Aois domhain, cúig mile a secht décc.
An céd-bhliadhain do Congal Claroineach h-i righe n-Ereann.
Aois domhain, cúig mile triocha a h-aon.
Iar m-beith cúig bliadhna décc h-i righe n-Ereann do Congal Claroinech, mac Rudhruighe, do-rochair la Duach Dallta Deadhadh.
Aois domhain, cuig mile triocha a dó.
An céid-bhliadhain do Duach Dallta Deabhadh, mac Cairbre Luiscc, h-i righe n-Ereann.
Aois domhain, chúig mile cethracha a h-aon.
Iar c-caithemh deich m-bliadhon h-i righe n-Ereann dho Duach Dallta Deadhadh, mac Cairbre Luiscc, do-rochair lá Fachtna Fathach.
Aois domhain cuig mile cethracha a dó.
An céid-bhliadhain d'Fhachtna Fathach h-i righe n-Ereann.
Aois domhain, cuig mile caoga a secht.
Iar m-beith sé bliadhna décc d'Fachtna Fathach, mac Rosa, mic Rudhruighe, h-i righe n-Ereann do-chear la h-Eochaidh f-Fedhlech.
Aois domhain, cúig mile caoga a h-ocht.
An céid-bliadhain d'Eochaidh Feidhleach h-i righe ós Erinn.
Aois domhain, cúig mile seascca a naoi.
Iar m-beith da bliadhain décc h-i righe n-Ereann d'Eochaidh Feidhleach, mac Find, mic Fiondlogha, at-bail i t-Temhraigh.
Aois domhain, cúicc mile seachtmoghat.
An céid-bhliadhain d'Eochaidh Airemh (derbhrathair Eathach Feidhligh) h-i righe n-Ereann.
Aois domhain, cuicc mile ochtmoghat a cethair.
Iar c-caithemh cóig m-bliadhna n-décc h-i righe n-Ereann d'Eochaidh Airemh ro loiscceadh lá Sioghmall h-i f-Fremhaind.