Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M5194

M5194.0

Aois domhain, cuicc mile céd nochat a cethair.

M5194.1

An dara bliadhain do Criomhthann.

Annal M1

D'AOIS CRIOST.

M1.0

An céd-bhliadhain d'aois Críosd, & an t-ochtmadh bliadhain do righe Criomhthainn Niadh Náir.

Annal M9

M9.0

Aois Criost, a naoi.

M9.1

A se décc do Criomhthann h-i righe n-Ereann, go n-erbailt i n-Dún Criomthainn, i n-dair, iar t-toidheacht don eachtra oirrdheirc forsa n-deachaidh. As don eachtra sin tug lais na seóid adamhra imon c-carpat n-órdha, & imon f-fithchill n-óir, go t-tríbh c-cédoibh geam gloinidhe innte, & imon c-Cédaigh c-Criomhtainn, léne saineamhail isidhe co m-breachtradh órdha. Do-bhert cloidhemh cath-bhuadhach co n-iolar naithreach do mhaisi óir aithleaghtha ar na rionnadh ann, sciath co m-bocóidibh airgit aengil, sleagh da nach térnodh oen no gonta dhi, tabhall as nach teillccti urchor n-iomraill, da choin go


p.94

slabhradh n-geal arccaid etorra. Ro b-fiú céd cumhal an slabhradh h-isin maille le móran do sedoibh oile.

Annal M10

M10.0

Aois Criost, a deich.

M10.1

An céd-bhliadhain do righe Cairpre Cinn Cait, iar marbhadh na saorchlann dó cenmotha uathadh térna as an orcoin in ro h-ortadh na h-uaisle las na h-aitheachthuathoibh. At iad na trí saoir at-rullatur uatha an ionbhaidh sin: Feradhach Fionn Fechtnach, o t-tád Síol c-Cuinn Cédcathaigh, Tiobraide Tireach, o t-tád Dál n-Araidhe, & Corb Olum, o t-tád rioghraidh Eoghanachta h-i Mumhain. Agus cidh iad-sidhe bá h-i m-bronnaibh a maithreach luidhsiot tairis. Baine inghen righ Alban ba mathair d'Fearadhach Fionn Fechtnach, Cruife inghen rígh Bretan mathair Cuirb Oluim, & Aine inghen rígh Saxan máthair Tiobraide Tírigh.


p.96

Annal M14

M14.0

Aois Criost, a cethair décc.

M14.1

Iar m-beith cúig bliadhna h-i righe n-Ereann do Chairbre Caitcend at-bath. Olc tra ro boí Ere fria reimhius-siomh, aimbrith a h-ioth, ar ní biodh acht en-gráine ar an c-conall, ettorthach a h-inbhir, dioscc a cethra, neimhlionmar a mes, ar ní biodh acht aen-derc ar an ralaigh.

Mac don Cairbre h-isin an Morann moireolach frisa raite Morann mac Maoin.

Annal M15

M15.0

Aois Criost, a cúig decc.

M15.1

An céd-bhliadhain d'Feradhach Fionn Fechtnach na righ ós Erinn. Maith tra ro ro boi Eire fria linn-siomh. Robdar certa suaimnech na síona. Túismis an talamh a toradh. Iasccmhar na h-inbhiora, blechtmhara na buair, ceanntrom na coillte.

Annal M36

M36.0

Aois Criost, triocha a sé.

M36.1

Iar c-caithemh dá bhliadhain ar fichitt h-i righe n-Ereann d'Feradhach Fiond Fechtnach, mac Criomhthainn Niadh Náir, ro écc h-i t-Temhraigh.

Annal M37

M37.0

Aois, Criost, triocha a secht.

M37.1

An céd-bhliadhain d'Fiatach Fiond, mac Daire, mic Dluthaigh, h-i righe n-Ereann.

Annal M39

M39.0

Aois Criost, triocha a naoi.

M39.1

Iar m-beith tri bliadhna h-i righe n-Ereann don


p.98

Fiatach Fionn so (o t-tád Dal f-Fiatach i n-Ultaibh) do-rochair la Fiacha Fionnfolaidh.

Annal M40

M40.0

Aois Criost, cethracha bliadhain.

M40.1

An céd-bhliadhain do righe Fiachach Fionnfolaidh ós Erinn.