Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M4505

M4505.0

Aois domhain, ceithre mile cúigh chéd a cúig.

M4505.1

An céd-bhliadhain do Ciombaoth an dara feacht ro gabh righe n-Éreann.

Annal M4511

M4511.0

Aois domhain, ceithre mile cúig chéd a h-aon n-décc.

M4511.1

Iar m-beith seacht m-bliadhna do Ciombaoth h-i righe n-Ereann, an dara feacht, ro fhagoibh an righe ag Aodh Ruadh, mac Badhairn.

Annal M4512

M4512.0

Aois domhain, ceithre mile cuig chéd a dó décc.

M4512.1

An céd-bhliadhain d'Aodh Ruadh, mac Badhairn, h-i righe n-Ereann (an tres feacht ro gabh an righe) innsin.

Annal M4518

M4518.0

Aois domhain, ceithre mile cúig chéd a h-ocht décc.

M4518.1

Iar m-beith secht m-bliadhna h-i righe n-Ereann d'Aodh Ruadh, mac Badhairn, (an tres feacht ro gabh righe) ro báidhedh i n-Eass Ruaidh, co ro h-adhnacht isin sith ós ur in esa, conadh uadha do garar Síth Aodha, & Eass Aodha Ruaidh.

Annal M4519

M4519.0

Aois domhain, ceithre mile cúig ched a naoi décc.

M4519.1

An ced-bhliadhain do Diothorba, an tres feacht ro gabh righe n-Ereann.

Annal M4525

M4525.0

Aois domhain, ceithre mile cúig ched fiche a cúig.

M4525.1

Iar m-beith seacht m-bliadhna do Diothorba h-i righe n-Ereann (an tres feacht) ro fagoibh an righe ag Ciombaoth.

Annal M4526

M4526.0

Aois domhain, ceithre mile cúig chét fiche a sé.

M4526.1

An céd-bhliadhain do Ciombaeth i righe n-Ereann an tres feacht ro gabh an righe innsin.

Annal M4532

M4532.0

Aois domhain, ceithre mile cuig céd triochat a dó.

M4532.1

Iar m-beith seacht


p.72

m-bliadhna h-i righe n-Ereann do Cimbaoth an tres feacht, ro raidh Macha inghen Aodha Ruaidh mic Badhairn, ba lé seal a h-athar don righe. At-bert Diothorba & Ciombaoth ná tiobradaís righe do mhnaoi. Feachair cath etorra, brisis Macha forra go ros-ionnarb Diothorba co na chloinn h-i c-Connachtaibh co torchair i c-Corann. Do-bert iarsin Ciombaoth cuicce do céili di, & do-bheir in righe dó. Do-choidh si iaromh 'na h-aonar h-i c-Connachtaibh, & tug clann Diothorba lé i n-daorcengal co h-Ultoibh a los a neirt, & do-bert iad fo trom daoire go ro claidhset Ráth Eamhna dhi, go madh si budh priomhchathair Uladh do ghrés.

Annal M4533

M4533.0

Aois domhain, ceithre mile cúig ced triochat a trí.

M4533.1

An céd-bhliadhain do Ciombaoth h-i righe n-Ereann iar na thabhairt cuicce do Macha mar chele.

Annal M4539

M4539.0

Aois domhain, ceithre mile cúigh chéd triochat a naoi.

M4539.1

Iar m-beith seacht m-bliadhna h-i righe n-Ereann do Ciombaoth mac Fiontain, iarna tabhairt cuice do Macha, at-bail i n-Eamhoin Macha. As é céd- Eamhna an Ciombaoth h-ísin.