclus, & as uadh ainmnighter.
S. Aodh O Fiachrach
Cath Mona Doire Lothair for Cruithniu ria n-Uibh Nell an Tuasceirt, .i. ria c-Cenél c-Conaill & Eoghain, du i t-torcradar seacht t-taoisigh Cruitnech im Aodh m-Brecc, & as don cur-soin do-rochair doridhisi na Lee; & Cárn Eolairg do Clandoibh Néll an Tuaisceirt. Ceann Faoladh ro raidh indso:
- Sinsit faebhra, sinsit fir
in Móin mór Doire Lothair,
Adbair comronna nat cert
seacht righ Cruithne im Aodh m-Brecc.- Fictir cath Cruithne n-uile
acus forloiscter Elne
Fichtir cath Gabra Liffe
acus cath Cuile Dreimhne.
- Bersat gialla iar c-conghal
as siar im cnuas nuach
Fergus, Domhnall, Ainmire
acus n-Aindidh, mac Duach.- Fillsit da mac mic Earcca
ar cend an catha cedna
Acus an rí Ainmire
fillis i sealbhaibh Seatna.