Aois domhain, ceithre míle dá céd triochat a h-ocht.
Iar m-beith dá fichet bliadhain h-i righe n-Ereann do Nuadha Fionn Fáil do-cher la Breas, mac Airt Imligh.
Aois domhain, ceithre míle dá céd triocat a naoi.
An céd-bhliadhain do righe Breis mic Airt Imligh ós Erinn innsin.
Aois domhain, ceithre mile da, céd cethrachat a seacht.
Iar m-beith naoi m-bliadhna do Breas i righe n-Ereann do-rochair la h-Eochaidh n-Aptach h-i Carn Conluain.
Aois domhain, ceithre míle da céd cethrachat a h-ocht.
En-bhliadhain
Aois domhain, ceithre mile da céd cethrochat a naoi.
An céd-bhliadhain do righe Finn, mic Bratha, ós Erinn innsin.
Aois domhain, ceithre míle da céd sechtmoghat.
Iar m-beith da bliadhain ar fichit h-i righe n-Ereann d'Fionn mac Bratha do-cher lá Sédna mac Breis a Mumhain.
Aois domhain, ceithre mile da chéd sechtmoghat a h-aon.
An ceid-bhliadhain do Sedhna Ionnarraigh, mac Breis, mic Airt Imligh, h-i righe n-Ereann.
Aois domhain ceithre míle da chéd nochat.
Iar m-beith fiche bliadhain h-i righe n-Ereann do Sédhna Ionnarraidh do-rochair lá Siomón m-Brec.
Aois domhain, ceithre mile da céd nochat a h-aon.
An ced-bhliadhain do Siomón Breac, mac Aodhain Glais, i righe n-Ereann innsin.
Aois domhain, ceithre mile da ched nochat a sé.
Iar m-beith sé bliadhna comhlána i righe n-Ereann do Siomón Brec, mac Aodhain Glais, do-chear lá Duach Fionn.