Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M454

M454.0

Aois Criost, ceithre céd caocca a cethair.

M454.1

A sé fichet do Laoghaire.

M454.2

Feis Teamhra la Laoghaire, mac Néll.


p.142

M454.3

S. Usaille Espucc a Chill Usaille h-i Life d'écc xxvii August.

Annal M456

M456.0

Aois Criost, ceithre céd caocca a sé.

M456.1

A h-ocht fichet do Laoghaire.

M456.2

Enda, mac Cathbhadha, d'écc.

Annal M457

M457.0

Aois Criost, ceithre céd caoga a seacht.

M457.1

A naoi fichet do Laoghaire.

M457.2

Cath Atha Dara ria Laighnib for Laoghaire, mac Nell. Ro gabhadh dna Laoghaire isin cath-sin, & do-rad Laoghaire ratha gréne & gaoithe, & na n-dul do Laighnibh nach tiocfadh forra tria bithu, ar a legadh uadha.

M457.3

Ard Macha d'fothuccadh lá Naomh Patraicc iarna edhbairt do ó Dhaire mac Fionnchadha mic Eoghain mic Nialláin. Ro h-oirdnedh da fhir dhécc lais fri cumhdach an bhaile. Ro thionchoiscc dhóibh cetus, cathair airdepscoip do dhenamh isuidhe, & ecclus do mhanchaibh, & do chailleacha, & d'urdaibh oile archena doigh ro fhind-siomh combadh si budh cenn, & budh cleithe d'eccailsibh Erenn a coitchinne.

M457.4

Sean-Patraicc do faoidhedh a spioraide.


p.144

Annal M458

M458.0

Aois Criost, ceitre ced, caocca a h-ocht.

M458.1

Iar m-beith deich m-bliadhna fichet h-i righe n-Ereann do Laoghaire mac Nell Naoighiallaigh at-bath i t-taobh Caissi edir Erinn & Albain .i. da cnoc iad-sidhe filet i n-Uibh Faoláin, & grian & gaoth ros-marbh-somh ar na sharaigh iad. Conidh do sin at-bert an fili,

    1. At-bath Laoghaire mac Nell
      for taob Caissi, glas a tír,
      duile Dé ad-raegaid raith
      tucsat dail m-bais forsan righ.

Annal M459

M459.0

Aois Criost, ceithre ced caocca a naoi.

M459.1

An ceid-bhliadhain d'Oilill Molt, mac Dathi, mic Fiachrach, h-i righe n-Erenn.

Annal M462

M462.0

Aois Criost, ceithre céd seascca a dó.

M462.1

An cethramhadh bliadhain d'Oilill.

M462.2

Domhangort mac Nissi d'écc.

Annal M463

M463.0

Aois Criost, ceithre chéd seasca a trí.

M463.1

An cúicceadh bliadhain d'Oilill.

M463.1

Feis Teamhra la h-Oilill Molt an bhliadhain-si.


p.146

Annal M464

M464.0

Aois Criost, cethre chéd sescca a cethair.

M464.1

An seiseadh bliadhain d'Oilill.

M464.2

Cath Dumha Aichir ria Laighnibh for Ailill Molt.

M464.3

Conall Gulban, mac Neill Naoighiallaigh, (o t-tátt Cenel c-Conaill) do mharbhadh la sen-tuathaibh Maighe Slecht iar na foghbháil i m-baoghal, & a adhnacal i f-Fiodhnach Mhaighe Réin, la Naomh Caillin, amhail aisnéidhes beatha an naoimh rémhraite.

Annal M465

M465.0

Aois Criost, ceithre chéd seasccat a cúicc.

M465.1

An seachtmhadh bliadhain d'Oilill Molt.

M465.2

Feis Teamhra la h-Oilill Molt.

M465.3

Eoghan, mac Neill Naoighiallaigh, (ó t-tatt Cenel n-Eoghain), d'écc do chumhaidh Chonaill Ghulban, mic Neill Naoighiallaigh, & a adhnacal i n-Uisge Chaoín i n-Inis Eoghain, dia n-ebradh.

    1. At-bath Eoghan, mac Néill,
      re deoraibh, bá maith a mhaoin,
      tré écc Chonaill na c-cleas c-cruaidh,
      go f-fuil a uaigh i n-Uiscce Chaoin.

M465.4

Criomhthann, mac Enda Censelaigh, Laighen, do mharbhadh lá mac a inghine budhéin .i. Eochaidh Guinech do Uibh Bairrche.

Annal M466

M466.0

Aois Criost, ceithre chéd seascca a sé.

M466.1

A h-ocht d'Oilill.

M466.2

Feis Teamhra la h-Oilill Molt.