Aois Criost, da céd ochtmoghat a sé.
An céd-bhliadhain do righe Fiachaidh Sraibhtine ós Erinn.
Aois Criost, da céd nochat a h-aon.
An seiseadh bliadhain d'Fiachaidh i r-righe.
Cath Duibhlinde ria f-Fiachaidh for Laighnib. Tri catha h-i Slébh Toadh, cath Smetire, & cath Ciarmaighe ria f-Fiachaidh Sraibhtine bheós.
Aois Criost, trí céd fiche a dó.
Iar m-beith seacht m-bliadhna ar triochat 'na righ ós Erinn d'Fiachaidh Sraibhtine do-cear lasna Collaib h-i c-cath Dubhchomair h-i c-Crich Rois i m-Breaghaib.
Aois Criost, trí céd fiche a trí.
An ced-bhliadhain do Colla Uais mac Eathach Doimhlén na righ ós Erinn.
Aois Criost, trí céd fiche a sé.
An cethramadh bliadhain do Colla Uais h-i righe n-Ereann go ros-ionarbh Muiredhach Tireach eisiomh cona bhraithribh i n-Albain go t-tríbh cédaibh maraon riu.
Aois Criost, trí céd fiche a seacht.
An céd-bhliadhain do Muiredhach Tirech h-i righe n-Ereann.
A b-foircend na bliadhna-so tangatar na tri Colla go h-Erinn, & ní ro mair dia sochraide acht trí naonbhair nama. Do-deochatar din go Muireadhach iar na t-teagascc do draidh. Ro baigset fris, & ro raidseat droichbhriathra co rus-marbhadh, & corbadh fair tuairseadh ind fiongal. O nat etaiset tairiset oca, & robtar gora dó.
Aois Criost, trí céd triocha a h-aon.
An cúicceadh bliadhain do Muireadhach.
Cath Achaidh Leithdeircc h-i Fernmoigh lasna tríbh Collaibh for Ulltuibh, du i t-torchair Fergus Fogha, mac Fraechair Fortriuin, tiughfhlaith Uladh i n-Eamhain in Fergus h-isin. Ro loiscset iaromh Eamhain, & nís-aittreabhsat Ulaidh innte o sén. Tallsat for Ultoibh beos don cúicceadh ó Righe & Loch n-Eathach siar. Do-cer Colla Meann isin cath sin.
Aois Criost, trí céd caocca a sé.
Iar m-beith triocha bliadhain h-í righe n-Ereann do Muireadhach Tíreach do-cear la Caolbhadh mac Cruinn, ri n-Uladh, oc Port Righ uas Dabhall.
Aois Criost, trí céd caocca a seacht.
Iar m-beith aon-bhliadhain i righe n-Ereann do Caolbhadh, mac Cruinn Ba Dhrai, do-cear la h-Eochaidh Muighmeadhoin.
Aois Criost trí céd caocca a h-ocht.
An céid-bhliadhain d'Eochaidh Muighmeadhon h-i righe ós Erinn.