Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of Tigernach (Author: [unknown])

Annal T1050

T1050.0

M.l. Kl. secunda feria .uii. luna. M.l.

T1050.1

Mael Ruanaid mac Conchobuir, ri Éile, do marbadh dia muntir fén a mebail.

T1050.2

Cluain Maic Nóis do argain fo thri issin aen-raithe, fecht o Sil n-Anmcadha & fo dó h-ó Callraidhi cusna Sinnchuib.

T1050.3

Donnchadh mac Gilla Faelán, rí h-Úa Failge mortuus est.

T1050.4

Land Léire do argain & do loscud la Concobur h-Úa Mael Sechlainn.

T1050.5

Genimain Muirchertaigh h-Úi Bríain ríg Erenn.


p.391

Annal T1051

T1051.0

M.lí. Kl. ui. leg. iii feria x.u. luna. M. lí.

T1051.1

Murchadh mac Bricc rígdamna na n-Dessi occisus est ona brathair fen.

T1051.2

O Concobair, rí O Failghe, do marbadh da muntir fein.

T1051.3

Faelan mac Bratain maic Bricc do marbadh a n-dam líag Lis Moír Mo Chuta, is se ro marb Mael Sechlainn mac Muirchertaigh maic Bricc.

T1051.4

Amalgaidh mac Cathail maic Ruaidhri, rí Iarthair Connacht do dallad la h-Aedh h-Úa Concobair la ríg Connacht, cor' gab-side iarsin árus a n-Iarthur Connacht.

T1051.5

Maidm lé O Mael Doraidh for Chonnachtaib dú a torchair ile.

T1051.6

Cathal mac Tighernain, rí Brefne, do dul for creich a n-Eaba cor' toghail Dun Feíg, a torchair .l. do daínib & asa tuctha .uii. cét bó.

T1051.7

Diarmuit mac Domnaill maic Briain do marbad a mebail la Murchadh mac m-Briain.

T1051.8

Maidm for Conmaicnib a Sleib Formaela ria n-Aedh h-Úa Concobair, du a torchair ár Conmaicne.


p.392

T1051.9

Laidgnen mac Mailain h-Úi Leochaín, rí Gaileng, do dul do Roim co n-erbailt tair íar tiachtain o Roim.

T1051.10

Domnall Bán ó Briain occisus est o Aedh h-Úa Concobair ríg Connacht.

T1051.11

Bile Muighe h-Adhair do trascradh la h-Aedh h-Úa Conchobair.

Annal T1052

T1052.0

M.líí. Kl. quarta feria .xxuii. luna.

T1052.1

Mac Raith h-Úa Donnchadha, rí Eoganachta Caisil, rígdamna Muman, do éc.

T1052.2

Crech la mac Mail na m-Bó a Fini Gall, cor' loisc in tír o Ath Cliath co h-Ailbine, acht nocho tarraidh bú, co n-dernsat scandracha móra imon Dun, du a torchair ile ille & anund, co n-dechaidh rí Gall tar muir .i. Eachmarcach mac Ragnaill, & ro gab mac Mail na m-Bo rige Gall da eissi.

T1052.3

Ár Callraighi imma righ .i. im Mac Airechtaigh, la Conmaicne per uirtutem scríne Cíaran.


p.393

T1052.4

Crech la h-Úa Concobair for Conmaicne, cor' índair co mor an tir.

T1052.5

Mac Mail na m-Bó do gabail righi Atha Cliath ar écin.

Annal T1053

T1053.0

M.líííí. Kl. ui. feria .uii. luna.

T1053.1

Cu Chíar h-úa Maile Duin, rí Luirg, do marbadh la Mac na h-Aidche Ua Ruairc a mebail ina airechtas fen. Fergal mac Maic na h-Aidche h-Úi Ruairc do marbad do Chonmaicnib fo chétoír.

T1053.2

Niall h-úa Écnigh, rí Fer Manach, & Gilla Crist a brathair do marbad do Feraib Luirg a mebail.

T1053.3

Mael Cron mac Cathail, rí Desceirt Bregh, do marbadh do Uu Riacan aidhchi luain chasc, & crecha lais for Gallaib.

T1053.4

Sluaiged la mac Briain & la h-Úa Mael Sechlainn a Fine Gall, co tucsat etiri & co tucsat na Sinnaigh bruit moír a dam líag Lusca, & rucsat etiri o mac Mail na m-Bó.

T1053.5

Sluaiged la mac Mail na m-Bó a mBregaib & a Midhi, co ro loisc o Shláine co h-Iarthur Midi, & co ruc mor da buaib & do broit.


p.394

T1053.6

Crech la Lethlobur h-Úa Laidhgnén, rig Oirghiall, for Gailengaib & for teichedh Fer Midi co ruc már do buaib, co n-dechaidh ina n-díaidh Congalach mac Senain, rí Gaileng, co tarraid bu Fer Manach, co tarrthatar Fir Manach imon righ .i. Domnall mac Mail Sechlainn {folio 19a1} co torchair léo Congalach mac Senain rí Gaileng cum multis.

T1053.7

Cochlan rí Delbna do marbad a suis. Per dolum occisus est.

Annal T1054

T1054.0

Kl. uii. feria. luna .xuiii

K. uii.

T1054.1

Aedh h-úa Fergaile meic Conaing maic Neill, rígdamna Ailig & rí Cheneoil Eogain Tolcha Óc do marbad do Lethlobur h-Úu Laidhgnén ríg Airghiall cum muiltís.

T1054.2

Cloictheach tenedh do faicsin i r-Ros Dela dia domnaigh fhele Gíuirgi ria ré .u. n-uár do ló, & eoin duba diairme índ & as, & aen-en mor a medon, & teigdis fo cluim-sidhe na h-eoín becca


p.395

in tan teighdis isin cloctheach. Tantacar amach co n-uargabatar in coin bai for lar ín baile a n-airdi isin aér, & tarlaicset h-é síss arís, co n-erbailt fo chétóir, & tuargabatar tri brutu & di lénid a n-airde, & ro leicsit sis aris. IN chaill iarom fora n-desetar na h-eonu do rochair fothaib, & in dairbre for a n-dessid in t-én mor ro bái for crith cona fhremaib a talmuin.

T1054.3

Loch Suidhi Odhrán a Sleib Gúaire do éludh a n-deredh aidhche fo fhéil Michil, co n-dechaidh isin Febail.

T1054.4

Cacht ingen Ragnaill, rígan Erenn, d' éc.

T1054.5

Cath eter Albancho & Saxancho, inar' toitset moran do miledhaib.

T1054.6

Crech la h-Aedh h-Úa Concobair la ríg Connacht co Corco Baiscind & co Tradraighe, cor' gab gabala diairme, & co n-dorchair lais don cur-sin Aedh mac Cenneidigh, ordan Dal-Cais.


p.396

T1054.7

Da mac Carrthaigh do marbadh d' U Dondcadha.

T1054.8

Sluaiged la mac Mail na m-Bó & la Gilla Patraic ríg Osraige co n-Gallaib & Laignib & Osraighib issin Mumain, co rancatar Imlech Iubair & cor' loiscet Dun Tri Líag, & ni tarraidh mac Briain, uair ro bái a n-desciurt Erenn.

T1054.9

h-Ua Gerr Uidir, espoc Cilli Da Lúa quieuit.

Annal T1055

T1055.0

M.lv. Kl. prima feria luna xx.ix.

T1055.1

Domnall rí O Fiachrach Aidhne tre tangnacht ad-bath.

T1055.2

Crech la h-Aed h-Úa Concobair, ríg Connacht, ar Iarthur Midhi, co ruc gabala imda & bruit moir lais.

T1055.3

Crech la Dail Cais a Corco Mruad, co tucsat gabala mora esti, & ro marbadh sochaidi do Dáil Cais and.

T1055.4

Cath etir Dub Da Leithe, comarba Patraic, & Murchadh h-Úa Mail Sechlainn, comurba Fínden & Coluim Cille, a cosnum Martraigi, co memaidh re comurba Patraic & re m-Bachaill Issu, co torchratar ili ann.


p.397

T1055.5

Mael Duín mac Gilla Odran, espoc Alban & ordan Gaedel o cleircib, in Christo quieuit.

T1055.6

Cend Faeladh leth-rí Ciarraighe do marbadh do Choncobur mac Muiredhaigh do rig na leithe aile do Ciarraigi.

T1055.7

Gilla Padraic rí Osraige do éc.

T1055.8

Crech la Murchadh h-úa m-Briain ar Corco Mruadh, co tuc crech esti, cor' loisc dam liag Cilli Fíndabrach, & co torchair sochaidhi mór ind.

Annal T1056

T1056.0

M.luí. Kl. ii. feria. luna x.

T1056.1

Cetfaidh espoc, cend crábaidh Muman, quieuit.

T1056.2

Mac Cernachain Guit do marbadh do Chonchobur h-Úu Mael Sechlainn. fec so

T1056.3

Fland Mainistreach ughdar Gaidhel, etir léighind & t-senchus & filidecht & airchedal in .uii. kl. Decimbris, xui. lunae, uitam feliquiter in Christó finiuit.

T1056.4

Odhar mac Flaind, rí Callraighe, iugulatus est.


p.398

T1056.5

Domnall mac in Guit do marbad do Chonchobar h-Úu MaelSechlainn.

Annal T1057

T1057.0

M.luíí. Kl.iiii. feria luna xx .i.

T1057.1

Dungal h-Úa Donnchadha rí Caisil occisus est.

T1057.2

Cath etir Firu Manach & mac Neill h-Úi Ruairc .i. Ualgarg, co torchair mac Neill cum multis.

T1057.3

Mael Ruanaid h-Úa Focartaig, rí Desceirt Eli occisus est.

T1057.4

Mugron h-Úa Mutan, comurba Barra & espoc, occisus est oa muntir fen ar taidecht ón iairmerghi.

Annal T1058

T1058.0

M.luííí. Kl. u. feria. luna ii. M.l.uiii.

T1058.1

Lulach, rí Alban, do marbad la Mael Coluim mac Donnchada per dolum.

T1058.2

Creach la h-Aedh h-Úa Concobuir & lasna Sinncho, coro airgset Lothra.

T1058.3

Sluaigedh la mac Mail na m-Bo isin Mumain, coro loisc Luimneach, & conus-tarraid Donnchadh mac Briain, co tard cath do, cor' muidh for mac m-Briain, cor' marbadh and Cairbre h-Úa Lighdha comurba Ailbe; & Rigbardan mac Concorne,


p.399

rí Eile. I Sleib Chrot {folio 19a2} tucadh an cath sin & atorcratar ili and.

T1058.4

Longes la mac ríg Lochland, co n-Gallaib Indsi Orcc & Indsi Gall & Atha Cliath, do gabail rigi Saxan, acht nocor' deonaig Dia sin.

T1058.5

Mac Bethadh mac Findlaich, aird-rí Alban, do marbad do Mael Colaim mac Dondchada.

T1058.6

Gallbrat h-Úa Cerbaill, rína Temrach, do marbad la Concobur h-Úa Mael Sechlainn tre mebail.

T1058.7

Domnall mac Neill Ruairc occisus est.

Annal T1059

T1059.0

M.luíííí. Kl. ui. feria. luna .xiii.

T1059.1

Concobar h-Úa Mael Sechlainn do loscud & do argain Findabrach Eaba & Dubadha.

T1059.2

Sluaiged la Diarmuit mac Mail na m-Bo co Midhi, co fargaib drem moir dia muintir and, im Murchertach mac n-Dalbaigh mac Mael Ruanaid.


p.400

T1059.3

Niall Ua Mael Doraig, rí Cenéoil Chonaill, do éc i n-aithrighe.

T1059.4

Ruaidrí h-Ua Gadhra, rígdomna Luigne, occisus est.

T1059.5

Dúarcan h-Úa h-Eagra a suis occisus est.

T1059.6

Cathal mac Tigernain maic Neill maic Aedha h-Úi Ruairc, rí Brefne & Airrthir Chondacht, do marbadh do Aedh h-Úu Ruairc .i. Aedh mac Airt Uallaig.

T1059.7

Creach-sluaiged la Diarmuit mac Mail na m-Bo isin Mumain, coro loisc Dun Maic Ingair & Aenach Tédi & Dun Furudran.

T1059.8

Congalach h-Úa Riacan, rígdamna Temrach, do marbad la Murcadh mac n-Diarmuta. Gilla Caemgin & Gilla Comgaill & Mael Mordha mac maic Faelan do marbadh don Murchadh chétna.

T1059.9

Murchadh mac Murchadha h-Úi Bricc, ri na n-Dese Muman, do marbad la mac Gilla Brighdi h-Úi Faelan.

T1059.10

O Faircellaig comurba M' Aedoíc la Condachta & la Laigniu, quieuit.

T1059.11

Dondchod mac Briain do dul a teach Ruaidri h-Úi Choncobair rig Connacht, co tucadh a riar do braighdib dó.


p.401

Annal T1060

T1060.0

M.lx. Kl. uii. fería. luna. xx.íííí.

T1060.1

Cenannus do loscadh & Leithglend ex maghna parte.

T1060.2

h-Eili & Ua Focartai do argain Cluana Mac Nois, co rucsad bruit moir o Chrois na Screbtra, & cor' marbadh dis and .i. mac leigind & oclach eli, co ro isis Dia & Ciaran Delbna ina n-díaidh, cor' laissed a n-ár am rigdamna h-úa Focarta, air is esidhe ro marb in fer leigind. Do-rocht tra a m-bu trath eirgi do lo arnamarach co Cluain tre fertaib Ciarain.

T1060.3

Anadh h-Úa Lochlaind, rí Corco Mruad mortuus est.

T1060.4

Mac Briain do dul a teach maic Mail na m-Bo, co tuc seoit & maine imda dó.

Annal T1061

T1061.0

M.lxí. Kl.

T1061.1

Sluaighedh la h-Aedh h-Úa Conchobair 'sa Mumain, cor' loisc Cill Da Lua & cor' scail coraidh Cínd Choradh co lar, co n-duatarfec so na bratain ro batar a tiprait Chínd Chorad, cor' muradh


p.402

an tipra dia és.

T1061.2

Teidm mor a Laignib .i. in bolgach & treghaid, cor' ladh ár daíne sechnón Laighen.

T1061.3

Murchadh mac Diarmuda maic Mail na m-Bó do dhul a Manaínd, co tuc caín esti & cor' bris for mac Ragnaill.

T1061.4

Niall mac Mail Sechnaill, rí Ailig, do éc.

T1061.5

Fland h-Úa Cellaig rí Bregh do marbad dona Saitnib.

T1061.6

Mundter Murchadha do gabail for Loch Oirbsen, cor' athrighsat O Conchobair.

T1061.7

Gairbíth h-Úa Fallomain do marbad la Gairbith h-Úa Cathusaigh, rig Fer m-Bregh.

T1061.8

Gairbíth rí Bregh mortuus est.

T1061.9

Ua Cathail, rí Eoganachta, do tabairt a dam liag Maenaigh & a marbadh.

T1061.10

Mac Dunlaing, rí h-Úa mBríuin quieuit.

T1061.11

Ruaidhri h-Úa Flaithbertaigh do marbad la h-Aed h-Úa Conchobair.

T1061.12

Niall mac Mail Sechnaill, rí Ceneoil Eogain in Christo quieuit.

T1061.13

Flaithbertach O Briain do marbadh do Choncobar O Briain.


p.403

Annal T1062

T1062.0

Mlxíí. Kl. iii. feria. luna xui.

T1062.1

Tadhg mac Aeda h-Úi Concobair do marbadh do mac Aeda maic Ruáidhri a fell.

T1062.2

Eochaid mac Neill meic Eochadha rí Ulad mortuus est.rí Ulad

T1062.3

h-Úa Mail Doraigh, comurba Cholaim Cilli quieuit.

Annal T1063

T1063.0

Mlxííí. Kl. Ian. iiii. feria, luna .xx.uíí. Bliadan deirid chiccail .i.d..xxx.ii. Dionisi inso.

T1063.1

Gilla Erraith h-úa Mael Mithigh, ard-oicthigern na n-Gaedhel, mortuus est.

T1063.2

Cathal mac Dondchada, rí O n-Eachach & Descirt Erenn, occisus est on Fhíndshuilech.

T1063.3

Mac Eochada, rí Ulad quieuit.

{folio 19b1}

T1063.4

Sluaiged la Toirrdelbach h-Úa m-Briain & la mac Mail na m-Bó, cor' loiscet Luimnech & co [...] Luachair iarsin. Tanic mac Briain & a mac Murchadh co socraidi moir tar Sinaind atuaidh, cor' gabsat gabala ic Sliab Ardachaidh a n-Eoganacht, co tarraidh Tairrdelbach iat im Eas Moíngelan, & gnither cath eaturro, cor' muid ar mac m-Bríain & ar a mac, cor' ladh


p.404

a n-ár im Coin Medha mac n-Dunlaing & im Faelan mac Murchadha rígdamna Laigen & im Scandlan h-úa n-Dunlaing.

Annal T1064

T1064.0

K. u.

T1064.1

Dub Da Leithi, comurba Patraic, quieuit.

T1064.2

Donnchadh mac Briain Boroma, rí Muman, do athrighad, & a dul do Roim dia ailithri, co n-erbuilt iar m-buaidh n-aithrighe a mainistir Sdefain.

T1064.3

Ardgal mac Lochlaind h-Úi Neill mortuus est.

Annal T1065

T1065.0

Kl.feria .uii. luna .xx.

T1065.1

Orgain Cluana Maic Nóis do Conmaicne & do Uib Mane. Cluain Ferta Brenaind do argain arnamarach doib. It e andsa na righ ro batar acon argain-sin .i. Aedh mac meic Neill h-Úi Ruaircc, ri Brefne, & mac Taidhg h-Úi Cellaigh & a mac. Tuc Aed h-Úa Concobair maidm forro arnamarach tre rath Chiarain, co fargsat a muntir & a longa tucsat léo ón fairrgi aníar tre lar Condacht co Sinaind. Diarmuit mac Taidhg h-Úi Cellaig & a mac & h-Úa Flaithbertaigh do marbad la h-Aedh h-Úa Conchobair ria cínd m-bliadne. h-Úa


p.405

Ruairc do éc 'sa bliadain cétna tre fertaib Ciarain.

T1065.2

Mac Mail Miadhaigh h-Úi Eolais do marbad la Ua Concobuir.

T1065.3

Dondchadh h-Úa Mathgamna, rí Ulad per dolum occisus est.

T1065.4

Donnchadh h-Úa Loingsigh, rí Dal Araidhe mortuus est.

T1065.5

Leochan mac maic Maelan, rí Gaileng, occisus est la Concobar h-Úa Mael Sechlainn.

T1065.6

Murchadh h-úa Briain do dul a longport Tairrdelbaig h-úi Briain a Cind Coradh, cur' ládh ár daíne and.

Annal T1066

T1066.0

Kl. feria .i. luna .i..

T1066.1

Retla mongach íngnadh adhbal do faiscin isin aér dia mairt iar minchaisc h-ic octkalaind Mái co .ui.xx. fuirre. Rob e a med & a soillsi co n-erbartatar daíne


p.406

corbo esca, & co cend cethri lá bái and.

T1066.2

Gilla Bruidi mac Domnaill meic Tigernaín maic Ualgairg meic Neill Ruairc, rí Breifne, do marbadh do mac Gilla Chuirr h-Úi Chinaith do cois mairt ic Oilén Duinecharr ar Loch Mac n-Én.

T1066.3

Aibind ingen h-Úi Concobair ben h-Úi Muiricen quieuit.

T1066.4

Mac Conaing h-Úi Muiricen, rígdamna Teftha, do marbad la h-Aedh h-Úa Concobair & la Tadg h-Úa Muiricen. Luach .xxx. unga dh' ór do tabairt o Tairrdelbach h-úu Briain & o mac Mail na m-Bó d' Aedh h-Úu Choncobair, ar chongnum léo & a congnom leis.

T1066.5

Caemoran comurba Caíndigh quieuit.

Annal T1067

T1067.0

K. ii.

T1067.1

Murchadh h-úa Carrtaigh, prim-druith & prim-ollom Condacht, do bathadh ar Loch Calgaigh.

T1067.2

Dond Sleibe h-Úa Gadra, rígdamna Luigne, do marbadh do


p.407

Brían O Gadhra.

T1067.3

Coileachair espoc Clúana Maic Nois quieuit.

T1067.4

Tadhg h-Úa Muiricen, aird-ri Teftha, occissus est o Muintir Tlaman.

T1067.5

Sluaíged la Diarmuit mac Mail na m-Bo co n-Gallaib & Laignib & la Domnall h-úa n-Gilla Patraic co n-Osraigi & la Tairrdelbach h-úa mBriain co feraib Muman uile co h-Aedh h-Úa Concobair a Connachtaib, co tuc Aedh fuabairt forro, cur' marbadh Ó Concobair Ciarraighi and .i. rí Ciarraighi Luachra, cum muiltis nobilibus. Tancatar didiu Fir Brefne im Aedh mac Airt h-Úi Ruairc do indradh Condacht mar in cétna. Trí fichit cet a lín. Ferthair cath amnus aniarmurtach .i. Connachta im Aedh in Ga Bernaigh mac Taidg in Eich Gil, & Fir Brefne im Aedh mac Airt Uallaig meic Aeda meic Sen-Fergail, & tucad cath Turlaigh Adhnaigh eaturru, a torchair Aed in Gha Bernaigh, aird-rí Connacht uile, &{folio 19b2} caithmilid iarthair domaín, & Cu Culainn na n-Gaedhil, tuile ordain & oireachais na h-Erind, duine is mo do-bered d' etach & d' innmus, d' or & d' echaib ar a anmain a n-Erinn. Robo reil trocaire Dé dó ara maithius. Aedh h-Úa Ruaircc a righi Connacht iarom.


p.408

Annal T1068

T1068.0

K. iii.

T1068.1

Murchadh h-úa Briaín, rígdamna Erenn, do marbad(h) la Feraib Teftha.

T1068.2

Domnall ua Mael Sechlainn, rí Ceneoil Eogain, duine as craibthighe ro bái a n-Erind ina aimsir fén, a fratre suo occissus est.

Annal T1069

T1069.0

K. u.

T1069.1

Diarmait mac Matadain maic Gadhra h-úi Dunadhaigh, rí Síl n-Anmchadha, do marbadh d' ua Matadhan.

T1069.2

Sluaiged la Murchadh mac Diarmuda maic Mail na m-Bo a Midhi, cor' loisc Granard & Fabur Feichin & Ard Brecan. Ro marb didiu Feichin eísin gnuis do ghnuis, & ár Laigen & Gall immaille friss.


p.409