Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M3848

M3848.0

Aois domhain, tri mile ocht c-céd ceathrachat a h-ocht.

M3848.1

An céd-bhliadhain do ríghe Fiachach Fionscothaigh os Erinn.

Annal M3867

M3867.0

Aois domhain, tri mile ocht c-céd seasccat a secht.

M3867.1

Iar m-beith d'Fiachaidh Fionscothach fiche bliadhain i righe Erionn do-cher la Muineamhon mac Cais.


p.52

M3867.2

Ba scoithshemrach gach magh i n-Erinn i n-aimsir Fhiachach. Do-gebhthí bheós a lán fíona isna sgothaibh ísin, go b-fáisctís i lestraibh glainidhibh an fíon. Conadh aire sin ro len an forainm Fiacha Fionscothach do ghairm de.

Annal M3868

M3868.0

Aois domhain, tri mile ocht c-céd sescat a h-ocht.

M3868.1

An céd-bhliadhain do righe Muineamhoin, mic Cais Clothaigh, os Erinn innsin.

Annal M3872

M3872.0

Aois domhain, tri míle ocht c-céd sechtmogat a dó.

M3872.1

I f-foirchenn an coicceadh bliadhan do Muineamhón, at-bath do thámh i Maigh Aidhne. As lasan Muinemhón-so tuccadh muincedha óir fa braighdibh ríogh & ruirech ar tos i n-Erinn.

Annal M3873

M3873.0

Aois domhain, tri mile ocht c-céd sechtmoghat a trí.

M3873.1

An ced-bhliadhain do Faildergdóid.

Annal M3882

M3882.0

Aois domhain, tri míle ocht c-céd ochtmoghat a do.

M3882.1

Iar m-beith dech m-bliadhna d'Failderdóid isin righe do-rochair lá h-Ollamh f-Fotla, mac Fiachach Fíonscothaigh, i c-cath Temhra. As lasan righ Faildeargdóid ro cuiredh failge óir im lámhoibh airech i n-Erinn ar tús.

Annal M3883

M3883.0

Aois domhain, tri mile ocht c-céd ochtmoghat a trí.

M3883.1

An céd-bhliadhain do righe Ollamhan Fotla, mac Fiachach Fionscothaigh.

Annal M3922

M3922.0

Aois domhain, trí mile naoi c-céad fiche a dó.

M3922.1

Iar m-beith dá fichet bliadhain i righe Ereann d'Ollamh Fothla, at-bail ina mhúr budhen i Temhroigh. As é cédna- lasa n-dernadh Féis Teamhrach, & as lais do togbhadh Múr n-Ollamhan i t-Temhraigh.

M3922.2

As é din ro ordaigh taoisioch ar gach triochait


p.54

céd, & brughaidh ar gach baile, & a b-foghnamh uile do righ Ereann.

M3922.3

Eochaidh céd-ainm Ollamhan Fothla, & as aire adrubradh Ollamh Fodhla fris ar a bheith na ollamh ergna cédus, & 'na rígh Fodhla .i. Ereann iaromh.

Annal M3923

M3923.0

Aois domhain, tri mile naoi c-céd fiche a trí.

M3923.1

An céd-bhliadhain do righe Fionnachta, mic Ollamhon Fothla, ós Erinn indsin.

Annal M3942

M3942.0

Aois domhain, trí míle naoi c-céd cethrachat a dó.

M3942.1

An fichetmadh bliadhain d'Fionnachta ós Erinn innsin. At-bath iaromh do thámh i Muighinis la h-Ultu.

M3942.2

As a reimhius an ríogh Fionnachta ro feradh snechta go m-blas fíona condemheth an fér. As de ro lean an forainm as Fionnachta fair-siomh. Elim a ainm ar tús.