Aois domhain, ceithre mile ceithre chéd a cethair.
Iar m-beith deich m-bliadhna h-i righe n-Ereann d'Fiachaidh Tolgrach, mac Muiredhaigh Bolccraigh, do-cher la h-Oilioll mac Airt i m-Boirind.
Aois domhain, ceithre mile ceithre chéd a cúig.
An céd-bhliadhain d'Oilioll Fionn, mac Airt, mic Luighdheach Laimhdercc, os Erinn innsin.
Aois domhain, ceithre mile ceithre ced a cúig décc.
Iar m-beith én-bhliadhain dég h-i righe n-Ereann d'Oilioll Fionn, mac Airt, mic Luighdeach Laimhdeirg, do-rochair la h-Airgetmair & lá Duach Ladhghair h-i c-cath Odhbha.
Aois domhain, ceithré mile ceithre ced a sé decc.
An céd-bhliadhain d'Eochaidh mac Oiliolla Finn h-i righe n-Ereann innsin.
Aois Domhain, ceithre mile ceithre ced fiche a dó.
Iar m-beith seacht m-bliadhna h-i righe n-Ereann, d'Eochaidh, mac Oiliolla Finn, do-rochair lá n-Airgetmair & lá Duach Ladhgair h-i n-Aine.
Aois domhain, ceithre mile ceithre chéd fiche a tri.
An céd-bhliadhain d'Airgetmar, mac Siorlaimh, h-i righe n-Ereann innsin.
Aois domhain, ceithre mile ceithre chéd caoccat a dó.
An deachmhadh
Aois domhain, ceithre mile ceithre chéd caogat a trí.
An céd-bhliadhain do Duach Ladhgrach, mac Fiachach Tolgraigh, h-i righe n-Ereann.
Aois domhain, ceithre mile ceithre chéd seasccat a dó.
A deich do Duach Ladhgrach h-i righe n-Ereann go t-torchair lá Lughaidh Laighdhe.
Aois domhain, ceithre mile ceithre chéd seasccat a trí.
An céd-bhliadhain do Lughaidh Laighdhe h-i righe n-Ereann innsin.