Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M3943

M3943.0

Aois domhain, tri mhíle naoi c-céd cethrachat a trí.

M3943.1

An ced-bhliadhain do righe Slanuill, mic Ollamhan Fotla, ós Erinn.

Annal M3959

M3959.0

Aois domhain, tri míle naoi c-céd caogat a naoi.

M3959.1

An sechtmhadh bliadhain décc do Slanoll isin righe, co n-erbailt i b-foirchend na réé sin i Teamhraigh, & ní fes cia galor ros-fucc acht a faghail marbh, seach ní ro sódh dath dó. Ro h-adhnaicedh e asa h-aithle, & iar m-beith cethrachat bliadhain isan adhnacal dia churp ro togbadh iaromh la a mhac .i. la h-Oilill mac Slanuill, & ro mhair a chorp gan lobhadh gan leaghadh an airet-sin. Ba machtnadh mór & ba h-iongnadh la fiora Erionn an ní sin.

Annal M3960

M3960.0

Aois domhain, tri míle naoi c-ced seascca.

M3960.1

An chéd-bhliadhain do righe Ghedhe Ollgothaigh os Erind.

Annal M3971

M3971.0

Aois domhain, tri míle naoi c-céd seachtmoghat a h-aon.

M3971.1

An dara bliadhain


p.56

décc do Ghedhe Ollgothach i righe Ereann, & do-cher i b-forchend na réé sin la Fiacha mac Fionnachta.

Annal M3972

M3972.0

Aois domhain, tri mile naoi c-céd sechtmoghat a dó.

M3972.1

An cedh-bhliadhain d'Fiacha Fionnailches, mac Fíonnachta, i righe Ereann. Nach agh ro genair ina reimhes ro ba ceindfhiond.

Annal M3991

M3991.0

Aois domhain, tri mile naoi c-céd nochat a h-aon.

M3991.1

Iar m-beith fiche bliadhain d'Fiachaidh Fionnailches i righe Erionn, torchair i c-cath Bregha la Berngal, mac Gedhe Ollgothaigh.

M3991.2

As lá Fiacha Fionnailches con-rodacht Dún Chuile Sibrinne .i. Cenandus. Gach dú ina m-biodh a arus-somh ba Ceanandus a ainm. As lasan righ-si cetus ro tochailte talomh i n-Erinn do chum uiscce do beith h-i curraibh. Ba deacmaic don connall a ioth d'iomfulang ina flaith.

Annal M3992

M3992.0

Aois domhain, tri míle naoi c-céd nochat a dó.

M3992.1

An céd-bhliadhain do Berngal, mac Gedhe Ollgothaigh, ós Erinn.

Annal M4003

M4003.0

Aois domhain, cethre míle a trí.

M4003.1

Iar m-beith dá bliadhain décc i righe n-Ereann do Bernghal mac Gedhe Ollgothaigh do-cher lá h-Oilill mac Slanuill, & la Siorna mac Dén.

Annal M4004

M4004.0

Aois domhain, cethre míle a cethair.

M4004.1

An céd-bhliadhain do righe Oiliolla, mic Slanuill, os Erind innsin.

Annal M4019

M4019.0

Aois domhain, cethre mhíle a naoi decc.

M4019.1

Iar m-beith sé bliadhna décc d'Oilioll, mac Slanuill, h-i righe n-Ereann, torchair lá Siorna mac Dén.