Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M3752

M3752.0

Aois domain, tri mile secht c-céd caogat a dó.

M3752.1

An céd bhliadhain do ríghe Eachdach Mumhó, mac Mo Febis, os Erinn indsin.

Annal M3772

M3772.0

Aois domhain, tri mile seacht c-céd seachtmoghat a do.

M3772.1

Bliadhain ar fichit d'Eochaidh i righe n-Ereann, co t-torchair la h-Aonghus Olmucadha i c-cath Cliach.


p.48

Annal M3773

M3773.0

Aois domhain, tri mile secht c-céd sechtmoghat a trí.

M3773.1

An céd-bhliadhain do righe Aonghusa Olmucadha, mac Fiacha Labhrainne, ós Erinn insinn.

Annal M3790

M3790.0

Aois domhain, tri mile seacht céd nochat.

M3790.1

Iar m-beith d'Aenghus Olmucadha ocht m-bliadhna decc in n-airdrighe Ereann do-cher i c-cath Carman lá h-Enna n-Airgtheach. As e Aenghus ro bris na catha-so: cath Clére, cath Cuirce, cath Slébhe Cuilge for Mhairtine i c-crích Corca Baisccinn, cath Ruis Fraochain i Muiriscc i torchair Fraochan Fáidh, cath Cairn Ricedha, cath Cúile Ratha i n-Deasmumhain, cath Slébhe Cua for Erna, cath Airdachaidh i torchair Smiorgoll mac Smeathra, Fomoire, caoga cath for Cruithentuaith & for Fiora Bolg, dá cath déc for Longbardaib, & ceithre catha for Colaist.

M3790.2

At iat na locha ro tomaidhmseat ina ré: Loch Aonbeithi la h-Uibh Cremhthuinn, Loch Saileach, Loch na n-Gasan i Maigh Luirg la Connachtaibh, & murbrucht eidir Eabha & Ros Cette.

M3790.3

As la h-Aonghus dna ro sleachtadh na maighe-so: Magh Glinne DeconCenél Conaill, Magh Mucruimhe la


p.50

Connachta, Magh Cúile CaolCenél m-Bogaine, Magh n-Oensciath la Laighne, Aolmhagh la Calraighibh, Magh ArcaillCiarraighe Luachra, & Magh Luachra Deadhaidh.

Annal M3791

M3791.0

Aois domhain, tri mhíle secht c-céd nochat a h-aon.

M3791.1

An céd-bhliadhain d'Enna Airgthech 'na righ ós Erinn insin.

Annal M3817

M3817.0

Aois domhain, tri mile ocht c-céd a secht décc.

M3817.1

Iar c-caithemh secht m-bliadhon f-fichet d'Enna Airgthech i righe Ereann do-cher la Roitheachtaigh, mac Maoin, mic Aonghusa Olmhucadha, i cath Raighne.

M3817.2

As lasan Enna Airgthech-so do-ronta scéth airgit i n-Airget Ros, go t-tarad d'feroibh Ereann amaille re h-eachaibh & cairpthibh.

Annal M3818

M3818.1

Aois domhain, tri mile ocht c-céd a h-ocht decc.

M3818.1

An céd-bhliadhain do Roithechtaigh mac Maoin os Erinn indsin.

Annal M3842

M3842.0

Aois domhain, tri mile ocht c-céd cethrachat a dó.

M3842.1

I f-foirchend cuicc m-bliadhan f-fichet do Roitheachtaigh i righe Ereann torchair la Sedna mac Airtri i c-Cruachain.

Annal M3843

M3843.0

Aois domhain, tri mhíle ocht c-céd ceathrachat a tri.

M3843.1

An ched-bhliadhain do ríghe Shedna, mic Airtri, mic Ebhric, mic Emhir, mic Ir.

Annal M3847

M3847.0

Aois domhain, tri mhíle ocht c-céd cethrachat a seacht.

M3847.1

Iar m-beith cúicc bliadhna do Sédna isin ríghe, torchair la Fiacha Fíonscothach & lá Muineamhon, mac Cais Clothaigh, i c-Cruachain.